Language of document :

Breithiúnas na Cúirte Ginearálta an 13 Iúil 2022 – TL v an Coimisiún

(Cás T-438/21)1

(Seirbhís Shibhialta – Foireann shealadach – Conradh ar théarma seasta – Cinneadh gan an conradh a athnuachan – Fógra Folúntais – Earráid fhollasach bhreithmheasa – Dualgas cúraim – Ciapadh síceolaíoch – Dliteanas)

Teanga an cháis: an Béarla

Páirtithe

Iarratasóir: TL (ionadaithe: L. Levi agus N. Flandin, Dlíodóirí)

Cosantóir: An Coimisiún Eorpach (ionadaithe: B. Mongin agus M. Brauhoff, i gcáil Gníomhairí)

Ábhar

Lena caingean de bhun Airteagal 270 CFAE, iarrann an t-iarratasóir, ar an gcéad dul síos, go ndéanfar an cinneadh ó údarás an Choimisiúin Eorpaigh a bhfuil sé de chumhacht aige conarthaí fostaíochta a thabhairt i gcrích an 29 Deireadh Fómhair 2020 gan a conradh fostaíochta a athnuachan agus, a mhéid is gá, cinneadh an 20 Aibreán 2021 lena ndéantar a gearán a dhíbhe faoi Airteagal 90(2) de Rialacháin Foirne Oifigigh an Aontais Eorpaigh i gcoinne an chinnidh sin a chur ar neamhní, agus, ar an dara dul síos, ar chúiteamh as an damáiste a bhain di, dar léi, mar gheall ar na gníomhartha sin.

Ábhar

Déantar an chaingean a dhíbhe.

Ordaítear do TL na costais a íoc.

____________

1     IO C 357, 6.9.2021.