Language of document :

Iarraidh ar réamhrialú ón Szegedi Törvényszék (an Ungáir) a taisceadh an 11 Iúil 2023 — Határ Diszkont Kft. v Nemzeti Adó- és Vámhivatal Fellebbviteli Igazgatósága

(Cás C-427/23, Határ Diszkont)

Teanga an cháis: an Ungáiris

An chúirt a rinne an tarchur

Szegedi Törvényszék

Páirtithe sna príomhimeachtaí

Iarratasóir: Határ Diszkont Kft.

Cosantóir: Nemzeti Adó- és Vámhivatal Fellebbviteli Igazgatósága

Na ceisteanna a tharchuirtear

An bhfuil sé i gcomhréir le hAirteagal 1(2), Airteagal 2(1)(c), Airteagal 78 agus Airteagal 146(1)(e) de Threoir 2006/112/CE ón gComhairle an 28 Samhain 2006 maidir leis an gcomhchóras cánach breisluacha 1 (“an Treoir maidir le CBL”) go ndéileálfaidh Ballstát mar sholáthar seirbhísí ar leithligh, seachas soláthar earraí atá díolmhaithe ó cháin, aisíocaíochtaí CBL a riar do thaistealaithe eachtracha, lena n-áirítear na foirmiúlachtaí riaracháin ó eisiúint na bhfoirmeacha caighdeánacha chun iarratas a dhéanamh ar aisíocaíocht CBL go dtí go n-aisíocfar an cháin sin, nach mór CBL a ghearradh ina leith agus a íoc de réir na rialacha ginearálta, i gcás ina ndéantar an táille riaracháin, atá comhionann le céatadán de CBL atá le haisíoc, a bhailiú agus a shonrascú ag an am céanna leis an aisíocaíocht CBL, ag trath difriúil ó sholáthar agus sonrascadh na n-earraí agus tar éis don cheannaitheoir an chomaoin as na hearraí a íoc agus a n-imeacht chuig tír nach bhfuil san Aontas Eorpach?

Má tá freagra dearfach ar an gcéad cheist, an bhfuil sé i gcomhréir le hAirteagal 135(1)(d) den Treoir maidir le CBL do chleachtas Ballstáit faoina meastar nach bhfuil an coimisiún a ghearrtar as riar na haisíocaíochta CBL tar éis soláthar earraí a rinneadh do thaistealaithe eachtracha díolmhaithe ó cháin mar “idirbheart a bhaineann le híocaíochtaí nó le fiacha”?

Má tá freagra dearfach ar an gcéad cheist agus ar an dara ceist, an bhfuil sé comhsheasmhach leis an bprionsabal maidir le hionchais dhlisteanacha a chosaint, mar cheann de bhunphrionsabail an chomhchórais CBL, má tá cleachtas Ballstáit ann ar dá réir nach mór d’eisitheoir na sonrasc a bhaineann leis an táille bhainistíochta CBL a íoc go cúlghabhálach freisin, cé go ndearna an t-údarás cánach é a sheiceáil roinnt uaireanta sna blianta roimh an iniúchadh agus, le linn na seiceálacha sin, tar éis scrúdú a dhéanamh, ach gan aon agóid a dhéanamh, ar an gcleachtas a bhí ann ina dhiaidh sin an táille riaracháin a dhíolmhú ó CBL agus nár chuir sé in iúl dó go raibh athrú tagtha ar reachtaíocht an Bhallstáit a bhí i bhfeidhm go dtí an 31 Nollaig 2007, inar luadh go sainráite, i measc na seirbhísí díolmhaithe, “aisíoc cánach ar thaistealaithe eachtracha a rinne an trádálaí faoi reachtaíocht shonrach”?

Má tá freagra dearfach ar an gcéad cheist go dtí an tríú ceist, an bhfuil sé comhsheasmhach le hAirteagail 73 agus 78 den Treoir maidir le CBL má tá cleachtas ann ina n-úsáideann údarás cánach Ballstáit an chomaoin atá díolmhaithe ó CBL ar shonraisc arna n-eisiúint i ndáil leis an táille riaracháin mar an tsuim inchánach le haghaidh CBL, agus i gcás nach mór d’eisitheoir na sonrasc, de réir chinneadh an údaráis chánach, CBL a íoc i gcomhréir leis na rialacha ginearálta, cé nach n-áirítear suim den sórt sin sa chomaoin a íocann taistealaithe eachtracha?

____________

1 IO 2006 L 347, lch. 1.