Language of document : ECLI:EU:C:2024:488

Eagrán sealadach

BREITHIÚNAS NA CÚIRTE (an Mór-Dhlísheomra)

11 Meitheamh 2024 (*)

(Achomharc – Iomaíocht – Airteagail 266 agus 340 CFAE – Breithiúnas lena ndéantar laghdú ar mhéid fíneála arna fhorchur ag an gCoimisiún Eorpach – Aisíocaíocht an mhéid arna bhailiú go míchuí ag an gCoimisiún – Oibleagáid ús a íoc – Aicmiú – Ceilt úsáid mhéid na fíneála arna íoc go míchuí a chúiteamh ar chothromráta – Ráta is infheidhme)

I gCás C‑221/22 P,

ACHOMHARC faoi Airteagal 56 de Reacht Chúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh, a tionscnaíodh an 28 Márta 2022,

an Coimisiún Eorpach, arna ionadú ag D. Calleja Crespo, N. Khan, B. Martenczuk, P. Rossi agus L. Wildpanner, i gcáil Gníomhairí,

achomharcóir,

an páirtí eile sna himeachtaí:

Deutsche Telekom AG, atá bunaithe in Bonn (an Ghearmáin), arna ionadú ag C. von Köckritz, P. Lohs agus U. Soltész, Rechtsanwälte,

iarratasóir ag an gcéad chéim,

tugann AN CHÚIRT (an Mór-Dhlísheomra),

agus í comhdhéanta mar seo a leanas: K. Lenaerts, Uachtarán, L. Bay Larsen, Leas-Uachtarán, A. Arabadjiev, C. Lycourgos, E. Regan, F. Biltgen, N. Piçarra agus Z. Csehi (Rapóirtéir), Uachtaráin Dlísheomra, P. G. Xuereb, L. S. Rossi, N. Jääskinen, N. Wahl, I. Ziemele, J. Passer agus D. Gratsias, Breithiúna,

Abhcóide Ginearálta: A. M. Collins,

Cláraitheoir: D. Dittert, Ceann Aonaid,

ag féachaint don chuid i scríbhinn den nós imeachta agus tar éis éisteacht an 12 Iúil 2023,

tar éis éisteacht le Tuairim an Abhcóide Ghinearálta ag éisteacht an 23 Samhain 2023

an Breithiúnas seo a leanas:

Breithiúnas

1        Lena achomharc, iarrann an Coimisiún Eorpach go gcuirfí ar ceal i bpáirt breithiúnas Chúirt Ghinearálta an Aontais Eorpaigh an 19 Eanáir 2022, Deutsche Telekom v an Coimisiún (T‑610/19, ‘an breithiúnas faoi achomharc’, EU:T:2022:15) lenar ordaigh an Chúirt Ghinearálta don Choimisiún méid EUR 1 750 522.83 a íoc le Deutsche Telekom AG chun an dochar a bhain dó a chúiteamh, lenar chuir sí ar neamhní Cinneadh ón gCoimisiún an 28 Meitheamh 2019 lenar diúltaíodh ús mainneachtana a íoc le Deutsche Telekom (‘an cinneadh faoi chonspóid’) agus lenar dhiúltaigh sí don chuid eile den chaingean a thug Deutsche Telekom.

 An dlí lena mbaineann

 Dlí an Aontais Eorpaigh

 Rialachán Airgeadais 2012

2        Foráladh don mhéid seo a leanas in Airteagal 78(4) de Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 966/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 25 Deireadh Fómhair 2012 maidir leis na rialacha airgeadais is infheidhme maidir le buiséad ginearálta an Aontais agus lena n‑aisghairtear Rialachán (CE, Euratom) Uimh. 1605/2002 ón gComhairle (IO 2012 L 298, lch. 1), faoin gceannteideal ‘Na méideanna is infhaighte a shuí’:

‘Cumhachtófar don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 210 i dtaobh rialacha mionsonraithe maidir méideanna is infhaighte a shuí, lena n‑áirítear doiciméid nós imeachta agus tacaíochta agus ús mainneachtana.’

 Rialachán Tarmligthe (AE) Uimh. 1268/2012

3        De bhun, inter alia, Airteagal 78(4) de Rialachán Airgeadais 2012, ghlac an Coimisiún Rialachán Tarmligthe (AE) Uimh. 1268/2012 ón gCoimisiún an 29 Deireadh Fómhair 2012 maidir le rialacha cur i bhfeidhm Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 966/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir leis na rialacha airgeadais is infheidhme maidir le buiséad ginearálta an Aontais (IO 2012 L 362, lch. 1).

4        De réir Airteagal 83 de Rialachán Tarmligthe Uimh. 1268/2012, dar teideal ‘Ús mainneachtana’:

‘1.      Gan dochar d’aon fhorálacha sonracha a d’eascair as cur i bhfeidhm rialacha earnáil shonracha, íocfar ús ar aon mhéid is infhaighte nach mbeidh aisíoctha tráth an sprioc-ama dá dtagraítear in Airteagal 80(3)(b), i gcomhréir le mír 2 agus mír 3 den Airteagal seo.

2.      Is é an ráta úis a bheidh ann le haghaidh méideanna is infhaighte nach mbeidh aisíoctha tráth an sprioc-ama dá dtagraítear in Airteagal 80(3)(b), an ráta úis a bheidh an Banc Ceannais Eorpach [(BCE)] á chur i bhfeidhm maidir lena phríomhoibríochtaí athmhaoiniúcháin, mar a bheidh foilsithe i Sraith C d’Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh [(‘ráta athmhaoiniúcháin BCE’)], ráta a bheidh i bhfeidhm ar an gcéad lá féilire de mhí an sprioc-ama sin, agus an méid seo curtha leis:

(a)      ocht bpointe céatadáin i gcás gur conradh soláthair nó seirbhíse poiblí is bonn leis an oibleagáid dá dtagraítear i dTeideal V;

(b)      trí phointe céatadáin go leith i ngach cás eile.

3.      Ríomhfar an t‑ús ón gcéad lá féilire tar éis an sprioc-ama dá dtagraítear in Airteagal 80(3)(b) go dtí an lá féilire a mbeidh an fiach aisíoctha ina iomláine.

Eiseofar an t‑ordú aisghabhála a chomhfhreagróidh do mhéid an úis mainneachtana nuair a bhailítear an t‑ús sin iarbhír.

4.      I gcás fíneálacha, i gcás ina soláthraíonn an féichiúnaí ráthaíocht airgeadais agus ina nglacann an t‑oifigeach cuntasaíochta leis in ionad íocaíochta, is é an ráta úis a bheidh ann ón sprioc-am dá dtagraítear in Airteagal 80(3)(b) an ráta úis dá dtagraítear i mír 2 den Airteagal seo agus a bheidh i bhfeidhm ar an gcéad lá den mhí sin inar glacadh an cinneadh lena bhforchuirtear fíneáil, agus pointe céatadáin go leith curtha leis, agus an méid sin amháin.’

