Language of document :

Iarraidh ar réamhrialú ó Sofiyski rayonen sad (an Bhulgáir) a taisceadh an 29 Bealtaine 2023 – “APS beta Bulgaria” EOOD, “Agentsia za kontrol na prosrocheni zadalzhenia” AD

(Cás C-337/23, APS Beta Bulgaria agus Agentsia za kontrol na prosrocheni zadalzhenia)

Teanga an cháis: an Bhulgáiris

An chúirt a rinne an tarchur

Sofiyski rayonen sad

Páirtithe sna príomhimeachtaí

Iarratasóir sna himeachtaí le haghaidh ordú íocaíochta: “APS beta Bulgaria” EOOD, “Agentsia za kontrol na prosrocheni zadalzhenia” AD

Na ceisteanna a tharchuirtear

An gcaithfear Airteagal 4(2) agus Airteagal 6(1) de Threoir 93/13/CE 1 ón gComhairle maidir le téarmaí éagóracha i gconarthaí tomhaltóra (Treoir 93/13/CEE) a léiriú sa chaoi, i gcás ina bhforchuirtear i gcomhaontú creidmheasa ar thomhaltóir comhaontú ráthaíochta a thabhairt i gcrích le ráthóir arna ainmniú ag an gcreidiúnaí, nach é inneachar an chonartha ráthaíochta ‘príomhábhar’ an chonartha leis an tríú páirtí sin ach cuid d’inneachar an chonartha creidmheasa? An mbaineann sé le hábhar chuige sin cé acu an daoine bainteacha an creidiúnaí agus an ráthóir nó nach ea?

An gcaithfear pointe (1)(i) den Iarscríbhinn a ghabhann le Treoir 93/13/CEE a léiriú sa chaoi, i gcás ina bhfuil oibleagáid ar an tomhaltóir ráthóir a chur ar fáil mar chuid de chonradh creidmheasa atá tugtha i gcrích cheana – nuair is ceann de na féidearthachtaí atá ann ná duine arna ainmniú ag an gcreidiúnaí a cheapadh – nach mór a mheas go bhfuil inneachar na hoibleagáide atá ar an tomhaltóir faoin gconradh ráthaíochta arna thabhairt i gcrích níos déanaí an lá sin doiléir, ós rud é nach raibh an tomhaltóir féin in ann an duine le ceapadh ag an gcreidiúnaí ina ráthóir sa todhchaí a roghnú nó a mholadh?

Más é freagra na ceiste roimhe seo ná go bhfuil ábhar an chonartha ráthaíochta soiléir: An gcaithfear pointe (1)(i), (j) agus (m) den Iarscríbhinn a ghabhann le Treoir 93/13/CEE a léiriú sa chaoi, i gcás ina nglacann an tomhaltóir mar oibleagáid air féin, mar chuid de chomhaontú creidmheasa atá tugtha i gcrích cheana, ráthóir a chur ar fáil – nuair is ceann de na féidearthachtaí atá ann ná duine arna ainmniú ag an gcreidiúnaí a cheapadh – nach mór a mheas go bhfuil inneachar na hoibleagáide atá ar an tomhaltóir faoin gconradh ráthaíochta doiléir agus go bhféadfadh, mar thoradh air sin, an comhaontú creidmheasa nó clásal amháin nó níos mó de a bheith curtha ar neamhní?

An gcaithfear Airteagal 4(1) de Threoir 93/13/CEE, arna léamh i gcomhar le hAirteagal 8 de Threoir 2005/29/CE 1 maidir le cleachtais tráchtála éagóracha, a léiriú sa chaoi, i gcás ina gceanglaíonn duine atá ag tabhairt creidmheasa go dtabharfadh an tomhaltóir comhaontú i gcrích le duine arna ainmniú ag an gcreidiúnaí chun éileamh an chreidiúnaí i gcoinne an tomhaltóra a áirithiú, gurb ionann sin i gcónaí agus leas a bhaint as míbhuntáiste an tomhaltóra agus, dá bhrí sin, is cleachtas tráchtála ionsaitheach atá ann?

