Language of document :

Iarraidh ar réamhrialú ó Administrativen sad Blagoevgrad (an Bhulgáir) a taisceadh an 4 Deireadh Fómhair 2023 – ‘Ati-19’ EOOD v Nachalnik na otdel ‘Operativni deynosti’ – Sofia v Glavna direktsia ‘Fiskalen kontrol’ pri Tsentralno upravlenie na Natsionalna agentsia za prihodite

(Cás C-605/23, Ati-19)

Teanga an cháis: an Bhulgáiris

An chúirt a rinne an tarchur

Administrativen sad Blagoevgrad

Páirtithe sna príomhimeachtaí

Iarratasóir: ‘Ati-19’ EOOD

Cosantóir: Nachalnik na otdel ‘Operativni deynosti’ – Sofia v Glavna direktsia ‘Fiskalen kontrol’ pri Tsentralno upravlenie na Natsionalna agentsia za prihodite

Na ceisteanna a tharchuirtear

An bhfuil Airteagal 47(1) den Chairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh le léiriú sa chaoi nach gcuirtear cosc ar rialacha náisiúnta maidir le cosaint i gcoinne forfheidhmiú beart arna dtabhairt isteach ag an reachtas naisiúnta chun cosaint a thabhairt i gcoinne an leasa dá bhforáiltear in Airteagal 273 de Threoir 2006/112/CE ón gComhairle an 28 Samhain 2006 maidir leis an gcomhchóras cánach breisluacha, 1 ar ina chomhthéacs sin a bhfuil raon feidhme an athbhreithnithe bhreithiúnaigh teoranta don damáiste a fulaingíodh a bheith ann?

____________

1 IO 2006 L 347, lch. 1.