Language of document : ECLI:EU:C:2022:190

BREITHIÚNAS NA CÚIRTE (an Mór‑Dhlísheomra)

15 Márta 2022 (*)

(Tarchur chun réamhrialú – Margadh aonair le haghaidh seirbhísí airgeadais – Drochúsáid mhargaidh – Treoracha 2003/6/CE agus 2003/124/CE – “Faisnéis ón taobh istigh” – Coincheap – Faisnéis “de chineál beacht” – Faisnéis maidir le halt preasa i mbéal a fhoilsithe lena gcraobhscaoiltear ráfla margaidh maidir le heisitheoir ionstraimí airgeadais – Nádúr neamhdhleathach de nochtadh faisnéise ón taobh istigh – Eisceachtaí – Rialachán (AE) Uimh. 596/2014 – Airteagal 10 – Nochtadh faisnéise ón taobh istigh i gcomhthéacs gnáthfheidhmiú gairme – Airteagal 21 – Nochtadh faisnéise ón taobh istigh chun críoch iriseoireachta – Saoirse an phreasa agus an tsaoirse chun tuairimí a nochtadh –Faisnéis maidir le halt preasa i mbéal a fhoilsithe á nochtadh ag iriseoir do ghnáthfhoinse faisnéise)

I gCás C‑302/20,

IARRAIDH ar réamhrialú faoi Airteagal 267 CFAE ón Cour d’appel de Paris (an Chúirt Achomhairc, Páras, an Fhrainc), trí bhreith an 9 Iúil 2020, a fuarthas ag an gCúirt an lá céanna, sna himeachtaí idir

A

agus

Autorité des marchés financiers (AMF),

tugann AN CHÚIRT (an Mór-Dhlísheomra),

agus í comhdhéanta mar seo a leanas: K. Lenaerts, Uachtarán, L. Bay Larsen, Leas-Uachtarán, A. Arabadjiev, A. Prechal, K. Jürimäe, C. Lycourgos, N. Jääskinen, I. Ziemele, J. Passer, Uachtaráin Dlísheomra, J.‑C. Bonichot, T. von Danwitz, M. Safjan, F. Biltgen (Rapóirtéir), A. Kumin agus N. Wahl, Breithiúna,

Abhcóide Ginearálta: J. Kokott,

Cláraitheoir: V. Giacobbo, Riarthóir,

ag féachaint don nós imeachta i scríbhinn agus tar éis na héisteachta an 22 Meitheamh 2021,

agus tar éis breithniú a dhéanamh ar na barúlacha arna dtíolacadh thar ceann na bpáirtithe seo a leanas:

–        A, ag G. Roch agus S. Poisson, Dlíodóirí,

–        an Autorité des marchés financiers (AMF), ag M. Delorme agus A. du Passage, i gcáil Gníomhairí,

–        Rialtas na Fraince, ag E. de Moustier, A.‑L. Desjonquères agus E. Leclerc, i gcáil Gníomhairí,

–        Rialtas na Spáinne, ag L. Aguilera Ruiz agus J. Rodríguez de la Rúa Puig, i gcáil Gníomhairí,

–        Rialtas na Sualainne, ag O. Simonsson, J. Lundberg, C. Meyer-Seitz, A. Runeskjöld, M. Salborn Hodgson, H. Shev, H. Eklinder agus R. Shahsavan Eriksson, i gcáil Gníomhairí,

–        an Coimisiún Eorpach, ag D. Tryantafyllou, T. Scharf agus J. Rius, i gcáil Gníomhairí,

–        Rialtas na hIorua, ag T. M. Tobiassen, K. K. Næss, P. Wennerås agus T.H. Aarthun, i gcáil Gníomhairí,

tar éis éisteacht le tuairim an Abhcóide Ghinearálta ag éisteacht an 16 Meán Fómhair 2021,

an Breithiúnas seo a leanas:

Breithiúnas

1        Baineann an iarraidh ar réamhrialú le léirmhíniú ar Airteagal 1, pointe 1, de Threoir 2003/6/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 28 Eanáir 2003 maidir le déileáil chos istigh agus cúbláil mhargaidh (drochúsáid mhargaidh) (IO 2003 L 96, lch. 16), ar Airteagal 1, pointe 1, de Threoir 2003/124/CE ón gCoimisiún an 22 Nollaig 2003 lena gcuirtear chun feidhme Treoir 2003/6 maidir le faisnéis ón taobh istigh a shainmhíniú agus a nochtadh go poiblí agus le cúbláil mhargaidh a shainmhíniú (IO 2003 L 339, lch. 70), agus ar Airteagail 10 agus 21 de Rialachán (AE) Uimh. 596/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Aibreán 2014 maidir le drochúsáid mhargaidh (an rialachán maidir le drochúsáid mhargaidh) agus lena n‑aisghairtear Treoir 2003/6 agus Treoracha 2003/124/CE, 2003/125/CE agus 2004/72/CE ón gCoimisiún (IO 2014 L 173, lch. 1).

2        Rinneadh an iarraidh sin i gcomhthéacs imeachtaí idir A agus an Autorité des marchés financiers (an tÚdarás um Margaí Airgeadais, an Fhrainc; “AMF”) maidir le cinneadh AMF pionós airgid a ghearradh ar A as faisnéis a nochtadh maidir le hailt phreasa i mbéal a bhfoilsithe lena gcraobhscaoiltear ráflaí margaidh i ndáil le tairiscintí táthcheangail ar chuideachtaí liostaithe.

 An dlí lena mbaineann

 Dlí an Aontais Eorpaigh

 Treoir 2003/6

3        Luadh an méid seo a leanas in aithrisí 1, 2 agus 12 de Threoir 2003/6: 

“(1)      Tá fíormhargadh aonair le haghaidh seirbhísí airgeadais ríthábhachtach i gcomhair an fháis eacnamaíoch agus chun poist a chruthú san [Aontas Eorpach].

(2)      Éilítear le margadh airgeadais comhtháite agus éifeachtúil sláine an mhargaidh. Is réamhriachtanais ar son an fháis eacnamaíoch agus an tsaibhris iad feidhmiú cothrom na margaí urrús agus iontaoibh an phobail i margaí. Déanann drochúsáid mhargaidh dochar do shláine na margaí airgeadais agus d’iontaoibh an phobail in urrúis agus i ndíorthaigh.

[...]

(12)      Clúdaítear leis an gcoincheap de dhrochúsáid mhargaidh déileáil chos istigh agus cúbláil mhargaidh. Is ionann cuspóir na reachtaíochta chun déileáil chos istigh a chomhrac agus cuspóir na reachtaíochta i gcoinne cúbláil mhargaidh: sláine margaí airgeadais [an Aontais] a áirithiú agus muinín infheisteoirí sna margaí sin a mhéadú. [...]”

[aistriúchán neamhoifigiúil]

4        Mar a leagadh amach sa chéad fhomhír d’Airteagal 1, pointe 1, den Treoir sin: 

“Chun críocha na Treorach seo, tá feidhm ag na sainmhínithe seo a leanas:

(1)      ‘faisnéis ón taobh istigh’: faisnéis de chineál beacht, nach bhfuil poiblithe, a bhaineann, go díreach nó go hindíreach, le heisitheoir ionstraimí airgeadais amháin nó níos mó, nó le hionstraim airgeadais amháin nó níos mó, agus, dá bpoibleofaí í, ar dhócha go mbeadh tionchar suntasach aici ar phraghsanna na n‑ionstraimí airgeadais sin nó ar phraghsanna na n-ionstraimí airgeadais díorthacha lena mbaineann.”

[aistriúchán neamhoifigiúil]

5        Foráladh in Airteagal 2(1) den Treoir sin: 

“Cuirfidh na Ballstáit toirmeasc ar aon duine dá dtagraítear sa dara fomhír a mbeidh faisnéis ón taobh istigh ina sheilbh aige an fhaisnéis sin a úsáid trí na hionstraimí airgeadais lena mbaineann an fhaisnéis sin a fháil nó a ghéilleadh, nó trí fhéachaint le hionstraimí airgeadais mar sin a fháil nó a ghéilleadh, ar a chuntas féin nó ar chuntas tríú páirtí, go díreach nó go hindíreach.

Beidh feidhm ag an gcéad fhomhír maidir le haon duine a bhfuil faisnéis mar sin ina sheilbh aige:

[...]

(c)      mar thoradh ar an rochtain atá aige ar fhaisnéis mar gheall ar a fhostaíocht, a ghairm nó a dhualgas [...]

[...]”

[aistriúchán neamhoifigiúil]

6        Foráladh in Airteagal 3 den Treoir chéanna sin: 

“Cuirfidh na Ballstáit toirmeasc ar aon duine atá faoi réir an toirmisc a leagtar síos in Airteagal 2 an méid seo a leanas a dhéanamh:

(a)      faisnéis ón taobh istigh a nochtadh d’aon duine eile, mura ndéantar an nochtadh sin i ngnáthfheidhmiú a fhostaíochta, a ghairme nó a dhualgas;

[...]”

[aistriúchán neamhoifigiúil]

 Treoir 2003/124

7        Léadh aithrisí 1, 2 agus 3 de Threoir 2003/124 mar seo a leanas: 

“(1)      Bunaíonn infheisteoirí réasúnacha a gcinntí infheistíochta ar an bhfaisnéis atá acu cheana féin (‘faisnéis ex ante atá ar fáil’). Dá bhrí sin, i dtaobh na ceiste, agus cinneadh infheistíochta á dhéanamh ag infheisteoir réasúnach, ar dhócha go gcuirfeadh sé faisnéis áirithe san áireamh, ní mór sin a mheas ar bhonn na faisnéise ex ante atá ar fáil. Ní mór a chur san áireamh sa mheasúnú sin tionchar réamh-mheasta na faisnéise lena mbaineann i bhfianaise ghníomhaíocht iomlán an eisitheora lena mbaineann, iontaofacht na foinse faisnéise agus aon athróg eile sa mhargadh ar dhócha go mbeadh tionchar aici, sa chás sin, ar an ionstraim airgeadais idir lámha nó ar aon ionstraim airgeadais dhíorthach lena mbaineann.

(2)      Is féidir faisnéis ex post atá ar fáil a úsáid chun an hipitéis go raibh an fhaisnéis ex ante íogair ó thaobh praghais de a fhíorú, ach ní féidir í a úsáid chun gníomh a dhéanamh i gcoinne duine a bhain tátail réasúnacha as faisnéis a bhí ar fáil dó ex ante.

