Language of document :

Iarraidh ar réamhrialú ó Sąd Okręgowy w Warszawie (an Pholainn) a taisceadh an 3 Iúil 2024 – I. SA v S. J.

(Cás C-410/23, Pielatak) 1

Teanga an cháis: an Pholainnis

An chúirt a rinne an tarchur

Sąd Okręgowy w Warszawie

Páirtithe sna príomhimeachtaí

Iarratasóir: I. SA

Cosantóir: S. J.

Na ceisteanna a tharchuirtear

An dtagann feirmeoir a thugann conradh i gcrích chun leictreachas a cheannach le haghaidh gabháltas talmhaíochta agus chun críoch úsáid phríobháideach le haghaidh teaghlaigh faoi Airteagal 2(b) agus (c) de Threoir 93/13/CEE ón gComhairle an 5 Aibreán 1993 maidir le téarmaí éagóracha i gconarthaí tomhaltóra 1 agus an sainmhíniú ar thomhaltóir atá ann agus faoi aithris 17 de Threoir 2011/83/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 25 Deireadh Fómhair 2011 maidir le cearta tomhaltóirí, lena leasaítear Treoir 93/13/CEE ón gComhairle agus Treoir 1999/44/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus lena n-aisghairtear Treoir 85/577/CEE ón gComhairle agus Treoir 97/7/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle 2 chomh maith?

Maidir le hAirteagal 3(5) agus (7), aithris 51 agus Iarscríbhinn I(1)(a) agus (e) de Threoir 2009/72/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 13 Iúil 2009 maidir le comhrialacha don mhargadh inmheánach sa leictreachas agus lena n-aisghairtear Treoir 2003/53/CE, 1 lena bhforáiltear dó gur cheart nach ngearrfaí táille ar thomhaltóirí i gcás ina gcuirfí conradh chun seirbhísí leictreachais a sholáthar ar neamhní, an bhfuil léiriú le déanamh amhail go gcuirtear cosc leo ar an bhféidearthacht pionós conarthach a fhorchur ar thomhaltóir fuinnimh as conradh soláthair leictreachais ar théarma seasta a fhoirceannadh (Airteagal 4j(3a) den ustawy z dnia 10 kwietnia 1997 r. prawo energetyczne [an tAcht um Fhuinneamh an 10 Aibreán 1997, an Pholainn])?

____________

1 Is ainm bréige é ainm an cháis seo. Ní fhreagraíonn sé d’fhíorainm aon pháirtí sna himeachtaí.

1 IO 1993 L 95, lch. 29.

1 IO 2011 L 304, lch. 64.

1 IO 2009 L 211, lch. 55.