Language of document :

Achomharc arna thabhairt an 8 Feabhra 2024 ag German Khan i gcoinne bhreithiúnas na Cúirte Ginearálta (an Chéad Dlísheomra) a tugadh an 29 Samhain 2023 i gCás T-333/22, Khan v an Chomhairle

(Cás C-111/24 P)

Teanga an cháis: an Fhraincis

Páirtithe

Achomharcóir: German Khan (ionadaithe: T. Marembert agus A. Bass, Dlíodóirí)

Páirtí eile sna himeachtaí: Comhairle an Aontais Eorpaigh

An t-ordú atá á lorg

Maíonn an t-iarratasóir gur cheart don Chúirt:

breithiúnas na Cúirte Ginearálta an 29 Samhain 2023, Khan v an Chomhairle (T-333/22) a chur ar neamhní;

dá bhrí sin, an t-achomharc a ardú ar na tuillteanais agus:

Cinneadh 2022/429 ón gComhairle an 15 Márta 2022 lena leasaítear Cinneadh 2014/145/CBES a bhaineann le bearta sriantacha i ndáil le gníomhaíochtaí lena mbaintear an bonn d’iomláine chríochach, de cheannasacht agus de neamhspleáchas na hÚcráine nó ar bagairt iad na gníomhaíochtaí sin ar an méid sin, a mhéid a bhaineann sé leis an iarratasóir, a chur ar neamhní;

Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2022/427 ón gComhairle an 15 Márta 2022 lena gcuirtear chun feidhme Rialachán (AE) Uimh. 269/2014 a bhaineann le bearta sriantacha i ndáil le gníomhaíochtaí lena mbaintear an bonn d’iomláine chríochach, de cheannasacht agus de neamhspleáchas na hÚcráine nó ar bagairt iad na gníomhaíochtaí sin ar an méid sin, a chur ar neamhní;

Cinneadh (CBES) 2022/1530 ón gComhairle an 14 Meán Fómhair 2022 lena leasaítear Cinneadh 2014/145 a bhaineann le bearta sriantacha i ndáil le gníomhaíochtaí lena mbaintear an bonn d’iomláine chríochach, de cheannasacht agus de neamhspleáchas na hÚcráine nó ar bagairt iad na gníomhaíochtaí sin ar an méid sin, a chur ar neamhní;

Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2022/1529 ón gComhairle an 14 Meán Fómhair 2022 lena gcuirtear chun feidhme Rialachán 269/2014 ón gComhairle a bhaineann le bearta sriantacha i ndáil le gníomhaíochtaí lena mbaintear an bonn d’iomláine chríochach, de cheannasacht agus de neamhspleáchas na hÚcráine nó ar bagairt iad na gníomhaíochtaí sin ar an méid sin a chur ar neamhní, a mhéid a bhaineann leis an iarratasóir.

mar mhalairt air sin, breithiúnas na Cúirte an 29 Samhain, 2023, Khan v an Chomhairle (T-333/22) a chur ar neamhní agus an cás a tharchur ar ais chuig an gCúirt Ghinearálta;

a ordú, ar aon nós, don Chomhairle na costais a íoc.

Saincheisteanna dlí agus príomhargóintí

Mar thaca lena achomharc, cuireann an t-iarratasóir ocht shaincheist chun cinn:

Líomhnaítear sa chéad saincheist sárú ar Airteagail 7 agus 47 den Chairt um Chearta Bunúsacha, chomh maith le sárú ar cheanglais nós imeachta fíor-riachtanacha agus ar Airteagal 36 de Reacht na Cúirte Breithiúnais mar gheall ar réasúnaíocht neamhleor. Sáraítear leis an mbreithiúnas atá faoi achomharc ceart an iarratasóra chun leigheas éifeachtach a fháil agus an ceart chun clú trí mhainneachtain scrúdú a dhéanamh ar na hargóintí go léir a bhaineann le bréagacht líomhaintí na Comhairle a bhaineann le critéar (d) d’Airteagal 2(1) de Chinneadh 2014/145 arna leasú agus Airteagal 3(1) de Rialachán 269/2014 arna leasú.

