Iarraidh ar réamhrialú ón Vrchní soud v Praze (Poblacht na Seice) an 7 Feabhra 2022 – ALD Automotive s.r.o. v DY, glacadóir na cuideachta is féichiúnaí GEDEM-STAV a.s.
(Cás C-78/22)
Teanga an cháis: an tSeicis
An chúirt a rinne an tarchur
Vrchní soud v Praze
Páirtithe sna príomhimeachtaí
Iarratasóir: ALD Automotive s.r.o.
Cosantóir: DY, glacadóir na cuideachta is féichiúnaí GEDEM-STAV a.s.
Na ceisteanna a tarchuireadh le haghaidh réamhrialú
Cad iad na critéir le comhlíonadh chun bheith i dteideal, ar a laghad, na cnapshuime de EUR 40 dá dtagraítear in Airteagal 6(1) de Threoir 2011/7/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle 1 i gcás conarthaí maidir le comhlíonadh athfhillteach nó leanúnach?
An féidir le cúirteanna na mBallstát, trí thagairt a dhéanamh do phrionsabail ghinearálta an dlí phríobháidigh, diúltú do ghlacadh le hiarratas de bhun Airteagal 6(1) den Treoir?
Má thugtar freagra dearfach ar an dara ceist, cén coinníollacha faoinar féidir le cúirteanna na mBallstát diúltú do bhronnadh mhéid an éilimh dá dtagraítear in Airteagal 6(1) den Treoir?
____________
1 Treoir 2011/7/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Feabhra 2011 maidir le cur in aghaidh íocaíochtaí déanacha in idirbhearta tráchtála (IO 2011 L 48, lch. 1).