Language of document :

Iarraidh ar réamhrialú ó Tribunal Superior de Justicia de Madrid (an Spáinn) a taisceadh an 12 Deireadh Fómhair 2023 – XXX v Instituto Nacional de la Seguridad Social (INSS)

(Cás C-626/23, Sergamo) 1

Teanga an cháis: an Spáinnis

An chúirt a rinne an tarchur

Tribunal Superior de Justicia de Madrid

Páirtithe sna príomhimeachtaí

Iarratasóir: XXX

Cosantóir: Instituto Nacional de la Seguridad Social (INSS)

An cheist a tharchuirtear:

Maidir le Treoir 79/7/CEE ón gComhairle an 19 Nollaig 1978 maidir le prionsabal na córa comhionainne idir fir agus mná i gcúrsaí slándála sóisialta a chur chun feidhme de réir a chéile 1 agus le hAirteagail 20, 21, 23 agus 34(1) den Chairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh, an bhfuil léiriú le déanamh amhail go gcuirtear cosc leo ar reachtaíocht náisiúnta, ar nós na reachtaíochta atá faoi chonspóid sna príomhimeachtaí, lena mbunaítear go bhfuil an ceart chun forlíonadh pinsin a fháil ag faighteoirí pinsean seanaoise ranníocach a raibh clann fola nó uchtaithe acu, fad a dheonaítear é go huathoibríoch do mhná, bíodh is nach mór d’fhir a bheith ina bhfaighteoirí pinsin baintrí fir de dheasca bhás an tuismitheora eile agus nach mór do dhuine amháin den chlann a bheith ina phinsinéir dílleachta, nó nach mór idirscor gairme nó dochar a bheith déanta dá ngairm bheatha ghairmiúil (de réir mar a fhoráiltear dó leis an dlí agus mar a dhéantar cur síos air thuas) mar gheall ar bhreith nó mar gheall ar uchtú an duine chlainne?

____________

1 Is ainm dlítheanach é ainm an cháis seo. Ní thagraítear leis d’fhíorainm aon cheann de na páirtithe sna himeachtaí.

1 IO 1979 L 6.