Language of document :

Iarraidh ar réamhrialú ó Administrativen sad Varna a taisceadh an 11 Iúil 2023 – NARE-BG EOOD v Direktor na Direktsia ‘Obzhalvane i danachno-osiguritelna praktika’ Varna pri Tsentralno Upravlenie na Natsionalnata Agentsia za Prihodite

(Cás C-429/23, NARE-BG)

Teanga an cháis: an Bhulgáiris

An chúirt a rinne an tarchur

Administrativen sad Varna

Páirtithe sna príomhimeachtaí

Iarratasóir: NARE-BG EOOD

Cosantóir: Direktor na Direktsia ‘Obzhalvane i danachno-osiguritelna praktika’ Varna pri Tsentralno Upravlenie na Natsionalnata Agentsia za Prihodite

Na ceisteanna a tharchuirtear

I gcomhthéacs na mbeart arna dtabhairt isteach le dlí chun an eipidéim a choinneáil faoi smacht, lena n-áirítear bearta riaracháin a fhorchur chun srian a chur ar dhaoine an teach a fhágáil agus gluaiseacht faoi shaoirse i limistéir, srian ar chur le teagmháil le daoine eile agus áitribh mhiondíola a dhúnadh, i gcás, i dtaca leis na bearta sin chun an eipidéim a choinneáil faoi smacht, gur cuireadh síneadh le teorainneacha ama chun fiachais chánach a dhearbhú agus a íoc de bhun an Zakon za korporativnoto podohodno oblagane (an Dlí maidir le cáin chorparáide) (ZKPO) (lena leagtar síos na teorainneacha ama chun cáin ar ioncam a íoc sa dlí náisiúnta), an bhfuil sé d’éifeacht ag tréimhse theorann amhail í atá i gceist sna himeachtaí seo go mbeidh feidhmiú an chirt atá ag daoine inchánacha cáin ionchuir a asbhaint le linn na tréimhse ina bhfuil na bearta chun an eipidéim i bhfeidhm nach mór dodhéanta nó ródheacair, agus óna thaobh sin de, an bhfuil reachtaíocht naisiúnta agus cleachtais riaracháin chánach amhail iad atá i gceist sna príomhimeachtaí i gcomhréir le hAirteagal 184 de Threoir 2006/112/CE 1 an 28 Samhain 2006 maidir leis an gcóras comhchoiteann cánach breisluacha (“an Treoir maidir le CBL”), arna léamh i gcomhar le hAirteagal 186 di, i bhfianaise phrionsabal na neodrachta fioscaí arna thabhairt isteach leis an Treoir maidir le CBL agus prionsabail na coibhéise agus na héifeachtachta arna gcumhdach le dlí an Aontais Eorpaigh (breithiúnas an 8 Bealtaine 2008, Ecotrade, C-95/07 agus C-96/07 2 , EU:C:2008:267)?

I bhfianaise na féidearthachta dá bhforáiltear sa Zakon za danak varhu dobavenata stoynost (Dlí maidir le cáin bhreisluacha) (ZDDS) chun faisnéis a dhearbhaítear trí dhearbhú CBL a cheartú de bhun ZDDS, an gceadaítear, in imthosca an cháis seo, faoi Airteagal 184 den Treoir maidir le CBL, arna léamh i gcomhar le hAirteagal 186 di, cleachtas údaráis cánach faoina ndiúltaítear do dhuine inchánach an ceart chun cáin ionchuir a asbhaint ar an bhforas gur dearbhaíodh CBL trí dhearbhú ceartaithe a cuireadh isteach chun ceartúchán a dhéanamh ar shonraí i dtaca leis an tréimhse chánach dheireanach den tréimhse theorann (12 mhí) chun an ceart chun cáin ionchuir i dtaca le soláthairtí a fheidhmiú, soláthairtí arna bhfáil ag an duine inchánach roimh an dáta cláraithe de bhun ZDDS, ar an gcoinníoll nár ceileadh na hidirbhearta, go raibh sonraí faoina bhfeidhmíocht ar fáil i gcuntais an iarratasóra, go raibh an fhaisnéis is gá ag an riarachán cánach, agus nach bhfuil aon fhianaise ann go ndearnadh díobháil don bhuiséad?

____________

1 IO 2006 L 347, lch. 1

1 ECLI:EU:C:2008:267.