Language of document :

Achomharc arna thabhairt an 16 Samhain 2023 ag an Maoirseoir Eorpach ar Chosaint Sonraí i gcoinne ordú na Cúirte Ginearálta (an Chéad Dlísheomra, Comhdhéanamh Méadaithe) a fógraíodh an 6 Meán Fómhair 2023 i gCás T-578/22, an Maoirseoir Eorpach ar Chosaint Sonraí v an Pharlaimint agus an Chomhairle

(Cás = "n" "Case"  IF = "o" "Joined Cases" C-698/23 P)

Teanga an cháis: an Béarla

Páirtithe

Achomharcóir: An Maoirseoir Eorpach ar Chosaint Sonraí (MECS) (ionadaithe: T. Zerdick, A. Buchta, F. Coudert agus D. Nardi, Gníomhairí)

Páirtithe eile sna himeachtaí: Parlaimint na hEorpa, Comhairle an Aontais Eorpaigh

An t-ordú atá á lorg

Iarrann an t-achomharcóir ar an gCúirt Bhreithiúnais:

an t-ordú atá faoi achomharc a chur ar neamhní;

inghlacthacht na caingne arna tabhairt ag MECS go gcuirfear ar neamhní Airteagal 74a agus Airteagal 74b de Rialachán (AE) 2016/794 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Bealtaine 2016 maidir le Gníomhaireacht an Aontais Eorpaigh i ndáil le Comhar i bhForfheidhmiú an Dlí (Europol) agus lena n-aisghairtear Cinntí 2009/371/CGB, 2009/934/CGB, 2009/935/CGB, 2009/936/CGB agus 2009/968/CGB 1 ón gComhairle agus a ghabhann ionad na gCinntí sin, arna leasú le Rialachán (AE) 2022/991 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 8 Meitheamh 2022, a mhéid a bhaineann le comhar Europol le páirtithe príobháideacha, an phróiseáil a dhéanann Europol ar shonraí pearsanta chun tacú le himscrúduithe coiriúla, agus ról Europol maidir le taighde agus nuálaíocht 2 a dhearbhú; agus

a ordú do Pharlaimint na hEorpa agus Comhairle an Aontais Eorpaigh costais an achomhairc a íoc.

Saincheisteanna dlí agus príomhargóintí

Mar thaca leis an achomharc, maíonn an t-achomharcóir dhá shaincheist dlí:

An chéad saincheist dlí lena n-éilítear, trí dhearbhú go raibh an caingean le haghaidh neamhniú de chuid MECS neamh-inghlactha, agus go háirithe trí dhearbhú nárbh fhéidir an rialú i mbreithiúnas na Cúirte Ginearálta an 22 Bealtaine 1990 (C-70/88, EU:C:1990:217) a chur i bhfeidhm de réir analaí chun locus standi MECS imeachtaí le haghaidh neamhniú a thionscnamh faoi Airteagal 263 CFAE i gcoinne na bhforálacha atá faoi chonspóid a bhunú, go ndearna an Chúirt Ghinearálta earráid ina léirmhíniú ar phrionsabal na cothromaíochta institiúidí chun dochair do shaincheart an neamhspleáchais MECS, agus gur bhain sí an leigheas breithiúnach is gá chun é a chur i bhfeidhm uaidh.

An dara saincheist dlí lena n-éilítear go ndearna an Chúirt Ghinearálta earráid mar nár maítear go mbaineann na forálacha atá faoi chonspóid go díreach agus go leithleach le MECS, agus ar an dóigh sin locus standi a dhuiltiú dó chun imeacthtaí le haghaidh neamhniú a thionscnamh faoin dara cuid d’Airteagal 263(4) CFAE.

____________

1 IO 2016 L 135, lch. 53.

1 IO 2022 L 169, lch. 1.