[Aistriúchán neamhoifigiúil]

5        Foráladh don mhéid seo a leanas in Airteagal 90 den Rialachán sin, dar teideal ‘Aisghabháil fíneálacha agus pionós eile’:

‘1.      I gcás ina dtabharfar caingean os comhair Chúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh i gcoinne cinneadh ón gCoimisiún lenar forchuireadh fíneáil nó pionós eile [faoi CFAE] nó faoi Chonradh Euratom agus go dtí go mbeidh na leigheasanna dlíthiúla uile ídithe, déanfaidh an féichiúnaí na méideanna lena mbaineann a íoc go sealadach isteach sa chuntas bainc a d’ainmnigh an t‑oifigeach cuntasaíochta nó ráthaíocht airgeadais a thabhairt a bheidh inghlactha ag an oifigeach cuntasaíochta. Beidh an ráthaíocht sin neamhspleách ar an oibleagáid an fhíneáil nó pionóis eile a íoc agus beidh sí in‑fhorfheidhmithe nuair a iarrfar í. Cumhdóidh sí an t‑éileamh i leith na príomhshuime agus an úis atá dlite mar a shonraítear in Airteagal 83(4).

2.      Urróidh an Coimisiún na méideanna a bailíodh trína n‑infheistiú i sócmhainní airgeadais, sa chaoi go mbeidh sábháilteacht agus leachtacht an airgid sin áirithithe agus go mbeifear ag díriú freisin ar thoradh dearfach a dhéanamh.

[...]

4.      Nuair a bheidh na leigheasanna dlíthiúla uile ídithe agus i gcás inar cealaíodh nó inar laghdaíodh an fhíneáil nó an pionós eile, déanfar ceann de na bearta seo a leanas:

(a)      aisíocfar leis an tríú páirtí lena mbaineann na méideanna arna mbailiú go míchuí mar aon leis an ús arna shaothrú. I gcásanna inar dhiúltach an toradh iomlán arna shaothrú le haghaidh na tréimhse ábhartha, aisíocfar luach ainmniúil na méideanna arna mbailiú go míchuí;

(b)      i gcás inar taisceadh ráthaíocht airgeadais, scaoilfear í dá réir. ’

[Aistriúchán neamhoifigiúil]

 Cúlra na díospóide

6        An 15 Deireadh Fómhair 2014, ghlac an Coimisiún Cinneadh C(2014) 7465 final a bhaineann le himeachtaí faoi Airteagal 102 CFAE agus Airteagal 54 de Chomhaontú LEE (Cás AT.39523 – Slovak Telekom), arna leasú le Cinneadh C(2014) 10119 final an 16 Nollaig 2014 agus Cinneadh C(2015) 2484 final an 17 Aibreán 2015.

7        Lena chinneadh, d’fhorchuir an Coimisiún fíneáil EUR 31 070 000 ar Deutsche Telekom as mí-úsáid a bhaint as a staid cheannasach i margadh na Slóvaice do sheirbhísí teileachumarsáide ardfheidhmíochta, de shárú ar Airteagal 102 CFAE agus Airteagal 54 de Chomhaontú LEE.

8        Thionscain Deutsche Telekom caingean le haghaidh neamhniú an chinnidh sin, bíodh is gur íoc sé an fhíneáil sin go sealadach an 16 Eanáir 2015. Le breithiúnas an 13 Nollaig 2018, Deutsche Telekom v an Coimisiún (T‑827/14, EU:T:2018:930, ‘breithiúnas Deutsche Telekom in 2018’), sheas an Chúirt Ghinearálta le caingean Deutsche Telekom go páirteach agus, i bhfeidhmiú a dlínse iomláine, rinne sí laghdú EUR 12 039 019 ar an bhfíneáil sin. An 19 Feabhra 2019, d’aisíoc an Coimisiún an méid sin le Deutsche Telekom.

9        An 12 Márta 2019, d’iarr Deutsche Telekom ar an gCoimisiún ús mainneachtana a íoc leis mar atá ag teacht leis an méid arna bhailiú go míchuí le haghaidh na tréimhse idir dáta íocaíochta na fíneála agus dáta aisíocaíochta an mhéid sin (‘an tréimhse atá i gceist’).

10      Leis an gcinneadh atá faoi chonspóid, dhiúltaigh an Coimisiún géilleadh don iarratas sin. Chuir sé in iúl, de réir Airteagal 90(4)(a) de Rialachán Tarmligthe Uimh. 1268/2012, nár gá ús mainneachtana a chur le méid ainmniúil na fíneála arna íoc go míchuí, toisc gur dhiúltach an toradh foriomlán ar infheistíocht an mhéid sin i sócmhainní airgeadais, a rinne sé de bhun Airteagal 90(2).

11      Sa chinneadh sin, rinne an Coimisiún scrúdú chomh maith ar argóint Deutsche Telekom ar dá réir a raibh sé de cheart ag an gcuideachta sin, de réir bhreithiúnas na Cúirte Ginearálta an 12 Feabhra 2019, Printeos v an Coimisiún (T‑201/17, EU:T:2019:81), ús mainneachtana a fháil ar ráta athmhaoiniúcháin BCE, móide 3.5 pointe céatadáin. Mar fhreagra ar an argóint sin, mhínigh an Coimisiún nár bhunús dlí an breithiúnas sin le híocaíocht an úis mainneachtana a mhaígh Deutsche Telekom. Ina theannta sin, d’áitigh sé go raibh an breithiúnas sin le tuiscint gan dochar do chur i bhfeidhm Airteagal 90(4)(a) de Rialachán Tarmligthe Uimh. 1268/2012. Ag an deireadh ar fad, thug sé le fios go ndearna sé achomharc i gcoinne an bhreithiúnais sin, agus nach raibh an breithiúnas críochnaitheach dá bharr sin.

 An chaingean os comhair na Cúirte Ginearálta agus an breithiúnas atá faoi achomharc

12      Le hiarratas arna thaisceadh ag Clárlann na Cúirte Ginearálta an 9 Meán Fómhair 2019, thug Deutsche Telekom caingean os comhair na Cúirte Ginearálta chun an cinneadh atá faoi chonspóid a chur ar neamhní agus chun a ordú don Choimisiún cúiteamh a íoc i leith caillteanas ioncaim de dheasca úsáid mhéid na fíneála arna bhailiú go míchuí a cheilt air le linn na tréimhse atá i gceist nó, mar mhalairt air sin, chun go gcúiteofaí an dochar a bhain dó mar gheall ar dhiúltú ag an gCoimisiún ús mainneachtana a íoc i leith an mhéid sin.

13      Sheas an Chúirt Ghinearálta leis an gcaingean sin go páirteach.

14      Ar an gcéad dul síos, dhiúltaigh an Chúirt Ghinearálta d’iarratas Deutsche Telekom ar chúiteamh, de bhun dhliteanas neamhchonarthach an Aontais Eorpaigh, i leith caillteanas ioncaim de dheasca úsáid mhéid na fíneála arna bhailiú go míchuí a cheilt air le linn na tréimhse atá i gceist, arb ionann sin agus an toradh bliantúil ar a chaipiteal in úsáid nó le meánchostais ualaithe a chaipitil.

15      Go deimhin, de réir na Cúirte Ginearálta, níor chuir Deutsche Telekom fianaise áititheach ar fáil ar chineál iarbhír agus cinnte an dochair arna agairt. Go sonrach, ní raibh sé léirithe ag Deutsche Telekom go mbeadh méid na fíneála arna bhailiú go míchuí infheistithe aige ina ghníomhaíochtaí, ná gur tugadh air éirí as tionscadail shonracha nithiúla de bharr úsáid na suime sin a cheilt air ná nach raibh modh maoinithe eile aige.

