Language of document : ECLI:EU:C:2022:357

Eagrán sealadach

TUAIRIM AN ABHCÓIDE GHINEARÁLTA

COLLINS

arna tabhairt an 5 Bealtaine 2022(1)

Cás C646/20

Senatsverwaltung für Inneres und Sport, Standesamtsaufsicht

v

TB,

páirtithe uamtha:

Standesamt Mitte von Beirlín,

RD

(Iarraidh ar réamhrialú ón Bundesfinanzhof (an Chúirt Chónaidhme Fhioscach, an Ghearmáin))

(Tarchur chun réamhrialú – Comhar breithiúnach in ábhair shibhialta – Bearta a bhaineann leis an dlí teaghlaigh – Dlínse, aithint agus forghníomhú cinntí breithiúnacha, – Rialachán (CE) Uimh. 2201/2003 – Ábhair maidir le pósadh agus freagracht tuismitheora – Ionstraimí barántúla agus comhaontuithe – Díscaoileadh nasc pósta tar éis dearbhú arna dhéanamh os comhair chláraitheoir sibhialta na hIodáile)






I.      Réamhrá

1.        Tá buntáiste doshéanta ag baint le bearta atá ceaptha aitheantas uathoibríoch a thabhairt d’athruithe ar stádas sibhialta ar fud an Aontais Eorpaigh do shaoránaigh an Aontais a fheidhmíonn na cearta chun saorghluaiseachta a bhronntar orthu leis na Conarthaí. De réir mar a leathnaíonn reachtas an Aontais na réimsí a chumhdaítear leis na bearta sin, baineann gnéithe den dlí lena rialaítear stádas sibhialta daoine sna Ballstáit éagsúla lena léiriú agus lena gcur i bhfeidhm. Níor chóir go mbeadh aon ionadh faoin tuiscint go bhfuil difríochtaí tuairim maidir leis an méid a thagann agus nach dtagann faoi réim raon feidhme beart ar leith dá bhrí sin. Is aitheantas uathoibríoch sa Ghearmáin ar cholscaradh de thoil a chéile a fuarthas trí nós imeachta neamhbhreithiúnach faoi dhlí na hIodáile an comhthéacs anseo. I dtéarmaí níos beaichte, leis an tarchur seo chun réamhrialú, iarrann Bundesgerichtshof (an Chúirt Bhreithiúnais Chónaidhme, an Ghearmáin) ar an gCúirt Bhreithiúnais an gcuireann Rialachán (CE) Uimh. 2201/2003 ón gComhairle an 27 Samhain 2003 i dtaca le dlínse agus aithint agus forghníomhú breithiúnas in ábhair maidir le pósadh agus le freagracht tuismitheora, lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 1347/2000,(2) de cheangal ar na Ballstáit aitheantas a thabhairt, gan tuilleadh ceanglas, d’fhoraithne cholscartha arna fhógairt ag údaráis shibhialta Ballstáit eile de bhun comhaontú neamhbhreithiúnach idir céilí.

II.    Forálacha dlí ábhartha

A.      Dlí an Aontais Eorpaigh

2.        Tá “Raon feidhme” mar cheannteideal ar Airteagal 1 de Rialachán Uimh. 2201/2003. Foráiltear lena Airteagal (1)(a) go mbeidh feidhm ag an rialachán sin, cibé cineál cúirte nó binse, in ábhair shibhialta a bhaineann le colscaradh, idirscaradh dlíthiúil nó neamhniú pósta.

3.        Chun críocha Rialachán Uimh. 2201/2003, sainítear le hAirteagal 2 na téarmaí seo a leanas i míreanna 1, 2 agus 4 de:

“1.      cumhdaítear le ‘cúirt’ na húdaráis uile sna Ballstáit a bhfuil dlínse acu in ábhair a thagann faoi raon feidhme [an Rialacháin]; (3)

2.      ciallaíonn ‘breitheamh’ an breitheamh nó an t-oifigeach ag a bhfuil cumhachtaí atá comhionann le cumhachtaí breithimh maidir leis na hábhair a thagann faoi raon feidhme an Rialacháin;(4)

[…]

4.       ciallaíonn ‘breithiúnas’ colscaradh, idirscaradh dlíthiúil nó neamhniú pósta, chomh maith le breithiúnas a bhaineann le freagracht tuismitheora, arna fhógairt ag cúirt Ballstáit, cibé ainm a thugtar ar an mbreithiúnas, lena n-áirítear foraithne, ordú nó cinneadh.(5)”

[Aistriúchán neamhoifigiúil]

4.        Le hAirteagal 21(1) de Rialachán Uimh. 2201/2003, aithneofar breithiúnas arna thabhairt i mBallstát sna Ballstáit eile gan gá a bheith le haon nós imeachta speisialta. Foráiltear le hAirteagal 21(2) freisin nach mbeidh gá le haon nós imeachta speisialta chun taifid ar stádas sibhialta Ballstáit a nuashonrú ar bhonn breithiúnais a bhaineann le colscaradh, idirscaradh dlíthiúil nó neamhniú pósta a tugadh i mBallstát eile, agus nach bhfuil aon achomharc breise ina choinne faoi dhlí an Bhallstáit sin.

5.        Foráiltear le hAirteagal 22(a) de Rialachán Uimh. 2201/2003 nach n-aithneofar breithiúnas a bhaineann le colscaradh, idirscaradh dlíthiúil nó neamhniú pósta más léir go bhfuil an t-aitheantas sin i gcontrárthacht go follasach le beartas poiblí an Bhallstáit ina n-iarrtar an aithint.

6.        Ar deireadh, le hAirteagal 46 de Rialachán Uimh. 2201/2003, a bhfuil “ionstraimí agus comhaontuithe barántúla” mar cheannteideal air, aithneofar agus dearbhófar, faoi na coinníollacha céanna le breithiúnais, doiciméid a tarraingíodh suas go foirmiúil nó a cláraíodh mar ionstraimí barántúla agus atá infhorghníomhaithe i mBallstát amháin agus comhaontuithe idir na páirtithe atá infhorghníomhaithe sa Bhallstát inar tugadh i gcrích iad.

B.      Dlí na Gearmáine

7.        Foráiltear don mhéid seo a leanas le hAlt 97(1), an dara habairt den Gesetz über das Verfahren in Familiensachen und in den Angelegenheiten der freiwilligen Gerichtsbarkeit an 17 Nollaig 2008 (an Dlí maidir le himeachtaí i gcúrsaí teaghlaigh agus in imeachtaí neamhsháraíochta; “an FamFG”:

“Ní dhéanfar difear do na forálacha atá i ngníomhartha an Aontais Eorpaigh.”

8.        Faoi Alt 107(1) den FamFG:

“Ní aithneofar cinntí a thugtar thar lear, lena ndéantar pósadh a neamhniú nó a fhoirceannadh, ach amháin má chinneann Údarás Riaracháin Dlí agus Cirt an Land go gcomhlíontar na ceanglais maidir le haitheantas. I gcás go bhfuil rialú déanta ag cúirt nó údarás de chuid Stáit ar náisiúnaigh dá chuid iad an bheirt chéile tráth na breithe, ní bheidh an t-aitheantas ag brath ar chinneadh ó Údarás Riaracháin Dlí agus Cirt an Land.”

[Aistriúchán neamhoifigiúil]

9.        Foráiltear le hAlt 3(1) de Personenstandsgesetz (Dlí ar stádas daoine) an 19 Feabhra 2007 (BGBI. 2007 I, lch. 122; “PStG”) go gcoimeádfaidh an chlárlann shibhialta, laistigh dá réimse inniúlachta, clár póstaí. De bhun Alt 5(1) de PStG, déanfar iontrálacha sa chlár a chomhlánú agus a cheartú i gcomhréir lena fhorálacha. Faoi Alt 161(3) de PStG, luafar san iontráil a bhaineann le pósadh gníomhartha ina dhiaidh sin a bhaineann leis an bpósadh nó leis an gcolscaradh a chur ar neamhní.

C.      Dlí na hIodáile

10.      Foráiltear le hAirteagal 12 de Decreto Legge Uimh. 132  – Misure urgenti di degiurisdizionalizzazione ed altri interventi per la definizione dell’arretrato in materia di processo civile, (Dlí Foraithne Uimh. 132 lena leagtar síos bearta práinneacha um athstiúradh agus idirghabhálacha eile chun an mhoill maidir le himeachtaí sibhialta a laghdú) an 12 Meán Fómhair 2014 (“Dlí Foraithne Uimh. 132/2014”), (6) arna thiontú ina dhlí le leasuithe le Legge Uimh. 162 (Dlí Uimh. 162) an 10 Samhain 2014, don mhéid seo a leanas:

“1.       Féadfaidh na céilí, os comhair an mhéara i gcáil oifig ann chláir shibhialta, i gcomhréir le hAirteagal 1 d’Fhoraithne Uimh. 396 ó Uachtarán Phoblacht an 3 Samhain 2000, maidir le bardas cónaithe duine acu nó maidir leis an mbardas ina bhfuil an pósadh cláraithe, le cúnamh roghnach ó dhlíodóir, comhaontú um idirscaradh dlíthiúil nó, sna cásanna dá dtagraítear sa chéad mhír d’Airteagal 3(2)(b) de Dhlí Uimh. 898 an 1 Nollaig 1970, le comhaontú maidir leis an idirscaradh dlíthiúil nó le foirceannadh éifeachtaí an phósta nó comhaontú lena leasaítear coinníollacha an scartha nó a thabhairt i gcrích.

