Achomharc arna thabhairt an 17 Aibreán 2023 ag European Association of Non-Integrated Metal Importers & distributors (Euranimi) i gcoinne ordú na Cúirte Ginearálta (an Tríú Dlísheomra) a fógraíodh an 7 Feabhra 2023 i gCás T-81/22, Euranimi v an Coimisiún
(Cás = "n" "Case" IF = "o" "Joined Cases" C-252/23 P)
Teanga an cháis: an Béarla
Páirtithe
Achomharcóir: European Association of Non-Integrated Metal Importers & distributors (Euranimi) (ionadaithe: M. Campa, D. Rovetta, V. Villante, avvocati, P. Gjørtler, advokat)
Páirtí eile sna himeachtaí: An Coimisiún Eorpach
An t-ordú atá á lorg
Iarann an t-achomharcóir ar an gCúirt:
a dhearbhú go bhfuil an t-achomharc seo inghlactha;
an t-ordú faoi achomharc a chur ar ceal agus a dhearbhú go bhfuil an chaingean arna tabhairt ag Euranimi inghlactha;
an cás a tharchur ar ais chuig an gCúirt Ghinearálta chun substaint chaingean Euranimi a scrúdú;
a ordú don Choimisiún Eorpach costas dlíthiúil an achomhairc seo agus an nós imeachta ag an gcéad chéim a íoc.
Saincheisteanna dlí agus príomhargóintí
Mar thaca leis an achomharc, maíonn an t-achomharcóir trí phríomhshaincheist dlí:
An chéad saincheist dlí: earráid sa dlí maidir le léiriú Airteagal 263(4) CFAE agus go háirithe an ceanglas atá le “(h)ábhar imní díreach agus aonair” - cáiliú mícheart ar na fíorais.
An dara saincheist dlí: earráid sa dlí maidir le léiriú na habairte deireanaí d'Airteagal 263(4) CFAE agus cheanglas agus choincheap an ghnímh rialúcháin nach bhfuil bearta cur chun feidhme i gceist leis - cáiliú mícheart ar na fíoraís agus saobhadh fianaise.
An tríú saincheist dlí: cáiliú mícheart ar na fíorais agus saobhadh fianaise.
____________