16      Ar an dara dul síos, rinne an Chúirt Ghinearálta scrúdú ar an iarratas ar chúiteamh arna thionscnamh go tánaisteach ag Deutsche Telekom i leith sárú ar an gcéad mhír d’Airteagal 266 CFAE, lena bhforáiltear d’oibleagáid ar institiúidí a gcuireann cúirt an Aontais gníomh dá gcuid ar neamhní na bearta ar fad a dhéanamh chun an breithiúnas sin a chomhlíonadh.

17      Agus é ag brath ar chásdlí na Cúirte ó bhreithiúnas an 20 Eanáir 2021, an Coimisiún v Printeos (C‑301/19 P, ‘an breithiúnas in Printeos’, EU:C:2021:39), thug an Chúirt Ghinearálta chun cuimhne, i mír 72 den bhreithiúnas atá faoi achomharc, i gcás inar bailíodh suimeanna de shárú ar dhlí an Aontais, go bhfuil oibleagáid ann de bhun an dlí sin na suimeanna sin a thabhairt ar ais agus ús a íoc agus is amhlaidh an cás sin, go háirithe, i gcás inar bailíodh suimeanna de bhun ghníomh an Aontais ar dhearbhaigh cúirt an Aontais gur neamhbhailí é nó ar chuir cúirt an Aontais é ar neamhní.

18      I mír 75 den bhreithiúnas faoi achomharc, cuireann an Chúirt Ghinearálta i dtreis gur cosúil go bhfuil deonú úis mainneachtana ar an méid arna bhailiú go míchuí ina bhunchuid d’oibleagáid an Choimisiúin i ndiaidh breithiúnas neamhnithe nó dlínse iomlán an t‑iarratasóir a chur ar ais sa staid ina raibh sé ar dtús.

19      Maidir le leithdháileadh a leithéide d’ús ó dháta íocaíocht shealadach na fíneála i gceist go sonrach, mheas an Chúirt Ghinearálta i mír 88 den bhreithiúnas faoi achomharc, go bhféachtar leis an leithdháileadh sin an gnóthas a d’íoc an fhíneáil sin a chúiteamh ar chothromráta i leith úsáid na gcistí sin a cheilt le linn na tréimhse ó dháta íocaíocht shealadach na fíneála sin go dáta a haisíocaíochta.

20      Mar sin, rialaigh an Chúirt Ghinearálta, i mír 113 den bhreithiúnas faoi achomharc, gur sárú ar an gcéad mhír d’Airteagal 266 CFAE atá tromchúiseach go leor atá i ndiúltú an Choimisiúin ús a íoc le Deutsche Telekom, rud lena bhféadfaí an tAontas a chur faoi dhliteanas neamhchonarthach. I bhfianaise go bhfuil nasc cúisíoch díreach idir an sárú sin agus an dochar atá i gcaillteanas, le linn na tréimhse i gceist, an úis mainneachtana ar mhéid na fíneála arna bhailiú go míchuí, dheonaigh an Chúirt Ghinearálta cúiteamh EUR 1 750 522.28 do Deutsche Telekom, arna ríomh trí bhíthin chur i bhfeidhm, de réir analaí, an ráta dá bhforáiltear le hAirteagal 83(2)(b) de Rialachán Tarmligthe Uimh. 1268/2012, eadhon ráta athmhaoiniúcháin BCE i bhfeidhm i mí Eanáir 2015, is é sin le rá, 0.05 % móide 3.5 pointe céatadáin.

21      Ar an tríú dul síos, ó thaobh an iarratais go gcuirfí an cinneadh atá faoi chonspóid ar neamhní, cheadaigh an Chúirt Ghinearálta an t‑iarratas sin ar na cúiseanna céanna leo sin a d’fhág gur mheas sí, mar chuid de scrúdú ar an iarratas ar chúiteamh, gur sháraigh an Coimisiún an chéad mhír d’Airteagal 266 CFAE trína dhiúltú ús mainneachtana a íoc le Deutsche Telekom ar mhéid na fíneála arna bhailiú go míchuí, le haghaidh na tréimhse atá i gceist.

 An tordú atá á lorg ag na páirtithe os comhair na Cúirte

22      Iarrann an Coimisiún ar an gCúirt Bhreithiúnais:

–      an breithiúnas atá faoi achomharc a chur ar neamhní, a mhéid a cheadaítear caingean Deutsche Telekom leis;

–      rialú a thabhairt í féin ar na saincheisteanna atá fós le réiteach;

–      mar mhalairt air sin, an cás a tharchur ar ais, a mhéid nach bhfuil cinneadh fós ann ina leith, chuig an gCúirt Ghinearálta le hathrialú a thabhairt air; agus

–      a ordú do Deutsche Telekom iomlán na gcostas a íoc a bhaineann leis na himeachtaí seo agus leis na himeachtaí os comhair na Cúirte Ginearálta.

23      Iarrann Deutsche Telekom ar an gCúirt Bhreithiúnais:

–      diúltú don achomharc agus

–      a ordú don Choimisiún a chostais féin a íoc mar aon leo siúd arna dtabhú ag Deutsche Telekom sna himeachtaí os comhair na Cúirte Ginearálta agus na Cúirte Breithiúnais.

 An tachomharc

24      Mar thaca lena achomharc, tá dhá shaincheist dlí á n‑agairt ag an gCoimisiún, an chéad cheann acu ná go ndearna an Chúirt Ghinearálta earráid dlí trína mheas go bhforchuirtear dearbhoibleagáid gan choinníoll ar an gCoimisiún ‘ús mainneachtana is pionós’ a íoc go cúlghabhálach ó dháta íocaíocht shealadach na fíneála agus an dara ceann ná go ndearna an Chúirt Ghinearálta earráid dlí trína mheas go bhfuil an ráta úis mainneachtana atá le híoc ag an gCoimisiún ag teacht, de réir analaí leis an ráta dá bhforáiltear in Airteagal 83(2)(b) de Rialachán Tarmligthe Uimh. 1268/2012, le ráta athmhaoiniúcháin BCE móide 3.5 pointe céatadáin.

 Inghlacthacht an achomhairc

25      Áitíonn Deutsche Telekom go bhfuil an t‑achomharc do-ghlactha ina iomláine a mhéid nárbh i gcoinne an bhreithiúnais atá faoi achomharc a díríodh é, i ndáiríre, ach i gcoinne an bhreithiúnais in Printeos, atá tagtha chun bheith críochnaitheach. Thairis sin, áitíonn Deutsche Telekom gur do-ghlactha na codanna éagsúla den chéad saincheist dlí agus an dara saincheist dlí a mhéid nach bhfuil iontu ach athrá ar na hargóintí arna gcur chun tosaigh os comhair na Cúirte Ghinearálta, nó ar an mbonn go n‑ardaítear iad den chéad uair ag céim an achomhairc. Maidir leis an gcéad saincheist dlí go háirithe, ba dho-ghlactha an tsaincheist dlí sin chomh maith toisc nár aithin an Coimisiún, de shárú ar an gceanglas in Airteagal 169(2) de Rialacha Nós Imeachta na Cúirte, forais an bhreithiúnais faoi achomharc ar léir uathu gur pionós í an oibleagáid ús a íoc.

