Iarraidh ar réamhrialú ón Tribunale Amministrativo Regionale per il Piemonte (an Iodáil) a taisceadh an 7 Lúnasa 2023 – Centro di Assistenza doganale (CAD) Mellano Srl v Agenzia delle Dogane e dei Monopoli – Agenzia delle Dogane – Direzione Interregionale per la Liguria, Ministero dell’Economia e delle Finanze
(Cás C-503/23, Centro di Assistenza doganale Mellano)
Teanga an cháis: an Iodáilis
An chúirt a rinne an tarchur
Tribunale Amministrativo Regionale per il Piemonte
Páirtithe sna príomhimeachtaí
Iarratasóir: Centro di Assistenza Doganale (CAD) Mellano Srl
Cosantóirí: Agenzia delle Dogane e dei Monopoli – Agenzia delle Dogane – Direzione Interregionale per la Liguria, Ministero dell’Economia e delle Finanze
Na ceisteanna a tharchuirtear:
An gcaithfear Airteagal 18 de Rialachán (AE) Uimh. 952/20131 , i gcomhar le haithris 21, a léiriú mar chosc ar fhoráil (Airteagal 3(3) d’Fhoraithne Aireachta Uimh. 549/1992) agus ar an gcleachtas náisiúnta lena bhforáiltear maidir le hoibriú CADanna a theorannú – Lárionaid Cúnaimh Custaim ag “áit údaraithe” laistigh den Stiúrthóireacht Réigiúnach/Idir-réigiúnach/Idirchúige ina bhfuil a n-oifig chláraithe acu, gan síneadh leis an gcríoch náisiúnta iomlán a áireamh.
An gcaithfear Airteagail 10 agus 15 de Threoir 2006/123/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle1 a léiriú mar chosc ar fhoráil (Airteagal 3(3) d’Fhoraithne Aireachta Uimh. 549/1992) agus ar an gcleachtas náisiúnta lena bhforáiltear maidir le hoibriú CADanna a theorannú – Lárionaid Cúnaimh Custaim ag “áit údaraithe” laistigh den Stiúrthóireacht Réigiúnach/Idir-réigiúnach/ Idirchúige ina bhfuil a n-oifig chláraithe acu, gan síneadh leis an gcríoch náisiúnta iomlán a áireamh, agus ag an am chéanna an ceart chun oibriú ar fud na críche náisiúnta á gcoimeád do ghníomhairí custaim amháin?
An gcaithfear Airteagail 56 go 62 CFAE a léiriú mar chosc ar fhoráil (Airteagal 3(3) d’Fhoraithne Aireachta Uimh. 549/1992 agus ar an gcleachtas náisiúnta lena bhforáiltear maidir le hoibriú CADanna a theorannú – Lárionaid Cúnaimh Custaim ag “áit údaraithe” laistigh den Stiúrthóireacht Réigiúnach/Idir-réigiúnach/ Idirchúige ina bhfuil a n-oifig chláraithe acu, gan síneadh leis an gcríoch náisiúnta iomlán a áireamh, agus ag an am chéanna an ceart chun oibriú ar fud na críche náisiúnta á gcoimeád do ghníomhairí custaim amháin?
____________
1 Rialachán (AE) Uimh. 952/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 9 Deireadh Fómhair 2013 lena leagtar síos Cód Custaim an Aontais (IO 2013 L 269, lch. 1).
1 Treoir 2006/123/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 12 Nollaig 2006 maidir le seirbhísí sa mhargadh inmheánach (IO 2006 L 376, lch. 36).