Language of document :

Caingean arna tabhairt an 18 Lúnasa 2023 – Medspa v EUIPO – Hic (ALDO COPPOLA AMO)

(Cás T-508/23)

Teanga inar taisceadh an t-iarratas: an Iodáilis

Páirtithe

Iarratasóir: Medspa Srl (Milano, an Iodáil) (ionadaithe: M. Baghetti agus P. Burdese, Dlíodóirí)

Cosantóir: Oifig Maoine Intleachtúla an Aontais Eorpaigh (EUIPO)

Páirtí eile sna himeachtaí os comhair an Bhoird Achomhairc de EUIPO: Hic Srl (Milano, an Iodáil)

Sonraí na n-imeachtaí os comhair EUIPO

Iarratasóir an trádmhairc atá faoi cheist: Páirtí eile sna himeachtaí os comhair an Bhoird Achomhairc

Trádmharc atá faoi cheist: Iarratas ar fhocalmharc de chuid an Aontais Eorpaigh  ALDO COPPOLA AMO Iarratas ar chlárú Uimh. 18 070 755

Nós imeachta os comhair EUIPO: Imeachtaí freasúra

Cinneadh atá faoi chonspóid: Cinneadh ón gCeathrú Bord Achomhairc de EUIPO an 9 Meitheamh 2023 i gCás R 1625/2022-4

An t-ordú atá á lorg

Iarrann an t-iarratasóir ar an gCúirt Ghinearálta:

an cinneadh atá faoi chonspóid a chur ar neamhní agus, dá bhrí sin, seasamh leis an bhfreasúra i gcoinne chlárú an trádmhairc de chuid an Aontais Eorpaigh Uimh. 18 070 755;

mar mhalairt air sin, an cinneadh atá faoi chonspóid a chur ar neamhní agus, dá bhrí sin, an cás a tharchur ar ais chuig an mBord Achomhairc le haghaidh athmheasúnú ar an mbaol go mbeadh mearbhall ann idir trádmharc de chuid an Aontais Eorpaigh Uimh. 18 070 755 agus trádmharcanna freasúracha an iarratasóra de chuid an Aontais Eorpaigh agus de chuid na hIodáile;

in aon chás, a dhearbhú nach gceanglaítear ar an iarratasóir na costais a thabhaigh Hic Srl maidir leis na himeachtaí freasúra agus achomhairc arna socrú ag an gCeathrú Bord Achomhairc de mhéid EUR 1 400 a aisíoc;

in aon chás, a ordú do EUIPO agus Hic Srl na costais a thabhaigh an t-iarratasóir sna himeachtaí freasúra agus sna himeachtaí seo os comhair na Cúirte Ginearálta a aisíoc.

Saincheist dlí arna maíomh

Sárú ar Airteagal 8(1)(b) de Rialachán (AE) 2017/1001 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle.

____________