26      Measann an Coimisiún gurb inghlactha a achomharc ina iomláine.

27      I ndáil leis sin, is léir ó Airteagal 256 CFAE, ón gcéad mhír d’Airteagal 58 de Reacht Chúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh, ó Airteagal 168(1)(d) agus ó Airteagal 169 de Rialacha Nós Imeachta na Cúirte Breithiúnais nach mór iad a thabhairt le fios in iarratas ar achomharc na gnéithe den bhreithiúnas a iarrtar go gcuirfí ar neamhní a cháintear chomh maith leis na hargóintí dlí is sainbhunús leis an iarratas sin. De réir cásdlí comhsheasmhach, ní chomhlíontar an ceanglas sin le hiarratas ar achomharc, nach bhfuil argóint fiú ann lena bhféachtar go sonrach le hearráid dlí a aithint lena gcuirtear breithiúnas na Cúirte Ginearálta ó bhail, agus nach ndéantar leis ach athrá ar na hargóintí arna ndéanamh os comhair na Cúirte Ginearálta cheana féin. Go deimhin, níl ina leithéid d’achomharc i ndáiríre ach iarratas ar ghnáth-athscrúdú ar an iarratas arna thíolacadh os comhair na Cúirte Ginearálta, rud nach dtagann faoi dhlínse na Cúirte Breithiúnais (breithiúnas an 15 Iúil 2021, DK v SEGS,  C‑851/19 P, EU:C:2021:607, mír 32 agus an cásdlí dá dtagraítear).

28      I gcás ina gcuireann achomharcóir faoi chonspóid léiriú nó cur i bhfeidhm dhlí an Aontais ag an gCúirt Ghinearálta, áfach, is féidir athphlé a dhéanamh le linn achomhairc faoi na pointí dlí arna scrúdú ag an gcéad chéim. Go deimhin, i gcás nárbh fhéidir le hachomharcóir a achomharc a bhunú ar an gcaoi sin ar shaincheisteanna dlí agus ar argóintí arna n‑úsáid cheana féin os comhair na Cúirte Ginearálta, bhainfí cuid dá mbrí ó na himeachtaí achomhairc (breithiúnas an 15 Iúil 2021, DK v SEGS,  C‑851/19 P, EU:C:2021:607, mír 33 agus an cásdlí dá dtagraítear).

29      Thairis sin, tá cinnte agus athchinnte ag an gCúirt gurb in‑ghlactha achomharc arna dhéanamh ag achomharcóir trí shaincheisteanna dlí a áitiú ón mbreithiúnas faoi achomharc agus a fhéachtar leo a thuillteanas dlí a cháineadh (breithiúnas an 26 Feabhra 2020, SEGS v Alba Aguilera aguspáirtithe eile,  C‑427/18 P, EU:C:2020:109, mír 54 agus an cásdlí dá dtagraítear).

30      Faoi dheireadh, ní foláir go leanann an Coimisiún, mar is amhlaidh an cás do gach páirtí in achomharc, de bheith in ann cur i gcoinne prionsabail dlí arna gcur i bhfeidhm ag an gCúirt Ghinearálta sa bhreithiúnas a iarrtar go gcuirfí é ar neamhní, fiú i gcás inar forbraíodh na prionsabail sin i mbreithiúnais nach bhfuil in‑achomhairc nó nach bhfuil in‑achomhairc a thuilleadh.

31      Sa chás seo, féachtar leis an achomharc, mar a thugann an Coimisiún dá aire ina réamhrá, a iarraidh ar an gCúirt athscrúdú a dhéanamh ar a cásdlí ón mbreithiúnas in Printeos, atá ina bhunús mór leis an mbreithiúnas faoi achomharc agus lenar tugadh neamhaird ar an gcásdlí roimh an mbreithiúnas in Printeos de réir dhearcadh an Choimisiúin. Aithnítear go cruinn go leor leis na hargóintí arna gcur chun tosaigh ag an gCoimisiún na gnéithe den bhreithiúnais atá faoi achomharc a cháintear agus na cúiseanna gur cuireadh é ó bhail le hearráidí dlí, dar leis, agus nach amhlaidh nach ndéantar leis dá bhrí sin, murab ionann agus an méid arna áitiú ag Deutsche Telekom, ach athrá amháin ar na hargóintí arna dtíolacadh ag an institiúid sin os comhair na Cúirte Ginearálta.

32      Ní mór an agóid do-ghlacthachta arna tógáil ag Deutsche Telekom a dhíbhe mar sin.

 An chéad saincheist dlí

 Argóintí na bpáirtithe

33      Lena chéad saincheist dlí, áitíonn an Coimisiún go ndearna an Chúirt Ghinearálta earráid dlí trína mheas go bhforchuirtear dearbhoibleagáid gan choinníoll le hAirteagal 266 CFAE ar an gCoimisiún ‘ús mainneachtana is pionós’ a íoc go cúlghabhálach ó dháta íocaíocht shealadach na fíneála.

34      Tá sé chuid sa chéad saincheist dlí sin.

35      Leis an gcéad chuid den chéad saincheist dlí, cuireann an Coimisiún faoi chonspóid go ndearna sé sárú ar an gcéad mhír d’Airteagal 266 CFAE atá tromchúiseach go leor nuair nár íoc sé ús mainneachtana den mhéid arna éileamh ag Deutsche Telekom.

36      Go deimhin, de réir na hinstitiúide sin, tugtar le tuiscint leis an gcoincheap ús mainneachtana, den chineál arna éileamh ag Deutsche Telekom agus arna dheonú ag an gCúirt Ghinearálta, go bhfuil féichiúnaí déanach leis an íocaíocht, go faillíoch ar a laghad. Ina theannta sin, i mbreithiúnas an 8 Meitheamh 1995, Siemens v an Coimisiún (T‑459/93, EU:T:1995:100, mír 101), déantar cur síos ar ús mainneachtana mar ús ‘atá dlite mar gheall ar an moill ar fhorghníomhú na hoibleagáide maidir le tabhairt ar ais’. Sa chás seo, áfach, i ndiaidh an bhreithiúnais in Deutsche Telekom in 2018, d’aisíoc an Coimisiún méid na fíneála arna bhailiú go míchuí láithreach agus ní raibh sé ‘déanach’ in íocaíocht a dhéanamh mar sin. Ba phionós gan cúis mhaith ar an gCoimisiún an t‑ús mainneachtana a bhí le híoc aige de bhun an bhreithiúnais in Printeos agus an bhreithiúnais atá faoi achomharc.

37      Leis an dara cuid den tsaincheist dlí sin, dearbhaíonn an Coimisiún go sáraítear leis an mbreithiúnas faoi achomharc an cásdlí roimh an mbreithiúnas in Printeos.

