Language of document :

Iarraidh ar réamhrialú ón Sąd Najwyższy (an Pholainn) a taisceadh an 12 Feabhra 2024 - L.S.

(Cás C-112/24, Zastępca Rzecznika Dyscyplinarnego II)

Teanga an cháis: an Pholainnis

An chúirt a rinne an tarchur

Sąd Najwyższy

Páirtithe sna príomhimeachtaí

Iarratasóir: L.S.

Páirtithe eile sna himeachtaí: Zastępca Rzecznika Dyscyplinarnego przy Sądzie Okręgowym w Piotrkowie Trybunalskim

Na ceisteanna a tharchuirtear

An gcaithfear an dara fomhír d’Airteagal 19(1) den Chonradh ar an Aontas Eorpach, arna léamh i gcomhar leis an gcéad mhír agus leis an dara mír d’Airteagal 47 den Chairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh, a léiriú mar seo a leanas:

tá sé d’oibleagáid ar an gCúirt Uachtarach náisiúnta, in imeachtaí speisialta arna dtionscnamh ag páirtí trí bhíthin iarratas chun scrúdú a dhéanamh ar cé acu a chomhlíonann nó nach gcomhlíonann breitheamh den Sąd Najwyższy (Cúirt Uachtarach, an Pholainn)(an Chúirt Uachtarach) – atá sannta don phainéal atá ag éisteacht cás araíonachta in aghaidh breitheamh gnáthchúirte – ceanglais an neamhspleáchais agus na neamhchlaontachta, scrúdú a dhéanamh uaithi féin ar cé acu atá nó nach bhfuil an painéal a tarraingíodh trí chrannchur as measc bhreithiúna uile na Cúirte Uachtaraí ina bhinse freisin ‘arna bhunú roimhe sin le dlí’;

má tá an t-iarratas chun scrúdú a dhéanamh ar cé acu a chomhlíonann nó nach gcomhlíonann breitheamh den Chúirt Uachtarach na ceanglais maidir le neamhspleáchas agus neamhchlaontacht bunaithe ar an bpléadáil gur ceapadh an breitheamh atá i gceist ina phost nó ina post faoi nós imeachta ceapacháin lochtach (bunúsach), ansin ní fhéadfaidh painéal de chúigear breithiúna arna dtarraingt trí chrannchur as measc bhreithiúna uile na Cúirte Uachtaraí breithiúna den Chúirt Uachtarach a ceapadh faoin nós imeachta ceapacháin lochtach céanna a áireamh, ós rud é nach féidir painéal den sórt sin den Chúirt Uachtarach a mheas mar bhinse neamhspleách neamhchlaonta arna bhunú roimhe sin le dlí;

Más rud é, i gcás chun scrúdú a dhéanamh ar cé acu a chomhlíonann nó nach gcomhlíonann breitheamh den Chúirt Uachtarach a sannadh do phainéal (a éisteann cás araíonachta a bhaineann le gnáthbhreitheamh cúirte) na ceanglais maidir le neamhspleáchas agus neamhchlaontacht, gur léirigh páirtí, mar gheall ar rannpháirtíocht an bhreithimh sin i nós imeachta ceapacháin lochtach (bunúsach) i ndáil leis an bpost sin, nach gcomhlíonann an painéal roghnaithe ceanglais binse neamhspleách neamhchlaonta a bunaíodh roimhe sin le dlí, ansin chun rialú a thabhairt ar an iarratas chun scrúdú a dhéanamh an gcomhlíonann an breitheamh sin den Chúirt Uachtarach ceanglais an neamhspleáchais agus na neamhchlaontachta, nach gá a thuilleadh scrúdú a dhéanamh ar iompar an bhreithimh tar éis é nó í a cheapadh chuig an bpost breithiúnach agus cineál an cháis araíonachta, mar a fhorordaítear leis an dlí náisiúnta, agus, dá bhrí sin, nach ionann mainneachtain a léiriú san iarratas na himthosca a bhaineann le hiompar an bhreithimh sin tar éis é nó í a cheapadh chuig post mar bhreitheamh den Chúirt Uachtarach agus forais lena dhiúltú ar bhonn fhorálacha an dlí náisiúnta (Airteagal 29(10) de ustawa z dnia 8 grudnia 2017 r. o Sądzie Najwyższym (Dlí an 8 Nollaig 2017 maidir leis an gCúirt Uachtarach)).