2.      Ní bheidh feidhm ag forálacha an Airteagail seo i gcás ina bhfuil leanaí mionaoiseacha nó leanaí fásta ag na céilí nach bhfuil inniúlacht dhlíthiúil acu, go bhfuil siad faoi mhíchumas trom de réir bhrí Airteagal 3(3) de Dhlí Uimh. 104 an 5 Feabhra 1992 nó nach bhfuil siad neamhspleách ó thaobh airgeadais de.

3.      Gheobhaidh oifigeach na clárlainne sibhialta ó gach ceann de na páirtithe go pearsanta, le cúnamh roghnach ó dhlíodóir, dearbhú gur mian leis éifeachtaí sibhialta an phósta a scaradh nó a fhoirceannadh nó go ndéanfaí an pósadh a scaoileadh i gcomhréir leis na coinníollacha a comhaontaíodh eatarthu. Beidh feidhm ag an méid céanna maidir le haon leasú ar choinníollacha an idirscartha nó an cholscartha. Ní fhéadfaidh téarmaí maidir le haistrithe sócmhainní a bheith sa chomhaontú. Déanfar an doiciméad ina bhfuil an comhaontú a tharraingt suas agus a shíniú láithreach uair a fhaightear na dearbhuithe dá dtagraítear sa mhír seo. Sna cásanna dá dtagraítear i mír 1, cuirfear an comhaontú in ionad orduithe cúirte lena dtabharfar i gcrích na himeachtaí i gcomhair idirscartha dhlíthiúil, foirceannadh éifeachtaí sibhialta an phósta, scaoileadh an phósta agus leasú na gcoinníollacha idirscartha nó colscartha.

I gcás idirscaradh dlíthiúil nó foirceannadh éifeachtaí sibhialta pósta nó scaoilte pósta trí chomhaontú, iarrfaidh an cláraitheoir sibhialta orthu, nuair a gheobhaidh sé dearbhuithe ó na céilí, láithriú os a chomhair tráth nach luaithe ná 30 lá tar éis dó nó di na dearbhuithe chun an comhaontú a dhaingniú a fháil, agus chun críocha na comhaontuithe dá dtagraítear i mír 5 a sholáthar. Beidh mar thoradh ar mhainneachtain teacht i láthair nach ndeimhnítear an comhaontú.

…”

[Aistriúchán neamhoifigiúil]

11.      Tá sé le tuiscint ó Airteagail 43(1) agus 71(1) den Decreto del Presidente della Repubblica NO 445/2000  – Testo unico delle disposizioni legislative e regolamentari in materia di documentazione amministrativa (Foraithne Uachtarán na Poblachta Uimh. 445/2000) – Téacs comhdhlúite na ndlíthe agus na rialachán a bhaineann le doiciméid riaracháin) nach mór don chláraitheoir sibhialta a fhíorú go gcomhlíontar na coinníollacha dlíthiúla is infheidhme.

12.      Tá sé le tuiscint ó Airteagail 7 agus 95 den Decreto del Presidente della Repubblica Uimh. 396  – Regolamento per la revisione e la semplificazione dell’ordinamento dello stato civile, a norma dell’articolo 2, comma 12, della legge 15 maggio 1997, No 127 (Foraithne Uachtarán na Poblachta Uimh. 396 – Rialachán maidir le hathbhreithniú agus simpliú an dlí maidir le stádas sibhialta, i gcomhréir le hAirteagal 2(12) de Dhlí Uimh. 127 an 15 Bealtaine 1997) go ndiúltóidh an cláraitheoir sibhialta don cholscaradh i gcás nach gcomhlíontar na coinníollacha dlíthiúla is infheidhme. Is féidir leis na céilí agóid a dhéanamh i gcoinne an diúltaithe sin os comhair cúirte.

13.      De réir Circolare No 6/15 – Articoli 6 e 12 del decreto-legge 12 settembre 2014, No 132 – Chiarimenti applicativi (Ciorclán Uimh. 6/15 – Airteagail 6 agus 12 de Dhlí Foraithne Uimh. 132 an 12 Meán Fómhair 2014), ba cheart an tríú habairt d’Airteagal 12(3) d’Fhoraithne Uimh. 132/2014 a léiriú mar chosc ar chéilí téarmaí ar bith a chur san áireamh sa chineál sin nós imeachta colscartha, ar téarmaí iad a bhaineann le haistriú úinéireachta ar chearta maoine amhail eatarthu.

14.      Is cosúil ón méid sin roimhe seo, faoin nós imeachta a bunaíodh le hAirteagal 12 de Dhlí Foraithne Uimh. 132/2014, go ndéanann gach céile dearbhú pearsanta gur mian leo colscaradh os comhair an chláraitheora shibhialta. Tráth nach déanaí ná 30 lá ina dhiaidh sin, tar éis a fhíorú gur comhlíonadh na coinníollacha a cheanglaítear leis an dlí chun an pósadh a dhíscaoileadh, eadhon nach bhfuil leanaí mionaoiseacha ná leanaí fásta ag na céilí atá faoi éagumas nó faoi mhíchumas trom nó atá spleách go heacnamaíoch agus nach bhfuil téarmaí a aistríonn sócmhainní eatarthu sa chomhaontú eatarthu, deimhníonn an cláraitheoir sibhialta an comhaontú sin. Tá an éifeacht dlí chéanna ag colscaradh arna dheonú ag an gcláraitheoir sibhialta agus atá ag colscaradh arna dheonú ag cúirt dlínse inniúil.

III. An díospóid sna príomhimeachtaí agus an iarraidh ar réamhrialú

15.      Tá náisiúntacht Ghearmánach agus Iodálach ag TB. Phós sí RD, náisiúnach Iodálach, i searmanas sibhialta i mBeirlín an 20 Meán Fómhair 2013. Chuir oifig chlárlann shibhialta Bheirlín an pósadh sin ar chlár na bpóstaí.

16.      An 30 Márta 2017, dhearbhaigh na céilí go raibh sé ar intinn acu scaradh óna chéile roimh an gcláraitheoir sibhialta in Parma, an Iodáil. Dhearbhaigh siad nach raibh aon leanaí mionaoiseacha ná aon leanaí fásta acu a bhí ar éagumas nó faoi mhíchumas mór nó a bhí spleách go heacnamaíoch. D’áitigh siad freisin nach raibh aon chomhaontú maidir le haistriú a sócmhainní tugtha i gcrích acu mar chuid dá scaradh. Dhaingnigh siad a gcuid dearbhuithe os comhair an chláraitheora shibhialta ina dhiaidh sin.

17.      Ag brath ar a ndearbhuithe an 30 Márta 2017, chuaigh na céilí os comhair an chláraitheora shibhialta agus dhearbhaigh siad go raibh sé ar intinn acu colscaradh an 15 Feabhra 2018. Ina dhiaidh sin, dheimhnigh siad a ndearbhuithe os comhair an chláraitheora shibhialta a d’eisigh teastas colscartha an 2 Iúil 2018 le héifeacht ón 15 Feabhra 2018.

18.      D’iarr TB ina dhiaidh sin ar oifig na gclár sibhialta i mBeirlín an colscaradh sin a iontráil ar chlár na bpóstaí. De dheasca éiginnteachta maidir le arbh chóir an colscaradh a iontráil ar chlár na bpóstaí nó faoi réir an nós imeachta aitheantais faoi Alt 107(1) den FamFG, thionscain oifig chlárlann shibhialta Bheirlín imeachtaí os comhair Amtsgericht Berlin (an Chúirt Áitiúil, Beirlín, an Ghearmáin). An 1 Iúil 2019, rialaigh Amtsgericht Berlin (an Chúirt Áitiúil, Beirlín) go raibh iontráil an cholscartha i gclár na bpóstaí coinníollach ar é a aithint de bhun an nós imeachta atá leagtha síos in Alt 107(1) den FamFG. Mar sin féin, bhí Senatsverwaltung für Justiz, Verbraucherschutz und Antidiskriminierung Berlin (an Aireacht um Cheartas, Cosaint Tomhaltóirí agus Comhrac in aghaidh Idirdhealú, Beirlín, an Ghearmáin) den tuairim gur chóir an colscaradh a aithint go huathoibríoch. Dá réir sin, dhiúltaigh sí an nós imeachta a agairt faoi Alt 107(1) den FamFG. (7)

19.      Rinne TB achomharc le Kammergericht Berlin (an Ard-Chúirt Réigiúnach, Beirlín, an Ghearmáin) i gcoinne ordú an 1 Iúil 2019 ó Amtsgericht Berlin (Cúirt Áitiúil Bheirlín). Cheadaigh an chúirt achomhairc dá hachomharc agus d’ordaigh sí d'oifig chlárlainne sibhialta Bheirlín an colscaradh a iontráil ar an gclár sibhialta gan aon nós imeachta eile a chur ar bun. Rinne Senatsverwaltung für Inneres und Sport (an Aireacht Gnóthaí Baile agus Spóirt, Beirlín, an Ghearmáin), an t-údarás inniúil le haghaidh maoirseacht a dhéanamh ar oifigí na clárlainne sibhialta, achomharc a thaisceadh in aghaidh rialú Kammergericht Bheirlín (an Ard-Chúirt Réigiúnach, Beirlín) leis an Bundesgerichtshof (an Chúirt Bhreithiúnais Chónaidhme). Dealraítear go bhfuil tuairimí éagsúla ag an Aireacht um Cheartas, Cosaint Tomhaltóirí agus Comhrac in aghaidh Idirdhealú, Beirlín, agus an Aireacht Gnóthaí Baile agus Spóirt, Beirlín, ar an ábhar sin.

