Language of document :

Breithiúnas na Cúirte (an Mór-Dhlísheomra) an 15 Samhain 2022 (iarraidh ar réamhrialú ón Bundesgerichtshof - an Ghearmáin) – Senatsverwaltung für Inneres und Sport, Standesamtsaufsicht v TB

(Cás C-646/20)1

(Tarchur chun réamhrialú – Comhar breithiúnach in ábhair shibhialta – Dlínse, aithint agus forghníomhú breithiúnas in ábhair maidir le pósadh agus freagracht tuismitheora – Colscaradh – Rialachán (CE) Uimh. 2201/2003 – Airteagal 2, pointe 4, agus Airteagal 21 – An coincheap “breithiúnas” – Scaoileadh pósta arna chinneadh i gcomhaontú idir na céilí agus arna fhógairt ag oifigeach stádais shibhialta i mBallstát a aithint i mBallstát eile – Critéar lena gceadaítear láithreacht “breithiúnais” a mheas)

Teanga an cháis: an Ghearmáinis

An chúirt a rinne an tarchur

Bundesgerichtshof

Páirtithe sna príomhimeachtaí

Iarratasóir: Senatsverwaltung für Inneres und Sport, Standesamtsaufsicht

Cosantóir: TB

Tríú páirtithe: Standesamt Mitte von Berlin, RD

An chuid oibríochtúil

Maidir le hAirteagal 2, pointe 4 de Rialachán (CE) Uimh. 2201/2003 ón gComhairle an 27 Samhain 2003 i dtaca le dlínse agus aithint agus forghníomhú breithiúnas in ábhair maidir le pósadh agus le freagracht tuismitheora, lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 1347/2000,

ní mór léiriú a dhéanamh, go háirithe ar mhaithe le cur i bhfeidhm Airteagal 21(1) den Rialachán sin, mar seo a leanas:

is ionann gníomh colscartha arna dhéanamh ag oifigeach stádais shibhialta den Bhallstát tionscnaimh, ina bhfuil comhaontú colscartha arna chur i gcrích ag na céilí agus arna chinntiú acu os comhair an oifigigh sin i gcomhréir leis na coinníollacha dá bhforáiltear le reachtaíocht an Bhallstáit sin, agus “breithiúnas”, de réir bhrí Airteagal 2, pointe 4.

____________

1 IO C 44, 08.02.2021