38      De réir an Choimisiúin, ní ‘ús mainneachtana is pionós’ an t‑ús atá le híoc ar na méideanna a fuarthas go míchuí nach mór a aisíoc go cúlghabhálach, ach ús cúiteach lena bhféachtar le saibhriú éagórach an fhéichiúnaí a sheachaint, mar is léir, go háirithe, ó bhreithiúnas an 5 Meán Fómhair 2019, an tAontas Eorpach v Guardian Europe agus Guardian Europe v an tAontas Eorpach (C‑447/17 P agus C‑479/17 P, EU:C:2019:672). Tugann an Coimisiún dá aire, bíodh is gur thug an Chúirt ‘ús mainneachtana’ ar an ús atá le híoc, gur shoiléirigh sí go raibh siad le rialú le forálacha Rialachán Tarmligthe Uimh. 1268/2012 mar sin féin. Is é atá ann, i ndáiríre, ná ús cúiteach atá ag teacht le hús arna ghiniúint leis na hinfheistíochtaí arna ndéanamh ag an gCoimisiún de bhun Airteagal 90 den Rialachán Tarmligthe sin. Ní féidir a bhaint de thátal as an mbreithiúnas sin mar sin, mar a thagraítear dó i mír 73 den bhreithiúnas faoi achomharc, gur gá don Choimisiún ús mainneachtana a íoc le Deutsche Telekom a d’éiligh sé agus a dheonaigh an Chúirt Ghinearálta dó leis an mbreithiúnas faoi achomharc.

39      Ar bhonn an chásdlí sin, admhaíonn an Coimisiún, de bhun na chéad mhíre d’Airteagal 266 CFAE, go bhfuil sé d’oibleagáid air, i gcás inar chuir cúirt an Aontais fíneálacha arna bhforchur aige ar neamhní nó ina ndearna sí laghdú orthu, méid na bhfineálacha arna bhailiú go míchuí mar aon leis an ús arna shaothrú a aisíoc, de réir Airteagal 90 de Rialachán Tarmligthe Uimh. 1268/2012. Chuirfí cosc air an t‑ús a choimeád arna shaothrú leis na fíneálacha sin leis an toirmeasc ar shaibhriú éagórach, rud a chumhdaítear i gcásdlí ina leithéid de chásanna. Mar sin féin, tá an Coimisiún den tuairim gurb é Airteagal 90(4) den Rialachán Tarmligthe atá le cur i bhfeidhm, lena gceanglaítear go n‑aisíocfaí do na gnóthais lena mbaineann, i ndiaidh breithiúnas lena gcuirtear ar neamhní nó lena ndéantar laghdú ar an bhfíneáil arna híoc go sealadach, ‘méideanna arna mbailiú go míchuí, móide ús arna shaothrú’. Os a choinne sin, i gcás inar dhiúltach an toradh foriomlán ar infheistíocht na méideanna a fhreagraíonn don fhíneáil sin, níl le haisíoc aige ach ‘luach ainmniúil na méideanna arna mbailiú go míchuí’.

40      D’fhágfadh cur i bhfeidhm na bprionsabal arna leagan amach sa bhreithiúnas faoi achomharc, sa chomhthéacs eacnamaíoch reatha, go ndéanfaí na gnóthais lena mbaineann a shaibhriú go héagórach, toisc dearbhcheart gan choinníoll a aithint chun ús a íoc ar ráta a fhreagraíonn do ráta athmhaoiniúcháin BCE móide 3.5 pointe céatadáin.

41      Leis an tríú cuid den chéad saincheist dlí, áitíonn an Coimisiún go rialaítear le hAirteagal 90 de Rialachán Tarmligthe Uimh. 1268/2012 an t‑ús atá le híoc chun breithiúnais chúirteanna an Aontais a fhorghníomhú.

42      Is ábhar amhrais aige, inter alia, an bunús le mír 97 den bhreithiúnas faoi achomharc inar mheas an Chúirt Ghinearálta, i gcás inar lú méid an úis arna shaothrú, de réir bhrí Airteagal 90(4) de Rialachán Tarmligthe Uimh. 1268/2012, ná méid an úis mainneachtana, nach mór don Choimisiún a bhfuil idir an dá mhéid sin a íoc. Ba é toradh ar an léiriú sin ón gCúirt Ghinearálta ná nach mbeadh feidhm de facto ag an bhforáil sin in am ar bith. Go deimhin, ní féidir in am ar bith gur mó an t‑ús arna shaothrú le hinfheistíocht shábháilte ná an t‑ús mainneachtana, a fhreagraíonn an ráta de do ráta athmhaoiniúcháin BCE móide 3.5 pointe céatadáin.

43      Leis an gceathrú cuid den chéad saincheist dlí, áitíonn an Coimisiún nach bhfuil na coinníollacha comhlíonta chun an tAontas a chur faoi dhliteanas neamhchonarthach, de réir bhrí Airteagal 340 CFAE.

44      Ar dtús, trína chur d’oibleagáid ar an gCoimisiún ús mainneachtana a íoc go cúlghabhálach ó íocaíocht shealadach na fíneála, b’ionann ag an gCúirt Ghinearálta go mícheart gnáthshocrú fíneála a dhéanann cúirt an Aontais laghdú air ina dhiaidh agus sárú atá tromchúiseach go leor ar riail dlí. Ansin, os comhair na Cúirte Ginearálta, níor chruthaigh Deutsche Telekom go ndearnadh dochar dó leis sin. I ndáil leis sin, níl sé inmheasta gur caillteanas arna dhéanamh ag Deutsche Telekom atá i ndiúltú an Choimisiúin ús a íoc ar rata athmhaoiniúcháin BCE móide 3.5 pointe céatadáin. Ansin, ba bhréagnaitheach sárú tromchúiseach a chur i leith an Choimisiúin ar chúiseanna, amhail fad na n‑imeachtaí dlí, nach bhfuil aon neart aige orthu.

45      Leis an gcúigiú cuid den chéad saincheist dlí, áitíonn an Coimisiún nach ngabhann an oibleagáid ús mainneachtana a íoc ó dháta íocaíocht shealadach na fíneála le héifeacht ex tunc bhreithiúnais chúirteanna an Aontais.

46      Áitíonn an Coimisiún ina leith sin, bíodh sé d’éifeacht ag neamhniú gnímh an gníomh sin a bhaint go cúlghabhálach ó dhlíchóras an Aontais, ní raibh aon oibleagáid air an fhíneáil a aisíoc mar sin féin roimh bhreithiúnas Deutsche Telekom in 2018, go háirithe toisc go bhfuil toimhde bailíochta ag gabháil lena chuid cinntí. Cuireann an Coimisiún i dtreis nach bhféadfaí oibleagáid a chur air ús a íoc ó íocaíocht shealadach na fíneála le héifeacht ex tunc breithiúnais lena neamhnítear nó lena ndéantar laghdú ar fhíneáil, in ainneoin, ar dháta na híocaíochta sin, nach raibh an fhíneáil sin le haisíoc ná inaisíoctha aige.

47      Deir an Coimisiún chomh maith, murab ionann agus rialú na Cúirte Ginearálta, nach raibh an príomhfhiach, is é sin le rá, méid na fíneála arna bhailiú go míchuí, ar an dáta sin, ‘cinnte i ndáil leis an méid de nó inchinnte ar a laghad ar bhonn a bhfuil suite go hoibiachtúil’ ar chaoi ar bith, de réir an bhreithiúnais in Printeos (mír 55).

48      Leis an séú cuid den chéad saincheist dlí, áitíonn an Coimisiún go ndéantar difear d’éifeacht choisctheach na bhfíneálacha le híocaíocht úis mainneachtana arna fhorchur leis an mbreithiúnas faoi achomharc.

