Language of document :

Iarraidh ar réamhrialú ó hof van beroep te Gent (an Bheilg) an 13 Iúil 2023 – Belgische Staat/Federale Overheidsdienst Financiën v Volvo Group Belgium NV

(Cás C-436/23, Volvo Group Belgium)

Teanga an cháis: an Ollainnis

An chúirt a rinne an tarchur

Hof van beroep te Gent

Páirtithe sna príomhimeachtaí

Iarratasóir: Belgische Staat/Federale Overheidsdienst Financiën

Cosantóir: Volvo Group Belgium NV

An cheist a tharchuirtear

An bhfuil Airteagal 49 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh le léiriú sa chaoi go gcuirtear cosc ar reachtaíocht náisiúnta, amhail an reachtaíocht a ndéantar agóid ina coinne os comhair na Cúirte Achomhairc (eadhon an reachtaíocht a chuir an Chúirt Bhunreachtúil ar ceal ach ar coimeádadh a héifeachtaí ar bun, de shárú ar an tsaoirse bunaíochta, áfach, sa chaoi go gcaithfear staonadh ón reachtaíocht náisiúnta a coimeádadh ar bun a chur i bhfeidhm i dtaca leis na brabúis a dháil na cuideachtaí atá bunaithe i mBallstát eile a bhfuil bunaíocht sheasmhach sa Bheilg) ar dá réir

–    a bhfuil cáin dlite ar dháileadh brabús nár áiríodh sa toradh inchánach deireanach le haghaidh cuideachta chónaitheach ar a bhfuil a oiread de thionchar uirthi ag cuideachta atá bunaithe i mBallstát eile gur féidir léi dul i bhfeidhm ar a gníomhaíochtaí,

–    cé nach bhfuil an cháin sin le híoc ar an mbrabús atá i gceist, má fheidhmíonn an chuideachta sin atá bunaithe i mBallstát eile a gníomhaíochtaí sa Bheilg trí bhíthin bunaíocht sheasmhach nó brainse?

____________