Language of document :

Iarraidh ar réamhrialú ón Okrazhen sad – Smolyan (an Bhulgáir) a taisceadh an 13 Iúil 2023 – Glavna direktsia ‘Granichna politsia’ kam Ministerstvo na vatreshnite raboti v BO

(Cás C-435/23, Glavna direktsia Granichna politsia)

Teanga an cháis: an Bhulgáiris

An chúirt a rinne an tarchur

Okrazhen sad – Smolyan

Páirtithe sna príomhimeachtaí

Achomharcóir agus cosantóir: Glavna direktsia ‘Granichna politsia’ kam Ministerstvo na vatreshnite raboti

Freagróir agus iarratasóir: BO

Na ceisteanna a tharchuirtear

An gcaithfear Airteagal 12(a) agus Treoir 2003/88/CE 1 agus Airteagail 20 agus 31 den Chairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh a léiriú sa chaoi go gcuirtear cosc leo ar reachtaíocht náisiúnta [sa chás seo, Airteagal 187 den Zakon za Ministerstvoto na vatreshnite raboti (an Dlí maidir leis an Aireacht Gnóthaí Baile)] nach gceadaítear léi tréimhse níos giorra d’obair oíche i gcomparáid leis an tréimhse oibre i rith an lae i gcomhréir leis na forálacha ginearálta lena rialaítear oibrithe san earnáil phríobháideach a chur i bhfeidhm maidir le hoibrithe san earnáil phoiblí, amhail póilíní agus comhraiceoirí dóiteáin a dhéanann sealobair agus obair oíche (státseirbhísigh de réir bhrí Airteagal 142(1) den Dlí sin), a fhágann go bhfuil difríocht cóireála arna cur in iúl mar seo a leanas, gan an difríocht cóireála sin a bheith bainteach le cuspóir atá incheadaithe de réir dlí, is é sin le rá:

go bhfuil grúpa oibrithe san earnáil phoiblí a bhfuil cúraimí orthu lena mbaineann tábhacht ar leith i dtaobh an oird phoiblí a choimeád agus an daonra a chosaint (sa chás seo, póilíní agus comhraiceoirí dóiteáin, de bhun Airteagal 142(1)(1) den Dlí maidir leis an Aireacht Gnóthaí Baile, a dhéanann sealobair agus obair oíche) faoi mhíbhuntáiste

(а) i gcomparáid le grúpa eile oibrithe san earnáil oibre chéanna a leagtar na cúraimí céanna orthu a bhaineann leis an ord poiblí a choimeád agus an daonra a chosaint ach nach ndéanann aon sealobair oíche (sa chás seo, státseirbhísigh eile chun críocha Airteagal 142(1)(1) den Dlí maidir leis an Aireacht Gnóthaí Baile) ach a fhaigheann fós na sochair chéanna (mar shampla, luach saothair breise as sinsearacht, saoire íoctha níos faide, dul ar scor níos luaithe, agus pá téarfa níos airde, etc.) agus a fhaigheann na póilíní agus na comhraiceoirí dóiteáin a dhéanann sealobair oíche;

(b) agus i gcomparáid le hoibrithe san earnáil phríobháideach a dhéanann sealobair agus obair oíche gan na sochair chéanna a fháil, agus sin toisc nach leagtar na cúraimí orthu lena mbaineann tábhacht ar leith a bhaineann leis an ord poiblí a choimeád agus an daonra a chosaint, dá dtugtar na sochair chéanna do ghrúpa iomlán oibrithe san earnáil phoiblí (iad go léir ina státseirbhísigh de réir bhrí Airteagal 142(1)(1) den Dlí maidir leis an Aireacht Gnóthaí Baile)?

An gcaithfear Airteagal 12(a) agus aithris 8 de Threoir 2003/88/CE agus Airteagail 20 agus 31 den Chairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh a léiriú sa chaoi go gcuirtear cosc leo ar chur i bhfeidhm cásdlí náisiúnta cheangailtigh (amhail, sa chás seo, breithiúnas léiritheach Uimh. 1 ón Tionól Ginearálta den Dlísheomra Sibhialta den Varhoven kasatsionen sad na Republika Bulgaria (Cúirt Uachtarach Achomhairc Phoblacht na Bulgáire) an 15 Márta 2023 i gCás Léiritheach Uimh. 1/2020), más rud é mbeadh toradh chur i bhfeidhm an chásdlí sin ar neamhréir le dlí an Aontais, is é sin le rá, an difríocht cóireála a ndéantar cur síos air sa chéad cheist, nach bhfuil bunaithe ar chritéar oibiachtúil agus réasúnta, is é sin le rá, nach mbaineann sé le cuspóir atá ceadaithe faoin dlí agus nach bhfuil i gcomhréir leis an gcuspóir sin?

____________

1 Treoir 2003/88/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 4 Samhain 2003 a bhaineann le gnéithe áirithe i ndáil le heagrú ama oibre (IO 2003 L 299, lch. 9)