49      Measann an Coimisiún go bhfuil an éifeacht sin le cur san áireamh agus méid fíneála á shocrú. Tugann sé dá aire, ina leith sin, ós do-chinnte aige roimh ré toradh aon chaingean arna tabhairt i gcoinne cinntí lena bhforchuirtear fíneáil agus fad na n‑imeachtaí dlí lena mbaineann, níl sé in ann, agus méid fíneála á shocrú aige, cothromaíocht a bhaint amach idir an éifeacht sin agus méid an úis mainneachtana a bhféadfaí a cheangal air go n‑íocfadh sé é. Thairis sin, chuirfí as d’éifeacht choisctheach fíneálacha le díréir an úis sin, ar féidir gur mó é, de réir an Choimisiúin, ná leathchuid mhéid na bhfíneálacha.

50      Cuireann Deutsche Telekom i gcoinne argóintí an Choimisiúin faoi chonspóid agus measann sé nach mór diúltú don chéad saincheist dlí.

 Measúnú na Cúirte

51      Is léir ón gcéad mhír d’Airteagal 266 CFAE nach mór don institiúid óna dtagann an gníomh neamhnithe na bearta a glacadh chun an breithiúnas a fhorghníomhú lena ndearbhaítear go bhfuil an gníomh sin ar neamhní le héifeacht ex tunc. Ag dul leis sin, go háirithe, atá íocaíocht suimeanna arna mbailiú go míchuí ar bhonn an ghnímh sin agus íocaíocht úis (féach, chuige sin, breithiúnais an 12 Feabhra 2015, an Coimisiún v IPK International, C‑336/13 P, EU:C:2015:83, mír 29, agus an 5 Meán Fómhair 2019, an tAontas Eorpach v Guardian Europe agus Guardian Europe v an tAontas Eorpach, C‑447/17 P agus C‑479/17 P, EU:C:2019:672, mír 55).

52      Is léir chomh maith ó chásdlí comhsheasmhach gur beart í íocaíocht úis mainneachtana lena dtugtar éifeacht do bhreithiúnas lena gcuirtear gníomh ar neamhní, de réir bhrí na chéad mhíre d’Airteagal 266 CFAE, a mhéid is cuspóir le hús mainneachtana ná go gcúiteofaí an caillteanas airgid atá dlite ar chothromráta agus go spreagfaí an féichiúnaí, chun an breithiúnas a chomhlíonadh a luaithe is féidir i ndiaidh a fhógartha (féach, chuige sin, breithiúnas an 12 Feabhra 2015, an Coimisiún v IPK International, C‑336/13 P, EU:C:2015:83, mír 30, agus breithiúnas an 10 Deireadh Fómhair 2001, Corus UK v an Coimisiún, T‑171/99, EU:T:2001:249, míreanna 53 agus 54 agus an cásdlí dá dtagraítear). 

53      Tugtar le tuiscint mar sin ón gcéad mhír d’Airteagal 266 CFAE, i gcás ina neamhníonn nó ina laghdaíonn cúirt de chuid an Aontais, le héifeacht ex tunc, fíneáil arna forchur le cinneadh ón gCoimisiún as sárú ar na rialacha iomaíochta, nach mór don institiúid sin iomlán nó cuid de mhéid na fíneála arna híoc go sealadach a aisíoc, móide ús le haghaidh na tréimhse idir dáta íocaíocht shealadach na fíneála sin go dáta a haisíocaíochta.

54      Ina theannta sin, níl feidhm ag an oibleagáid suimeanna airgid arna mbailiú go míchuí mar aon le hús a thabhairt ar ais maidir leis na comhlachtaí, oifigí agus gníomhaireachtaí de chuid an Aontais amháin, ach maidir le húdaráis na mBallstát chomh maith.

55      I ndáil leis sin, i gcomhréir le cásdlí comhsheasmhach, tá sé de cheart, de réir dhlí an Aontais, ag gach duine ar chuir údarás náisiúnta de cheangal air go n‑íocfadh sé táille, dleacht, cáin nó tobhach eile de shárú ar dhlí an Aontais, ní hamháin go n‑aisíocfadh an t‑údarás sin an tsuim airgid arna bailiú go míchuí, ach go n‑íocfadh sé ús chun dofhaighteacht na suime sin a chúiteamh chomh maith (féach, chuige sin, breithiúnais an 9 Samhain 1983, San Giorgio, 199/82, EU:C:1983:318, mír 12; an 8 Márta 2001, Metallgesellschaft agus páirtithe eile, C‑397/98 agus C‑410/98, EU:C:2001:134, mír 84 ; an 19 Iúil 2012, Littlewoods Retail agus páirtithe eile, C‑591/10, EU:C:2012:478, míreanna 24 go 26; an 9 Meán Fómhair 2021, Hauptzollamt B (Laghdú cánach roghnach), C‑100/20, EU:C:2021:716, míreanna 26 agus 27, agus an 28 Aibreán 2022, Gräfendorfer Geflügel- und Tiefkühlfeinkost Produktions agus páirtithe eile, C‑415/20, C‑419/20 agus C‑427/20, EU:C:2022:306, míreanna 51 agus 52).

56      Mar sin, i gcás inar bhailigh údarás náisiúnta nó institiúid, comhlacht, oifig nó gníomhaireacht de chuid an Aontais suimeanna airgid de shárú ar dhlí an Aontais, tá na suimeanna airgid sin le tabhairt ar ais agus tá ús le cur leis sin le haghaidh na tréimhse idir dáta íocaíocht na suimeanna airgid sin agus dáta a dtabhairt ar ais, rud atá ina léiriú ar phrionsabal ginearálta maidir le híocaíochtaí neamhdhlite a thabhairt ar ais (féach, chuige sin, breithiúnas an 28 Aibreán 2022, Gräfendorfer Geflügel- und Tiefkühlfeinkost Produktions agus páirtithe eile, C‑415/20, C‑419/20 agus C‑427/20, EU:C:2022:306, mír 53 agus an cásdlí dá dtagraítear).

57      Dá bhrí sin, ní dhearna an Chúirt Ghinearálta earráid dlí trína chinneadh i mír 111 den bhreithiúnas faoi achomharc, ar bhonn réasúnaíocht atá bunaithe, inter alia, ar bhreithiúnas Printeos, gur sháraigh an Coimisiún an chéad mhír d’Airteagal 266 CFAE trí dhiúltú ús a íoc le Deutsche Telekom ar mhéid na fíneála arna bhailiú go míchuí le haghaidh na tréimhse lena mbaineann. Ní dhearna sí, dála an bhreithiúnais in Printeos, ach na prionsabail a athdhearbhú a cuireadh chun cuimhne i míreanna 51 go 56 den bhreithiúnas seo, a thig ó chásdlí seanbhunaithe nach gá dul siar air.