I gcás go dtabharfar freagra diúltach ar Cheist 4: An gcaithfear Airteagal 4(1) agus Airteagal 7 de Threoir 93/13/CEE, arna léamh i gcomhar le hAirteagal 8 de Threoir 2005/29/CE maidir le cleachtais tráchtála éagóracha, a léiriú sa chaoi, i gcás imeachtaí dlí aontaobhach amhail na himeachtaí le haghaidh ordú íocaíochta, nach bhfuil an tomhaltóir ina pháirtí dóibh, go bhféadfadh amhras a bheith ar chúirt go bhfuil téarma conartha éagórach toisc amháin go bhfuil amhras uirthi gur ghlac an tomhaltóir leis de bhua cleachtas tráchtála éagórach, nó an gcaithfear sin a chruthú le cinnteacht?

An gcaithfear Airteagal 15(2) de Threoir 2008/48/CE 1 maidir le comhaontuithe creidmheasa le haghaidh tomhaltóirí (Treoir 2008/48/CE) a léiriú sa chaoi go bhfuil feidhm ag an bhforáil sin i gcásanna ina bhfuil nasc idir an comhaontú creidmheasa agus seirbhís choimhdeach, eadhon ráthaíocht a chur ar fáil ag tríú páirtí i gcomaoin táille, agus go bhféadfadh an tomhaltóir ní hamháin a éilimh a shaothrú mar gheall ar iompar éagórach an ráthóra, amhail íocaíocht a dhéanamh tar éis tréimhse theorann reachtach dul in éag, ach díospóidí faoin nós imeachta a dhéanamh lena n-eisiatar an oibleagáid i leith an ráthóra?

An gceadaítear, le hAirteagal 15(2) de Threoir 2008/48/CE, arna léamh i gcomhar le prionsabal na héifeachtachta, nó – i gcás go nglactar leis gur idirbhearta nasctha iad an conradh creidmheasa agus an conradh ráthaíochta – le hAirteagail 5 agus 7 de Threoir 93/13/CEE, arna léamh i gcomhar le pointe (1)(b) agus (c) den Iarscríbhinn a ghabhann leis an Treoir sin, cásdlí náisiúnta go bhféadfadh ráthóir conradh atá nasctha le comhaontú creidmheasa tomhaltóra, ar ráthóir é a fuair táille ón tomhaltóir as an comhaontú creidmheasa a chomhthaobhú agus a rinne íocaíocht leis an bpríomhchreidiúnaí i gcomhréir le téarma conartha, d’ainneoin go raibh an tréimhse arna leagan síos in Airteagal 147 den Zakon za zadalzheniata i dogovorite (Dlí maidir le hoibleagáidí agus conarthaí) imithe in éag – a chuireann deireadh leis an ráthaíocht ina hiomláine de réir an chásdlí ábhartha – brath air, mar sin féin, go bhfuil sé ag seasamh in áit an chreidiúnaí bhunaidh agus, ag brath ar chásdlí contrártha maidir le cur i bhfeidhm an dlí, íocaíocht a éileamh ón bpríomhfheichiúnaí?

An gcaithfear Airteagal 3(g) de Threoir 2008/48/CE, arna léamh i gcomhar le hAirteagal 5 de Threoir 93/13/CEE, a léiriú sa chaoi, i gcás oibleagáid faoi chomhaontú creidmheasa chun comhaontú ráthaíochta atá nasctha leis a thabhairt i gcrích, leis an toradh go bhfuil ardú ar an dliteanas creidmheasa iomlán, nach mór an ráta céatadánach bliantúil (RCB) don chreidmheas a ríomh bunaithe ar na tráthchodanna níos mó mar thoradh ar an táille a íocadh leis an ráthóir ? An mbaineann le hábhar chuige sin cé a roghnaigh an ráthóir agus cé acu an duine é a bhfuil nasc aige leis an bpríomhchreidiúnaí nó nach ea?