(3)      Ba cheart deimhneacht dhlíthiúil le haghaidh rannpháirtithe sa mhargadh a fheabhsú trí shainmhíniú níos cruinne a thabhairt ar dhá cheann de na gnéithe riachtanacha le haghaidh an tsainmhínithe ar fhaisnéis ón taobh istigh, eadhon, beachtas na faisnéise sin agus méid an tionchair a d’fhéadfadh a bheith aici ar phraghsanna na n‑ionstraimí airgeadais nó na n-ionstraimí airgeadais díorthacha lena mbaineann.”

[aistriúchán neamhoifigiúil]

8        Foráladh le hAirteagal 1 den Treoir sin, dar teideal “Faisnéis ón taobh istigh”, an méid seo a leanas: 

“1.      Chun críocha Airteagal 1, pointe 1, de Threoir [2003/6], measfar go bhfuil faisnéis ‘de chineál beacht’ má luaitear léi sraith cúinsí atá ann nó a d’fhéadfaí a bheith ag súil leis go réasúnta go mbeadh siad ann nó teagmhas a tharla nó a d’fhéadfaí a bheith ag súil leis go réasúnta go dtarlódh sé, agus má tá sí sainiúil go leor ionas go bhféadfaí tátal a bhaint aisti maidir leis an éifeacht a d’fhéadfadh a bheith ag an sraith cúinsí sin nó an teagmhas sin ar phraghsanna na n-ionstraimí airgeadais sin nó na n‑ionstraimí airgeadais díorthacha lena mbaineann.

2.      Chun críocha Airteagal 1, pointe 1, de Threoir [2003/6], tuigtear le ‘faisnéis, dá bpoibleofaí í, ar dhócha go mbeadh tionchar suntasach aici ar phraghsanna na n-ionstraimí airgeadais sin nó ar phraghsanna na n‑ionstraimí airgeadais díorthacha lena mbaineann’ faisnéis ar dhócha go n-úsáidfeadh infheisteoir réasúnach í mar chuid de bhonn a chinntí infheistíochta.”

[aistriúchán neamhoifigiúil]

 Rialachán Uimh. 596/2014

9        Rinneadh Treoir 2003/6 agus Treoir 2003/124 a aisghairm le Rialachán Uimh. 596/2014 le héifeacht ón 3 Iúil 2016.

10      De réir aithrisí 2, 7 agus 77 de Rialachán Uimh. 596/2014:

“(2)      Teastaíonn sláine mhargaidh ó mhargadh airgeadais atá comhtháite, éifeachtach agus trédhearcach. Is réamhriachtanais ar son an fháis eacnamaíoch agus an tsaibhris iad feidhmiú cothrom na margaí urrús agus iontaoibh an phobail i margaí. Déanann drochúsáid mhargaidh dochar do shláine na margaí airgeadais agus d’iontaoibh an phobail in urrúis agus i ndíorthaigh.

[...]

(7)      Is í drochúsáid mhargaidh an coincheap a chuimsíonn iompraíocht neamhdhleathach sna margaí airgeadais agus, chun críocha an Rialacháin seo, ba cheart [a thuiscint] gurbh é atá ann ná déileáil chos istigh, faisnéis ón taobh istigh a nochtadh go neamhdhleathach agus cúbláil mhargaidh. Cuireann iompraíochtaí den saghas seo cosc ar thrédhearcacht iomlán cheart an mhargaidh, atá ina réamhriachtanas trádála do na gníomhaithe eacnamaíocha go léir i margaí comhtháite airgeadais.

[...]

(77)      Urramaítear leis an Rialachán seo na cearta bunúsacha agus na prionsabail arna n‑aithint [sa Chairt] um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh [...]. Ba cheart, dá réir sin, an Rialachán seo a léirmhíniú agus a chur i bhfeidhm i gcomhréir leis na cearta agus leis na prionsabail sin. Nuair a dhéantar tagairt sa Rialachán seo do rialacha a rialaíonn saoirse an phreasa agus saoirse tuairimíochta i meáin eile agus na rialacha nó na cóid a rialaíonn gairm na hiriseoireachta, ba cheart breithniú a dhéanamh faoi na saoirsí seo ós rud é go bhfuil siad ráthaithe san Aontas agus sna Ballstáit agus go dtugtar aitheantas dóibh de bhun Airteagal 11 den Chairt [um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh] agus i bhforálacha ábhartha eile.”

11      Foráiltear i mír 4 d’Airteagal 8 den Rialachán sin, dar teideal “Déileáil chos istigh”, an méid seo a leanas:

“Beidh feidhm ag an Airteagal seo maidir le haon duine a bhfuil faisnéis ón taobh istigh aige mar thoradh ar aon cheann de na cúinsí seo a leanas:

[...]

(c)      rochtain a bheith aige ar an bhfaisnéis i bhfeidhmiú poist, gairme nó a dhualgas;

[...]”

12      Foráiltear i mír 1 d’Airteagal 10 den Rialachán sin, dar teideal “Nochtadh neamhdhleathach faisnéise ón taobh istigh”, an méid seo a leanas:

“Chun críocha an Rialacháin seo, tagann nochtadh neamhdhleathach faisnéise ón taobh istigh chun cinn i gcás ina nochtann duine a shealbhaíonn faisnéis ón taobh istigh an fhaisnéis sin d’aon duine eile, ach amháin i gcás ina ndéantar an nochtadh i [ngáthfheidhmiú poist, gairme] nó dualgas.

Tá feidhm ag an mír seo maidir le haon duine nádúrtha nó dlítheanach sna cásanna nó sna cúinsí dá dtagraítear in Airteagal 8(4).”

13      Foráiltear le hAirteagal 14(c) den Rialachán céanna sin nach féidir le duine faisnéis ón taobh istigh a nochtadh go neamhdhleathach.

14      Is mar seo a leanas atá an fhoclaíocht in Airteagal 21 de Rialachán Uimh. 596/2014, dar teideal “Faisnéis a nochtadh nó a scaipeadh sna meáin”:

“Chun críocha Airteagal 10, Airteagal 12(1)(c) agus Airteagal 20, más rud é go ndéantar faisnéis a nochtadh nó a scaipeadh agus más rud é go ndéantar moltaí a thabhairt nó a scaipeadh chun [críoch] iriseoireachta nó mar mhodh eile de léiriú tuairimíochta sna meáin, déanfar an nochtadh nó scaipeadh faisnéise sin a mheas agus aird á [tabhairt] ar na rialacha a rialaíonn saoirse an phreasa agus an tsaoirse tuairimíochta i meáin eile agus ar na rialacha nó cóid lena rialaítear gairm na hiriseoireachta, mura rud é:

(a)      go mbaineann na daoine atá i gceist, nó daoine a bhfuil dlúthbhaint acu leo buntáiste nó brabús, bíodh sin go díreach nó go hindíreach, as an bhfaisnéis atá i gceist a nochtadh nó a scaipeadh; nó

(b)      go ndéantar an nochtadh nó an scaipeadh le hintinn an margadh a chur ar míthreoir maidir le soláthar ionstraimí airgeadais, maidir leis an éileamh atá orthu nó maidir lena bpraghas.”

 Dlí na Fraince

15      Foráiltear le hAirteagal 621‑1 den Règlement général de l’Autorité des marchés financiers (Rialachán Ginearálta i ndáil leis an Údarás um Margaí Airgeadais; “RGAMF”), sa leagan is infheidhme maidir leis an díospóid sna príomhimeachtaí, an méid seo a leanas: 

“Is é atá i gceist le faisnéis ón taobh istigh ná faisnéis bheacht, nach bhfuil poiblithe, a bhaineann, go díreach nó go hindíreach, le heisitheoir ionstraimí airgeadais amháin nó níos mó, nó le hionstraim airgeadais amháin nó níos mó, agus, dá bpoibleofaí í, ar dhócha go mbeadh tionchar suntasach aici ar phraghsanna na n-ionstraimí airgeadais sin nó ar phraghsanna na n-ionstraimí airgeadais díorthacha lena mbaineann.

Measfar faisnéis a bheith beacht má luaitear léi sraith cúinsí nó teagmhas a tharla nó a d’fhéadfadh tarlú agus dá bhféadfaí tátal a bhaint aisti maidir leis an éifeacht a d’fhéadfadh a bheith ag na cúinsí nó an teagmhas sin ar phraghsanna na n-ionstraimí airgeadais sin nó ar phraghsanna na n-ionstraimí airgeadais díorthacha lena mbaineann.

Faisnéis, dá bpoibleofaí í, ar dhócha go mbeadh tionchar suntasach aici ar phraghsanna na n‑ionstraimí airgeadais sin nó ar phraghsanna na n‑ionstraimí airgeadais díorthacha lena mbaineann, is faisnéis í ar dhócha go n-úsáidfeadh infheisteoir réasúnach mar bhonn amháin dá chinntí infheistíochta.”

[aistriúchán neamhoifigiúil]

16      Is mar seo a leanas atá an fhoclaíocht in Airteagal 622‑1 de RGAMF: 

“Ní mór d’aon duine dá dtagraítear in Airteagal 622‑2 staonadh ón bhfaisnéis ón taobh istigh atá ina sheilbh aige a úsáid [...]

Ní mór dó freisin staonadh ón méid seo a leanas a dhéanamh:

1°      An fhaisnéis sin a chur in iúl do dhuine eile lasmuigh de ghnáthfheidhmiú a fhostaíochta, a ghairme nó a dhualgas nó chun críoch eile seachas chun na gcríoch ar cuireadh ar an eolas é fúithi;

[...]”

[aistriúchán neamhoifigiúil]

17      Foráiltear le hAirteagal 622‑2 de RGAMF: 

“Beidh feidhm ag na hoibleagáidí staonta a leagtar síos in Airteagal 622‑1 maidir le haon duine a bhfuil faisnéis ón taobh istigh aige mar thoradh ar:

[...]

3°      Rochtain a bheith aige ar fhaisnéis mar gheall ar a fhostaíocht, a ghairm nó a dhualgais, agus a rannpháirtíocht in ullmhú nó i bhforghníomhú oibríochta airgeadais;

[...]

Beidh feidhm ag na hoibleagáidí staonta sin freisin maidir le haon duine eile a bhfuil faisnéis ón taobh istigh aige agus a bhfuil a fhios aige nó ar cheart go mbeadh a fhios aige gur faisnéis ón taobh istigh í.

[...]”

