Language of document :

Iarraidh ar réamhrialú ón Okrazhen sad Pleven (an Bhulgáir) a taisceadh an 3 Aibreán 2024 – Strafverfahren v M. N. D. agus Y. G. Ts.

(Cás C-241/24, Tsenochev 1 )

Teanga an cháis: an Bhulgáiris

An chúirt a rinne an tarchur

Okrazhen sad Pleven

Cúisithe sna príomhimeachtaí

M. N. D., Y. G. Ts.

Na ceisteanna a tharchuirtear

An bhfuil an dara fomhír d’Airteagal 19(1) CAE, arna léamh i gcomhar le hAirteagal 2 agus le hAirteagal 4(2) agus (3) CAE agus le hAirteagal 267 CFAE, le léiriú sa chaoi is go dtugtar leis, chuig an gcúirt náisiúnta, ar tugadh comhaontú os a comhair go cuí chun an cás coiriúil a réiteach ag céim réamhthrialach na n-imeachtaí coiriúla agus a tharchuir ceisteanna le haghaidh réamhrialú maidir le cosaint éifeachtach na gceart a thugtar d’íospartaigh na gáinneála ar dhaoine le Treoir 2011/36/AE 1 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 5 Aibreán 2011 maidir le gáinneáil ar dhaoine a chosc agus a chomhrac agus na híospartaigh atá thíos léi a chosaint, agus a chuirtear in ionad Chinneadh Réime 2002/629/CGB ón gComhairle, an chumhacht di neamhaird a thabhairt ar iarratais ina dhiaidh sin ar fhoirceannadh imeachtaí arna dtíolacadh ag an gcúisí agus ag a abhcóide cosanta má tá cúis aici lena chreidiúint gur mí-úsáid ceart de réir bhrí Airteagal 54 den Chairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh iad, ar na cúiseanna seo a leanas: 1. Ní fhoráiltear leis an dlí náisiúnta go bhféadfaí an tarchur chuig an gcúirt, ar cuireadh comhaontú faoina bráid lena fhormheas, a chúlghairm agus, dá réir sin, féadfar deireadh a chur leis na himeachtaí ar an bhforas sin; 2. Líomhnaíonn duine de na cúisithe agus a abhcóide nár comhlíonadh an ghnáth-theorainn ama seachtaine chun na himeachtaí a thabhairt chun críche, rud nach bhféadfaí a chomhlíonadh mar thoradh ar iarraidh ón gcúirt a rinne an tarchur chuig Konstitutsionen sad na Republika Bulgaria (Cúirt Bhunreachtúil Phoblacht na Bulgáire), agus é mar thoradh air sin gur cuireadh síneadh mícheart leis an gcoinneáil réamhthrialach; 3. Iarrann duine de na cúisithe agus a abhcóide ar Uachtarán na Cúirte agus ar an Aire Dlí agus Cirt imeachtaí araíonachta a thionscnamh in aghaidh an bhreithimh ar an bhforas nár chuir an breitheamh na himeachtaí i gcrích laistigh den ghnáth-thréimhse seachtaine; 4. Tharraing duine de na cúisithe siar a thoiliú leis an gcomhaontú sínithe ‘mar gheall ar easpa muiníne sa bhreitheamh ar tugadh imeachtaí os a chomhair’ agus iarrann sé ar Uachtarán na cúirte an breitheamh a chur faoi dhliteanas araíonachta, é a scaoileadh agus an cás coiriúil a shannadh do bhreitheamh eile; 5. Níor tharraing na breithiúna eile a scrúdaigh agus a d’fhormheas comhaontuithe an deichniúr cúisithe eile sna himeachtaí coiriúla céanna anuas an tsaincheist maidir le neamhréireacht an dlí nós imeachta leis na ceanglais maidir le cosaint éifeachtach d’íospartaigh na gáinneála?

2.    An bhfuil forálacha Threoir 2011/36/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 5 Aibreán 2011 maidir le gáinneáil ar dhaoine a chosc agus a chomhrac agus na híospartaigh atá thíos léi a chosaint, agus a chuirtear in ionad Chinneadh Réime 2002/629/CGB ón gComhairle agus Airteagal 5 den Chairt, arna léamh i gcomhar leis na mínithe a bhaineann leis an gCairt, le léiriú sa chaoi nach mór íospartach gáinneála ar dhaoine a chur san áireamh sa nós imeachta pianbhreithe, lena n-áirítear i gcás ina dtabharfar comhaontú i gcrích atá le formheas ag an gcúirt le linn na céime réamhthrialach de na himeachtaí coiriúla?

3.    An bhfuil sé ábhartha, chun an dara ceist a fhreagairt, go mbraitheann formheas an chomhaontaithe ar cé acu an ndearnadh an damáiste ábhartha a rinneadh leis an gcion a chúiteamh nó a ráthú cheana féin, agus an ‘damáiste a bhaineann leis an gcion’ amháin á chur san áireamh, is é sin le rá, an damáiste ar cuid de na heilimintí lena gcomhdhéantar an cion é, ach ní an ‘damáiste nach mbaineann leis an gcion’ mar a thugtar air, is é sin le rá, an tuilleamh a chaill íospartaigh na gáinneála, de réir cinneadh léirmhínitheach atá ceangailteach ar an gcúirt?