20.      D’fhonn rialú a dhéanamh ar an achomharc sin, measann Bundesgerichtshof (an Chúirt Bhreithiúnais Chónaidhme) nach mór di cinneadh a dhéanamh an breithiúnas é an colscaradh dá bhfuil aitheantas á iarraidh ag TB chun críocha Airteagail 2 agus 21 de Rialachán Uimh. 2201/2003, agus sa chás sin ní cheanglaítear le hAlt 97 den FamFG aon nós imeachta aitheantais breise lena chur ar chlár na bpóstaí.

21.      Léiríonn an t-ordú tarchuir go bhfuil tuairimí scoláirí dlíthiúla na Gearmáine éagsúil ar an bpointe sin. Tá cuid acu den tuairim go bhfuil feidhm ag Rialachán Uimh. 2201/2003 maidir le colscaradh a fuarthas san Iodáil i gcomhréir leis an nós imeachta a leagtar síos in Airteagal 12 d’Fhoraithne Uimh. 132/2014 agus gur “breitheamh” é an cláraitheoir sibhialta chun críocha Rialachán Uimh. 2201/2003. Meabhraíonn siad gurb é cuspóir an rialacháin sin aitheantas frithpháirteach foraitheanta colscartha a éascú laistigh den Aontas Eorpach agus go bhfuil treocht mhéadaitheach sna Ballstáit maidir le dul i muinín nósanna imeachta colscartha nach gá d’údaráis bhreithiúnacha a bheith rannpháirteach iontu. (8) Measann údair eile nach dtagann an comhthoiliú colscartha arna dheonú ag cláraitheoir sibhialta, amhail ábhar an tarchuir le haghaidh réamhrialú, faoi raon feidhme Rialachán Uimh. 2201/2003.

22.      Tá claonadh sa Bundesgerichtshof (an Chúirt Bhreithiúnais Chónaidhme) aontú leis an dara dearcadh. Molann sé gur colscaradh príobháideach é colscaradh a dheonaíonn cláraitheoir sibhialta i gcomhréir le hAirteagal 12 de Dhlí Foraithne Uimh. 132/2014 nach dtagann faoi raon feidhme Rialachán Uimh. 2201/2003. Mar thaca leis an tairiscint sin, áitíonn an chúirt a tharchuir an cás nach féidir ach le cinneadh colscartha arna eisiúint ag údarás poiblí a bhfuil éifeachtaí bunaitheacha aige “céile níos laige” a chosaint ar mhíbhuntáistí colscartha ós rud é go bhféadfaidh an cinnteoir diúltú do dheonú na foraithne. Mura bhfuil idirghabháil fhoirmiúil amháin ag cláraitheoir sibhialta nach bhfuil aon chumhacht aige téarmaí an cholscartha a athrú, níl sé ar a chumas an chosaint sin a thabhairt. Dá bhrí sin, ní “breithiúnas” é foraithne cholscartha den sórt sin chun críocha Rialachán Uimh. 2201/2003.

23.      Sna dálaí sin, chinn Bundesgerichtshof (An Chúirt Bhreithiúnais Chónaidhme) bac a chur ar na himeachtaí. Chuir sí dhá cheist faoi bhráid na Cúirte Breithiúnais chun réamhrialú a fháil:

“(1)      An colscaradh de réir bhrí [Rialachán Uimh. 2201/2003] é scaoileadh pósta ar bhonn Airteagal 12 de [Rialachán Uimh. 2201/2003]?

(2)      Má thugtar freagra diúltach ar an gcéad cheist: Ar chóir caitheamh le scaoileadh pósta ar bhonn Airteagal 12 de [Dlí Foraithne Uimh. 132/2014] leis an riail maidir le hionstraimí barántúla agus comhaontuithe in Airteagal 46 de [Rialachán Uimh. 2201/2003] a chur i bhfeidhm de réir analaí?”

24.      Chuir Rialtais na Gearmáine, na hEastóine, na Fraince agus na hIodáile agus an Coimisiún Eorpach barúlacha i scríbhinn ar fáil. Ag éisteacht an 8 Feabhra 2022, chuir rialtais na Gearmáine, na Fraince agus na Polainne agus an Coimisiún argóint ó bhéal i láthair agus thug siad freagra ar cheisteanna na Cúirte Breithiúnais.

IV.    Measúnú

A.      An chéad cheist

25.      De réir a céad cheiste, fiafraíonn an chúirt a rinne an tarchur an cás an ndéantar pósadh a dhíscaoileadh trí nós imeachta arna hordú go dlíthiúil trína ndéanann gach céile dearbhú pearsanta gur mian leo colscaradh os comhair cláraitheora shibhialta, a dheimhníonn, tríocha lá ar a laghad ina dhiaidh sin, gur comhlíonadh an comhaontú ina láthair tar éis dóibh a fhíorú gur comhlíonadh na coinníollacha a cheanglaítear leis an dlí maidir le scaoileadh an phósta, is é sin le rá nach bhfuil leanaí mionaoiseacha nó leanaí fásta ag na céilí atá éagumasaithe nó faoi mhíchumas trom nó atá spleách go heacnamaíoch agus nach bhfuil téarmaí i ndáil le haistriú sócmhainní i Rialachán 2201/2003 sa chomhaontú eatarthu.

26.      Áitíonn Rialtas na Gearmáine, le tacaíocht ó Rialtas na Polainne, gur cheart freagra diúltach a thabhairt ar an gceist sin trí thagairt don téacs, struchtúr agus cuspóir Rialachán Uimh. 2201/2003, chomh maith le hintinn reachtas an Aontais.

27.      Feictear do Rialtas na Gearmáine ar dtús nach léirítear go cruinn sa sainmhíniú ar bhreithiúnas in Airteagal 2(4) de Rialachán Uimh. 2201/2003 cineál ná déine idirghabháil an údaráis phoiblí nuair a dheonaíonn sé colscaradh. Mar sin féin, tugann an úsáid a bhaintear as na focail “arna fhógairt ag cúirt” chun cur síos a dhéanamh ar an mbealach ina ndéanfar colscaradh le tuiscint go gcaithfidh idirghabháil an údaráis phoiblí a bheith mar éifeachtaí bunaitheacha ag Rialtas na Gearmáine, eadhon gurb ionann idirghabháil an údaráis phoiblí agus foinse na staide nua dlí. Ní chomhlíontar an coinníoll sin i gcás ina bhfuil feidhm an údaráis phoiblí sa nós imeachta teoranta d’admháil agus clárú colscartha toilithe.

28.      Ar an dara dul síos, má tá breithiúnas colscartha le haithint i mBallstáit eile gan aon nós imeachta speisialta faoi Airteagal 21(1) de, tugann struchtúr Rialachán Uimh. 2201/2003 le tuiscint nach mór breithiúnas a bheith mar thoradh ar ghníomh de chuid cúirte nó údaráis phoiblí a bhfuil éifeachtaí bunaitheacha aige. Murach sin, ceanglaíonn Rialachán Uimh. 2201/2003 ar na Ballstáit comhaontuithe príobháideacha colscartha a dhéantar i mBallstáit eile a aithint go huathoibríoch gan idirghabháil ó údarás poiblí.

29.      A mhéid a bhaineann le cuspóir Rialachán Uimh. 2201/2003, áitíonn Rialtas na Gearmáine, ar an tríú dul síos, go gceanglaítear, leis an gcomhaitheantas agus leis an cómhuinín atá mar bhonn ag an rialachán sin, nach mór don ghníomh sin, chun gníomh de chuid cúirte nó údaráis phoiblí a aithint go huathoibríoch i mBallstát eile, na cumhachtaí poiblí a fheidhmiú agus éifeachtaí bunaitheacha a bheith aige. Ní chomhlíontar na ceanglais sin i gcás nach ndéanann údarás poiblí ach aithint gurb ann do chomhaontú príobháideach colscartha agus é a chlárú.

