Language of document :

Iarraidh ar réamhrialú ó Varhoven administrativen sad (an Bhulgáir), arna taisceadh an 25 Iúil 2023 – Obshtina Veliko Tarnovo v Rakovoditel na Upravlyavashtia organ na Operativna programa “Regioni v rastezh” 2014 – 2020

(Cás C-471/23, Obshtina Veliko Tarnovo)

Teanga an cháis: an Bhulgáiris

An chúirt a rinne an tarchur

Varhoven administrativen sad

Páirtithe sna príomhimeachtaí

Iarratasóir: Obshtina Veliko Tarnovo

Cosantóir: Rakovoditel na Upravlyavashtia organ na Operativna programa “Regioni v rastezh” 2014 – 2020

Na ceisteanna a tharchuirtear

An dtagann riarthóir cabhrach Stáit i bhfoirm maoiniú ó Chistí Struchtúracha agus Infheistíochta na hEorpa (“Cistí CSIE”), nach é faighteoir na cabhrach, faoin téarma “tairbhí” na cabhrach i gcomhthéacs Státchabhrach de réir bhrí phointe 10 d’Airteagal de Rialachán (AE) Uimh. 1303/2013 1 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 17 Nollaig 2013 lena leagtar síos forálacha coiteanna maidir le Ciste Forbraíochta Réigiúnaí na hEorpa, le Ciste Sóisialta na hEorpa, leis an gCiste Comhtháthaithe, leis an gCiste Eorpach Talmhaíochta um Fhorbairt Tuaithe agus leis an gCiste Eorpach Muirí agus Iascaigh agus lena leagtar síos forálacha ginearálta maidir le Ciste Forbraíochta Réigiúnaí na hEorpa, le Ciste Sóisialta na hEorpa, leis an gCiste Comhtháthaithe agus leis an gCiste Eorpach Muirí agus Iascaigh agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 1083/2006 ón gComhairle?

An féidir le riarthóir Státchabhrach i bhfoirm Chistí CSIE, nach é an duine a úsáideann an Státchabhair de bhun conradh poiblí, a bheith ina sheolaí bailí de chinneadh lena ndéantar ceartúchán airgeadais mar gheall ar shárú ar an dlí náisiúnta nó ar dhlí an Aontais a rinneadh i dtaca le dámhachtain an chonartha phoiblí.

I dtaca le duine, ar seolaí de bheart riaracháin “ceartúchán airgeadais” é, mar gheall ar neamhrialtacht de réir bhrí phointe 36 d’Airteagal 2 de Rialachán Uimh. 1303/2013 i dtaca le Státchabhair i bhfoirm Chistí CSIE, an gcaithfear dhá choinníoll charnacha a shásamh: gurb é faighteoir an deontais ó na cistí lena mbaineann an neamhrialtacht agus gurb é an duine a d’úsáid na cistí lena mbaineann?

An féidir dliteanas as sáruithe in úsáid Státchabhrach i bhfoirm Chistí CSIE a rialú nó a athshannadh trí bhíthin conradh idir úsáideoir agus riarthóir na Státchabhrach nó an bhfuil an faighteoir faoi dhliteanas i leith na Státchabhrach, ar bhain sé úsáid neamhdhleathach aisti?

An bhfuil faighteoir na Státchabhrach agus riarthóir na Státchabhrach faoi dhliteanas comhpháirteach agus leithleach agus an gcaithfear dliteanas den sórt sin a bheith leagtha síos sa chonradh maidir leis an gcabhair a dhámhachtain?

An gcuirtear cosc le hAirteagail 41 agus 47 den Chairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh ar chleachtas náisiúnta agus cásdlí i gcás amhail an cás atá i gceist sna príomhimeachtaí, maidir le “hoibreoir seirbhíse lena ngabhann leas eacnamaíoch ginearálta”, amhail “Organizatsia na dvizhenieto, parkingi i garazhi” EOOD, a mhaítear gur cinneadh go ndearna sé sárú ar an Zakon za obshtestvenite porachki (an Dlí maidir le conarthaí poiblí a dhámhachtain) i nós imeachta arna chur i bhfeidhm aige i ndámhachtain conartha soláthair phoiblí i nós imeachta maidir le húsáid chistí CSIE (arb ionann iad agus Státchabhair), nach bhfuil sé de cheart aige páirt a ghlacadh i nós imeachta maidir le ceartúchán airgeadais i dtaca le conradh a chuir sé i gcrích, ná in imeachtaí breithiúnacha maidir le hagóid a dhéanamh i gcoinne an ghnímh riaracháin sin, ar an bhforas go bhfuil an t-oibreoir sin faoi dhliteanas sibhialta mar chomhpháirtí sa bhardasacht as cúiteamh faoin gcomhaontú comhpháirtíochta?

____________

1 IO 2013 L 347, lch. 320.