Language of document :

Achomharc arna thabhairt an 27 Samhain 2023 ag Ríocht na Spáinne i gcoinne bhreithiúnas na Cúirte Ginearálta (an Seachtú Dlísheomra, Comhdhéanamh Méadaithe) a tugadh an 26 Iúil 2023 i gCás T-776/20, Stockdale v an Chomhairle agus páirtithe eile

(Cás C-728/23 P)

Teanga an cháis: an Fhraincis

Páirtithe

Achomharcóir: Ríocht na Spáinne (ionadaithe: M. Morales Puerta, Gníomhaire)

Páirtithe eile sna himeachtaí: Robert Stockdale, Comhairle an Aontais Eorpaigh, an Coimisiún Eorpach, an tSeirbhís Eorpach Gníomhaíochta Seachtraí, Ionadaí Speisialta an Aontais Eorpaigh sa Bhoisnia agus sa Heirseagaivéin (‘ISAE’)

An t-ordú atá á lorg

Iarrann Ríocht na Spáinne ar an gCúirt:

Breithiúnas an 26 Iúil 2023, Stockdale v an Chomhairle agus páirtithe eile a chur ar neamhní (T-776/20, EU:T:2023:422) a mhéid a bhaineann leis an gcinneadh go bhfuil seasamh inagartha i ndáil leis an gcéad chuntar éilimh, agus a dhearbhú go bhfuil an chéad chuntar éilimh inghlactha a mhéid a bhaineann leis an gComhairle agus neamh-inghlactha a mhéid a bhaineann le ISAE.

Saincheisteanna dlí agus príomhargóintí

Déanann Ríocht na Spáinne agóid i gcoinne an bhreithiúnais a mhéid a rialaigh an Chúirt Ghinearálta ‘maidir le neamh-inghlacthacht a phléadáil maidir leis an gcosantóir/na cosantóirí a shainaithint’, i gcomhthéacs an chéad chuntar éilimh lena n-iarrtar an cinneadh maidir le foirceannadh a neamhniú agus an cúiteamh as an damáiste a eascraíonn as.

Maíonn Ríocht na Spáinne dhá shaincheist dlí mar thaca lena hachomharc.

An chéad saincheist dlí, lena n-éilítear go bhfuil earráid dlí i léiriú Airteagail 4 agus 6 de Chinneadh (CBES) 2019/1340 1 arna léamh i gcomhar le hAirteagal 33 agus le hAirteagal 28(1) CAE, a mhéid nach bhféadfaí an cinneadh conradh Robert Stockdale a fhoirceannadh a shannadh d’Ionadaí Speisialta an Aontais Eorpaigh, ós rud é, seachas gur ghlac an t-ionadaí sin an cinneadh sin thar ceann na hinstitiúide a ndéanann sé ionadaíocht uirthi, nach bhfuil an cinneadh sin laistigh dá thoil agus go ndéantar é i gcur chun feidhme treoracha a leanann sé mar ionadaí an Aontais Eorpaigh sa Bhoisnia agus sa Heirseagaivéin agus, i mbeagán focal, i gcur chun feidhme an tsainordaithe a thug an Chomhairle dó, ionas nach measfar ach an dara ceann sin a bheith inagartha i leith chéad chuntar éilimh an Uasail Stockdale lena n-iarrtar an cinneadh foirceanta a chur ar neamhní agus suim EUR 393 850,08 a íoc mar chúiteamh.

An dara saincheist dlí, lena n-éilítear go ndearnadh sárú ar phrionsabal an neamh-idirdhealaithe, a mhéid a sháraigh an breithiúnas faoi achomharc prionsabal an neamh-idirdhealaithe trína chinneadh gur cheart a mheas go bhfuil seasamh ag ISAE a bheith inagartha i leith chéad chuntar éilimh an iarratasóra ag an gcéad chéim, trí mhainneachtain rialú a dhéanamh ar an mbealach céanna le breithiúnas an 19 Iúil 2016, H v an Chomhairle agus páirtithe eile (C-455/14 P, EU:C:2016:569), inar cuireadh an cinneadh a ghlac Ceann Mhisean Póilíneachta an Aontais Eorpaigh i Sairéavó (an Bhoisnia agus an Heirseagaivéin) i leith na Comhairle, cé gur cásanna comhionanna iad go bunúsach.

____________

1 Cinneadh (CBES) 2019/1340 ón gComhairle an 8 Lúnasa 2019 lena gceaptar Ionadaí Speisialta an Aontais Eorpaigh sa Bhoisnia agus sa Heirseagaivéin (IO 2019 L 209, lch. 10).