30.      Ar an gceathrú dul síos, níor bheartaigh reachtas an Aontais colscaradh arna dheonú ag cláraitheoir sibhialta a áireamh faoi raon feidhme Rialachán Uimh. 2201/2003 ós rud é, tráth ar achtaíodh an beart sin, nár beartaíodh colscaradh a dheonú trí nós imeachta neamhbhreithiúnach le dlíthe na mBallstát. Deimhnítear an staid gnóthaí sin mar go bhfuil sé i gceist go sainráite le Rialachán (AE) 2019/1111 ón gComhairle an 25 Meitheamh 2019 maidir le dlínse, le haithint agus le forghníomhú cinntí in ábhair maidir le pósadh agus le freagracht tuismitheora, agus maidir le fuadach idirnáisiúnta leanaí (9), nósanna imeachta neamhbhreithiúnacha colscartha a aithint go huathoibríoch. Níorbh ghá leis na leasuithe sin dá mbeadh foráil déanta cheana i Rialachán Uimh. 2201/2003 maidir le haithint uathoibríoch foraitheanta colscartha arna n-eisiúint faoi nós imeachta den sórt sin. Níl feidhm ag Rialachán Uimh. 2019/1111, áfach, maidir le fíorais an cháis reatha ratione temporis.

31.      Áitíonn Rialtas na hIodáile, le tacaíocht ó Rialtas na hEastóine agus ón gCoimisiún, gur cheart an freagra ar an gcéad cheist a bheith dearfach ós rud é nach colscaradh príobháideach é an colscaradh, a bhfuil aitheantas á lorg ina leith sa Ghearmáin. Tugann an Coimisiún dá aire, go háirithe, gurb é príomhchuspóir Rialachán Uimh. 2201/2003 aitheantas frithpháirteach cinntí breithiúnacha a áirithiú mar bhunchloch chun fíorlimistéar breithiúnach a chruthú. Ar an gcúis sin, ní mór gach cinneadh a ghlactar i mBallstát agus a thagann faoi raon feidhme Rialachán Uimh. 2201/2003 a aithint ar fud chríoch na mBallstát gan aon nós imeachta foirmiúil aitheantais a bheith ag teastáil chun na críche sin.

32.      Is cuid lárnach den fhreagra ar an gcéad cheist an bhrí a ghabhann leis na téarmaí “cúirt”, “breitheamh” agus “breithiúnas” chun críocha Rialachán Uimh. 2201/2003 mar a shainmhínítear in Airteagal 2 iad.

33.      I gcomhréir le cásdlí socair, agus forálacha dhlí an Aontais á léiriú, is gá téacs na bhforálacha sin, an comhthéacs ina bhfuil siad agus na cuspóirí arna saothrú leis na rialacha ar cuid díobh iad, a bhreithniú. (10)

34.      In Airteagal 2(1) de Rialachán Uimh. 2201/2003 sainmhínítear “cúirt” le go n-áireofar na húdaráis uile sna Ballstáit a bhfuil dlínse acu in ábhair a thagann faoi raon feidhme an Rialacháin sin. Is é gnáthbhrí na bhfocal sin ná gurb ionann “cúirt” agus aon údarás dá dtugtar dlínse faoi dhlíthe Ballstáit in ábhair shibhialta, lena n-áirítear colscaradh, idirscaradh dlíthiúil nó pósadh a neamhniú.

35.      Dearbhaítear an léiriú sin leis an sainmhíniú ar “breitheamh” in Airteagal 2(2) de Rialachán Uimh. 2201/2003, lena n-áirítear oifigeach ag a bhfuil cumhachtaí atá coibhéiseach le cumhachtaí breithimh in ábhair shibhialta a bhaineann le colscaradh. Dá bhrí sin, má thugann Ballstát dlínse do bhreithiúna in ábhair a thagann faoi raon feidhme an rialacháin, eadhon ábhair shibhialta a bhaineann le colscaradh, idirscaradh dlíthiúil nó neamhniú pósta agus go dtugann sé cumhachtaí coibhéiseacha d’oifigigh phoiblí eile, tagann na hoifigigh phoiblí sin faoin sainmhíniú ar “breitheamh” chun críche Rialachán Uimh. 2201/2003.

36.      In Airteagal 2(4) de Rialachán Uimh. 2201/2003, ina sainítear an téarma “breithiúnas”, tugtar léargas iomlán ar an bpictiúr; Faoin rialachán sin, is breithiúnas arna thabhairt sa Bhallstát sin é foraithne, ordú nó cinneadh a rinne údarás a dhílsíonn Ballstát le dlínse colscaradh a dheonú. De bhua Airteagal 21(1) de Rialachán Uimh. 2201/2003, “aithneofar” an breithiúnas sin “i mBallstáit eile” gan aon nós imeachta speisialta a bheith riachtanach chun na críche sin. Dá bhrí sin, áirítear sna breithiúnais a bhaineann leas as aitheantas uathoibríoch ar fud an Aontais colscaradh arna fhógairt ag oifigeach dár thug Ballstát dlínse ina leith in ábhair shibhialta a bhaineann le colscaradh.

37.      Le raon feidhme Rialachán Uimh. 2201/2003, a thuairiscítear in Airteagal 1 de, soláthraítear an comhthéacs ina léifear Airteagal 2 de. Deir Airteagal 1(1) go bhfuil feidhm ag Rialachán Uimh. 2201/2003 in ábhair shibhialta a bhaineann, inter alia, le colscaradh. Ós rud é, chun na gcríoch sin, go sainmhínítear “cúirt” mar a thuairiscítear in Airteagal 2(1) de, is léir go bhfuil feidhm ag na sainmhínithe réamhráite i gcomhthéacs aithint na bhforaitheanta, na n-orduithe nó na gcinntí colscartha arna ndéanamh i mBallstáit seachas na Ballstáit ina n-iarrtar na foraitheanta sin a aithint.

38.      Maidir leis na cuspóirí a shaothraítear le Rialachán Uimh. 2201/2003, is léir óna aithrisí go bhféachann sé le comhar breithiúnach a áirithiú in ábhair shibhialta a bhaineann le colscaradh, idirscaradh dlíthiúil agus neamhniú pósta agus tá sé bunaithe ar phrionsabal an aitheantais fhrithpháirtigh do chinntí breithiúnacha mar bhunchloch chun fíorlimistéar breithiúnach a chruthú. (11) Mar a rialaigh an Chúirt Bhreithiúnais, tá Rialachán Uimh. 2201/2003 bunaithe ar mhuinín fhrithpháirteach, lena gceanglaítear go dtabharfar aitheantas frithpháirteach do chinntí breithiúnacha. (12) Thairis sin, tá gá le haitheantas frithpháirteach do chinntí breithiúnacha chun bacainní ar fheidhmiú cuí an mhargaidh inmheánaigh a sheachaint, (13) ós rud é go bhféadfadh diúltú cinntí breithiúnacha in ábhair shibhialta, lena n-áirítear colscaradh, bac a chur ar shaoránaigh AE nó iad a dhíspreagadh ó na cearta chun saorghluaiseachta a thugtar le dlí an Aontais a fheidhmiú.

39.      Dá thoradh sin, foráiltear le hAirteagal 21(1) de Rialachán Uimh. 2201/2003 go n-aithneofar breithiúnas a thugtar i mBallstát sna Ballstáit eile gan gá a bheith le haon nós imeachta speisialta chun na críche sin. Ar an gcaoi sin, bunaítear le Rialachán Uimh. 2201/2003 córas chun go n-aithneodh na Ballstáit go huathoibríoch catagóir ionstraimí a shainmhínítear leis. Dá bhrí sin, cé nach bhfuil dlí an cholscartha comhchuibhithe amhail idir Ballstáit, le Rialachán Uimh. 2201/2003 baineann colscaradh arna thabhairt i gcrích/dhéanamh i mBallstát a thagann faoi réim na sainmhínithe atá ann tairbhe as aitheantas uathoibríoch sna Ballstáit eile go léir, faoi réir líon teoranta eisceachtaí.

