Language of document :

Caingean arna tabhairt an 24 Samhain 2023 – Rodríguez Ruiz v EUIPO – Scherer (LEMOON)

(Cás T-1099/23)

Teanga inar taisceadh an t-iarratas: an Fhraincis

Páirtithe

Iarratasóir: Miguel Ángel Rodríguez Ruiz (Albelda de Iregua, an Spáinn) (ionadaí: J. Pérez Itarte, Dlíodóir)

Cosantóir: Oifig Maoine Intleachtúla an Aontais Eorpaigh (EUIPO)

Páirtí eile sna himeachtaí os comhair an Bhoird Achomhairc: Markus Scherer (Mannheim, an Ghearmáin)

Sonraí na n-imeachtaí os comhair EUIPO

Iarratasóir an trádmhairc atá faoi cheist: Páirtí eile sna himeachtaí os comhair an Bhoird Achomhairc

Trádmharc atá faoi cheist: Iarratas ar fhocalmharc de chuid an Aontais Eorpaigh “LEMOON” – Iarratas ar chlárú Uimh. 18 183 606

Nós imeachta os comhair EUIPO: Nós imeachta freasúra

Cinneadh atá faoi chonspóid: Cinneadh ón gCúigiú Bord Achomhairc de EUIPO an 31 Iúil 2023 i gCás R 352/2023-5

An t-ordú atá á lorg

Iarrann an t-iarratasóir ar an gCúirt Ghinearálta:

an cinneadh atá faoi chonspóid a chur ar ceal/ a chúlghairm agus clárú an trádmhairc Uimh. 18 183 606 LEMOON de chuid an Aontais Eorpaigh a dhiúltú le haghaidh táirgí arna n-ainmniú le aicmí 32 agus 33;

a ordú do EUIPO agus don idiragraí (más rud é go dtagann sí i láthair nó go nglacann sí páirt sa chaingean seo) na costais a íoc, lena n-áirítear iad sin a bhaineann leis an nós imeachta os comhair an Rannáin Freasúra den roinn oibríochtaí agus os comhair an Cúigiú Bord Achomhairc de EUIPO;

Mar mhalairt air sin, agus i gcás ina dhiúltófaí don chaingean i bpáirt ag an gCúirt, an cinneadh atá faoi chonspóid a chúlghairm a mhéid a bhaineann le cáineadh an iarratasóra i leith costais imeachtaí arna dtabhú faoin nós imeachta riaracháin os comhair EUIPO a íoc (EUR 1 570).

Saincheist dlí arna maíomh

Sárú ar Airteagail 68, 94 agus 95 de Rialachán (AE) 2017/1001 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, agus easpa cosanta;

Sárú ar Airteagal 8(1)(b) de Rialachán (AE) 2017/1001 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle.

____________