Language of document :

Breithiúnas na Cúirte Ginearálta an 21 Feabhra 2024 – PAN Europe v an Coimisiún

(Cás T-536/22) 1

(Táirgí cosanta plandaí – Substaint ghníomhach cipirmeitrin – Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/2049 – Iarraidh ar athbhreithniú inmheánach – Airteagal 10(1) de Rialachán (CE) Uimh. 1367/2006 – Diúltiú an iarratais – Sainaithint réimsí criticiúla ar údar imní iad ag EFSA – Measúnú agus bainistiú riosca – Prionsabal an réamhchúraim – Cumhacht lánroghnach an Choimisiúin Eorpaigh)

Teanga an cháis: an Fhraincis

Páirtithe

Iarratasóir: Pesticide Action Network Europe (an Bhruiséil, an Bheilg) (ionadaí: A. Bailleux, Dlíodóir)

Cosantóir: An Coimisiún Eorpach (ionadaithe: A. C. Becker, G. Gattinara agus M. ter Haar, Gníomhairí)

Ábhar

Trína chaingean de bhun Airteagal 263 CFAE, iarrann an t-iarratasóir go gcuirfí ar neamhní cinneadh an Choimisiúin Eorpaigh an 23 Meitheamh 2022 lena ndiúltaítear don iarraidh ar athbhreithniú inmheánach a rinne sé de bhun Airteagal 10 de Rialachán (CE) Uimh. 1367/2006 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 6 Meán Fómhair 2006 maidir le forálacha Choinbhinsiún Aarhus maidir le Rochtain ar Fhaisnéis, Rannpháirtíocht Phoiblí i gCinnteoireacht agus Rochtain ar Cheartas i gCúrsaí Comhshaoil a chur i bhfeidhm ar institiúidí agus comhlachtaí an Aontais Eorpaigh (IO 2006 L 264, lch. 13), le haghaidh Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/2049 ón gCoimisiún an 24 Samhain 2021 lena ndéantar formheas na substainte gníomhaí cipirmeitrin mar shubstaint atá le hionadú a athnuachan i gcomhréir le Rialachán (CE) Uimh. 1107/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le táirgí cosanta plandaí a chur ar an margadh, agus lena leasaítear an Iarscríbhinn a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 540/2011 ón gCoimisiún (IO 2021 L 420, lch. 6).

An chuid oibriochtúil

Diúltaítear don chaingean.

Ordaítear do Pesticide Action Network Europe (PAN Europe) na costais a íoc.

____________

1     IO C 408, 24.10.2022.