40.      Ós rud é gur cosúil gurb é an tarchur seo le haghaidh réamhrialú an chéad deis a bhí ag an gCúirt Airteagal 2 de Rialachán Uimh. 2201/2003 a léiriú chun Airteagal 21(1) de a chur i bhfeidhm, is fiú breithiúnas Sahyouni a scrúdú. (14) Tháinig an tagairt sin do réamhrialú chun cinn i gcomhthéacs an aitheantais sa Ghearmáin do cholscaradh a fuarthas trí dhearbhú aontaobhach intinne gur thréig an fear céile os comhair cúirte reiligiúnaí sa tSiria. (15) D’ardaigh an cás saincheisteanna maidir le léirmhíniú Rialachán Uimh. 1259/2010 an 20 Nollaig 2010 lena gcuirtear chun feidhme comhar feabhsaithe i réimse an dlí is infheidhme maidir le colscaradh agus scaradh dlíthiúil, (16) a bhfuil feidhm aige maidir le colscaradh agus idirscaradh dlíthiúil i gcúinsí as ar eascair easaontacht dlíthe. (17) Ina breithiúnas, tharraing an Chúirt Bhreithiúnais aird ar an deichiú aithris de Rialachán Uimh. 1259/2010, lena bhforáiltear gur cheart go mbeadh a raon feidhme substainteach agus a théarmaí achtacháin comhsheasmhach leis na téarmaí i Rialachán Uimh. 2201/2003. (18) Tar éis Airteagail 1(1)(a) agus 2(4) de Rialachán Uimh. 2201/2003 a scrúdú, chinn an Chúirt Bhreithiúnais nach mbeadh sé comhréireach an téarma “colscaradh” a shainmhíniú mar a úsáidtear sa dá rialachán é ar bhealaí éagsúla, rud a d’fhágfadh go n-imeodh raon feidhme sin na rialachán sin óna chéile. (19) Ós rud é go gcumhdaíonn coincheap an cholscartha i Rialachán Uimh. 2201/2003 colscarthaí arna bhfógairt ag cúirt náisiúnta nó ag údarás poiblí nó faoi mhaoirseacht údarás poiblí, chinn an Chúirt Bhreithiúnais go raibh réimse chur i bhfeidhm Rialachán Uimh. 1259/2010 chomh teoranta céanna, sa chaoi is nach raibh colscarthaí gan rannpháirtíocht údaráis Stáit lasmuigh de raon feidhme an Rialacháin deiridh sin. (20)

41.      Is léir ón mbreithiúnas in Sahyouni go bhfuil feidhm ag an gcóras aitheantais uathoibríoch a tugadh isteach le Rialachán Uimh. 2201/2003 maidir le colscarthaí arna bhfógairt ag cúirt náisiúnta nó ag údarás poiblí amháin nó faoina mhaoirseacht. Dearbhaíonn sé bailíocht an mholta dá réir, de bhun Rialachán Uimh. 2201/2003, gur féidir go mbeadh tairbhe ann do cholscaradh arna fhógairt ag, nó faoi mhaoirseacht údaráis phoiblí nach bhfuil cumhacht bhreithiúnach aige maidir le haitheantas uathoibríoch i mBallstát eile. Ba mhaith liom a chur in iúl, i mo thuairimse, nár cuireadh aon argóint os comhair na Cúirte Breithiúnais chun údar a thabhairt le hidirdhealú a bheith déanta idir nós imeachta colscartha arna dhéanamh os comhair cúirte náisiúnta agus ceann eile a dhéantar os comhair oifigigh phoiblí, amhail cláraitheoir sibhialta, i gcúinsí ina bhfuil an lánúin ag iarraidh colscaradh a dhéanamh trí chomhthoil. I ngach cás den sórt sin, is é cúram an duine a bhfuil an nós imeachta á sheoladh aige ná a fhíorú go dtoilíonn gach duine de na céilí go bailí le scaoileadh an phósta agus go gcomhlíontar na ceanglais dhlíthiúla uile chun a cheadú go n-eiseofar foraithne cholscartha.

42.      Sa chomhthéacs sin, ba mhaith liom a mheas go bhfuil an nós imeachta os comhair an chláraitheora shibhialta san Iodáil faoi Airteagal 12 de Dhlí Foraithne Uimh. 132/2014 ar fáil i gcásanna nach dócha go n-éileofaí ar an gcláraitheoir sibhialta cleachtadh cothromaíochta a dhéanamh ós rud é nach féidir an chumhacht colscaradh a fhógairt a fheidhmiú ach amháin i gcás ina mbunaítear nach bhfuil aon leanbh mionaoiseach nó fásta atá faoi éagumas nó faoi mhíchumas mór nó atá spleách go heacnamaíoch agus nach bhfuil téarmaí sa chomhaontú idir na céilí maidir le sócmhainní a aistriú. Sna himthosca sin, is beag tábhacht atá ag baint leis an bhfíric nach bhfuil an chumhacht ag an gcláraitheoir sibhialta téarmaí an chomhaontaithe idir na céilí a mhodhnú ós rud é, i bhfianaise thoiliú frithpháirteach (chomhthoiliú) na gcéilí, ní mór don chláraitheoir sibhialta an colscaradh a fhógairt nuair atá na coinníollacha atá leagtha síos le dlí comhlíonta. Cé go bhféadfadh sé gur ábhar imní dlisteanach a bheadh i gcosaint an “chéile laig”, de réir mar a thugann an chúirt a tharchuir an cás le fios, níl sé pioc soiléir nach bhfuil cosaintí den sórt sin i bhfeidhm sa nós imeachta a bhunaítear le hAirteagal 12 de Dhlí Foraithne Uimh. 132/2014 ag féachaint do na himthosca teoranta ina bhfuil sé ar fáil, don ról lárnach atá ag comhthoil na gcéilí agus don cheanglas go bhfíoróidh an cláraitheoir sibhialta na fíorais arna dtabhairt ag na céilí.

43.      Áitíonn Rialtas na Gearmáine, fiú má tá colscaradh fógartha ag údarás poiblí seachas ag cúirt a fheidhmíonn cumhacht bhreithiúnach, gur féidir leis an bhforaithne sin leas a bhaint as aitheantas uathoibríoch faoi Rialachán Uimh. 2201/2003, nach mór cur síos a bheith san fhoraithne sin mar éifeacht bhunaitheach. Dar le Rialtas na Gearmáine, tá ról an chláraitheora shibhialta maidir le pósadh na gcéilí a dhíscaoileadh go hiomlán éighníomhach, arb ionann é agus taifead a dhéanamh ar chomhaontú, de chineál príobháideach, a rinne na céilí le colscaradh. Dá bhrí sin, ní thagann cás den sórt sin faoi raon feidhme Rialachán Uimh. 2201/2003, ós rud é gur chinn an Chúirt Bhreithiúnais, i gcúinsí fíorasacha beagán éagsúla, in Sahyouni. (21)

44.      I bhfianaise théacs Airteagail 2 agus 21 de Rialachán Uimh. 2201/2003, agus chur chuige na Cúirte Breithiúnais maidir leis an sainmhíniú ar choincheap an cholscartha i gcomhthéacs Rialachán Uimh. 1259/2010, is sábháilte a chinneadh go dtugann ról an chláraitheora shibhialta maidir le pósadh a dhíscaoileadh sa nós imeachta a thuairiscítear in Airteagal 12 de Dhlí Foraithne Uimh. 132/2014 colscarthaí arna ndéanamh/arna dtabhairt i gcrích faoi raon feidhme Rialachán Uimh. 2201/2003.

45.      I ndáil leis sin, féadfar a thabhairt faoi deara nach dtacaíonn aon rud in Airteagal 21 de Rialachán Uimh. 2201/2003 leis an smaoineamh, chun go mbainfeadh breithiúnas tairbhe as aitheantas uathoibríoch i mBallstát eile, nach mór tréith éigin a bheith aige sa bhreis ar na ceanglais atá ann. A mhéid a bhíonn Rialtas na Gearmáine ag brath ar úsáid an bhriathair “chun fógra a thabhairt” sa sainmhíniú ar “breithiúnas” in Airteagal 2(4) de Rialachán Uimh. 2201/2003, baineann ceann de na bríonna atá leis an mbriathar sin, eadhon “a dhearbhú”, orm mar rud is oiriúnaí dom. A dhearbhú staid áirithe gnóthaí a bheith ann is ea a aithint go bhfuil an staid sin ann. Ná ní bhaineann gné dhílis de chineál dearbhaithe go gcaithfidh an duine a dhéanann é ábhar an dearbhaithe sin a chruthú i gcónaí. Maidir le haitheantas a thugann cláraitheoir sibhialta do chomhthoil na gcéilí a bpósadh a scaoileadh, ar choinníoll go gcomhlíontar coinníollacha áirithe mar a fhorordaítear le dlí, gur léir gur dearbhú é, agus dá bhrí sin gur fógraíodh é, gur scaoileadh é.

46.      I gcás ar bith, chun go ndéanfaidh cláraitheoir sibhialta pósadh a dhíscaoileadh faoi Airteagal 12 de Dhlí Foraithne Uimh. 132/2014, ní mór dó a bheith sásta go gcomhlíontar na ceanglais dhlíthiúla atá ann, nó ní mór dó diúltú an scaoileadh a dheonú. Chun go mbeidh sé sásta amhlaidh, ní mór don chláraitheoir sibhialta a fháil amach an bhfuil na ceanglais reachtúla chun feidhmiú na gcumhachtaí a chumasú a thugann an dlí dó nó di i láthair. I mo thuairimse, is éard atá i gceist leis an bhfeidhmiú sin an cláraitheoir sibhialta ag déanamh cinneadh maidir le sraith ceanglas a bheith ann, ceanglais a bhfuil mar thoradh orthu an pósadh a dhíscaoileadh, ar dual dóibh éifeachtaí bunaitheacha a bheith acu do stádas sibhialta na ndaoine aonair lena mbaineann.

