Breithiúnas na Cúirte Ginearálta an 17 Aibreán 2024 – Insider v EUIPO – Alaj (in Insajderi)
(Cás T-119/23) 1
(Trádmharc an Aontais Eorpaigh – Nós imeachta freasúra – Iarratas ar mharc fíortha de chuid an Aontais Eorpaigh Insajderi – Focalmharc náisiúnta níos luaithe INSAJDERI agus marc fíortha níos luaithe Insajderi Gazetë online – Forais choibhneasta le diúltú – Airteagal 8(3) de Rialachán (AE) 2017/1001 – Raon feidhme an scrúdaithe atá le déanamh ag an mBord Achomhairc – Airteagal 27(2) de Rialachán Tairmligthe (AE) 2018/625 – Teip ar fianaise a chur isteach – Aistriúchán – Airteagal 7 de Rialachán Tairmligthe 2018/625 – Ceart éisteachta – Airteagal 41 den Chairt um Chearta Bunúsacha – Airteagal 94(1) de Rialachán 2017/1001 – Féidearthacht go nglacfaidh an Bord Achomhairc le fianaise a thabharfar faoina bhráid don chéad uair – Airteagal 27(4) de Rialachán Tairmligthe 2018/625 – Airteagal 95(2) de Rialachán 2017/1001)
Teanga an cháis: an Béarla
Páirtithe
Iarratasóir: Insider LLC (Pristina, Poblacht an Chosaiv) (ionadaí: M. Ketler, Dlíodóir)
Cosantóir: Oifig Maoine Intleachtúla an Aontais Eorpaigh (ionadaí: D. Gája, Gníomhaire)
Páirtí eile sna himeachtaí os comhair an Bhoird Achomhairc de EUIPO: Florim Alaj (Zug, an Eilvéis)
Ábhar
Lena chaingean faoi Airteagal 263 CFAE, iarrann an t-iarratasóir go gcuirfí Cinneadh ón gCúigiú Bord Achomhairc d’Oifig Maoine Intleachtúla an Aontais Eorpaigh (EUIPO) an 5 Nollaig 2023 (Cás R 1155/2022-5) ar neamhní.
An chuid oibríochtúil
Cuirtear Cinneadh ón gCúigiú Bord Achomhairc d’Oifig Maoine Intleachtúla an Aontais Eorpaigh (EUIPO) an 5 Nollaig 2022 (Cás R 1155/2022-5) ar neamhní.
Ordaítear do EUIPO a chostais féin, agus na costais arna dtabhú ag Insider LLC., a íoc.
____________
1 IO C 155, 2.5.2023