[aistriúchán neamhoifigiúil]

 An díospóid sna príomhimeachtaí agus na ceisteanna a tarchuireadh i gcomhair réamhrialú

18      D’oibrigh A ar feadh blianta fada mar iriseoir do nuachtáin éagsúla laethúla na Breataine, go deireanach don Daily Mail. Mar chuid dá obair don Daily Mail, scríobhadh sé ailt do roinn dar teideal “Tuarascáil mhargaidh” lena gcraobhscaoileadh ráflaí margaidh. Go háirithe, ba é A an t‑údar ar dhá alt maidir le hurrúis ar glacadh leo le haghaidh trádáil ar Euronext, a foilsíodh ar an Mail Online, suíomh idirlín an nuachtáin sin.

19      Luadh sa chéad cheann de na hailt sin, a foilsíodh an 8 Meitheamh 2011, tairiscint táthcheangail fhéideartha ó chuideachta LVMH chun urrúis den chuideachta Hermès a cheannach ar phraghas EUR 350 in aghaidh na scaire, a bhí comhfhreagrach le préimh de 86 % i gcomparáid le praghas scoir na n‑urrús sin ar an lá a foilsíodh an t‑alt sin. An lá i ndiaidh an fhoilsithe, tháinig méadú de 0.64 % ar an bpraghas sin ó osclaíodh an seisiún trádála, agus ansin méadú de 4.55 % le linn an tseisiúin sin.

20      Cuireadh in iúl sa dara ceann de na hailt sin, a foilsíodh an 12 Meitheamh 2012, go bhféadfadh urrúis den chuideachta Maurel & Prom a bheith ina n‑ábhar do thairiscint táthcheangail, le praghas ceannaigh arna mholadh de thuairim is EUR 19 in aghaidh na scaire, a bhí comhfhreagrach le préimh de 80 % i gcomparáid le praghas scoir dheireanaigh na n‑urrús sin. Mar thoradh air sin, an lá i ndiaidh fhoilsiú an ailt sin, tháinig méadú de 17.69 % ar phraghsanna na scaireanna sin faoi dhúnadh an stocmhargaidh. An 14 Meitheamh 2012, shéan an chuideachta Marcel & Prom an ráfla sin.

21      Mar pháirt d’imscrúdú a rinne AMF, tugadh le fios gur chuir cónaitheoirí Briotanacha orduithe ceannaigh isteach, go gairid sular foilsíodh an dá alt sin, ar urrúis na gcuideachtaí Hermès agus Maurel & Prom, faoi seach, agus gur tharraing siad siar óna seasamh tar éis theacht chun cinn na bhfoilseachán sin.

22      I litir dar dáta an 23 Feabhra 2016, chuir an Direction des enquêtes et des contrôles (an Stiúrthóireacht um Imscrúduithe agus Rialuithe) de AMF na daoine go léir lenar baineadh, a raibh A, go háirithe, ina measc sin, ar an eolas faoi na fíorais a d’fhéadfaí a líomhain ina n‑aghaidh i bhfianaise thorthaí imscrúdaitheoirí na stiúrthóireachta sin. I bhfianaise na tuarascála fiosrúcháin arna hullmhú ag an stiúrthóireacht sin, cinneadh, an 19 Iúil 2016, na hagóidí a cuireadh ina n-aghaidh a thionscnamh.

23      Ba dá bharr sin, i litir dar dáta an 7 Nollaig 2016, gur chuir AMF fógra chuig A maidir leis na hagóidí lenar cháin AMF é as faisnéis ón taobh istigh a chur in iúl do bheirt, B agus C, de shárú ar Airteagail 622‑1 agus 622‑2 de RGAMF, maidir le dhá alt i mbéal a bhfoilsithe lena gcraobhscaoiltear ráflaí maidir le cur isteach tairiscintí táthcheangail ar urrúis Hermès agus Maurel & Prom.

24      Le cinneadh an 24 Deireadh Fómhair 2018, sheas coiste pionóis AMF le cuid de na hagóidí a cuireadh in aghaidh A agus d’fhorchuir sé pionós airgid de EUR 40 000 air. Mheas an coiste, go háirithe, gur comhlíonadh leis an bhfaisnéis idir lámha sna príomhimeachtaí, maidir le hailt phreasa i mbéal a bhfoilsithe lena gcraobhscaoiltear ráflaí faoi idirbhearta maidir le stoic liostaithe, na coinníollacha chun í a cháiliú mar “fhaisnéis ón taobh istigh” agus chinn sé gur chuir A an fhaisnéis ón taobh istigh sin maidir le hurrúis den chuideachta Hermès in iúl do B agus C agus an fhaisnéis maidir le hurrúis den chuideachta Maurel & Prom in iúl do C.

25      Agus an chaingean a tionscnaíodh i gcoinne an chinnidh sin os a comhair, tá an chúirt a rinne an tarchur in amhras, sa chéad áit, an ionann faisnéis a bhaineann le halt preasa i mbéal a fhoilsithe lena gcraobhscaoiltear ráfla margaidh maidir le heisitheoir ionstraimí airgeadais agus “faisnéis ón taobh istigh”, de réir bhrí Airteagal 1, pointe 1, de Threoir 2003/6, go háirithe, sa chás idir lámha, an bhfuil an fhaisnéis i gceist sna príomhimeachtaí de “chineál beacht”, de réir bhrí an tsainmhínithe ar “fhaisnéis ón taobh istigh”.

26      Agus tagairt á déanamh don sainmhíniú ar fhaisnéis “de chineál beacht”, dá bhforáiltear in Airteagal 1(1) de Threoir 2003/124, tá an chúirt a rinne an tarchur in amhras an bhfuil an fhaisnéis i gceist sna príomhimeachtaí beacht go leor chun go bhfhéadfaí tátal a bhaint aisti sin maidir leis an éifeacht a d’fhéadfadh a bheith aici ar phraghsanna na n‑ionstraimí airgeadais lena mbaineann, de réir bhrí na forála sin.

27      I ndáil leis sin, fiafraíonn an chúirt a rinne an tarchur di féin, ionas go bhféadfaí an fhaisnéis maidir le halt preasa i mbéal a fhoilsithe a thuiscint mar “bheacht go leor”, an gcaithfidh ábhar an ailt a bheith amhlaidh é féin, agus, más amhlaidh atá, mar a mhaíonn A, an bhfágann sin nach bhfhéadfaí í a thuiscint mar bheacht go leor de bharr nádúr ráfla.

28      I bhfianaise imthosca sonracha na bpríomhimeachtaí, tá an chúirt a rinne an tarchur in amhras freisin faoin tionchar, maidir le measúnú ar bheachtas na faisnéise idir lámha, ar an gcéad dul síos, a bhí ag an tagairt don phraghas arna mholadh i gcomhthéacs tairiscint táthcheangail a d’fhéadfadh a bheith ann maidir le hurrúis eisitheoirí na n‑ionstraimí airgeadais lena mbaineann, ar an dara dul síos, a bhí ag clú an iriseora a scríobh na hailt phreasa lena gcraobhscaoiltear na ráflaí agus ag clú na heagraíochta meán a d’áirithigh foilsiú na n-alt sin agus, ar an tríú dul síos, ag an bhfíoras go raibh, ex post, tionchar suntasach ag na hailt sin ar phraghsanna na n‑urrús a bhí mar ábhar do na ráflaí sin.

29      Sa dara háit, sa chás go gcáileofaí an fhaisnéis i gceist sna príomhimeachtaí mar fhaisnéis ón taobh istigh, fiafraíonn an chúirt a rinne an tarchur an bhféadfaí nochtadh na faisnéise sin ag iriseoir, do cheann dá ghnáthfhoinsí faisnéise, a thuiscint mar a bheith déanta “chun [críoch] iriseoireachta”, de réir bhrí Airteagal 21 de Rialachán Uimh. 596/2014. Ós rud é nach bhfuil foráil choibhéiseach leis an bhforáil sin i dTreoir 2003/6, measann an chúirt a rinne an tarchur gur féidir í a chur i bhfeidhm go cúlghabhálach maidir leis na fíorais sna príomhimeachtaí mar fhoráil nach bhfuil chomh dian le forálacha na Treorach sin.

30      Ina theannta sin, tá an chúirt a rinne an tarchur in amhras maidir leis an nasc idir Airteagal 21 de Rialachán Uimh. 596/2014 agus Airteagal 10 den Rialachán sin, dá dtagraítear in Airteagal 21 agus faoina bhfuil nochtadh faisnéise ón taobh istigh neamhdhleathach ach amháin i gcás go dtarlaíonn sé mar pháirt de ghnáthfheidhmiú fostaíochta, gairme nó dualgas. I gcás ina mbeadh feidhm ag Airteagal 10 maidir le nochtadh na faisnéise i gceist sna príomhimeachtaí, ardaíonn an chúirt a rinne an tarchuir an cheist an mbeadh, i gcomhréir le Breithiúnas an 22 Samhain 2005, Grøngaard agus Bang (C‑384/02, EU:C:2005:708), údar leis an nochtadh sin amháin dá mba rud é go raibh dianghá leis chun gairm an iriseora a chleachtadh agus go raibh sé i gcomhréir le prionsabal na comhréireachta.

31      Ba sna himthosca sin a chinn an Cour d’appel de Paris (an Chúirt Achomhairc, Páras, an Fhrainc) bac a chur ar na himeachtaí agus na ceisteanna seo a leanas a tharchur chuig an gCúirt Bhreithiúnais i gcomhair réamhrialú:

“(1)      (a)      An gcaithfear Airteagal 1, pointe 1, [an chéad fhomhír] de Threoir [2003/6], i gcomhar le hAirteagal 1(1) de Threoir [2003/124], a léirmhíniú sa chaoi go gciallaíonn sé go bhféadfadh faisnéis maidir le halt preasa i mbéal a fhoilsithe lena gcraobhscaoiltear ráfla margaidh a bhaineann le heisitheoir ionstraimí airgeadais an ceanglas maidir leis an mbeachtas a éilítear leis na hairteagail sin a chomhlíonadh chun bheith cáilithe mar fhaisnéis ón taobh istigh?

(b)      An bhfuil tionchar ag an dáil go luaitear — mar ráfla margaidh — praghas tairisceana táthcheangail san alt preasa, arb é a fhoilsiú atá le teacht an fhaisnéis idir lámha, ar an measúnú ar bheachtas na faisnéise idir lámha?

(c)      D’fhonn beachtas na faisnéise idir lámha a mheas, an tosca ábhartha iad clú an iriseora a scríobh an t‑alt, clú na heagraíochta meán a d’áirithigh a fhoilsiú agus tionchar suntasach iarbhír (ex post) an fhoilsithe sin ar phraghsanna na n-urrús lena mbaineann an t-alt?