47.      Dá bhrí sin, ní colscaradh príobháideach atá i bhforaithne cholscartha a fuarthas faoi nós imeachta amhail an nós imeachta a bhfuil cur síos air i mír 14 den Tuairim seo. Cé go bhfuil scaoileadh an phósta bunaithe ar chomhaontú na bpáirtithe sa phósadh, ní dhíscaoilfear an pósadh mura rud é go bhfuil an cláraitheoir sibhialta sásta gur comhlíonadh na ceanglais dhlíthiúla is infheidhme. In éagmais an chinnidh sin, fanfaidh na céilí pósta go dlíthiúil beag beann ar aon chomhaontú a d’fhéadfadh a bheith déanta eatarthu. De bhrí go nglacann an cláraitheoir sibhialta leis gur comhlíonadh na coinníollacha infheidhme, agus go n-eisíonn sé teastas colscartha lena bhfianaítear an méid sin, dá bhrí sin tá éifeachtaí bunaitheacha aige.

48.      Ina theannta sin, is féidir a thabhairt faoi deara go meastar gurb é an gníomh aitheantais ó chláraitheoir sibhialta gur mian le lánúin a bheith ceangailte le chéile i ngach Ballstát, lena n-áirítear an Ghearmáin, go bhfuil siad bunaithe ar phósadh, ar choinníoll arís go gcomhlíontar na ceanglais dhlíthiúla is gá. Go deimhin, is oifigigh phoiblí a bhfuil cumhacht feidhmiúcháin an Stáit á feidhmiú acu, nach mór, a aithníonn nó a chomhdhéanann póstaí i gcónaí, seachas ag breithiúna a fheidhmíonn cumhacht bhreithiúnach. Más rud é go bhfuil aitheantas foirmiúil ó oifigeach poiblí de na páirtithe bunaithe ar phósadh i súile an dlí, ní fheictear aon chúis loighciúil dom cén fáth nach bhfuil aitheantas foirmiúil an oifigigh chéanna de na páirtithe in ann pósadh a dhíscaoileadh chomh maith céanna le colscaradh.

49.      Mar thaca leis an seasamh atá acu, d’iarr Rialtais na Gearmáine agus na Polainne, faoi seach, comparáid a dhéanamh idir breithiúnais na Cúirte Breithiúnais in Mærsk Olie & Gas (22) agus Solo Kleinmotoren, (23) ar bhain an dá cheann acu le léiriú ar Choinbhinsiún na Bruiséile. (24) Sa bhreithiúnas in Mærsk Olie & Gas (25) tionscnaíodh caingean le haghaidh damáistí i Stát Conarthach, a raibh a hábhar ina ábhar d’ordú sealadach á ordú don chosantóir ciste teorann dliteanais a bhunú a bhí déanta ag cúirt i Stát Conarthach eile. Rialaigh an Chúirt Bhreithiúnais, chun críocha Choinbhinsiún na Bruiséile, nach mór do “breithiúnas” teacht ó chomhlacht breithiúnach de chuid Stáit Chonarthaigh a bheidh ag cinneadh na saincheisteanna idir na páirtithe i bhfeidhmiú a údaráis féin. (26) Thóg an Breithiúnas in Solo Kleinmotoren (27) an tsaincheist i dtaobh an bhféadfaí socraíocht tráchtála ar thángthas uirthi os comhair cúirte i Stát Conarthach a mheas mar “breithiúnas” a d’fhéadfaí a aithint i Stát Conarthach eile. Rialaigh an Chúirt Bhreithiúnais nach breithiúnas é socraíocht, fiú má rinneadh é os comhair cúirte agus go dtionscnófaí imeachtaí dlí chun críche, toisc gur de chineál conarthach iad na socraíochtaí sin. (28)

50.      Ní cosúil leis na fíorais ná leis an dlí sa chás atá os comhair na cúirte a rinne an tarchur na fíorais ná an dlí a tháinig chun cinn le breithniú sna breithiúnais thuasluaite. Maidir leis an mbreithiúnas in Mærsk Olie & Gas, (29) sainmhínítear go sainráite na gníomhartha atá in ann aitheantas a thabhairt dóibh faoi Rialachán Uimh. 2201/2003 le go mbeidh raon feidhme níos leithne acu ná iad siúd atá in ann aitheantas a fháil faoi Choinbhinsiún na Bruiséile. Maidir leis an mbreithiúnas in Solo Kleinmotoren, (30) ní féidir colscaradh de chomhthoil a chomhshamhlú i socrú i gcomhthéacs imeachtaí cúirte. Sa chás deireanach sin, tugann an conradh idir na páirtithe na himeachtaí cúirte chun deiridh, ní thugann an chúirt dá haire ach an comhaontú sin atá ceangailteach ó thaobh dlí d'fhonn deireadh a chur leis an dlíthíocht. Os a choinne sin, ceanglaíonn céilí ar mian leo colscaradh a dhéanamh le toiliú frithpháirteach ar údarás poiblí gníomh a ghlacadh ar mhaithe leis an ngníomh sin a bheith ceangailteach ó thaobh dlí de.

51.      D’fhéach Rialtas na Polainne freisin le bheith ag brath ar an mbreithiúnas in WB, (31) inar rialaigh an Chúirt Bhreithiúnais nach “breithiúnais” iad nótairí chun críocha Rialachán (AE) Uimh. 650/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 4 Iúil 2012 maidir le dlínse, an dlí is infheidhme, aithint agus forghníomhú cinntí agus glacadh le hionstraimí barántúla agus iad a fhorfheidhmiú in ábhair chomharbais agus maidir le Deimhniú Eorpach Comharbais a thabhairt isteach. (32) Tá difríocht ábhartha idir na forálacha ba chúis leis an tarchur le haghaidh réamhrialú in WB agus na forálacha sin a n-iarrtar ar an gCúirt iad a léiriú anseo. Ar an gcéad dul síos, ceanglaítear le hAirteagal 3(1)(g) agus le hAirteagal 3(2) de Rialachán Uimh. 650/2012 ar údaráis inniúla ráthaíochtaí a thabhairt maidir lena neamhchlaontacht agus leis an gceart chun éisteacht a fháil, agus ní mór a gcinntí a bheith ina n-ábhar achomhairc nó athbhreithnithe bhreithiúnaigh. Ní bhunaítear le Rialachán Uimh. 2201/2003 aon cheanglais atá cosúil leo sin, agus ar aon chuma bheadh sé deacair cuid acu a thrasuí i gcúinsí colscartha an toilithe. Ar an dara dul síos, bhain WB le nótaire ag tarraingt suas gníomhas de dheimhniú comharbais, atá difriúil óna chineál agus óna éifeachtaí ó fhoraithne cholscartha arna fógairt ag cláraitheoir sibhialta. Ar an tríú dul síos, sa bhreithiúnas sin thug an Chúirt Bhreithiúnais faoi deara gur gairmithe féinfhostaithe iad nótairí a thairgeann seirbhísí éagsúla ar luach saothair, (33) murab ionann agus an cás reatha ina mbíonn oifigigh phoiblí ag feidhmiú cumhachtaí atá comhionann le cumhachtaí breithimh.

52.      Áitíonn Rialtas na Gearmáine freisin nach n-áirítear le Rialachán Uimh. 2201/2003 nós imeachta colscartha den chineál a bunaíodh le hAirteagal 12 d’Fhoraithne Uimh. 132/2014 toisc, tráth a glacadh Rialachán Uimh. 2201/2003, nár cuireadh nósanna imeachta neamhbhreithiúnacha colscartha den chineál sin san áireamh i ndlíthe na mBallstát. Mar a léirítear i míreanna 32 go 38 den Tuairim seo, ní thacaíonn aon ní sa téacs, sa chomhthéacs ná sna cuspóirí atá le baint amach le Rialachán Uimh. 2201/2003 leis an gconclúid go raibh sé beartaithe ag reachtóir an Aontais na nósanna imeachta sin a eisiamh ón gcóras aitheantais uathoibríoch a cruthaíodh le Rialachán Uimh. 2201/2003: má tá aon ní fíor, comharthaí iad sin go bhfuil claonadh sa mhalairt treo.

53.      Ar an gcaoi chéanna, áitíonn Rialtas na Gearmáine go bhfuil gá leis na leasuithe ar Rialachán Uimh. 2201/2003 a tugadh isteach le Rialachán Uimh. 2019/1111 d’fhonn nósanna imeachta neamhbhreithiúnacha colscartha a thabhairt laistigh de raon feidhme na chéad leasuithe agus tá feidhm ag na leasuithe sin ón 1 Lúnasa 2022, níl siad infheidhme ratione temporis maidir le fíricí an cháis os comhair na cúirte a rinne an tarchur.