4.    An bhfuil foráil den dlí náisiúnta, amhail Airteagal 381(2) den Nakazatelno-protsesualen kodeks (an Cód um Nós Imeachta Coiriúil), lena dtoirmisctear, imeachtaí coiriúla a réiteach trí chomhaontú i leith cionta tromchúiseacha agus cionta d’aon ghnó i gcaibidlí áirithe den Chód Coiriúil, lena n-áirítear cionta faoi Roinn VIII ‘Gníomhartha toirmiscthe sa réimse gnéasach’, ach ní i gcás cionta faoi Roinn IX ‘Gáinneáil ar dhaoine’, ag luí leis an gceart chun leigheas éifeachtach a fháil a chumhdaítear in Airteagal 47 den Chairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh?

5.    An bhfuil Airteagal 4(2)(b) agus Airteagal 4(4) de Threoir 2011/36/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 5 Aibreán 2011 maidir le gáinneáil ar dhaoine a chosc agus a chomhrac agus na híospartaigh atá thíos léi a chosaint, agus a chuirtear in ionad Chinneadh Réime 2002/629/CGB ón gComhairle, le léiriú sa chaoi go gceanglaítear leo ar chúirt náisiúnta a éisteann comhaontú ag an gcéim réamhthrialach d’imeachtaí coiriúla a fháil amach an bhfuil an phianbhreith comhaontaithe (sa chás seo: tréimhse 2 bhliain sa phríosún) ‘éifeachtach, comhréireach agus athchomhairleach’, agus líon na gcásanna aonair gáinneála ar dhaoine agus na gcionta arna ndéanamh ag eagraíocht choiriúil á gcur san áireamh?

6.    Má thugtar freagra diúltach ar an gcúigiú ceist: An bhfuil sé de cheangal ar an gcúirt náisiúnta cur i bhfeidhm Threoir 2011/36/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 5 Aibreán 2011 maidir le gáinneáil ar dhaoine a chosc agus a chomhrac agus na híospartaigh atá thíos léi a chosaint, agus a chuirtear in ionad Chinneadh Réime 2002/629/CGB ón gComhairle, a áirithiú, trí léiriú a dhéanamh, i gcomhréir le prionsabal an léirithe chomhsheasmhaigh, agus de mhaolú ar chásdlí socair, ar an dlí náisiúnta, ar dá réir nach bhféadfaidh sí an comhaontú a údarú ach amháin más rud é ‘nach bhfuil sé contrártha don dlí nó do phrionsabail na moráltachta a bhfuil glacadh leo’, sa chaoi go bhféadfaidh sí scrúdú a dhéanamh freisin an bhfuil an pionós a leagtar síos sa chomhaontú (sa chás seo: tréimhse 2 bhliain sa phríosún) ‘éifeachtach, comhréireach agus athchomhairleach’, agus líon na gcásanna aonair gáinneála ar dhaoine agus na gcionta arna ndéanamh ag eagraíocht choiriúil á gcur san áireamh?

7.    Cén léiriú atá le déanamh ar na téarmaí ‘éifeachtach, comhréireach agus athchomhairleach’ de réir bhrí Airteagal 4(4) de Threoir 2011/36/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 5 Aibreán 2011 maidir le gáinneáil ar dhaoine a chosc agus a chomhrac agus na híospartaigh atá thíos léi a chosaint, agus a chuirtear in ionad Chinneadh Réime 2002/629/CGB ón gComhairle, agus conas is féidir a mheas go bhfuil pianbhreith choimeádta dhá bhliain éifeachtach, comhréireach agus athchomhairleach má bhí an ciontóir rannpháirteach in eagraíocht choiriúil agus má d’earcaigh sé roinnt daoine chun teacht i dtír orthu i mBallstáit eile, gan beann ar a dtoiliú, le haghaidh teacht i dtír gnéasach, i gcás ina ndearnadh an cion trí mheabhlaireacht? Sa chomhthéacs sin, an bhfuil an ‘pianbhreith choimeádta príosúnachta uasta 10 mbliana ar a laghad’ [i gcás ina ndearnadh an cion sin]: … (b) … faoi chuimsiú eagraíocht choiriúil de réir bhrí Chinneadh Réime 2008/841/CGB ón gComhairle an 24 Deireadh Fómhair 2008 maidir leis an gcomhrac i gcoinne na coireachta eagraithe’, le léiriú sa chaoi go bhfuil feidhm aige maidir le gach gníomh aonair gáinneála ar dhaoine i ndáil le gach íospartach aonair nó, ina iomláine, leis an ngníomhaíocht choiriúil ina bhfuil roinnt gníomhartha gáinneála ar dhaoine?

____________

1 Úsáidtear ainm bréige sa chás seo nach bhfreagraíonn d’fhíorainm aon pháirtí sna himeachtaí.

1 IO 2011 L 101, lch. 1.