Caingean arna tabhairt an 9 Meitheamh 2023 – Pfriem v EUIPO – U-Control (UC)
(Cás T-316/23)
Teanga inar taisceadh an t-iarratas: an Béarla
Páirtithe
Iarratasóir: Hanns Pfriem (Schweinfurt, an Ghearmáin) (ionadaí: M. Pütz-Poulalion, Dlíodóir)
Cosantóir: Oifig Maoine Intleachtúla an Aontais Eorpaigh (EUIPO)
Páirtí eile sna himeachtaí os comhair an Bhoird Achomhairc: U-Control Srl (Torrile, an Iodáil)
Sonraí na n-imeachtaí os comhair EUIPO
Dílseánach an trádmhairc faoi cheist: Páirtí eile sna himeachtaí os comhair an Bhoird Achomhairc
Trádmharc atá faoi cheist: Clárú idirnáisiúnta lena n-ainmnítear an tAontas Eorpach i ndáil leis an marc fíortha UC – Clárú idirnáisiúnta lena n-ainmnítear an tAontas Eorpach Uimh. 1 569 179
Nós imeachta os comhair EUIPO: Imeachtaí freasúra
Cinneadh atá faoi chonspóid: Cinneadh ón gCeathrú Bord Achomhairc de EUIPO an 16 Márta 2023 i gCás R 1404/2022-4
An t-ordú atá á lorg
Iarrann an t-iarratasóir ar an gCúirt Ghinearálta:
an cinneadh atá faoi chonspóid a chur ar neamhní;
seasamh leis an bhfreasúra Uimh. B3146448 ina iomláine, agus an t-iarratas atá faoi chonspóid i ndáil le gach earra agus seirbhís a chonspóidtear a dhiúltú;
mar mhalairt air sin,
an cás a tharchur chuig an mBord Achomhairc le haghaidh athscrúdú.
a ordú do EUIPO costais agus speansais an iarratasóra a íoc.
Saincheisteanna dlí
Sárú ar Airteagal 41 den Chairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh;
Sárú ar Airteagal 27(2) i gcomhar le hAirteagal 8(3) de Rialachán Tarmligthe (AE) 2018/625 ón gCoimisiún;
Sárú ar Airteagal 8(1)(b) i gcomhar le hAirteagal 33(5) de Rialachán (AE) 2017/1001 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle.
____________