Language of document :

Caingean arna tabhairt an 11 Márta 2024 – Poblacht na hIodáile v Parlaimint na hEorpa agus Comhairle an Aontais Eorpaigh

(Cás C-194/24)

Teanga an cháis: an Iodáilis

Páirtithe

Iarratasóir: Poblacht na hIodáile (ionadaithe: G. Palmieri, Gníomhaire, agus M. Di Benedetto agus S. Fiorentino, avvocati dello Stato, agus G. Lillo, procuratore dello Stato)

Cosantóirí: Parlaimint na hEorpa, Comhairle an Aontais Eorpaigh

An t-ordú atá á lorg

Iarrann an t-iarratasóir ar an gCúirt Ghinearálta:

Rialachán (AE) 2023/2842 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 22 Samhain 2023 lena leasaítear Rialacháin (CE) Uimh. 1224/2009, (CE) Uimh. 1967/2006 agus (CE) Uimh. 1005/2008 ón gComhairle agus Rialacháin (AE) 2016/1139, (AE) 2017/2403 agus (AE) 2019/473 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a mhéid a bhaineann le rialú ar iascach, arna bhfoilsiú san Iris Oifigiúil an 20 Nollaig 2023, Sraith L a chur ar neamhní;

a ordú don Chomhairle agus don Pharlaimint costais na n-imeachtaí seo a íoc.

Saincheisteanna dlí agus príomhargóintí

Chun tacú leis an gcaingean, maíonn an t-iarratasóir dhá shaincheist dlí.

An chéad saincheist dlí, lena n-éilítear sárú ar phrionsabal na comhréireachta, sárú ar Airteagail 7, 8, 31 agus 52(1), (2) agus (4) den Chairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh agus sárú ar Airteagail 52(3) agus 53 den Chairt, arna léamh i gcomhar le hAirteagal 18 den Choinbhinsiún Eorpach chun Cearta an Duine agus Saoirsí Bunúsacha a Chosaint.

Is éard atá sa rialachán atá faoi chonspóid, trí shuiteáil éigeantach ceamaraí faireacháin ar bord soithí a shainaithint mar bheart chun faireachán a dhéanamh ar chomhlíonadh na hoibleagáide gabhálacha a thabhairt i dtír, srian ar an gceart go n-urramófaí saol príobháideach na ndaoine atá ar bord, ar an gceart go ndéanfar a sonraí pearsanta a chosaint agus ar cheart an oibrí chun dálaí oibre cuibhiúla atá go hiomlán díréireach leis an leas atá á shaothrú, agus i bhfianaise roghanna malartacha inmharthana a bheith ann lena bhféadfaí an cuspóir céanna a shaothrú, le híobairtí níos lú ná leasanna contrártha; i gcás ar bith, ní ráthaítear go leordhóthanach leis an rialachán sin cosaint na gceart sin.

An dara saincheist dlí, lena n-éilítear sárú ar Airteagal 3(3) CAE, sárú ar Airteagal 101 et seq. agus Airteagal 120 CFAE agus sárú ar Phrótacal Uimh. 27 maidir leis an margadh inmheánach agus iomaíocht

Maidir le lánrogha shuntasach a thabhairt d’údaráis na mBallstát aonair maidir le sárú a aicmiú mar shárú tromchúiseach, sáraítear prionsabal na córa comhionainne idir oibreoirí eacnamaíocha, nó a d’fhéadfaí an phrionsabail sin a sárú, rud a fhágann saobhadh iomaíochta laistigh den Aontas Eorpach, mar gheall ar an measúnú difriúil a d’fhéadfadh a bheith á dhéanamh ag na Ballstáit éagsúla ar an gcóras pionós.

____________