Líomhnaítear sa dara saincheist go ndearna an Chúirt Ghinearálta neamhaird ar Airteagal 2(1)(g) de Chinneadh 2014/145 arna leasú agus ar Airteagal 3(1)(g) de Rialachán 269/2014 arna leasú, sa mhéid is go mbeadh an léiriú a tugadh sa bhreithiúnas atá faoi achomharc ar choincheap ‘an mhórphearsa’ gnó mícheart.

Tá an tríú saincheist bunaithe ar shárú ar Airteagal 29 den Chonradh ar an Aontas Eorpach agus ar Airteagal 215(2) CFAE. Tá earráid sa bhreithiúnas atá faoi achomharc nuair a chinneann sé go bhféadfaí smachtbhannaí a chur ar chatagóirí daoine nach bhfuil nasc leordhóthanach acu leis an réimeas a bhfuil sé beartaithe ag an Aontas a chur faoi bhrú.

Líomhnaítear sa cheathrú saincheist sárú ar phrionsabal na deimhneachta dlíthiúla, ar an gceart chun maoine agus ar an tsaoirse chun gnó a sheoladh. Níl an léiriú a ghlactar leis an mbreithiúnas atá faoi achomharc ar Airteagal 2(1)(g) de Chinneadh 2014/145 arna leasú agus ar Airteagal 3(1)(g) de Rialachán 269/2014 arna leasú ag luí leis na prionsabail thuasluaite.

I gcomhthéacs an chúigiú saincheist, cáintear an Chúirt Ghinearálta as brí agus raon feidhme fhianaise uimh. 2 na Comhairle agus Iarscríbhinn C5 an iarratasóra a shaobhadh trí argóintí an iarratasóra a fhágáil gan freagra. Ina theannta sin, ní leor an réasúnaíocht sa bhreithiúnas atá faoi chonspóid agus tá an réasúnaíocht sin frithráiteach, de shárú ar Airteagal 296 CFAE agus ar Airteagal 36 de Reacht na Cúirte Breithiúnais.

Líomhain an séú agus an seachtú saincheist araon gur sáraíodh Airteagal 2(1)(g) de Chinneadh 2014/145 arna leasú agus Airteagal 3(1)(g) de Rialachán 269/2014 arna leasú. Cáintear an Chúirt Ghinearálta as an bhfianaise a shaobhadh mar aon le sárú a dhéanamh ar na ceanglais fhíor-riachtanacha nós imeachta agus ar an oibleagáid cúiseanna a lua faoi Airteagal 296 CFAE agus faoi Airteagal 36 de Reacht na Cúirte Breithiúnais trí réasúnaíocht neamhleor. Ar thaobh amháin, tugann an breithiúnas le fios go mícheart, toisc Alfa Bank a bheith ar liosta na gcáiníocóirí móra, rud a chuirtear faoi chonspóid, go mbeadh an earnáil baincéireachta ina foinse ioncaim shubstaintiúil do rialtas na Rúise.

Ar an taobh eile, tá ​​an léiriú a thugann an breithiúnas atá faoi achomharc ar an gcoincheap go soláthraíonn earnálacha eacnamaíocha ‘foinse shubstaintiúil ioncaim do Rialtas Chónaidhm na Rúise’ earráideach.

Ar deireadh, tá an t-ochtú saincheist bunaithe ar shárú líomhainte ar phrionsabail na trialach córa agus comhionannais arm, ar shárú ar phrionsabal na n-imeachtaí sáraíochta agus ar shárú na Cúirte Ginearálta ar raon feidhme a athbhreithnithe bhreithiúnaigh. Líomhnaítear gur sháraigh an breithiúnas atá faoi achomharc na prionsabail thuasluaite trína chinneadh, i mír 104 ‘nach leor an fógra a seoladh an 15 Márta, 2022 ó Interfax ar dá réir a d’fhógair Alfa Bank athrú ar a struchtúr scairshealbha agus ag tabhairt le fios nach “comhúinéir” an t-iarratasóir a thuilleadh, a thugtar ar aird gan aon doiciméad tacaíochta oifigiúil eile agus gan dáta beacht an athraithe seo nó céannacht fhaighteoir scaireanna an iarratasóra a lua, chun aistriú scaireanna an iarratasóra a léiriú’, rud a chuirfeadh an t-iarratasóir faoi mhíbhuntáiste soiléir.

____________