An gcaithfear Airteagal 10(2)(g) de Threoir 2008/48/CE a léiriú sa chaoi nach mór a mheas gurb ionann léiriú mícheart ar RCB i gcomhaontú creidmheasa arna thabhairt i gcrích idir díoltóir nó soláthróir agus tomhaltóir is iasachtaí agus teip léiriú a dhéanamh ar RCB sa chomhaontú creidmheasa agus nach mór don chúirt náisiúnta na hiarmhairtí a chur i bhfeidhm dá bhforáiltear faoin dlí náisiúnta i ndáil le teip RCB a léiriú i gcomhaontú creidmheasa tomhaltóra? An nglacfar leis nach mór feidhm a bheith ag na hiarmhairtí sin freisin maidir leis an ráthóir a rinne an íocaíocht mar chuid den ghaol leis an tomhaltóir?

An gcaithfear an dara habairt d’Airteagal 23 de Threoir 2008/48/CE a léiriú sa chaoi nach mór a mheas go bhfuil pionós dá bhforáiltear faoin dlí náisiúnta, eadhon neamhní an chomhaontaithe creidmheasa tomhaltóra, nach mbeidh ach an príomhshuim a tugadh inaisíoctha dá réir, comhréir i gcásanna nach bhfuil léiriú sonrach de RCB sa chomhaontú creidmheasa tomhaltóra a mhéid nach léirítear ann an costas a bhaineann le ráthóir tráchtála arna roghnú ag an gcreidiúnaí (cé go bhfuil RCB léirithe go huimhriúil i dtéacs an chomhaontaithe creidmheasa tomhaltóra)?

An gcaithfear Airteagal 2(2) de Threoir 2009/138/CE 1 maidir le dul i mbun ghnó an árachais agus an athárachais, agus gabháil don ghnó sin (Sócmhainneacht II) (Treoir 2009/138/CE), arna léamh i gcomhar le mír 14 de Chuid A d’Iarscríbhinn Uimh. 1 a ghabhann leis an Treoir sin, a léiriú sa chaoi gurb ionann gníomhaíocht íoctha mar ráthóir atá ar bun go gairmiúil, ina n-íocann an chuideachta ráthaíochta, i ngach cás mainneachtana, méid iomlán an chreidmheasa a bhí ag tomhaltóir mar phríomhfheichiúnaí, agus ina n-íoctar an táille le gach tráthchuid den chreidmheas, beag bean ar mhainneachtain an tomhaltóra, agus ‘gníomhaíocht árachais’ de réir bhrí na Treorach sin?

I gcás go dtabharfar freagra dearfach ar Cheist 11: An gcaithfear Airteagal 14(1) de Threoir 2009/138/CE a léiriú sa chaoi go bhfuil oibleagáid ar dhuine atá an ghníomhaíocht dá dtagraítear i gCeist 11 ar bun aige údarú a fháil ó na húdaráis rialála náisiúnta atá freagrach as údaruithe a thabhairt d’árachóirí?

____________

1 IO 1993 L 95, lch. 29.

1 Treoir 2005/29/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Bealtaine 2005 maidir le cleachtais tráchtála éagóracha idir gnólachtaí agus tomhaltóirí sa mhargadh inmheánach agus lena leasaítear Treoir 84/450/CEE ón gComhairle, Treoir 97/7/CE, Treoir 98/27/CE agus Treoir 2002/65/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus Rialachán (CE) Uimh. 2006/2004 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (IO 2005 L 149, lch. 22).

1 Treoir 2008/48/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Aibreán 2008 maidir le comhaontuithe creidmheasa le haghaidh tomhaltóirí agus lena n-aisghairtear Treoir 87/102/CEE ón gComhairle (IO 2008 L 133, lch. 66).

1 Treoir 2009/138/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 25 Samhain 2009 maidir le dul i mbun ghnó an árachais agus an athárachais, agus gabháil don ghnó sin (Sócmhainneacht II) (IO 2009 L 335, lch. 1).