má tá freagra dearfach ar an gceist a chuirtear i láthair i bpointe 1(2) thuas:

An gcaithfear an dara fomhír d’Airteagal 19(1) den Chonradh ar an Aontas Eorpach, arna léamh i gcomhar leis an gcéad mhír agus leis an dara mír d’Airteagal 47 den Chairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh, a léiriú sa chaoi go bhféadfaidh breitheamh a áirítear sa phainéal a éisteann cás chun scrúdú a dhéanamh ar cé acu a chomhlíonann nó nach gcomhlíonann breitheamh (arna shannadh chun cás araíonachta i gcoinne gnáthbhreitheamh cúirte a éisteacht) ceanglais an neamhspleáchais agus na neamhchlaontachta, ar an gcéad dul síos, iarratas a dhéanamh chun breitheamh (nó breithiúna) eile arna tharraingt as measc bhreithiúna uile na Cúirte Uachtaraí a eisiamh ón bpainéal i gcás inar ceapadh an breitheamh sin chuig post breithimh den Chúirt Uachtarach faoi nós imeachta ceapacháin lochtach (go bunúsach) lena gcuirtear cosc ar chúirt lena rannpháirtíocht a mheas mar bhinse neamhspleách neamhchlaonta arna bhunú roimhe sin le dlí, agus, ar an dara dul síos, a éileamh nach n-éistfidh breitheamh a ceapadh chuig post mar bhreitheamh den Chúirt Uachtarach faoin nós imeachta ceapacháin lochtach sin iarratas den sórt sin?

Má dhéantar an t-iarratas dá dtagraítear i bpointe II den bhreithiúnas seo a dhíbhe gan a thuilleadh breithnithe (le hordú ón gcúirt náisiúnta), an ceadmhach don bhreitheamh a rinne an t-iarratas sin diúltú caingean a thionscnamh sa chás chun scrúdú a dhéanamh an gcomhlíonann breitheamh den Chúirt Uachtarach ceanglais an neamhspleáchais agus na neamhchlaontachta, nó ar cheart dó nó di a bheith rannpháirteach fós sa rialú ábhartha a thabhairt, agus é a fhágáil faoin bpáirtí lena mbaineann cinneadh a dhéanamh ar cheart achomharc a dhéanamh i gcoinne an rialaithe sin ar an bhforas gur sáraíodh ceart an pháirtí go n-éistfeadh cúirt leis an gcás a chomhlíonann ceanglais an dara fomhír d’Airteagal 19(1) den Chonradh ar an Aontas Eorpach agus Airteagal 47 den Chairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh?;

An ndéantar difear do chomhdhéanamh neamhrialta an phainéil – i gcás ina scrúdaítear an gcomhlíonann breitheamh den Chúirt Uachtarach na ceanglais maidir le neamhspleáchas agus neamhchlaontacht – i gcomhthéacs an dara fomhír d’Airteagal 19(1) den Chonradh ar an Aontas Eorpach agus an dara mír d’Airteagal 47 den Chairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh, toisc nár ceapadh ach breitheamh amháin as an bpainéal cúig bhreitheamh dá phost mar bhreitheamh den Chúirt Uachtarach faoi nós imeachta ceapacháin lochtach (bunúsach), is é sin le rá, an féidir leanúint de na himeachtaí agus rialú a thabhairt, ós rud é nach ndéanann an tsaincheist maidir le ceapachán lochtach mar bhreitheamh den Chúirt Uachtarach difear do thromlach na mbreithiúna sa phainéal a roghnaíodh?

____________