(2)      [I gcás go gcomhlíonann] an fhaisnéis [...] idir lámha an ceanglas beachtais a éilítear:

(a)      An gcaithfear Airteagal 21 de Rialachán [Uimh. 596/2014] a léirmhíniú sa chaoi gur ‘chun [críoch] iriseoireachta’ atá nochtadh d’fhaisnéis ag iriseoir, do cheann dá ghnáthfhoinsí [faisnéise], maidir le halt preasa i mbéal a fhoilsithe a scríobh an t-iriseoir ina gcraobhscaoiltear ráfla margaidh?

(b)      An mbraitheann an freagra ar an gceist sin, go háirithe, ar cé acu ar chuir nó nár chuir an fhoinse sin an t‑iriseoir ar an eolas faoin ráfla margaidh nó cé acu an raibh nó nach raibh nochtadh na faisnéise maidir leis an alt i mbéal a fhoilsithe cabhrach chun soiléiriú a fháil ón bhfoinse sin maidir le creidiúnacht an ráfla?

(3)      [...] [A]n gcaithfear Airteagail 10 agus 21 de Rialachán [Uimh. 596/2014] a léirmhíniú sa chaoi, fiú i gcás ina nochtann iriseoir faisnéis ón taobh istigh ‘chun [críoch] iriseoireachta’, de réir bhrí Airteagal 21 [sin], go n‑éilítear leis an gcineál dleathach nó neamhdhleathach den nochtadh measúnú a dhéanamh an ndearnadh é ‘i ngnáthfheidhmiú [ghairm an iriseora]’, de réir bhrí Airteagal 10 [sin]?

(4)      [...] [A]n gcaithfear Airteagal 10 de Rialachán [Uimh. 596/2014] a léirmhíniú sa chaoi nach mór don nochtadh faisnéise ón taobh istigh, chun bheith déanta mar pháirt de ghnáthfheidhmiú ghairm an iriseora, a bheith fíor‑riachtanach chun an ghairm sin a chleachtadh agus a bheith i gcomhréir le prionsabal na comhréireachta?”

 Na ceisteanna arna dtarchur chun réamhrialú

 An chéad cheist

32      Lena céad cheist, fiafraíonn an chúirt a rinne an tarchur, go bunúsach, an gcaithfear Airteagal 1, pointe 1, de Threoir 2003/6 a léirmhíniú sa chaoi, chun faisnéis ón taobh istigh a cháiliú, gur féidir a thuiscint mar fhaisnéis “de chineál beacht”, de réir bhrí na forála sin agus fhoráil Airteagal 1(1) de Threoir 2003/124, faisnéis a bhaineann le halt preasa i mbéal a fhoilsithe lena gcraobhscaoiltear ráfla margaidh maidir le heisitheoir ionstraimí airgeadais agus cé acu an bhfuil nó nach bhfuil sé ábhartha, d’fhonn an beachtas sin a mheas, go luaitear san alt preasa sin an praghas ar a gceannófaí urrúis an eisitheora sin i gcomhthéacs tairiscint táthcheangail a d’fhéadfadh a bheith ann, céannacht an iriseora a scríobh an t‑alt sin agus na heagraíochta meán a d’áirithigh an foilsiú, agus tionchar iarbhír an fhoilsithe sin ar phraghsanna na n-urrús thuasluaite.

33      Is iomchuí a mheabhrú go bhfuil ceithre ghné riachtanacha mar chuid den sainmhíniú ar an gcoincheap “faisnéis ón taobh istigh” atá in Airteagal 1, pointe 1, de Threoir 2003/6. Ar an gcéad dul síos, is faisnéis de chineál beacht atá inti. Ar an dara dul síos, níor poiblíodh an fhaisnéis sin. Ar an tríú dul síos, tá baint, go díreach nó go hindíreach, aici le hionstraim airgeadais amháin nó níos mó nó lena n-eisitheoirí. Ar an gceathrú dul síos, ba dhócha, dá bpoibleofaí í, go mbeadh tionchar suntasach aici ar phraghsanna na n-ionstraimí airgeadais sin nó ar phraghsanna na n-ionstraimí airgeadais díorthacha lena mbaineann (breithiúnas an 11 Márta 2015, Lafonta, C‑628/13, EU:C:2015:162, mír 24 agus an cásdlí dá dtagraítear).

34      Sa chás seo, rinne údar ar ailt phreasa atá i mbéal a bhfoilsithe agus lena gcraobhscaoiltear ráflaí margaidh maidir le cur isteach tairiscintí táthcheangail ar urrúis cuideachtaí liostaithe an fhaisnéis idir lámha sna príomhimeachtaí a nochtadh do dhá cheann dá ghnáthfhoinsí faisnéise. De réir na cúirte a rinne an tarchur, comhlíonann an fhaisnéis sin an dara, tríú agus ceathrú gné den sainmhíniú ar an gcoincheap “faisnéis ón taobh istigh”, dá dtagraítear sa mhír roimhe seo. Maidir leis an gceathrú gné, bunaíonn sí an cinneadh sin, ar lámh amháin, ar an gcúinse, sa tslí gur chuir sí leis an amhantraíocht a bhí ann cheana maidir leis na hurrúis idir lámha, gur dhócha go n‑úsáidfeadh infheisteoir réasúnach an fhaisnéis sin mar chuid de bhonn a chinntí infheistíochta maidir leis na hurrúis sin agus, ar an lámh eile, ar luaineacht phraghsanna na n‑urrús sin a tharla tar éis fhoilsiú na n-alt idir lámha. Ar an taobh eile, tá sí in amhras maidir le cibé an bhfuil, sa chás seo, an chéad ghné den sainmhíniú sin, a bhaineann le beachtas na faisnéise sin, cruthaithe.

35      Is iomchuí a thabhairt faoi deara, d’fhonn deimhneacht dhlíthiúil a fheabhsú do rannpháirtithe sna margaí airgeadais, gur beartaíodh le Treoir 2003/124, mar a léirítear ina haithris 3, go háirithe, an chéad ghné sin a shoiléiriú.

36      Mar sin, de réir Airteagal 1(1) den Treoir sin, meastar go bhfuil faisnéis “de chineál beacht” má chomhlíontar léi dhá choinníoll: ar an gcéad dul síos, ní mór sraith cúinsí atá ann nó a d’fhéadfaí a bheith ag súil leis go réasúnta go mbeadh siad ann nó teagmhas a tharla nó a d’fhéadfaí a bheith ag súil leis go réasúnta go dtarlódh sé a bheith luaite léi agus, ar an dara dul síos, ní mór di a bheith beacht go leor ionas go bhféadfaí tátal a bhaint aisti maidir leis an éifeacht a d’fhéadfadh a bheith ag an sraith cúinsí sin nó an teagmhas sin ar phraghsanna na n‑ionstraimí airgeadais sin nó ar phraghsanna na n‑ionstraimí airgeadais díorthacha lena mbaineann.

37      Sa chás seo, measann an chúirt a rinne an tarchur go gcomhlíontar an chéad choinníoll dá dtagraítear sa mhír roimhe seo, a mhéid go dtagraíonn an fhaisnéis idir lámha sna príomhimeachtaí do theagmhas, eadhon foilsiú atá le teacht d’ailt phreasa, rud a d’fhéadfaí a bheith ag súil leis go réasúnta go dtarlódh sé. Ar an taobh eile, tá amhras uirthi an gcomhlíontar, sa chás seo, an dara coinníoll dá dtagraítear sa mhír sin roimhe seo. Go háirithe, fiafraíonn sí an gá, ionas go bhféadfaí faisnéis maidir le halt preasa i mbéal a fhoilsithe, agus ag cur san áireamh na príomhghnéithe a leagtar amach san alt sin, a mheas mar “bheacht go leor”, de réir bhrí an dara coinníoll thuasluaite, d’ábhar an ailt a bheith amhlaidh.

38      Maidir leis an dara coinníoll sin, mar thoradh ar chásdlí na Cúirte Breithiúnais, is leor, de réir na brí a thugtar de ghnáth ar na téarmaí a úsáidtear in Airteagal 1(1) de Threoir 2003/124, go bhfuil an fhaisnéis nithiúil nó shonrach go leor chun bheith mar bhonn lena bhféadfaí a mheas an bhfuil na cúinsí go léir nó an teagmhas a luaitear san fhaisnéis sin, mar a luadh i mír 36 den bhreithiúnas seo, in ann éifeacht a bheith acu ar phraghsanna na n‑ionstraimí airgeadais a chlúdaítear leis an bhfaisnéis sin. Dá bhrí sin, de réir na Cúirte Breithiúnais, ní eisítear ón gcoincheap “faisnéis ón taobh istigh” leis an bhforáil sin ach “faisnéisí doiléire nó ginearálta, nach gceadaíonn aon tátal a bhaint astu maidir leis an éifeacht a d’fhéadfadh a bheith acu ar phraghsanna na n‑ionstraimí airgeadais lena mbaineann” (breithiúnas an 11 Márta 2015, Lafonta, C‑628/13, EU:C:2015:162, mír 31).

39      I ndáil leis sin, fiafraíonn an chúirt a rinne an tarchur di féin cé acu an dtagann ráfla, de réir chineál na faisnéise sin, laistigh den chatagóir “faisnéisí doiléire nó ginearálta” de réir bhrí an chásdlí sin, sa tslí nach bhféadfaí faisnéis a bhaineann le halt preasa i mbéal a fhoilsithe lena gcraobhscaoiltear ráfla a cháiliú mar “fhaisnéis ón taobh istigh”.

