Language of document :

Iarraidh ar réamhrialú ón Supreme Court (Éire) a taisceadh an 14 Márta 2024 – Imeachtaí coiriúla i gcoinne MA

(Cás C-202/24, Alchaster 1 )

Teanga an cháis: an Béarla

An chúirt a rinne an tarchur

Supreme Court

Imeachtaí coiriúla i gcoinne

MA

An cheist a tharchuirtear:

Más rud é, de bhun an Chomhaontaithe Trádála agus Comhair an 30 Nollaig 2020 1 (lena n-ionchorpraítear forálacha Chinneadh Réime an 13 Meitheamh 2002 maidir le daoine a thabhairt suas de bhun barántais ghabhála Eorpacha 2 ) go n-iarrtar tabhairt suas chun críocha ionchúisimh ar chionta sceimhlitheoireachta, agus féachann an duine aonair le cur i gcoinne an tabhairt suas sin trína éileamh gur sárú ar Airteagal 7 de CECD agus ar Airteagal  49(2) de Chairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh a bheadh ann, ar an mbonn gur tugadh isteach beart reachtach lena n-athraítear an chuid de phianbhreith a chaithfí a sheirbheáil faoi choimeád agus na socruithe maidir le scaoileadh saor ar pharúl agus gur glacadh é tar éis dáta an chiona líomhnaithe a bhfuil a ghéilleadh á lorg ina leith agus, i gcás ina mbeidh feidhm ag na breithnithe seo a leanas:

Tá an stát iarrthach (an Ríocht Aontaithe sa chás seo) ina pháirtí de CECD agus tugann sé éifeacht don Choinbhinsiún ina dhlí náisiúnta de bhun an Human Rights Act (Acht um Chearta an Duine) 1998;

Maidir le cur i bhfeidhm na mbeart atá i gceist i dtaca le príosúnaigh a bhfuil pianbhreith arna bhforchur ag cúirt á cur isteach acu cheana féin, measann cúirteanna na Ríochta Aontaithe (lena n-áirítear Cúirt Uachtarach na Ríochta Aontaithe) go bhfuil sé ag luí leis an gCoinbhinsiún;

Tá cead fós ag aon duine, lena n-áirítear an duine aonair má thugtar suas é, gearán a dhéanamh leis an gCúirt Eorpach um Chearta an Duine;

Níl aon bhunús le breithniú nach gcuirfeadh an stát iarrthach aon chinneadh de chuid na Cúirte Eorpaí um Chearta an Duine chun feidhme;

Dá réir sin, measann an Surpeme Court (an Chúirt Uachtarach, Éire) nach bhfuil sé cruthaithe go mbaineann riosca dáiríre le tabhairt suas go sárófar Airteagal 7 den Choinbhinsiún nó an Bunreacht;

Ní mheastar go gcuirtear cosc ar thabhairt suas le hAirteagal 19 den Chairt;

Níl feidhm ag Airteagal 49 den Chairt maidir leis an bpróiseas trialach nó pianbhreithe;

Níor cuireadh ina leith go bhfuil aon chúis ann chun a chreidiúint go bhfuil aon difríocht shuntasach i bhfeidhmiú Airteagal 7 den Choinbhinsiún agus Airteagal 49 den Chairt;

An bhfuil cúirt nach bhfuil ceart achomhairc ina coinne chun críocha Airteagal 267(3) CFAE, agus ag féachaint d’Airteagal 52(3) den Chairt agus an oibleagáid dílseachta idir na Ballstáit agus idir iad sin ar a gceanglaítear tabhairt suas fhorálacha BGE de bhun an Chomhaontaithe Trádála agus Comhair a oibriú, i dteideal a thabhairt i gcrích gur mhainnigh an duine iarrtha aon fhíor-riosca a shuíomh go mbeadh a ghéilleadh ina shárú ar Airteagal 49(2) den Chairt, nó an bhfuil dualgas ar chúirt den sórt sin imscrúdú breise a dhéanamh, agus má tá, cad é cineál agus raon feidhme an imscrúdaithe sin?

____________

1 Is ainm bréige é ainm an cháis seo. Ní fhreagraíonn sé do fhíorainm aon cheann de na páirtithe sna himeachtaí.

1 IO 2021 L 149, lch. 10.

1 IO 2002 L 190, lch. 1.