Caingean arna tabhairt an 18 Bealtaine 2022 – VEB.RF v an Chomhairle
(Cás T-288/22)
Teanga an cháis: an Spáinnis
Páirtithe
Iarratasóir: State Development Corporation “VEB.RF” (Moscó, an Rúis) (ionadaithe: J. Iriarte Ángel agus E. Delage González, Dlíodóirí)
Cosantóir: Comhairle an Aontais Eorpaigh
An t-ordú atá á lorg
Iarrann an t-iarratasóir ar an gCúirt Ghinearálta:
Cinneadh 2014/145/CBES1 ón gComhairle an 17 Márta 2014 a bhaineann le bearta sriantacha i ndáil le gníomhaíochtaí lena mbaintear an bonn d’iomláine chríochach, de cheannasacht agus de neamhspleáchas na hÚcráine nó ar bagairt iad na gníomhaíochtaí sin ar an méid sin, arna leasú,2 a chur ar neamhní a mhéid a thagraítear don iarratasóir ann nó a d’fhéadfaí tionchar a imirt ar an iarratasóir leis.
Rialachán (AE) Uimh. 269/20141 ón gComhairle an 17 Márta 2014 maidir le bearta sriantacha i ndáil le gníomhaíochtaí lena mbaintear an bonn d’iomláine chríochach, de cheannasacht agus de neamhspleáchas na hÚcráine nó ar bagairt iad na gníomhaíochtaí sin ar an méid sin, arna leasú,2 a chur ar neamhní a mhéid a thagraítear don iarratasóir ann nó a d’fhéadfaí tionchar a imirt ar an iarratasóir leis.
Airteagal 1e, i dtaca le hIarscríbhinn VIII de Chinneadh 2014/512/CBES1 ón gComhairle an 31 Iúil 2014 a bhaineann le bearta sriantacha i bhfianaise ghníomhaíochtaí na Rúise i ndíchobhsú staid na hÚcráine arna leasú,2 a chur ar neamhní a mhéid a thagraítear don iarratasóir ann nó a d’fhéadfaí tionchar a imirt ar an iarratasóir leis.
Airteagal 5h, i dtaca le hIarscríbhinn XIV de Rialachán (AE) Uimh. 833/20141 ón gComhairle an 31 Iúil 2014 maidir le bearta sriantacha i bhfianaise ghníomhaíochtaí na Rúise i ndíchobhsú staid na hÚcráine arna leasú,2 a chur ar neamhní a mhéid a thagraítear don iarratasóir ann nó a d’fhéadfaí tionchar a imirt ar an iarratasóir leis.
a ordú don Chomhairle na costais a íoc.
Saincheisteanna dlí agus príomhargóintí
Mar thaca leis an gcaingean, maíonn an t-iarratasóir na saincheisteanna dlí seo a leanas.
Na saincheisteanna dlí ar a mbunaítear an chéad dá ordú atá á lorg:
a) Earráid fhollasach ar mheasúnú na bhfíricí ar a mbunaítear na forálacha atá faoi chonspóid.
b) Neamhchomhlíonadh an dualgais cúiseanna a lua.
c) Sarú ar an gceart chun cosanta breithiúnaí éifeachtaí.
d) Sárú ar an gceart chun maoine ó thaobh phrionsabal na comhréireachta de.
e) Sárú ar phrionsabal na córa comhionainne.
f) Mí-úsáid cumhachtaí.
Na saincheisteanna dlí ar a mbunaítear an dá ordú dheireanacha atá á lorg:
a) Neamhchomhlíonadh an dualgais cúiseanna a lua.
b) Earráid fhollasach ar mheasúnú na bhfíricí ar a mbunaítear na forálacha atá faoi chonspóid.
c) Sárú ar an gceart chun cosanta breithiúnaí éifeachtaí.
d) Sárú ar an gceart chun maoine.
e) Sárú ar phrionsabal na córa comhionainne.
____________
1 IO 2014 L 78, lch. 16.
1 Arna leasú le Cinneadh (CBES) 2022/265 ón gComhairle an 23 Feabhra 2022 lena leasaítear Cinneadh 2014/145/CBES a bhaineann le bearta sriantacha i ndáil le gníomhaíochtaí lena mbaintear an bonn d’iomláine chríochach, de cheannasacht agus de neamhspleáchas na hÚcráine nó ar bagairt iad na gníomhaíochtaí sin ar an méid sin (IO 2002 L 42I, lch. 98).
1 IO 2014 L 78, lch. 6.
1 Arna leasú le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 2022/260 ón gComhairle an 23 Feabhra 2022 lena gcuirtear chun feidhme Rialachán (AE) Uimh. 269/2014 a bhaineann le bearta sriantacha i ndáil le gníomhaíochtaí lena mbaintear an bonn d’iomláine chríochach, de cheannasacht agus de neamhspleáchas na hÚcráine nó ar bagairt iad na gníomhaíochtaí sin ar an méid sin (IO 2022 L 42I, lch. 3).
1 IO 2014 L 229, lch. 13.
1 Arna leasú le Cinneadh (CBES) 2022/346 ón gComhairle an 1 Márta 2022 lena leasaítear Cinneadh 2014/512/CBES a bhaineann le bearta sriantacha i bhfianaise ghníomhaíochtaí na Rúise i ndíchobhsú staid na hÚcráine (IO 2022 L 63, lch. 5).
1 IO 2014 L 229, lch. 1.
1 Arna leasú le Cinneadh (CBES) 2022/345 ón gComhairle an 1 Márta 2022 lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 833/2014 maidir le bearta sriantacha i bhfianaise ghníomhaíochtaí na Rúise i ndíchobhsú staid na hÚcráine (IO 2022 L 63, lch. 1).