40      Is iomchuí a thabhairt faoi deara ag an tús go mbaineann an fhaisnéis idir lámha sna príomhimeachtaí, maidir le foilsiú ailt a bhaineann le ráflaí margaidh maidir le tairiscintí táthcheangail a líomhnaíodh a bheith beartaithe, le dhá chineál teagmhas ar leith amach anseo, eadhon, ar an gcéad dul síos, foilsiú na n-alt agus, ar an dara dul síos, cur isteach na dtairiscintí dá dtagraítear sna hailt sin. Mar is léir ó mhír 37 den bhreithiúnas seo, braitheann an chúirt a rinne an tarchur ar an dóchúlacht láidir go dtarlódh teagmhais den chéad chineál chun a mheas go gcomhlíontar an chéad choinníoll dá dtagraítear i mír 36 den bhreithiúnas seo chun go mbeadh faisnéis de chineál beacht, de réir bhrí Airteagal 1(1) de Threoir 2003/6 agus Airteagal 1, pointe 1, de Threoir 2003/124. Ar an taobh eile, maidir leis an dara coinníoll dá dtagraítear i mír 36, tá amhras ar an gcúirt a rinne an tarchur an gceadaítear, leis an mbeachtas leordhóthanach a aithnítear faoin gcéad choinníoll maidir le hailt phreasa i mbéal a bhfoilsithe, leis féin, a chruthú gur dhócha go mbeadh tionchar ag an gcúinse sin ar phraghsanna na n‑ionstraimí airgeadais a chlúdaítear leis an bhfaisnéis sin, sa tslí go gcomhlíonfaí freisin an dara coinníoll, nó nach mór d’ábhar na n-alt idir lámha an ceanglas beachtais sin a chomhlíonadh freisin, sa chás seo maidir le ráflaí margaidh a bhaineann le teacht chun cinn féideartha de theagmhais den dara cineál, eadhon cur isteach na dtairiscintí beartaithe.

41      Is iomchuí a mheas go bhfuil dlúthnasc idir beachtas faisnéise, de réir bhrí na bhforálacha sin, a bhaineann le halt preasa i mbéal a fhoilsithe agus beachtas na faisnéise atá mar ábhar don alt sin. In éagmais aon bheachtas den fhaisnéis atá le foilsiú, ní bheifí in ann aon tátal a bhaint as an bhfaisnéis a bhaineann leis an bhfoilsiú sin maidir leis an éifeacht a d’fhéadfadh a bheith ag a foilsiú ar phraghsanna na n‑ionstraimí airgeadais lena mbaineann i gcomhréir le hAirteagal 1(1) de Threoir 2003/124.

42      Tar éis é sin a shoiléiriú, leanann sé, ar an gcéad dul síos, ó théarmaí Airteagal 1(1) de Threoir 2003/124, ar dá réir a mheastar faisnéis a bheith “de chineál beacht” más rud é, go háirithe, go ndéantar tagairt léi do theagmhas a d’fhéadfaí a bheith ag súil leis go réasúnta go dtarlódh sé agus má tá sí beacht go leor chun tátal a bhaint aisti maidir leis an éifeacht a d’fhéadfadh a bheith ag an teagmhas sin ar phraghsanna na n‑ionstraimí airgeadais lena mbaineann, go bhfuil gá le scrúdú de réir an cháis. Mar sin, ní féidir, go hipitéiseach, beachtas na faisnéise a eisiamh ar an bhfíoras go dtagann sí laistigh de chatagóir d’fhaisnéisí ar leith amhail faisnéisí a bhaineann le hailt phreasa i mbéal a bhfoilsithe lena gcraobhscaoiltear ráflaí margaidh maidir le tairiscintí táthcheangail a d’fhéadfaí a chur isteach, agus ar an bhfíoras sin amháin.

43      Thairis sin, bheadh eisiamh den sórt sin contrártha le cuspóir Threoir 2003/6, mar a leagtar amach ina haithrisí 2 agus 12 é, chun sláine na margaí airgeadais san Aontas a áirithiú agus chun muinín infheisteoirí as na margaí sin a mhéadú, muinín atá bunaithe, go háirithe, ar an bhfíoras go gcuirfear ar comhchéim iad agus go gcosnófar iad i gcoinne úsáid neamhdhleathach d’fhaisnéis ón taobh istigh (breithiúnas an 11 Márta 2015, Lafonta, C‑628/13, EU:C:2015:162, mír 21 agus an cásdlí dá dtagraítear). Is é cuspóir an toirmisc ar dhéileáil chos istigh a leagtar síos in Airteagal 2(1) den Treoir sin, mar sin, comhionannas na bpáirtithe i gconradh maidir le hidirbheart stocmhalartáin a áirithiú trí thoirmeasc a chur ar dhuine acu, a bhfuil faisnéis ón taobh istigh aige agus a bhfuil, dá bhrí sin, buntáiste aige i gcomparáid le hinfheisteoirí eile, leas a bhaint as an bhfaisnéis chun aimhleas na ndaoine nach bhfuil ar an eolas fúithi (breithiúnas an 23 Nollaig 2009, Spector Photo Group v Van Raemdonck, C‑45/08, EU:C:2009:806, mír 48 agus an cásdlí dá dtagraítear).

44      Mar a luaigh an tAbhcóide Ginearálta, go bunúsach, i mír 49 dá Thuairim, d’fhéadfadh sé gur leor, i gcúinsí áirithe, d’infheisteoir a bheith ar an eolas faoi fhoilsiú ráfla atá le teacht chun buntáiste a thabhairt dó thar infheisteoirí eile.

45      Dá bhrí sin, dá gcinnfí nárbh iomchuí faisnéis a cháiliú mar “fhaisnéis ón taobh istigh”, de réir bhrí Airteagal 1, pointe 1, de Threoir 2003/6, ar an bhfíoras amháin go bhfuil baint aici le foilsiú ráfla, d’eisiafaí go leor faisnéisí, ar dhócha go mbeadh éifeacht acu ar phraghsanna na n‑ionstraimí airgeadais lena mbaineann de raon feidhme na Treorach sin agus d‘fhéadfadh rannpháirtithe sna margaí airgeadais a bhfuil na faisnéisí sin acu leas a bhaint astu chun aimhleas na ndaoine sin nach bhfuil ar an eolas fúthu (féach, chuige sin, breithiúnas an 28 Meitheamh 2012, Geltl, C‑19/11, EU:C:2012:397, mír 36 agus an cásdlí dá dtagraítear).

46      Fágann na cúinsí sin nach féidir a chur as an áireamh go bhféadfaí faisnéis a mheas mar fhaisnéis de chineál beacht, de réir bhrí Airteagal 1, pointe 1, de Threoir 2003/6 agus Airteagal 1(1) de Threoir 2003/124, de bhrí amháin go mbaineann sí le halt i mbéal a fhoilsithe maidir le ráfla margaidh.

47      Bíodh sin mar atá, is iomchuí, sa dara háit, scrúdú a dhéanamh ar leibhéal beachtais an ráfla maidir le cur isteach féideartha de thairiscint táthcheangail, d‘fhonn a mheas an gcomhlíonann an fhaisnéis a bhaineann le halt lena gcraobhscaoiltear ráfla mar sin an dara coinníoll dá dtagraítear sa mhír sin, maidir leis an éifeacht a d’fhéadfadh a bheith ag an bhfoilsiú idir lámha ar phraghsanna na n‑ionstraimí airgeadais sin nó na n-ionstraimí airgeadais díorthacha lena mbaineann. Mar sin féin, níor cheart don mheasúnú sin neamhaird a dhéanamh den fhíoras nach gcuirtear beachtas na ráflaí san áireamh d’fhonn a chinneadh an bhfuil siad beacht go leor iontu féin chun go bhféadfaí tátal a bhaint astu maidir leis an éifeacht ar phraghsanna na n‑ionstraimí idir lámha, ach d’fhonn a chinneadh an bhfuil faisnéis a bhaineann le halt i mbéal a fhoilsithe bunaithe ar na ráflaí sin beacht go leor chun go bhféadfaí tátal a baint aisti maidir leis an éifeacht ar na praghsanna is dócha a bheadh ag an bhfoilsiú sin.

48      Cinnte, mar a mhaíonn A, tá méid éiginnteachta ag baint le ráfla. Mar sin féin, is fachtóir í an iontaofacht atá le cinneadh de réir an cháis. Ós rud é go bhfuil creidiúnacht ráfla ábhartha chun a chinneadh an bhfuil faisnéis a bhaineann le halt i mbéal a fhoilsithe maidir leis an ráfla sin beacht go leor chun go bhféadfaí tátal a bhaint aisti maidir leis an éifeacht ar na praghsanna a d’fhéadfadh a bheadh ag an bhfoilsiú sin, ba cheart a chur san áireamh, go háirithe, chun na críche sin, leibhéal beachtais ábhar an ráfla sin agus iontaofacht na foinse lena gcraobhscaoiltear é.

49      Maidir leis sin, ní féidir faisnéis ina bhfuil eilimintí amhail na heilimintí a leagtar amach sna ráflaí a luaitear sna hailt phreasa idir lámha sna príomhimeachtaí, lena léirítear ainm eisitheoir na n‑ionstraimí airgeadais lena mbaineann agus téarmaí na tairisceana táthcheangail a bhfuiltear ag súil léi, a cháiliú mar “f[h]aisnéisí doiléire nó ginearálta, nach gceadaíonn aon tátal a bhaint astu maidir leis an éifeacht a d’fhéadfadh a bheith acu ar phraghsanna na n‑ionstraimí airgeadais lena mbaineann”, de réir bhrí an chásdlí dá dtagraítear i mír 38 den bhreithiúnas seo.

50      Sa chomhthéacs sin, is dócha go mbeadh tionchar ag an tagairt, mar chuid de ráfla a bhaineann le tairiscint táthcheangail maidir le hurrúis eisitheora ionstraimí airgeadais, don phraghas arna mholadh chun na hurrúis sin a cheannach ar mheasúnú ar bheachtas na faisnéise idir lámha. Mar sin féin, níl tagairt den sórt sin riachtanach chun faisnéis a bhaineann leis an ráfla sin a cháiliú mar “bheacht”, ós rud é go n‑áirítear inti eilimintí eile a bhaineann leis an tairiscint táthcheangail sin. Mar a shonraigh an tAbhcóide Ginearálta i mír 51 dá Thuairim, áirítear i dtairiscint mar sin, mar riail ghinearálta, préimh tháthcheangail ar an scairphraghas, lena gcumasófar don mhargadh meastachán a dhéanamh ar an éifeacht fhéideartha ar an bpraghas sin.

51      Chomh maith le hábhar an ailt preasa lena mbaineann, d’fhéadfadh fachtóirí eile cur le beachtas faisnéise a bhaineann leis an alt sin i mbéal a fhoilsithe chun measúnú a dhéanamh ar an éifeacht fhéideartha ar phraghsanna na n‑ionstraimí airgeadais sin nó ar phraghsanna na n‑ionstraimí airgeadais díorthacha lena mbaineann. I ndáil leis sin, d’fhéadfaí a mheas go bhfuil clú an iriseora a scríobh na hailt phreasa agus clú na heagraíochta preasa a d’áirithigh foilsiú na n‑alt sin cinntitheach, de réir imthosca an cháis, ós rud é gur féidir, leis na fachtóirí sin, measúnú a dhéanamh ar chreidiúnacht na ráflaí dá dtagraítear, agus d’fhéadfadh na hinfheisteoirí, i gcás inarb iomchuí, ceapadh gur tháinig siad ó fhoinsí a mheasann an t‑iriseoir sin agus an eagraíocht meán sin a bheith iontaofa.

