Language of document :

Achomharc arna thabhairt an 25 Feabhra 2022 ag Patrick Breyer i gcoinne Bhreithiúnas na Cúirte Ginearálta (an Deichiú Dlísheomra) an 15 Nollaig 2021 i gCás T-158/19, Breyer v an Ghníomhaireacht Feidhmiúcháin Eorpach um Thaighde

(Cás C-135/22 P)

Teanga an cháis: Gearmáinis

Páirtithe

Achomharcóir: Patrick Breyer (ionadaí: J. Breyer, Rechtsanwalt)

Páirtí eile sna himeachtaí: an Ghníomhaireacht Feidhmiúcháin Eorpach um Thaighde

An t-ordú atá á lorg

Iarrann an t-achomharcóir ar an gCúirt:

breithiúnas na Cúirte Ginearálta an 15 Nollaig 2021 i gCás T-158/19, Breyer v REA a chur ar leataobh agus cinneadh na Gníomhaireachta Feidhmiúcháin Eorpaí um Thaighde an 17 Eanáir 2019 (ARES [2019] 266593) a chur ar neamhní ina iomláine agus

a ordú don fhreagróir costais na n-imeachtaí a íoc.

Saincheisteanna dlí agus príomhargóintí

Go hachomair, maíonn an t-achomharcóir, go bhfuil sé de cheart aige, de bhun Airteagal 4(2) de Rialachán (CE) Uimh. 1049/20011 , rochtain iomlán a fháil ar dhoiciméid a bhaineann le cur i bhfeidhm thionscadal taighde Horizon 2020 ‘iBorderCtrl: Intelligent Portable Border Control System’. Dar leis, tá tosaíocht ag leas an phobail i dtrédhearcacht maidir le forbairt arna maoiniú go poiblí ar chórais intleachta saorga atá beartaithe lena n-úsáid ag na húdaráis atá freagrach as rialú teorann mar bhrathadóirí éithigh nó chun baol a bhaineann le daoine atá ag teacht isteach sa chríoch a mheasúnú, ar leasanna tráchtála príobháideacha.

Dar leis, de bharr na n-impleachtaí eiticiúla, sóisialta agus daonna a bhaineann leis an teicneolaíocht ardriosca atá i gceist, tá leas ag an bpobal ó thús na céime taighde cheana féin agus ní féidir é a chur siar go dlisteanach chuig an gcéim i ndiaidh an tionscadal taighde a chríochnú.

Dar leis, ní féidir leis an gcóras chun torthaí a scaipeadh dá bhforáiltear i Rialachán 1290/2013 1 agus leis an Grant Agreement leas acadúil, leas na meán ná leas an phobail i gcoitinne sa tionscadal a shásamh.

____________

1 Rialachán (CE) Uimh. 1049/2001 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 30 Bealtaine 2001 maidir le rochtain phoiblí ar dhoiciméid ó Pharlaimint na hEorpa, ón gComhairle agus ón gCoimisiún (IO 2001 L 145, lch. 43)

1 Rialachán (AE) Uimh. 1290/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Nollaig 2013 lena leagtar síos na rialacha maidir le rannpháirtíocht agus leathadh i "Fís 2020 - an Clár réime um Thaighde agus um Nuálaíocht (2014-2020)" agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 1906/2006 (IO 2013 L 347, lch. 81).