Caingean arna tabhairt an 30 Nollaig 2023 – Rain Carbon Germany v EUIPO - Novaresine (NOVARESINE INNOVATION GOES GREEN)
(Cás T-1188/23)
Teanga inar taisceadh an t-iarratas: an Béarla
Páirtithe
Iarratasóir: Rain Carbon Germany GmbH (Castrop-Rauxel, an Ghearmáin) (ionadaithe: R. Fischer agus T. Moll, Dlíodóirí)
Cosantóir: Oifig Maoine Intleachtúla an Aontais Eorpaigh (EUIPO)
Páirtí eile sna himeachtaí os comhair an Bhoird Achomhairc: Novaresine Srl (Lazise, an Iodáil)
Sonraí na n-imeachtaí os comhair EUIPO
Iarratasóir an trádmhairc atá faoi cheist: Páirtí eile sna himeachtaí os comhair an Bhoird Achomhairc
Trádmharc atá faoi cheist: Iarratas ar mharc fíortha de chuid an Aontais Eorpaigh ‘NOVARESINE INNOVATION GOES GREEN’ – Iarratas ar chlárú Uimh. 18 188 539
Nós imeachta os comhair EUIPO: Imeachtaí freasúra
Cinneadh atá faoi chonspóid: Cinneadh ón gCéad Bhord Achomhairc de EUIPO an 27 Deireadh Fómhair 2023 i gCás R 2005/2022-1
An t-ordú atá á lorg
Iarrann an t-iarratasóir ar an gCúirt Ghinearálta:
an cinneadh atá faoi chonspóid a chur ar neamhní;
seasamh le freasúra Uimh. B 3 119 195 a comhdaíodh i gcoinne earraí go léir an iarratais ar thrádmharc de chuid an Aontais Eorpaigh Uimh. 18 188 539 le haghaidh na n-earraí go léir a chonspóidtear agus diúltú d’iarratas ar thrádmharc de chuid an Aontais Eorpaigh Uimh. 18 188 539 ina iomláine;
a ordú do EUIPO na costais a íoc.
Saincheisteanna dlí arna maíomh
Sárú ar Airteagal 8(1)(b) de Rialachán (AE) 2017/1001 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle.
Sárú ar Airteagal 94(1) de Rialachán (AE) 2017/1001 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle.
____________