52      Dá bhrí sin, i gcás ina gcuirtear daoine áirithe ar an eolas go mbeidh an fhaisnéis dá dtagraítear i mír 50 den bhreithiúnas seo mar chuid d’alt preasa atá i mbéal a fhoilsithe agus, i gcás inarb iomchuí, ar an eolas faoi chéannacht údar an ailt sin agus na heagraíochta preasa a áiritheoidh a fhoilsiú, tá na fachtóirí sin, toisc go gclaonann siad i dtreo chreidiúnacht an ráfla atá le craobhscaoileadh in alt preasa a neartú, ábhartha d’fhonn measúnú a dhéanamh an bhfuil an fhaisnéis a bhaineann le halt mar sin atá i mbéal a fhoilsithe beacht go leor chun go bhféadfaí tátal a bhaint aisti maidir leis an éifeacht ar phraghsanna a d’fhéadfadh eascairt as an bhfoilsiú sin.

53      Thairis sin, fiafraíonn an chúirt a rinne an tarchur an fachtóir ábhartha é an tionchar suntasach iarbhír (ex post) d’fhoilseachán ar phraghsanna na n‑urrús lena mbaineann chun measúnú a dhéanamh ar bheachtas na faisnéise a bhaineann leis an bhfoilseachán sin.

54      I ndáil leis sin, ba cheart a mheabhrú, maidir leis an gceathrú gné den sainmhíniú ar “fhaisnéis ón taobh istigh”, mar a leagtar amach in Airteagal 1, pointe 1, de Threoir 2003/6 í, is í sin gur dhócha go mbeadh tionchar suntasach ag an bhfaisnéis, dá bpoibleofaí í, ar phraghsanna na n‑ionstraimí airgeadais lena mbaineann, luaitear in aithris 2 de Threoir 2003/124 go bhféadfar an fhaisnéis atá ar fáil ex post a úsáid chun an toimhde go bhfuil praghsanna íogair don fhaisnéis atá ar fáil ex ante a fhíorú ach nach bhféadfar í a úsáid chun ionchúiseamh a thabhairt i gcoinne duine a líomhnaítear gur bhain sé tátail réasúnacha as an bhfaisnéis a bhí aige ex ante.

55      Ní mór a mheas, mar riail ghinearálta, go gcomhlíonann faisnéis ar dhócha, dá bpoibleofaí í, go mbeadh tionchar suntasach aici ar phraghsanna na n‑urrús lena mbaineann, an chéad ghné den sainmhíniú sin, eadhon go bhfuil an fhaisnéis de chineál beacht toisc, i bprionsabal, nach bhféadfadh le foilsiú faisnéise tionchar den sórt sin a bheith aige mura raibh an fhaisnéis sin den chineál sin inti féin.

56      Dá bhrí sin, d’fhéadfadh an tionchar iarbhír d’fhoilseachán ar phraghsanna na n‑urrús dá dtagraítear san fhoilseachán sin a bheith mar fhianaise ex post de bheachtas na faisnéise a bhaineann leis an bhfoilseachán sin. Ar an taobh eile, ní leor ann féin a dheimhniú, in éagmais scrúdú a dhéanamh ar fhachtóirí eile ab eol nó a nochtar roimh an bhfoilsiú sin, beachtas den sórt sin.

57      Mar thoradh ar an méid roimhe seo, is é an freagra ar an gcéad cheist ná nach mór Airteagal 1, pointe 1, de Threoir 2003/6 a léirmhíniú sa chaoi, chun faisnéis ón taobh istigh a cháiliú, go bhféadfadh a bheith mar fhaisnéis de “chineál beacht”, de réir bhrí na forála sin agus Airteagal 1(1) de Threoir 2003/124, faisnéis a bhaineann le halt preasa i mbéal a fhoilsithe lena gcraobhscaoiltear ráfla margaidh maidir le heisitheoir ionstraimí airgeadais agus tá sé ábhartha, chun an beachtas sin a mheas, a mhéid a chuirtear in iúl iad roimh an bhfoilsiú sin, go luaitear san alt preasa sin an praghas ar a gceannófaí urrúis an eisitheora sin i gcomhthéacs tairiscint táthcheangail a d’fhéadfadh a bheith ann chomh maith le céannacht an iriseora a scríobh an t-alt sin agus céannacht na heagraíochta preasa a d’áirithigh a fhoilsiú. Maidir le tionchar iarbhír an fhoilsithe sin ar phraghsanna na n‑urrús lena mbaineann sé, cé go bhféadfadh sé a bheith ina fhianaise ex post ar bheachtas na faisnéise sin, ní leor ann féin é, in éagmais scrúdú a dhéanamh ar fhachtóirí eile ab eol nó a nochtadh roimh an bhfoilsiú sin, chun beachtas mar sin a chruthú.

 An dara ceist go dtí an ceathrú ceist

 Réamhbharúlacha

58      Baineann an dara, tríú agus ceathrú ceist le léirmhíniú ar Airteagail 10 agus 21 de Rialachán Uimh. 596/2014, a glacadh tar éis na bhfíoras idir lámha sna príomhimeachtaí. Tá an chúirt a rinne an tarchur den tuairim, áfach, nach bhfuil forálacha Airteagal 21 chomh dian leis na cinn i dTreoir 2003/6, a bhí i bhfeidhm tráth na bhfíoras sin agus gur cheart, dá bhrí sin, feidhm chúlghabhálach a bheith aige maidir leis na fíorais sin. De réir na cúirte sin, tugann an tAirteagal sin córas sonrach isteach, nach bhforáiltear dó i dTreoir 2003/6, atá beartaithe, go háirithe, chun tréithriú an tsáraithe arb é atá ann nochtadh neamhdhleathach faisnéise ón taobh istigh a shrianadh i gcás ina dtarlaíonn an nochtadh chun críoch iriseoireachta.

59      I ndáil leis sin, mar a luaigh an tAbhcóide Ginearálta i mír 68 dá Thuairim, chun a mheas cé acu an bhfuil nó nach bhfuil forálacha Airteagal 21 de Rialachán Uimh. 596/2014 níos boige, sa réimse lena mbaineann, ná na forálacha a leagtar síos i dTreoir 2003/6, sa tslí go mbeadh feidhm iarbhír acu sna príomhimeachtaí (féach, chuige sin, breithiúnas an 6 Deireadh Fómhair 2015, Delvigne, C-650/13, EU:C:2015:648, mír 53), braitheann sé ar an tslí a léirmhínítear an tAirteagal sin. Ina theannta sin, má chomhfhreagraíonn Airteagal 10 den Rialachán sin d’Airteagal 3(a) de Threoir 2003/6 agus nach féidir a mheas, mar sin, go leagtar síos leis riail níos boige ná an riail a leagtar síos san fhoráil dheireanach, leanann sé ón tagairt d’Airteagal 10 a rinneadh in Airteagal 21 go bhfuil dlúthnasc idir forálacha na nAirteagal sin agus nach féidir iad a chur i bhfeidhm go leithleach. Dá bhrí sin, ní féidir a ghlacadh ar dtús go bhfuil an bhrí agus an raon feidhme ceannann céanna ag Airteagal 10 den Rialachán sin agus atá ag Airteagal 3 den Treoir sin, maidir le nochtadh faisnéise ón taobh istigh ag iriseoir.

60      Sna dálaí sin, tagann an cheist maidir le hinfheidhmeacht Airteagail 10 agus 21 de Rialachán Uimh. 596/2014 sna príomhimeachtaí faoi raon an scrúdaithe ar shubstaint an dara, an tríú agus an ceathrú ceist (féach, de réir analaí, breithiúnas an 28 Deireadh Fómhair 2021, Komisia za protivodeystvie na koruptsiyata i za otnemane na nezakonno pridobitoto imushtestvo, C‑319/19, EU:C:2021:883, mír 25 agus an cásdlí dá dtagraítear).

 Substaint an cháis

–       An dara ceist

61      Lena dara ceist, fiafraíonn an chúirt a rinne an tarchur, go bunúsach, an gcaithfear Airteagal 21 de Rialachán Uimh. 596/2014 a léirmhíniú sa chaoi gur “chun [críoch] iriseoireachta”, de réir bhrí an Airteagail sin, nochtadh ag iriseoir, do cheann dá ghnáthfhoinsí faisnéise, d’fhaisnéis a bhaineann le halt preasa i mbéal a fhoilsithe a scríobh sé lena gcraobhscaoiltear ráfla margaidh.

62      Is léir ó Airteagal 21 de Rialachán Uimh. 596/2014 go bhfuil an nochtadh sin le measúnú, chun críocha, go háirithe, Airteagal 10 den Rialachán sin, a bhaineann le nochtadh neamhdhleathach faisnéise ón taobh istigh, i gcás ina nochtar an fhaisnéis chun críoch iriseoireachta nó chun críoch modhanna eile de léiriú tuairimíochta sna meáin, agus na rialacha lena rialaítear saoirse an phreasa agus an tsaoirse chun tuairimí a nochtadh sna meáin eile á gcur san áireamh chomh maith leis na rialacha nó cóid lena rialaítear gairm an iriseora, mura bhaineann an duine a rinne an nochtadh nó na daoine a bhfuil dlúthbhaint acu leis an nochtadh sin leas as, go díreach nó go hindíreach, nó mura raibh sé ar intinn ag an duine sin, leis an nochtadh sin, an margadh a chur ar míthreoir.

63      D’fhonn a chinneadh an gclúdaíonn nochtadh “chun [críoch] iriseoireachta”, de réir bhrí Airteagal 21, cás ina nochtann iriseoir faisnéis do cheann dá ghnáthfhoinsí faisnéise nó nach mbaineann sé ach le cumarsáid a dhéanamh leis an bpobal, bíodh sin sa phreas nó i meáin eile, is iomchuí a mheabhrú gur gá, agus foráil de dhlí an Aontais á léirmhíniú, ní hamháin téarmaí na forála sin a chur san áireamh, ach freisin an comhthéacs ina bhfuil sí suite agus aidhmeanna agus cuspóirí an ghnímh a bhfuil sí mar pháirt dó.