54.      Tá trí thuairim le tabhairt agam i leith na n-argóintí sin. Ar an gcéad dul síos, labhraíonn an reachtóir trí na téacsanna a achtaíonn sé. Más léir go bhfuil léirmhíniú áirithe ar na téarmaí a úsáideann sé, tá sé de dhualgas ar bhrainse breithiúnach an rialtais éifeacht a thabhairt dó. Ar an dara dul síos, níl sé neamhghnách go n-iarrfaí ar Chúirteanna an Aontais reachtaíocht a léiriú i gcomhthéacs imthosca fíorasacha nó dlíthiúla a thagann chun cinn tar éis achtú na reachtaíochta sin. Mar a thug an tAbhcóide Ginearálta Wathelet chun cuimhne, agus é ag dul i muinín Tuairimí roinnt dá réamhtheachtaithe, ní mór dlí AE a léiriú i bhfianaise imthosca an lae inniu. Ní féidir leis an dlí é féin a ghearradh ón tsochaí mar go bhfuil sé, agus ní mór dó dul in oiriúint dó chomh tapa agus is féidir, ós rud é go mbeadh baol ann seachas sin tuairimí as dáta a fhorchur agus ról statach a ghlacadh. (34) I gcomhréir leis an méid sin, ní mór léiriú dinimiciúil a dhéanamh ar dhlí an Aontais, ionas nach n-éireoidh sé “crua le haois”. Ar an tríú dul síos, ní féidir forálacha de dhlí AE a léiriú i bhfianaise na leasuithe atá sa reachtaíocht a achtaíodh ina dhiaidh sin. (35) Mar a aithníonn Rialtas na Gearmáine féin, níl feidhm ag Rialachán Uimh. 2019/1111 maidir leis an gcóimheas cás ratione temporis. Dá bhrí sin, ní féidir aon chonclúidí a bhaint as chun Rialachán Uimh. 2201/2003 a léiriú.

55.      Ar mhaithe le gan aon rud a fhágáil ar lár, tabharfaidh mé aghaidh ar raon feidhme eisceacht an bheartais phoiblí ó aithint uathoibríoch foraitheanta colscartha a fuarthas i mBallstáit eile agus atá faoi rialú ag Rialachán Uimh. 2201/2003, ar a raibh Rialtas na Polainne ag brath go cuibheasach ag tráth na héisteachta. In Airteagal 22 de Rialachán Uimh. 2201/2003 tá liosta uileghabhálach eisceachtaí ó phrionsabal an aitheantais fhrithpháirtigh a bhunaítear le hAirteagal 21. Foráiltear le hAirteagal 22(a) de Rialachán Uimh. 2201/2003 nach n-aithneofar breithiúnas a bhaineann le colscaradh, idirscaradh dlíthiúil nó neamhniú pósta más léir go bhfuil an t-aitheantas sin contrártha le beartas poiblí an Bhallstáit ina n-iarrtar an aithint.

56.      Thug an Chúirt Bhreithiúnais dá haire go bhfuil Rialachán Uimh. 2201/2003 bunaithe ar an smaoineamh go bhfuil aithint agus forghníomhú breithiúnas na mBallstát bunaithe ar phrionsabal na muiníne frithpháirtí. (36) Mar atoradh, ba cheart na forais le neamhaithint breithiúnas a bheith chomh teoranta agus is féidir. (37) Dá bhrí sin, is gá neamhaithint breithiúnais a bhraitheann ar bheartas poiblí a léiriú go docht, a mhéid is gur bacainn é neamhaithint den sórt sin ar cheann de chuspóirí bunúsacha Rialachán Uimh. 2201/2003 a bhaint amach. (38) Dá réir sin, tá an beartas poiblí ar fáil mar fhoras chun aithint breithiúnais a dhiúltú i gcásanna eisceachtúla amháin. (39)

57.      Cé go bhfuil saoirse i bprionsabal ag na Ballstáit inneachar an bheartais phoiblí a chinneadh, cáilítear teorainneacha an choincheapa sin trí thagairt d’Airteagal 22(a) de Rialachán Uimh. 2201/2003. (40) Dá bhrí sin, féadfaidh an Chúirt Bhreithiúnais na teorainneacha a athbhreithniú ar laistigh díobh a fhéadfaidh údaráis Bhallstáit leas a bhaint as an gcoincheap sin, d’fhonn diúltú aitheantas a thabhairt do bhreithiúnas ó chúirt inniúil nó ó údarás inniúil Ballstáit eile. (41) Ní bheartaítear mar sin dul in iontaoibh eisceacht an bheartais phoiblí ach amháin i gcás ina mbeadh aithint bhreithiúnais a ghlactar i mBallstát eile ar neamhréir le dlíchóras an Bhallstáit ina n-iarrtar an t-aitheantas, nó, i bhfocail eile, ina shárú follasach ar riail dlí a mheastar a bheith bunriachtanach i ndlíchóras an Bhallstáit ina n-iarrtar an t-aitheantas. (42) Tá raon feidhme na heisceachta beartais phoiblí teoranta freisin le hAirteagal 25 de Rialachán Uimh. 2201/2003, agus dá réir sin ní fhéadfar aithint breithiúnais a dhiúltú toisc nach gceadófaí colscaradh, scaradh dlíthiúil nó pósadh a neamhniú ar na fíorais chéanna le dlí an Bhallstáit ina n-iarrtar an t-aitheantas sin.

58.      Sa chomhthéacs sin, d’fhéadfadh sé go mbeadh breithiúnas na Cúirte Breithiúnais in Coman ábhartha. (43) Ní bhaineann an oibleagáid atá ar Bhallstát aitheantas a thabhairt do phósadh idir daoine den ghnéas céanna a tugadh i gcrích go dleathach i mBallstát eile d’fhonn ceart cónaithe a dheonú do náisiúnach tríú tír, an bonn d’institiúid an phósta sa chéad Bhallstát trína cheangal ar an mBallstát sin pósadh idir daoine den ghnéas céanna a éascú. Is ann don oibleagáid chun aitheantas a thabhairt do phóstaí a tugadh i gcrích go dleathach i mBallstát eile chun cur ar chumas daoine aonair a gcearta a fheidhmiú faoi dhlí an Aontais. (44) Dá bhrí sin, ní féidir gur bhagairt ar an mbeartas poiblí é oibleagáid ar Bhallstát aitheantas a thabhairt do phóstaí den sórt sin, fiú má thoirmeasctar póstaí den ghnéas céanna le dlí an Bhallstáit sin. (45)

59.      Dealraíonn sé, mar sin, nach féidir le Ballstát brath ar eisceacht an bheartais phoiblí in Airteagal 22 de Rialachán Uimh. 2201/2003 chun údar a thabhairt le neamhaithint foraithne cholscartha a fuarthas i mBallstát eile toisc nach ann don nós imeachta lena n-eisítear an fhoraithne sin i gcóras dlí an Bhallstáit ina n-iarrtar an aithint.

60.      Ar deireadh, ba cheart a chur in iúl go láidir nach dtugann an méid thuas le tuiscint go bhfuil aon oibleagáid ar na Ballstáit foráil a dhéanamh maidir le colscaradh a dheonú le nós imeachta neamhbhreithiúnach.

61.      Dá réir sin, molaim don Chúirt Bhreithiúnais freagra a thabhairt ar chéad cheist na cúirte a rinne an tarchur gur comhlíonadh na coinníollacha a éilítear de réir an dlí maidir le díscaoileadh an phósta trína ndéanann gach céile dearbhú pearsanta gur mian leo colscaradh os comhair cláraitheora shibhialta, a dheimhníonn nach bhfuil an comhaontú ina láthair níos lú ná 30 lá níos déanaí tar éis dóibh a fhíorú gur comhlíonadh na coinníollacha a éilítear de réir dlí maidir le díscaoileadh an phósta, is é sin le rá nach bhfuil leanaí mionaoiseacha nó leanaí fásta ag na céilí atá éagumasaithe nó faoi mhíchumas nó spleách go heacnamaíoch agus nach bhfuil comhaontú idir na céilí i dtaca le sócmhainní a aistriú.

B.      An dara ceist

62.      I gcás ina raibh an Chúirt Bhreithiúnais le freagra diúltach a thabhairt ar an gcéad cheist, iarrann an chúirt a rinne an tarchur an féidir leis an riail maidir le hionstraimí barántúla agus comhaontuithe in Airteagal 46 de Rialachán Uimh. 2201/2003 iarratas a dhéanamh ar fhoraithne cholscartha arna dhéanamh faoin nós imeachta a thuairiscítear i mír 14 den Tuairim seo.

63.      Measann Rialtas na Gearmáine gur cheart go dtabharfaí freagra diúltach ar an gceist seo ós rud é nach comhaontú in-fhorfheidhmithe faoi dhlí na hIodáile é an comhaontú colscartha idir na céilí, mar a cheanglaítear le hAirteagal 46 de Rialachán Uimh. 2201/2003, ionas go bhféadfaidh sé leas a bhaint as an gcóras aitheantais uathoibríoch a fógraíodh leis sin.

