Language of document :

Achomharc arna thabhairt an 17 Aibreán 2024 ag Alisher Usmanov i gcoinne bhreithiúnas na Cúirte Ginearálta (an Chéad Dlísheomra) a tugadh an 7 Feabhra 2024 i gCás T-237/22, Usmanov v an Chomhairle

(Cás C-274/24 P)

Teanga an cháis: an Fhraincis

Páirtithe

Achomharcóir: Alisher Usmanov (ionadaithe: D. Rovetta, M. Campa, V. Villante, M. Pirovano agus M. Moretto, avvocati)

Páirtí eile sna himeachtaí: Comhairle an Aontais Eorpaigh

An t-ordú atá á lorg

 Iarrann an t-iarratasóir ar an gCúirt :

–    breithiúnas na Cúirte Ginearálta an 7 Feabhra 2024 i gCás T-237/22, Alisher Usmanov v Comhairle an Aontais Eorpaigh, EU:T:2024:56 a cuireadh in iúl don achomharcóir an lá céanna, a chur ar neamhní;

–    an méid seo a leanas a chur ar neamhní:

•    Cinneadh (CBES) 2022/337 ón gComhairle an 28 Feabhra 2022 lena leasaítear Cinneadh 2014/145/CBES agus Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) ón gComhairle an 28 Feabhra 2022 lena gcuirtear chun feidhme Rialachán (AE) Uimh. 269/2014;

•    Cinneadh (CBES) 2023/572 ón gComhairle an 13 Márta 2023 lena leasaítear Cinneadh 2014/145/CBES agus Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2023/571 ón gComhairle an 13 Márta 2023 lena gcuirtear chun feidhme Rialachán (AE) Uimh. 269/2014;

–    mar mhalairt air sin, an breithiúnas thuasluaite a chur ar neamhní agus an cás a tharchur ar ais chuig an gCúirt Ghinearálta;

–    a ordú do Chomhairle an Aontais Eorpaigh costais an achomharcóra, i ndáil leis na himeachtaí ag an gcéad chéim agus leis an achomharc seo araon, a íoc.

Saincheisteanna dlí agus príomhargóintí

Mar thaca leis an achomharc, maíonn an t-achomharcóir sé shaincheist dlí.

An chéad saincheist dlí: mhainnigh an Cúirt Ghinearálta ina hoibleagáid a chomhlíonadh maidir le cosaint bhreithiúnach éifeachtach a sholáthar de bhun Airteagail 41 agus 47 de Chairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh agus sháraigh an Chúirt Ghinearálta Airteagal 274 CFAE, chomh maith le prionsabal na comhréireachta agus Airteagal 52 de Chairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh.

An dara saincheist dlí: rinne an Chúirt Ghinearálta earráid dlí trí dhiúltú d’iarratais an achomharcóra chun céim ó bhéal na n-imeachtaí a athoscailt agus sháraigh an Chúirt Ghinearálta Airteagail 41 agus 47 de Chairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh chomh maith le prionsabal audi alteram partem.

An tríú saincheist dlí: sháraigh an Chúirt Ghinearálta critéar (a) agus bhain sí míthuiscint as de bhun Airteagal 2(1) de Chinneadh 2014/145 1 agus Airteagal 3(1) de Rialachán Uimh. 269/2014; 2 mar mhalairt air sin, maíonn an t-achomharcóir saincheist maidir le neamhdhleathacht agus neamh-infheidhmeacht na gcritéar (a) sin faoi Airteagal 77 CFAE.

An ceathrú saincheist dlí: rinne an Chúirt Ghinearálta fianaise a shaobhadh, sáraíodh ceanglais fhíor-riachtanacha nós imeachta agus an dualgas cúiseanna a lua faoi Airteagal 296 CFAE agus mífheidhmíodh critéar (a) a mhéid a bhaineann le foilsiú an Uasail Medvedev sa Kommersant.

An cúigiú saincheist dlí: rinne an Chúirt Ghinearálta mífhaisnéis ar fhianaise maidir le saoirse eagarthóireachta Kommersant, rinneadh mífheidhmiú ar rialacha maidir le hualach agus ceanglais cruthúnais agus sáraíodh Airteagal 47 de Chairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh agus prionsabal an chomhionannais arm.

An séú saincheist dlí: sháraigh an Chúirt Ghinearálta dlí príomha an Aontais agus rinne míthuiscint air, go háirithe an ceart chun tuairimí a nochtadh.

____________

1     Cinneadh 2014/145/CBES ón gComhairle an 17 Márta 2014 a bhaineann le bearta sriantacha i ndáil le gníomhaíochtaí a bhaineann an bonn d’iomláine chríochach, de cheannasacht agus de neamhspleáchas na hÚcráine nó ar bagairt iad na gníomhaíochtaí sin ar an méid sin (IO 2014 L 78, lch. 16).

1     Rialachán (AE) Uimh. 269/2014 ón gComhairle an 17 Márta 2014 a bhaineann le bearta sriantacha i ndáil le gníomhaíochtaí a bhaineann an bonn d’iomláine chríochach, de cheannasacht agus de neamhspleáchas na hÚcráine nó ar bagairt iad na gníomhaíochtaí sin ar an méid sin (IO 2014, L 78, lch. 6).