64      Maidir le foclaíocht Airteagal 21 de Rialachán Uimh. 596/2014, ba cheart a thabhairt faoi deara go dtagraíonn na focail “chun [críoch] iriseoireachta” do nochtadh faisnéise a dhéantar leis an gcuspóir d’iriseoireacht a chleachtadh agus, dá bhrí sin, ní hamháin nochtadh faisnéise lena bhfoilsítear faisnéis mar sin ach freisin nochtadh atá mar chuid den phróiseas as a dtagann foilsiú den sórt sin.

65      Maidir le comhthéacs agus aidhmeanna Rialachán Uimh. 596/2014, eascraíonn sé óna aithris 2 go bhféachtar leis an Rialachán sin le sláine na margaí airgeadais a áirithiú trí dhrochúsáid mhargaidh a thoirmeasc, amhail déileáil chos istigh agus nochtadh neamhdhleathach faisnéise ón taobh istigh. Is léir freisin ó aithris 77 den Rialachán sin go bhfuil an cuspóir sin le cur i gcrích i gcomhréir leis na cearta bunúsacha agus na prionsabail dá bhforáiltear sa Chairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh (“an Chairt”), go háirithe saoirse an phreasa agus an tsaoirse chun tuairimí a nochtadh sna meáin eile, mar a ráthaítear iad san Aontas agus sna Ballstáit agus mar a leagtar amach in Airteagal 11 den Chairt iad agus dá dtagraítear, ina theannta sin, in Airteagal 21 de Rialachán Uimh. 596/2014.

66      D’fhonn tábhacht na saoirsí bunúsacha sin in aon sochaí dhaonlathach a chur san áireamh, is iomchuí na coincheapa a bhaineann leo, lena n‑áirítear an coincheap “[críoch] iriseoireachta”, a léirmhíniú go leathan (féach, de réir analaí, breithiúnas an 14 Feabhra 2019, Buivids, C‑345/17, EU:C:2019:122, mír 51 agus an cásdlí dá dtagraítear).

67      Thairis sin, d’fhonn Airteagal 11 den Chairt a léirmhíniú, is iomchuí, de bhun Airteagal 52(3) den Chairt, cásdlí na Cúirte Eorpaí um Chearta an Duine maidir le hAirteagal 10 den Choinbhinsiún Eorpach chun Cearta an Duine agus Saoirsí Bunúsacha a Chosaint, arna shíniú sa Róimh an 4 Samhain 1950, a chur san áireamh (féach, chuige sin, breithiúnas an 14 Feabhra 2019, Buivids, C‑345/17, EU:C:2019:122, mír 65 agus an cásdlí dá dtagraítear).

68      Is léir ón gcásdlí sin go bhfuil ní hamháin na foilseacháin ach na gníomhaíochtaí ullmhúcháin d’fhoilsiú freisin, amhail bailiú faisnéise agus gníomhaíochtaí taighde agus fiosrúcháin d’iriseoir, ina ngnéithe bunúsacha de shaoirse an phreasa, mar a fhoráiltear di in Airteagal 10 den Choinbhinsiún sin, agus go gcosnaítear iad, dá réir sin (féach, chuige sin, ECtHR, an 25 Aibreán 2006, Dammann v. an Eilvéis, CE:ECHR:2006:0425JUD007755101, § 52, agus ECtHR, an 27 Meitheamh 2017, Satakunnan Markkinapörssi Oy agus Satamedia Oy v. an Fhionlainn, CE:ECHR:2017:0627JUD000093113, § 128).

69      Dá bhrí sin, más é aidhm dheiridh na gníomhaíochta iriseoireachta faisnéis a chur in iúl don phobal, is iomchuí a mheas go bhféadfadh é a bheith mar nochtadh faisnéise chun críoch iriseoireachta, de réir bhrí Airteagal 21 de Rialachán Uimh. 596/2014, nochtadh atá beartaithe chun an ghníomhaíocht sin a dhéanamh, lena n-áirítear gníomhaíocht a dhéantar i gcomhthéacs na réamhoibre fiosrúcháin a dhéanann iriseoir don fhoilsiú.

70      Maidir leis na príomhimeachtaí, d’fhéadfadh sé sin a bheith ann, go háirithe, maidir leis an gcás, mar a chuir an chúirt a rinne an tarchur in iúl, ina bhfuil nochtadh na faisnéise maidir le halt i mbéal a fhoilsithe beartaithe chun fíorú a dhéanamh ar an ráfla is ábhar don alt sin nó chun soiléiriú a fháil maidir leis, bíodh an duine ar a ndíríonn an nochtadh sin foinse an ráfla sin nó ná bíodh Is faoin gcúirt sin atá sé a chinneadh arbh é sin an cás iarbhír sa chás idir lámha.

71      I bhfianaise an mhéid roimhe seo, is é an freagra ar an dara ceist ná nach mór Airteagal 21 de Rialachán Uimh. 596/2014 a léirmhíniú sa chaoi gur “chun [críoch] iriseoireachta”, de réir bhrí an Airteagail sin, nochtadh ag iriseoir, do cheann dá ghnáthfhoinsí faisnéise, d’fhaisnéis a bhaineann le halt preasa i mbéal a fhoilsithe a scríobh sé lena gcraobhscaoiltear ráfla margaidh, i gcás ina raibh an nochtadh sin riachtanach chun gníomhaíochtaí iriseoireachta a chleachtadh go héifeachtach, lena n‑áirítear réamhobair fiosrúcháin d’fhoilseacháin.

–       An tríú agus an ceathrú ceist

72      Lena tríú agus a ceathrú ceist, a dhéanfar a mheas le chéile, fiafraíonn an chúirt a rinne an tarchur, go bunúsach, an gcaithfear Airteagail 10 agus 21 de Rialachán Uimh. 596/2014 a léirmhíniú sa chaoi go mbraitheann dleathacht nó neamhdhleathacht nochtadh faisnéise ón taobh istigh ag iriseoir chun críoch iriseoireachta ar cé acu a rinneadh nó nach ndearnadh é mar chuid de ghnáthfheidhmiú ghairm an iriseora.

73      Foráiltear le hAirteagal 10(1) de Rialachán Uimh. 596/2014 go dtarlaíonn nochtadh neamhdhleathach faisnéise ón taobh istigh, a thoirmisctear faoi Airteagal 14(c) den Rialachán sin, i gcás ina nochtann duine a shealbhaíonn faisnéis ón taobh istigh an fhaisnéis sin d’aon duine eile, ach amháin i gcás ina ndéantar an nochtadh i ngnáthfheidhmiú fostaíochta, gairme nó dualgas.

74      Ós rud é go leagtar amach an sainmhíniú sin ar nochtadh neamhdhleathach faisnéise ón taobh istigh in Airteagal 10 “[chun críoch] an Rialacháin sin [Uimh. 596/2014]”, ní mór a mheas go bhfuil sé infheidhme maidir leis na cásanna dá dtagraítear in Airteagal 21 den Rialachán sin. Dearbhaítear an méid sin le foclaíocht na forála deireanaí sin, a bhaineann le measúnú ar nochtadh faisnéise ón taobh istigh chun críoch iriseoireachta chun críocha, go háirithe, Airteagal 10 den Rialachán sin.

75      Dá bhrí sin, ní bonn neamhspleách é Airteagal 21 de Rialachán Uimh. 596/2014, de mhaolú ar Airteagal 10 den Rialachán sin, chun a chinneadh an bhfuil nochtadh faisnéise ón taobh istigh chun críoch iriseoireachta dleathach nó neamhdhleathach. Ní mór cinneadh den sórt sin a bhunú ar Airteagal 10, agus na sonraí a leagtar amach in Airteagal 21 á gcur san áireamh.

76      Maidir leis sin, is iomchuí a thabhairt faoi deara go bhfreagraíonn Airteagal 10(1) de Rialachán Uimh. 596/2014, arna léamh i gcomhar le hAirteagal 14(c) den Rialachán sin, go bunúsach d’Airteagal 3(a) de Threoir 89/592/CEE ón gComhairle an 13 Samhain 1989 maidir le comhordú na rialachán a bhaineann le déileáil chos istigh (IO 1989 L 334, lch. 30) agus Airteagal 3(a) de Threoir 2003/6, agus chuir na forálacha de cheangal ar na Ballstáit nochtadh faisnéise ón taobh istigh a thoirmeasc. Go háirithe, trína fhoráil nach bhfuil nochtadh faisnéise ón taobh istigh neamhdhleathach i gcás ina dtarlaíonn sé i ngnáthfheidhmiú fostaíochta, gairme nó dualgas, tá an eisceacht chéanna in Airteagal 10 de Rialachán Uimh. 596/2014 maidir le toirmeasc ar fhaisnéis ón taobh istigh a nochtadh agus atá sna forálacha sin de na Treoracha sin.

77      Thairis sin, mar a eascraíonn sé, go háirithe, óna aithris 2, dírítear le Rialachán Uimh. 596/2014 go háirithe, cosúil leis na Treoracha thuasluaite a tháinig roimhe, ar shláine na margaí airgeadais a chosaint agus muinín na n-infheisteoirí a mhéadú, muinín atá bunaithe, go háirithe, ar an bhfíoras go gcuirfear ar comhchéim iad agus go gcosnófar iad i gcoinne úsáid neamhdhleathach d’fhaisnéis ón taobh istigh (féach, chuige sin, breithiúnas an 23 Nollaig 2009, Spector Photo Group agus Van Raemdonck, C‑45/08, EU:C:2009:806, mír 47 agus an cásdlí dá dtagraítear).

78      Dá bhrí sin, leagtar amach, leis an eisceacht dá bhforáiltear in Airteagal 10(1) de Rialachán Uimh. 596/2014, amhail an eisceacht dá dtagraítear in Airteagal 3(a) de Threoir 89/592, an coinníoll nach mór dlúthnasc a bheith ann idir nochtadh faisnéise ón taobh istigh agus feidhmiú fostaíochta, gairme nó dualgais chun údar a thabhairt le nochtadh den sórt sin. Ní mór, i bprionsabal, an eisceacht a léirmhíniú go docht; mar ní bheidh nochtadh na faisnéise ón taobh istigh dleathach ach amháin má tá fíorghá leis don chleachtadh sin agus má chomhlíonann sé prionsabal na comhréireachta, mar a leag an Chúirt Bhreithiúnais síos ina breithiúnas an 22 Samhain 2005, Grøngaard agus Bang (C‑384/02, EU:C:2005:708, míreanna 31 agus 34).