64.      Molann Rialtas na Fraince, a chuir teorainn lena bharúlacha ar an dara ceist, arna thacú ag Rialtas na hEastóine, gur ionstraim bharántúil nó comhaontú idir na páirtithe é an comhaontú i dtrácht, gur cheart, ar choinníoll go bhfuil sé infhorghníomhaithe faoi dhlí na hIodáile, leas a bhaint as an aitheantas sa cháil sin. I bhfianaise na freagartha a mhol an Coimisiún ar an gcéad cheist, measann sé nach gá an dara ceist a fhreagairt.

65.      Mar a léiríonn an freagra a mholaim ar an gcéad cheist, tá mé den tuairim gur breithiúnas colscartha chun críocha Rialachán Uimh. 2201/2003 é foraithne cholscartha a rinneadh faoin nós imeachta a thuairiscítear i mír 14 den Tuairim seo. Dá bhrí sin, ní ionstraim bharántúil ná comhaontú idir na páirtithe de réir bhrí Airteagal 46 de Rialachán Uimh. 2201/2003 é an colscaradh atá mar ábhar don ordú tarchuir.

V.      Conclúid

66.      I bhfianaise na mbreithnithe sin roimhe seo, molaim go bhfreagródh an Chúirt Bhreithiúnais na ceisteanna a tarchuireadh chun réamhrialú ag an Bundesgerichtshof (Cúirt Bhreithiúnais Chónaidhme na Gearmáine) mar a leanas:

Is breithiúnas colscartha é pósadh a dhíscaoiltear trí nós imeachta atá socraithe go dlíthiúil trína ndéanann gach céile dearbhú pearsanta gur mian leo colscaradh os comhair cláraitheora shibhialta, a dheimhníonn go bhfuil an comhaontú ina láthair 30 lá ar a laghad tar éis don Chláraitheoir Shibhialta a fhíorú gur comhlíonadh na coinníollacha a cheanglaítear leis an dlí do dhíscaoileadh an phósta, eadhon nach bhfuil leanaí mionaoiseacha nó leanaí fásta ag na céilí atá faoi éagumas nó faoi mhíchumas mór nó atá spleách go heacnamaíoch agus nach bhfuil téarmaí sa chomhaontú eatarthu maidir le haistriú sócmhainní, chun críocha Rialachán (CE) Uimh. 2201/2003 ón gComhairle an 27 Samhain 2003 i dtaca le dlínse agus aithint agus forghníomhú breithiúnas in ábhair maidir le pósadh agus le freagracht tuismitheora.


1      Bunteanga: an Béarla.


2      IO 2003 L 338, lch. 1.


3      Tá sainmhíniú comhchosúil ar an téarma “cúirt” sna leaganacha teanga seo a leanas d’Airteagal 2(1) de Rialachán Uimh. 2201/2003: Seicis, Danmhairgis, Gearmáinis, Spáinnis, Fraincis, Iodáilis, Ollainnis, Polainnis, Portaingéilis, Rómáinis, Slóvaicis agus Sualainnis.


4      Tá sainmhíniú comhchosúil ar an téarma “breitheamh” sna leaganacha teanga seo a leanas d’Airteagal 2(2) de Rialachán Uimh. 2201/2003: Seicis, Danmhairgis, Gearmáinis, Spáinnis, Fraincis, Iodáilis, Ollainnis, Polainnis, Portaingéilis, Rómáinis, Slóvaicis agus Sualainnis.


5      Tá sainmhíniú comhchosúil ar an téarma “breithiúnas” sna leaganacha teanga seo a leanas d’Airteagal 2(4) de Rialachán Uimh. 2201/2003: Seicis, Danmhairgis, Gearmáinis, Spáinnis, Fraincis, Iodáilis, Ollainnis, Polainnis, Portaingéilis, Rómáinis, Slóvaicis agus Sualainnis.


6      Gazzetta ufficiale della Repubblica italiana No 212, 12 Meán Fómhair 2014, lch. 1.


7      Tá achomharc ar leith curtha isteach ag TB i gcoinne an diúltaithe sin ar feitheamh os comhair Kammergericht Berlin (Ard-Chúirt Réigiúnach, Beirlín, an Ghearmáin).


8      Féach, chuige sin, Bogdzevič, K., Kaminskienė, N., agus Vaigė, L., “Non-Judicial Divorces and the Brussels II bis Regulation: To Apply or Not Apply?”, International Comparative Jurisprudence, 2021, imleabhar. 7, eagrán 1, lgh. 31 go 39.


9      IO 2019 L 178, lch. 1.


10      Breithiúnas an 24 Márta 2021, MCP (C‑603/20 PPU, EU:C:2021:231, mír 37 agus an cásdlí a luaitear).


11      An Chéad Aithris agus an Dara aithris de Rialachán Uimh. 2201/2003.


12      Breithiúnas an 16 Eanáir 2019, Liberato (C‑386/17, EU:C:2019:24, míreanna 41 agus 44 agus an cásdlí a luaitear).


13      Aithris 1 de Rialachán Uimh. 2201/2003.


14      Breithiúnas an 20 Nollaig 2017 (C‑372/16, EU:C:2017:988).


15      Ibid., míreanna 17 go 21.


16      IO 2010 L 343, lch. 10.


17      Airteagal 1(1) de Rialachán Uimh. 1259/2010.


18      Breithiúnas an 20 Nollaig 2017, Sahyouni (C‑372/16, EU:C:2017:988, mír 40).


19      Ibid., míreanna 41 agus 42. I mír 43 den bhreithiúnas sin, thug an Chúirt faoi deara freisin gur glacadh an dá rialachán i gcomhthéacs bheartas an chomhair bhreithiúnaigh in ábhair shibhialta.


20      Ibid., míreanna 45 go 49.


21      Breithiúnas an 20 Nollaig 2017 (C‑372/16, EU:C:2017:988).


22      Breithiúnas an 14 Deireadh Fómhair 2004 (C‑39/02, EU:C:2004:615).


23      Breithiúnas an 2 Meitheamh 1994 (C‑414/92, EU:C:1994:221).


24      Coinbhinsiún na Bruiséile an 27 Meán Fómhair 1968 ar dhlínse agus ar fhorghníomhú breithiúnas in ábhair shibhialta agus tráchtála, arna leasú le Coinbhinsiúin Aontachais an 9 Deireadh Fómhair 1978 maidir le hAontachas Ríocht na Danmhairge, na hÉireann agus Ríocht Aontaithe na Breataine Móire agus Thuaisceart Éireann leis an gCoinbhinsiún ar dhlínse agus ar fhorghníomhú breithiúnas in ábhair shibhialta agus thráchtála agus leis an bprótacal maidir lena léiriú ag an gCúirt Bhreithiúnais. (IO 1978 L 304, lch. 1 “Coinbhinsiún na Bruiséile”).


25      Breithiúnas an 14 Deireadh Fómhair 2004 (C‑39/02, EU:C:2004:615).


26      Ibid., míreanna 45 agus 46.


27      Breithiúnas an 2 Meitheamh 1994 (C‑414/92, EU:C:1994:221).


28      Ibid., mír 18.


29      Breithiúnas an 14 Deireadh Fómhair 2004 (C‑39/02, EU:C:2004:615).


30      Breithiúnas an 2 Meitheamh 1994 (C‑414/92, EU:C:1994:221).


31      Breithiúnas an 23 Bealtaine 2019 (C‑658/17, EU:C:2019:444).


32      IO 2012 L 201, lch. 107.


33      Breithiúnas an 23 Bealtaine 2019 (C‑658/17, EU:C:2019:444, mír 60).


34      Tuairim an Abhcóide Ghinearálta Wathelet in Coman agus páirtithe eile (C‑673/16, EU:C:2018:2, mír 56).


35      Féach, de réir analaí, breithiúnas an 22 Samhain 2017, Aebtri (C‑224/16, EU:C:2017:880, míreanna 18, 19 agus 64).


36      Aithris 21 de Rialachán Uimh. 2201/2003.


37      Breithiúnas an 16 Eanáir 2019, Liberato (C‑386/17, EU:C:2019:24, mír 46).


38      Ibid., mír 55.


39      Féach, de réir analaí, breithiúnas an 25 Bealtaine 2016, Meroni (C‑559/14, EU:C:2016:349, mír 38).


40      Ibid., de réir analaí, mír 39.


41      Ibid., de réir analaí, mír 40.


42      Féach, de réir analaí, breithiúnais an 28 Márta 2000, Krombach (C‑7/98, EU:C:2000:164, mír 37); an 19 Samhain 2015, P (C‑455/15 PPU, EU:C:2015:763, mír 39); agus an 25 Bealtaine 2016, Meroni (C‑559/14, EU:C:2016:349, mír 42).


43      Breithiúnas an 5 Meitheamh 2018, Coman agus páirtithe eile (C‑673/16, EU:C:2018:385, mír 44 agus an cásdlí a luadh).


44      Ibid., mír 45.


45      Ibid., mír 46.