58      Ní mór a chur i dtreis sa chomhthéacs sin, murab ionann agus an méid a áitíonn an Coimisiún, nach ‘ús mainneachtana is pionós’ atá sa chúiteamh a d’iarr an Chúirt Ghinearálta air go n‑íocfadh sé le Deutsche Telekom. Go deimhin, roimh an dáta a tugadh an breithiúnas in Deutsche Telekom in 2018, ní raibh aon oibleagáid ar an gCoimisiún méid na fíneála a thabhairt ar ais do Deutsche Telekom, bíodh sin go páirteach nó ina hiomláine, i bhfianaise, ar dtús, in‑fhorfheidhmitheacht chinntí an Choimisiúin lena gcuirtear oibleagáid airgeadais ar dhaoine seachas Ballstáit, ansin, gan éifeacht choisctheach a bheith ag caingne arna dtabhairt os comhair chúirt an Aontais, de réir Airteagal 278 CFAE agus, faoi dheireadh, na toimhde go bhfuil cinntí an Choimisiúin bailí fad nár cuireadh iad ar neamhní nó nár tarraingíodh siar iad (féach, chuige sin, breithiúnas an 17 Meitheamh 2010, Lafarge v an Coimisiún C‑413/08 P, EU:C:2010:346, mír 81 agus an cásdlí dá dtagraítear). Mar sin, ba ón dáta sin ar aghaidh a bhí an oibleagáid um thabhairt ar ais sin ar an gCoimisiún go bhféadfaí a mheas, i gcás nach n‑aisíocann sé méid na fíneála arna bhailiú go míchuí láithreach, go raibh sé ag mainneachtain i bhforghníomhú na hoibleagáide sin. Sa chás seo, tá na páirtithe ar comhthuiscint, áfach, i ndiaidh thabhairt an bhreithiúnais in Deutsche Telekom in 2018, gur aisíoc an Coimisiún le Deutsche Telekom méid na fíneála arna bhailiú go míchuí.

59      Is deimhin, dála an chásdlí is bun aige, gur minic sa chás faoi achomharc a thug an Chúirt Ghinearálta ‘ús mainneachtana’ ar an ús atá dlite den Choimisiún sa chás seo, ar coincheap é lena dtagraítear do mhoill íocaíochta ar an bhféichiúnaí agus do rún pionós a fhorchur air as an méid sin.

60      Dá inchonspóide é i bhfianaise chuspóirí an úis lena mbaineann, níl bailíocht na réasúnaíochta ar a bonn a chinn an Chúirt Ghinearálta go raibh ús le cur le haisíocaíocht an mhéid arna bhailiú go míchuí ionas go gcúiteofaí ar chothromráta an gnóthas atá i gceist i leith úsáid an mhéid sin a cheilt, inchurtha faoi cheist, áfach, lena leithéid d’aicmiú, ag féachaint do na prionsabail a thugtar chun cuimhne i míreanna 51 go 56 den bhreithiúnas seo.

61      Maidir leis an bhfíoras, mar a chuir an Coimisiún chun tosaigh, go mbaineann an t‑ús a d’ordaigh an Chúirt Ghinearálta go n‑íocfadh sé é sa bhreithiúnas atá faoi achomharc leis an tréimhse ó dháta íocaíocht shealadach na fíneála go dáta aisíocaíocht an mhéid arna bhailiú go míchuí i ndiaidh an bhreithiúnais lena ndéantar laghdú ar an bhfíneáil sin agus maidir leis gurb éard atá i gceist leis ná tréimhse a bhí cuid an‑mhór di ann roimh an mbreithiúnas seo, is toradh é sin ar an éifeacht ex tunc a ghabhann lena leithéid de bhreithiúnas agus ar an oibleagáid atá ar an gCoimisiún, de réir na chéad mhíre d’Airteagal 266 CFAE, an breithiúnas sin a chomhlíonadh tríd an ngnóthas lena mbaineann a chur ar ais sa staid ina mbeadh sé, mura rud é gur ceileadh air, ar feadh na tréimhse sin ar fad, úsáid na suime atá ag teacht leis an méid arna bhailiú go míchuí. I ndáil leis sin, tá comhthuiscint ann, i bhfianaise an chirt atá ann imeachtaí a thabhairt i gcoinne aon chinneadh ón gCoimisiún lena bhforchuirtear fíneáil, i gcás inar íoc an gnóthas lena mbaineann an fhíneáil go sealadach, gur féidir a cheangal ar an gCoimisiún, i gcás inarb iomchuí, na bearta forghníomhaithe a ghlacadh i ndáil le breithiúnas lena gcuirtear a leithéid de chinneadh ar neamhní ina iomláine nó go páirteach, mar a thugtar chun cuimhne i míreanna 51 go 53 den bhreithiúnas seo.

62      A dhála sin, níorbh féidir go n‑éireodh leis na hargóintí de chuid an Choimisiúin, sa chás seo, nach raibh sárú atá tromchúiseach go leor ann ar riail dlí nó nach raibh cruthúnas leordhóthanach ar dhamáistí a bhain do Deutsche Telekom. Go deimhin, i gcás ina bhfuil sé d’oibleagáid air, de réir na chéad mhíre d’Airteagal 266 CFAE ús a íoc in éineacht le haisíocaíocht suime airgid socraithe, níl aon rogha ag an gCoimisiún maidir leis an ús sin a íoc nó gan é a íoc, agus dá réir sin, is leor sárú ar dhlí an Aontais amháin, arb é atá ann ná diúltú íocaíocht a dhéanamh, chun a shuíomh go raibh sárú tromchúiseach go leor ar an dlí sin, rud lenar féidir an tAontas a chur faoi dhliteanas neamhchonarthach (féach, chuige sin, an breithiúnas in Printeos, míreanna 103 agus 104). Sa chás seo, bhí sé de cheangal ar an gCoimisiún, de réir na forála sin, i ndiaidh an bhreithiúnais in Deutsche Telekom in 2018, ús a íoc in éineacht le haisíocaíocht mhéid na fíneála arna bhailiú go míchuí, mar a rialaigh an Chúirt Ghinearálta i gceart i mír 112 den bhreithiúnas faoi achomharc. Thairis sin, ós ‘ar chothromráta’ an t‑ús sin mar is léir ón gcásdlí arna chur chun cuimhne i mír 52 den bhreithiúnas seo, ní fhéadfadh an Coimisiún an oibleagáid sin a sheachaint ar an bhforas nár chruthaigh Deutsche Telekom go leordhóthanach go raibh dochar ann.

63      Sna himthosca sin, ní mór an chéad chuid, an dara cuid, an ceathrú cuid agus an cúigiú cuid den chéad saincheist dlí a dhíbhe.

64      A dhála sin, ní dhearna an Chúirt Ghinearálta earráid dlí trí dhiúltú d’argóintí an Choimisiúin maidir le forálacha Airteagal 90 de Rialachán Tarmligthe Uimh. 1268/2012. Go deimhin, mar a thug sí dá haire i gceart i mír 98 den bhreithiúnas faoi achomharc, i gcás inar lú méid an úis ‘arna shaothrú’ dá dtagraítear in Airteagal 90(4) den Rialachán Tarmligthe ná méid an úis atá dlite de réir na hoibleagáide maidir le cúiteamh ar chothromráta, fiú i gcás nach ndéantar ús agus inar diúltach an toradh ar chaipiteal arna infheistiú, ceanglaítear ar an gCoimisiún mar sin féin, de réir na chéad mhíre d’Airteagal 266 CFAE, a bhfuil idir aon ‘ús arna shaothrú’ de réir bhrí Airteagal 90(4) den Rialachán Tarmligthe agus an t‑ús atá dlite le haghaidh na tréimshe idir dáta íocaíocht na suime i gceist agus dáta a aisíoctha a íoc leis an duine lena mbaineann (féach, chuige sin, an breithiúnas in Printeos, míreanna 75 agus 76).