79      Bíodh sin mar atá, is iomchuí a mheabhrú, sa chás ba bhun leis an mbreithiúnas seo, gurbh iad na daoine a nocht an fhaisnéis ón taobh istigh idir lámha, faoi seach, ionadaí ar na fostaithe ar bhord cuideachta, a bhí mar chomhalta den choiste ceangail grúpa gnóthas chomh maith, agus cathaoirleach ar cheardchumann gairmiúil.

80      I gcás ina nochtann iriseoir faisnéis ón taobh istigh “chun [críoch] iriseoireachta”, de réir bhrí Airteagal 21 de Rialachán Uimh. 596/2014, ní mór an eisceacht sin a léirmhíniú, mar a luaitear, go bunúsach, i míreanna 65 agus 66 den bhreithiúnas seo, ar shlí a gcosnóidh éifeachtacht na forála sin ag féachaint dá cuspóir, mar a leagtar amach freisin in aithris 77 den Rialachán sin é, eadhon urraim a thabhairt do shaoirse an phreasa agus don tsaoirse chun tuairimí a nochtadh sna meáin eile, a ráthaítear, go háirithe, le hAirteagal 11 den Chairt (féach, mar analaí, breithiúnas an 29 Iúil 2019, Spiegel Online, C‑516/17, EU:C:2019:625, mír 55).

81      Dá bhrí sin, ní mór an ceanglas, a eascraíonn as Airteagal 10 de Rialachán Uimh. 596/2014, eadhon nach mór don nochtadh den sórt sin a bheith riachtanach d’fheidhmiú ghairm an iriseora agus a bheith comhréireach, a mheasúnú agus é á chur san áireamh nach mór Airteagal 10, a mhéid go bhfuil sé ina shrian ar an gceart bunúsach a ráthaítear in Airteagal 11 den Chairt, a léirmhíniú i gcomhréir leis na ceanglais a fhorchuirtear le hAirteagal 52(1) den Chairt.

82      Mar sin, maidir leis an gceanglas, sa chéad áit, go gcaithfidh nochtadh den sórt sin a bheith riachtanach le haghaidh cur i gcrích gníomhaíocht iriseoireachta, lena n‑áirítear, mar a tugadh le fios i mír 71 den bhreithiúnas seo, réamhobair fiosrúcháin do na foilseacháin, is iomchuí aird a thabhairt, go háirithe, ar an ngá don iriseoir an fhaisnéis a bhfuil sé tagtha uirthi a fhíorú.

83      Dá bhrí sin, mar a luaigh an tAbhcóide Ginearálta, go bunúsach, i mír 97 dá Thuairim, dá mba rud é go ndearnadh nochtadh amhail an nochtadh idir lámha sna príomhimeachtaí d’fhonn alt preasa a fhoilsiú, is gá a fhiosrú an ndeachaigh an nochtadh sin thar an méid a bhí riachtanach chun an fhaisnéis san alt sin a fhíorú. Go háirithe, maidir le faisnéis a bhaineann le ráfla margaidh a fhíorú, tá sé tábhachtach a scrúdú, i gcás inarb iomchuí, an raibh gá ag an iriseoir an ráfla sin a nochtadh do thríú páirtí, chomh maith le hábhar an ráfla idir lámha sa cháil sin, faisnéis shonrach a bhain le halt i mbéal a fhoilsithe lena gcraobhscaoiltear an ráfla sin.

84      Sa dara háit, d’fhonn a chinneadh an bhfuil nochtadh den sórt sin comhréireach, de réir bhrí Airteagal 10 de Rialachán Uimh. 596/2014, is iomchuí a scrúdú an mbeadh an srian ar shaoirse an phreasa a d’eascródh as an toirmeasc ar nochtadh den sórt sin iomarcach i ndáil leis an dochar a d’fhéadfadh nochtadh den sórt sin a dhéanamh do shláine na margaí airgeadais.

85      I measc na dtosca atá le cur san áireamh agus an measúnú sin á dhéanamh, is iomchuí aird a thabhairt, ar an gcéad dul síos, ar an éifeacht athchomhairleach a d’fhéadfadh a bheith ag toirmeasc den sórt sin ar chleachtadh gníomhaíochtaí iriseoireachta, lena n‑áirítear réamhobair fiosrúcháin.

86      Ar an dara dul síos, is iomchuí a fhíorú freisin, agus an nochtadh lena mbaineann á dhéanamh, ar ghníomhaigh an t‑iriseoir i gcomhréir leis na rialacha agus cóid lena rialaítear a ghairm, dá dtagraítear in Airteagal 21 de Rialachán Uimh. 596/2014. Mar sin féin, mar a luaigh an tAbhcóide Ginearálta i mír 103 dá Thuairim, ní féidir teacht ar an gconclúid, arna bunú ar chomhlíonadh na rialacha agus na gcód sin iontu féin, go raibh nochtadh faisnéise ón taobh istigh comhréireach, de réir bhrí Airteagal 10 de Rialachán Uimh. 596/2014.

87      Ar an tríú dul síos, mar a thagair an tAbhcóide Ginearálta dó i mír 100 dá Thuairim, is iomchuí na héifeachtaí diúltacha ar shláine na margaí airgeadais mar gheall ar an nochtadh faisnéise ón taobh istigh idir lámha a chur san áireamh freisin. Go háirithe, a mhéid a rinneadh an déileáil chos istigh mar thoradh ar an nochtadh sin, is dócha go n‑eascródh caillteanais airgeadais as sin d’infheisteoirí eile agus, sa mheántéarma, go gcaillfí muinín sna margaí airgeadais.

88      Is léir ón méid sin go ndéanann nochtadh faisnéise ón taobh istigh dochar ní hamháin do leasanna príobháideacha infheisteoirí áirithe ach freisin, ar bhonn níos ginearálta, do leas an phobail ó thaobh trédhearcacht iomlán agus leordhóthanach an mhargaidh a áirithiú, chun sláine an mhargaidh a chosaint agus muinín na n‑infheisteoirí go léir a áirithiú, mar a luaitear i mír 77 den bhreithiúnas seo. Dá bharr sin, is faoin gcúirt a rinne an tarchur freisin atá sé a chur san áireamh go bhféadfadh an leas poiblí a bhí mar chuspóir ag an nochtadh sin a bheith i gcoinne ní hamháin leasanna príobháideacha, ach freisin leas den sórt céanna (féach, de réir analaí, ECtHR, an 10 Nollaig 2007, Stoll v. an Eilvéis, CE:ECHR:2007:1210JUD006969801, § 116).

89      I bhfianaise an mhéid roimhe seo, is é an freagra ar an tríú agus ar an gceathrú ceist ná nach mór Airteagail 10 agus 21 de Rialachán Uimh. 596/2014 a léirmhíniú sa chaoi go bhfuil nochtadh faisnéise ón taobh istigh ag iriseoir dleathach i gcás nach mór a mheas go bhfuil sé riachtanach chun a ghairm a chleachtadh agus go gcomhlíonann sé prionsabal na comhréireachta.

 Costais

90      Ós rud é, a mhéid a bhaineann sé leis na príomhpháirtithe sna príomhimeachtaí, go bhfuil na himeachtaí mar chéim sa chás os comhair na cúirte a rinne an tarchur, baineann ceist na gcostas leis an gcúirt sin. Níl na costais a tabhaíodh trí bharúlacha a cuireadh faoi bhráid na Cúirte, seachas costais na bpáirtithe sin, inghnóthaithe.

Ar na forais sin, rialaíonn an Chúirt Bhreithiúnais (an Mór‑Dhlísheomra) mar seo a leanas:

1.      Ní mór Airteagal 1(1) de Threoir 2003/6/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 28 Eanáir 2003 maidir le déileáil chos istigh agus cúbláil mhargaidh (drochúsáid mhargaidh) a léirmhíniú sa chaoi, d’fhonn faisnéis ón taobh istigh a cháiliú, go bhféadfadh a bheith mar fhaisnéis de “chineál beacht”, de réir bhrí na forála sin agus Airteagal 1(1) de Threoir 2003/124/CE ón gCoimisiún an 22 Nollaig 2003 lena gcuirtear chun feidhme Treoir 2003/6 maidir le faisnéis ón taobh istigh a shainmhíniú agus a nochtadh go poiblí agus le cúbláil mhargaidh a shainmhíniú, faisnéis a bhaineann le halt preasa i mbéal a fhoilsithe lena gcraobhscaoiltear ráfla margaidh maidir le heisitheoir ionstraimí airgeadais agus tá sé ábhartha, chun an beachtas sin a mheas, a mhéid a chuirtear in iúl iad roimh an bhfoilsiú sin, go luafar san alt preasa sin an praghas ar a gceannófaí urrúis an eisitheora sin i gcomhthéacs tairiscint táthcheangail a d’fhéadfadh a bheith ann chomh maith le céannacht an iriseora a scríobh an talt sin agus céannacht na heagraíochta preasa a d’áirithigh a fhoilsiú. Maidir le tionchar iarbhír an fhoilsithe sin ar phraghsanna na n-urrús lena mbaineann sé, cé go bhféadfadh sé a bheith ina fhianaise ex post ar bheachtas na faisnéise sin, ní leor ann féin é, in éagmais scrúdú a dhéanamh ar fhachtóirí eile ab eol nó a nochtadh roimh an bhfoilsiú sin, chun beachtas mar sin a chruthú.

2.      Ní mór Airteagal 21 de Rialachán (AE) Uimh. 596/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Aibreán 2014 maidir le drochúsáid mhargaidh (an rialachán maidir le drochúsáid mhargaidh) agus lena naisghairtear Treoir 2003/6 agus Treoracha 2003/124/CE, 2003/125/CE agus 2004/72/CE ón gCoimisiún a léirmhíniú sa chaoi gur “chun [críoch] iriseoireachta”, de réir bhrí an Airteagail sin, nochtadh ag iriseoir, do cheann dá ghnáthfhoinsí faisnéise, d’fhaisnéis a bhaineann le halt preasa i mbéal a fhoilsithe a scríobh sé lena gcraobhscaoiltear ráfla margaidh, i gcás ina raibh an nochtadh sin riachtanach chun gníomhaíocht iriseoireachta a chleachtadh go héifeachtach, lena n-áirítear réamhobair fiosrúcháin d’fhoilseacháin.

3.      Ní mór Airteagail 10 agus 21 de Rialachán Uimh. 596/2014 a léirmhíniú sa chaoi go bhfuil nochtadh faisnéise ón taobh istigh ag iriseoir dleathach i gcás nach mór a mheas go bhfuil sé riachtanach chun a ghairm a chleachtadh agus go gcomhlíonann sé prionsabal na comhréireachta.

Sínithe:


*      Teanga an cháis: an Fhraincis