Language of document :

Caingean arna tabhairt an 8 Márta 2024 – CW v Europol agus Eurojust

(Cás T-148/24)

Teanga an cháis: an Ollainnis

Páirtithe

Iarratasóir: CW (ionadaí: J. Reisinger, Dlíodóir)

Cosantóirí: Gníomhaireacht an Aontais Eorpaigh i ndáil le Comhar i bhForfheidhmiú an Dlí (Europol) agus Gníomhaireacht an Aontais Eorpaigh um Chomhar Ceartais Choiriúil (Eurojust)

An t-ordú atá á lorg

Iarrann an t-iarratasóir ar an gCúirt:

i gcomhréir le hAirteagal 268 CFAE, arna léamh i gcomhar le hAirteagal 340 CFAE, damáistí de mhéid EUR 10 000 as an damáiste a bhain leis an gComhaontú lena mbunaítear Foireann Chomhpháirteach um Imscrúdú na Fraince agus na hÍsiltíre a síníodh an 10 Aibreán 2020 agus na gníomhartha gaolmhara de chuid Europol agus Eurojust a dhámhachtain;

a ordú do na cosantóirí na costais a íoc.

Saincheisteanna dlí agus príomhargóintí

Chun tacú leis an gcaingean i gcoinne ghníomhaíochtaí Europol agus Eurojust i gcomhthéacs oibríocht EncroChat, maíonn an t-iarratasóir trí shaincheist dlí.

An chéad shaincheist dlí, lena líomhnaítear gur bailíodh agus gur próiseáladh sonraí pearsanta go neamhdhleathach agus go díréireach.

Le linn sonraí EncroChat a bhailiú agus a phróiseáil (go háirithe sonraí a stóráil, anailís a dhéanamh orthu agus iad a scaipeadh), sáraíodh cearta bunúsacha daonna na n-úsáideoirí, lena n-áirítear cearta an iarratasóra. Go háirithe, sáraíodh Airteagail 18, 28 agus 38 de Rialachán 2016/794 1 , Airteagail 9, 26 agus 27 de Rialachán 2018/1727 2 agus Airteagail 71 agus 72 de Rialachán 2018/1725 3 .

Sáraíodh Airteagail 7, 8 agus 10 go 12 den Chairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh (‘an Chairt’), arna léamh i gcomhar le hAirteagail 51 agus 52 di, agus Airteagal 8 den Choinbhinsiún Eorpach chun Cearta an Duine agus Saoirsí Bunúsacha a Chosaint (CECD) agus Airteagal 17 den Chúnant Idirnáisiúnta ar Chearta Sibhialta agus Polaitiúla (CICSP).

Áitíonn an t-iarratasóir go ndearnadh damáiste dó toisc nach raibh sé riachtanach ná comhréireach gach úsáideoir EncroChat a haiceáil in ionad gníomh spriocdhírithe aonair a dhéanamh. Ina theannta sin, níor tugadh aon údar leis sin roimh ré ná ina dhiaidh.

An dara saincheist dlí lena líomhnaítear nach raibh aon fhéidearthacht ann úsáideacht na fianaise i gcásanna coiriúla a thástáil, nó ar a laghad bhí easpa ráthaíochtaí foirmiúla agus ábhartha ann.

Áitíonn an t-iarratasóir nach bhfuil na sonraí EncroChat, lena n-áirítear sonraí pearsanta an iarratasóra, bailithe agus próiseáilte go leordhóthanach, i bhfianaise na críche atá leis na sonraí sin a úsáid i gcásanna coiriúla. Sháraigh sé sin na forálacha dá dtagraítear sa chéad saincheist dlí, chomh maith le hAirteagal 28 de Rialachán 2016/794, Airteagail 71 agus 74 de Rialachán 2018/1725, Airteagail 47 agus 48 den Chairt, Airteagal 6 de CECD agus Airteagail 14 agus 15 de CICSP.

An tríú saincheist dlí lena líomhnaítear nach raibh cosaint iomchuí maidir le sonraí EncroChat a bhailiú agus a phróiseáil.

Áitíonn an t-iarratasóir nach féidir le réasún slándáil leordhóthanach a bheith ann mar a leagtar síos sna Rialacháin thuasluaite, i bhfianaise chineál, mhéid agus chastacht na sonraí a bhailítear. Ina theannta sin, creideann an t-iarratasóir nach mór don rialaitheoir tionchar na próiseála atá beartaithe a mheasúnú. Níl sé soiléir ar tharla sin. Murab amhlaidh an cás, d’fhéadfadh damáiste breise a bheith déanta dá bharr.

____________

1     Rialachán (AE) 2016/794 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Bealtaine 2016 maidir le Gníomhaireacht an Aontais Eorpaigh i ndáil le Comhar i bhForfheidhmiú an Dlí (Europol) agus lena n-aisghairtear Cinntí 2009/371/CGB, 2009/934/CGB, 2009/935/CGB, 2009/936/CGB agus 2009/968/CGB ón gComhairle agus a ghabhann ionad na gCinntí sin (IO 2016 L 135, lch. 53).

1     Rialachán (AE) 2018/1727 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 14 Samhain 2018 maidir le Gníomhaireacht an Aontais Eorpaigh um Chomhar Ceartais Choiriúil (Eurojust), agus a ghabhann ionad Chinnidh 2002/187/CGB ón gComhairle agus lena n-aisghairtear an cinneadh sin (IO 2018 L 295, lch. 138).

1     Rialachán (AE) 2018/1725 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Deireadh Fómhair 2018 maidir le daoine nádúrtha a chosaint i ndáil le sonraí pearsanta a phróiseáil ag institiúidí, comhlachtaí, oifigí agus gníomhaireachtaí an Aontais agus maidir le saorghluaiseacht sonraí den sórt sin, agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 45/2001 agus Cinneadh Uimh. 1247/2002/CE (IO 2018 L 295, lch. 39).