Language of document :

Achomharc arna thabhairt an 12 Iúil 2023 ag SN i gcoinne bhreithiúnas na Cúirte Ginearálta (an Cúigiú Dlísheomra) a tugadh an 3 Bealtaine 2023 i gCás T-249/21, SN v an Pharlaimint

(Cás C-430/23 P)

Teanga an cháis: an Béarla

Páirtithe

Achomharcóir: SN (ionadaí: P. Eleftheriadis, Abhcóide)

Páirtí eile sna himeachtaí: Parlaimint na hEorpa

An t-ordú atá á lorg

Iarrann an t-achomharcóir ar an gCúirt:

an breithiúnas a thug an Cúigiú Dlísheomra de Chúirt Ghinearálta an Aontais Eorpaigh i gCás T-249/21, SN v Parlaimint na hEorpa a chur i leataobh go páirteach, a mhéid a dhearbhaítear leis an mbreithiúnas bailíocht pháirteach an Chinnidh ó Ardrúnaí Pharlaimint na hEorpa, maidir le SN, dar dáta an 21 Nollaig 2020 agus Nóta Dochair Uimh. 7010000021, a dhírítear chuig SN, do mhéid EUR 196 199.84, dar dáta an 15 Eanáir 2021,

an Cinneadh ó Ardrúnaí Pharlaimint na hEorpa maidir le SN, dar dáta an 21 Nollaig 2020, a chur ar neamhní go hiomlán,

Nóta Dochair Uimh. 7010000021, a dhírítear chuig SN, le haghaidh EUR 196 199.84, dar dáta an 15 Eanáir 2021, a chur ar neamhní ina iomláine,

a ordú do Pharlaimint na hEorpa costais na nAchomharcóirí as na himeachtaí seo a íoc, lena n-áirítear na costais os comhair na Cúirte seo agus os comhair na Cúirte Ginearálta.

Saincheisteanna dlí agus príomhargóintí

1) Mainneachtain tástáil ‘eolais’ 137 CEOS a chur i bhfeidhm 1 : Sháraigh an Chúirt Ghinearálta dlí an Aontais Eorpaigh trí mhainneachtain a mheas go bhfuil aisghabháil tuarastail Cúnaimh Pharlaimintigh ag Feisire den Pharlaimint faoi réir na dtástálacha ‘eolais’ d’Airteagal 137 CEOS agus 85 de na Rialacháin Foirne, lena gceanglaítear go mbeidh eolas iarbhír nó glactha ag faighteoir íocaíochta i gcásanna cúnaimh pharlaimintigh nach raibh an íocaíocht dlite.

2) Mainneachtain fíorbhrí Airteagal 33 IMMS a chur i bhfeidhm 1 : Sháraigh an Chúirt Ghinearálta dlí an Aontais Eorpaigh trí mhainneachtain Airteagail 33 agus 68 de IMMS a chur i bhfeidhm i gceart, lena gceanglaítear gurb ionann íoc tuarastail le cúntóir parlaiminteach agus tuarastal, agus nach táille é sin, ionas go mbeidh sé ‘neamhdhlite’ faoi dhlí an Aontais Eorpaigh nuair nach bhfuil an íocaíocht dlite faoi théarmaí an chonartha fostaíochta, faoi théarmaí caighdeánacha fostaíochta do chúntóirí parlaiminteacha, agus sa chás sin amháin.

3) Mainneachtain Ceart Feisire chun Saoirse agus Neamhspleáchais a Chosaint: Sháraigh an Chúirt Ghinearálta dlí an Aontais Eorpaigh toisc nár chosain sí go leordhóthanach Ceart na bhFeisirí chun Saoirse agus Neamhspleáchais (Airteagal 2 agus Airteagal 21(2) de Reacht Fheisirí Pharlaimint na hEorpa), trí chóras diandliteanais a fhorchur i leith earráidí neamhurchóideacha atá chomh dothuartha agus chomh dochraideach sin nach bhfuil sé ag luí le ceart na bhFeisirí chun saoirse agus neamhspleáchais.

____________

1 Coinníollacha Fostaíochta Sheirbhísigh Eile Chomhphobal Eacnamaíochta na hEorpa agus an Chomhphobail Eorpaigh do Fhuinneamh Adamhach (IO 1962 45, lch. 1385).

1 Cinneadh ón mBiúró an 19 Bealtaine agus an 9 Iúil 2008 maidir le bearta cur chun feidhme do Reacht Fheisirí Pharlaimint na hEorpa (IO 2009 C 159, lch. 1).