Language of document :

Achomharc arna thabhairt an 20 Samhain 2023 ag Breville Pty Ltd i gcoinne bhreithiúnas na Cúirte Ginearálta (an Séú Dlísheomra) a tugadh an 2 Meán Fómhair 2023 i gCás T-616/22, Breville v EUIPO (Gléasanna cócaireachta)

(Cás C-707/23 P)

Teanga an cháis: an Béarla

Páirtithe

Achomharcóir: Breville Pty Ltd (ionadaithe: G. Grippiotti, M. Pozzi, F. Caruso, Dlíodóirí)

Páirtí eile sna himeachtaí: Oifig Maoine Intleachtúla an Aontais Eorpaigh

Le hordú an 23 Feabhra 2024, chinn an Chúirt Bhreithiúnais (an Dlísheomra a chinneann ar chóir ligean d’achomhairc dul ar aghaidh) náar chóir ligean don achomharc dul ar aghaidh agus d’ordaigh sí do Breville Pty Ltd a chostais féin a íoc.

____________