Language of document :

Caingean arna tabhairt an 1 Nollaig 2023 Huhtamaki Holding v an Coimisiún

(Cás T-1145/23)

Teanga an cháis: an Béarla

Páirtithe

Iarratasóir: Huhtamaki Holding Sàrl (Senningerberg, Lucsamburg) (ionadaithe: M. Struys, F. Pili agus H. de Cazotte, Dlíodóirí)

Cosantóir: an Coimisiún Eorpach

An t-ordú atá á lorg

Iarrann an t-iarratasóir ar an gCúirt Ghinearálta:

an Cinneadh intuigthe ón gCoimisiún Eorpach a chur ar neamhní a d’eascair as tost an Choimisiúin Eorpaigh de bhun Airteagal 8(3) de Rialachán (CE) Uimh. 1049/2001 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle1 , lenar diúltaíodh iarratas daingniúcháin an 31 Lúnasa 2023 ón iarratasóir ar rochtain ar dhoiciméid faoi Rialachán Uimh. 1049/2001 (‘an Cinneadh atá chonspóid’);

a ordú don Choimisiún costais an imeachta seo a íoc.

Saincheisteanna dlí agus príomhargóintí

Mar thaca leis an gcaingean, maíonn an t-iarratasóir dhá shaincheist dlí.

An chéad saincheist dlí lena n-éilítear gur sháraigh an Coimisiún na ceanglais a leagtar síos in Airteagal 296 CFAE chun cúiseanna a lua agus ceart an iarratasóra chun dea-riaracháin dá bhforáiltear in Airteagal 41 den Chairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh.

An dara saincheist dlí lena n-éilítear, sa teagmhas hipitéiseach a thíolacfadh an Coimisiún go bhfuil réasúnaíocht an Chinnidh atá faoi chonspóid leagtha amach ina fhreagra an 11 Lúnasa 2023 faoi Airteagal 7(1) de Rialachán Uimh. 1049/2001:

go mbeadh an Cinneadh atá faoi chonspóid fós ag sárú na gceanglas cúiseanna a lua (an chéad ghéag den dara saincheist); agus

go mbeadh an Cinneadh atá faoi chonspóid bunaithe ar léiriú mícheart ar Rialachán Uimh. 1049/2001, i.e. bheadh réasúnaíocht an Choimisiúin mícheart ar an tsubstaint (an dara géag den dara saincheist).

____________

1 Rialachán (CE) Uimh. 1049/2001 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 30 Bealtaine 2001 maidir le rochtain phoiblí ar dhoiciméid ó Pharlaimint na hEorpa, ón gComhairle agus ón gCoimisiún (IO 2001 L 145, lch. 43).