Language of document :

Achomharc arna thabhairt an 14 Feabhra 2024 ag UNO, Organización Empresarial de Logística y Transporte i gcoinne bhreithiúnas na Cúirte Ginearálta (an Séú Dlísheomra Méadaithe) a tugadh an 29 Samhain 2023 i gCás T-514/20, UNO v an Coimisiún

(Cás C-126/24 P)

Teanga an cháis: an Spáinnis

Páirtithe

Achomharcóir: UNO, Organización Empresarial de Logística y Transporte (ionadaí: J. M. Piqueras Ruiz, abogado)

Páirtithe eile sna himeachtaí:

An Coimisiún Eorpach; Ríocht na Spáinne; Sociedad Estatal Correos y Telégrafos SA

An t-ordú atá á lorg

Iarrann an t-achomharcóir ar an gCúirt:

Seasamh leis an achomharc agus breithiúnas na Cúirte Ginearálta an 29 Samhain 2023 i gCás T-514/20, UNO, Organización Empresarial de Logística y Transporte (‘UNO’) v an Coimisiún Eorpach, ECLI:EU:T:2023:767 a chur ar neamhní;

scrúdú a dhéanamh ar an gcás agus rialú críochnaitheach a thabhairt ar inghlacthacht an cháis arna thabhairt ag ONU an 15 Lúnasa 2020 i gcoinne an Chinnidh ar an 14 Bealtaine 2020 i gcás Státchabhair SA.50872 (2020/NN) – an Spáinn – cúiteamh OSU le Correos, 2011-2020, agus a dlínse iomlán á feidhmiú aici;

an cás a tharchur ar ais chuig an gCúirt Ghinearálta le rialú a thabhairt ar shubstaint na caingne;

a ordú don fhreagróir na costais arna dtabhú ag an achomharcóir sna himeachtaí seo agus ag an gcéad chéim a íoc.

Saincheisteanna dlí agus príomhargóintí

Mar thaca lena achomharc, ardaíonn an t-achomharcóir na ceithre fhoras achomhairc seo a leanas:

gur sháraigh an Chúirt Ghinearálta ar Airteagal 263(4) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (CFAE) trí chinneadh go háirithe nár léirigh ONU go bhféadfaí difear suntasach a dhéanamh leis an gCinneadh faoi Achomharc do staid ball amháin ar a laghad dá chuid sa mhargadh tagartha Go nithiúil, rinne an Chúirt Ghinearálta earráid dlí trí dhualgas cruthúnais iomarcach a chur ar an achomharcóir agus locus standi á chruthú aige, agus dá bhrí sin go raibh Airteagal 263(4) CFAE á shárú aici;

gur sháraigh an Chúirt Ghinearálta Airteagal 263(4) CFAE, trí chinneadh nár léirigh ONU go ndéantar difear ar leith dó leis an gCinneadh faoi Achomharc ós rud é go ndéantar difear dá leasanna féin mar chomhlachas. Agus anailís á déanamh aici ar bhunú locus standi ONU, shaobh an Chúirt Ghinearálta na fíorais arna gcur ag an achomharcóir ina láthair;

gur sáraíodh Airteagal 47 den Chairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh (‘an Chairt’), toisc gur chuir an Chúirt Ghinearálta Airteagal 263(4) CFAE i bhfeidhm gan chúis, ar dtús, agus gur dhéileáil sí leis na himeachtaí ag an gcéad chéim ar chaoi atá ar neamhréir le riaradh éifeachtúil agus cuí an cheartais;

gur sáraíodh Airteagal 6 den Choinbhinsiún Eorpach um Chearta an Duine, le sárú ar an gceart chun leigheas éifeachtach a fháil trí dhiúltú don chaingean le haghaidh neamhniú arna tabhairt ag ONU toisc í a bheith do-ghlactha.

____________