Iarraidh ar réamhrialú ón Cour de cassation (an Fhrainc) a taisceadh an 28 Feabhra 2024 – PMJC SAS v [W] [X], [M] [X], [X] Créative SAS
(Cás C-168/24, PMJC)
Teanga an cháis: an Fhraincis
An chúirt a rinne an tarchur
Cour de cassation
Páirtithe sna príomhimeachtaí
Iarratasóir: PMJC SAS
Cosantóir: [W] [X], [M] [X], [X] Créative SAS
An cheist a tharchuirtear:
An gcaithfear Airteagail 12(2)(b) de Threoir 2008/95/CE1 an 22 Deireadh Fómhair 2008 maidir le comhfhogasú dhlíthe na mBallstát a bhaineann le trádmharcanna agus 20(b) de Threoir (AE) 2015/2436 an 16 Nollaig 2015 2 maidir le comhfhogasú dhlíthe na mBallstát a bhaineann le trádmharcanna, a léiriú sa chaoi go gcuirtear cosc leo ar chúlghairm trádmharc arb é sloinne dearthóra atá ann mar gheall ar a oibriú tar éis é a shannadh ar shlí go gcreidfidh an phobal ar bhealach éifeachtach go bhfuil an cruthaitheoir seo fós páirteach i gcruthú na dtáirgí marcáilte ach nach amhlaidh an cás a thuilleadh?
____________
1 Treoir 2008/95/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, an 22 Deireadh Fómhair 2008 maidir le comhfhogasú dhlíthe na mBallstát a bhaineann le trádmharcanna (IO 2008, L 299, lch. 25).
1 Threoir (AE) 2015/2436 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Nollaig 2015 maidir le comhfhogasú dhlíthe na mBallstát a bhaineann le trádmharcanna (IO 2015, L 336, lch. 1).