Ordú na Cúirte Breithiúnais (an Seachtú Dlísheomra) an 5 Feabhra 2024 (iarraidh ar réamhrialú ón Supremo Tribunal Administrativo – an Phortangéil – DC v Autoridade Tributária e Aduaneira
(Cás C-377/23 1 , Sancra2 )
(Tarchur chun réamhrialú – Airteagal 99 de Rialacha Nós Imeachta na Cúirte Breithiúnais – Freagra a fhéadfar a bhaint go soiléir as an gcásdlí – Cánachas – Cáin bhreisluacha (CBL) – Treoir 2006/112/CE – Iniúchadh cánach – Feithiclí athláimhe a dhíol le tomhaltóirí deiridh – Idirbhearta faoi réir CBL – Airteagail 73 agus 78 – Bonn cánach – Prionsabal na neodrachta cánach – Billeáil lochtach ar ráta nialasach CBL – Cur i bhfeidhm ráta caighdeánach CBL ag an riarachán cánach – CBL a chur san áireamh sa phraghas díola)
Teanga an cháis: an Phortaingéilis
An chúirt a rinne an tarchur
Supremo Tribunal Administrativo
Páirtithe
Iarratasóir: DC
Cosantóir: Autoridade Tributária e Aduaneira
An chuid oibríochtúil
Ní mór Airteagal 73 de Threoir 2006/112/CE ón gComhairle an 28 Samhain 2006 maidir leis an gcomhchóras cánach breisluacha arna léamh i gcomhar le hAirteagal 78(a) agus Airteagal 2(2)b den Treoir sin a léiriú sa chaoi nach mór, i gcás duine inchánach chun críocha CBL a bhfuil ráta nialasach CBL curtha san áireamh aige ar na ríomhshonraisc a eisítear do thomhaltóirí deiridh, glacadh leis go n-áirítear CBL cheana féin sa phraghas nó sa mhéid a luaitear sna ríomhshonraisc sin, mura bhfuil an duine inchánach in ann, faoin dlí náisiúnta, CBL a fhreagraíonn don ráta ceartaithe a thabhairt ar aghaidh chuig an tomhaltóir deiridh agus í a ghnóthú uathu.
____________
1 Dáta taiscthe : 14.6.2023
1 Is ainm bréige é ainm an cháis seo. Ní fhreagraíonn sé d’fhíorainm aon pháirtí sna himeachtaí.