65      I ndáil leis sin, mar a luaigh an Coimisiún féin agus mar a leag an tAbhcóide Ginearálta béim air i mír 77 dá Thuairim, is é saibhriú éagórach an Aontais a sheachaint is cuspóir leis an oibleagáid atá ar an institiúid sin faoi Airteagal 90(4) de Rialachán Tarmligthe Uimh. 1268/2012 an ‘t‑ús arna shaothrú’ a íoc leis an ngnóthas lena mbaineann. Tá an oibleagáid fhéideartha sin gan dochar don oibleagáid atá ar an institiúid sin ach go háirithe, de réir na chéad mhíre d’Airteagal 266 CFAE, an gnóthas sin a chúiteamh ar chothromráta i leith úsáid a cheilt, de dheasca aistriú na suime airgid a fhreagraíonn do mhéid na fíneála arna íoc go míchuí leis an gCoimisiún, lena n‑áirítear i gcás nach raibh toradh ar infheistíocht mhéid na fíneála arna híoc ag an ngnóthas sin go sealadach ar mó é ná ráta athmhaoiniúcháin BCE móide 3.5 pointe céatadáin.

66      Thairis sin, bíodh is gur fíor, i gcomhréir le hAirteagal 90(2) de Rialachán Tarmligthe Uimh. 1268/2012, go gcinnteoidh an Coimisiún go gcaomhnófar na méideanna arna mbailiú go sealadach trína n‑infheistiú i sócmhainní airgeadais, ar dá réir a áirithítear sláine agus leachtacht na gcistí agus go bhféachtar le toradh dearfach ar infheistíocht a fháil, is léir chomh maith ón bhforail sin nach bhfuil aon tionchar ar na dálaí faoinar infheistíodh méid na fíneála sin ag an ngnóthas a d’íoc an fhíneáil go sealadach a forchuireadh air. Níor éirigh leis an gCoimisiún na cúiseanna a mhíniú, sna himthosca sin, nach mór don ghnóthas a d’íoc an fhíneáil go sealadach a forchuireadh ar bhonn gníomh atá neamhdhleathach go páirteach nó ina iomláine an riosca a bhaineann lena leithéid d’infheistíochtaí a sheasamh.

67      Sna himthosca sin, ní mór an chéad chuid den chéad saincheist dlí a dhíbhe.

68      Ó thaobh argóintí an Choimisiúin go ndéantar difear d’éifeacht choisctheach na bhfíneálacha le híocaíocht úis a fhorchur air ó dháta bailithe sealadach na fíneála, tacaíonn an Chúirt Bhreithiúnais leis na breithnithe arna leagan amach ag an gCúirt Ghinearálta i míreanna 93 agus 94 den bhreithiúnas atá faoi achomharc ar dá réir nach mór comhréiteach a fháil idir feidhm choisctheach na bhfíneálacha agus na ceanglais maidir le cosaint dlí éifeachtach. Tá sé mar thoradh ar na ceanglais sin, i gcás ina neamhníonn breithiúnas nó cúirt de chuid an Aontais fíneáil arna híoc go sealadach ag an ngnóthas atá i gceist, nó ina ndéanann an breithiúnas nó an chúirt laghdú uirthi, go bhfaigheadh an gnóthas sin, i bhfianaise na chéad mhíre d’Airteagal 266 CFAE agus éifeacht ex tunc a leithéide de bhreithiúnas, cúiteamh ar chothromráta i leith úsáid na suime a fhreagraíonn don mhéid arna bhailiú go míchuí ag an gCoimisiún a cheilt, le haghaidh na tréimhse idir dáta na híocaíochta sealadaí sin agus dáta aisíocaíochta na suime sin ag an institiúid sin. In aon chás, níl éifeacht choisctheach na bhfíneálacha inagartha i gcomhthéacs fíneálacha arna gcur ar neamhní ag cúirt de chuid an Aontais nó a ndearna sí laghdú orthu ós rud é nach féidir leis an gCoimisiún brath ar ghníomh a dearbhaíodh gur neamhdhleathach é ar mhaithe le coisctheacht.

69      Sna himthosca sin, ní mór an séú cuid den chéad saincheist dlí a dhíbhe.

70      I bhfianaise an mhéid roimhe seo, ní mór diúltú don chéad saincheist dlí de chuid an Choimisiúin toisc nach bhfuil bunús léi.

 An dara saincheist dlí

 Argóintí na bpáirtithe

71      Lena dara saincheist dlí, áitíonn an Coimisiún go ndearna an Chúirt Ghinearálta earráid dlí trína cinneadh, i míreanna 114 go 138 den bhreithiúnas atá faoi achomharc, gurb ionann an ráta is infheidhme maidir le hús atá le híoc ag an gCoimisiún, de réir analaí le hAirteagal 83(2)(b) de Rialachán Tarmligthe Uimh. 1268/2012, agus ráta athmhaoiniúcháin BCE móide 3.5 pointe céatadáin.

72      Tugann an Coimisiún chun cuimhne gur rialaigh an Chúirt, i mbreithiúnas an 5 Meán Fómhair 2019, an tAontas Eorpach v Guardian Europe agus Guardian Europe v an tAontas Eorpach (C‑447/17 P agus C‑479/17 P, EU:C:2019:672, mír 56), ar mhaithe leis an ús a shocrú atá le híoc i ndiaidh fíneáil a chur ar neamhní, go raibh an ráta arna shocrú le forálacha Rialachán Tarmligthe Uimh. 1268/2012 le cur i bhfeidhm, gan na forálacha cruinne den Rialachán Tarmligthe a aithint a bhfuil tagairt le déanamh dóibh, áfach.

73      Rinneadh léiriú, áfach, leis an mbreithiúnas in Printeos, dá dtagraítear i mír 121 den bhreithiúnas atá faoi achomharc, ar bhreithiúnas an 5 Meán Fómhair 2019, an tAontas Eorpach v Guardian Europe agus Guardian Europe v an tAontas Eorpach (C‑447/17 P agus C‑479/17 P, EU:C:2019:672) amhail go ndearnadh tagairt leis an mbreithiúnas sin d’Airteagal 83 den Rialachán Tarmligthe. Bhain an Chúirt Ghinearálta de thátal as an méid sin, i míreanna 133 agus 134 den bhreithiúnas faoi achomharc, nár mhór Airteagal 83(2)(b) den Rialachán sin a chur i bhfeidhm, de réir analaí, lena gceanglaítear ús a íoc ar ráta athmhaoiniúcháin BCE, móide 3.5 pointe céatadáin.

74      Dar leis an gCoimisiún, ar an gcéad dul síos, níl údar lena leithéid de chur i bhfeidhm de réir analaí, a mhéid a rialaítear le hAirteagal 83 de Rialachán Tarmligthe Uimh. 1268/2012 an t‑ús mainneachtana atá dlite ó fhéichiúnaithe an Choimisiúin i gcás íocaíocht dhéanach trí fhoráil do nós imeachta sonrach chuige sin.

75      Ar an dara dul síos, d’fhéadfaí a bhaint de thátal as an mbreithiúnas in Printeos gur mhian leis an gCúirt, agus rialú á thabhairt ar ríomh úis iolraithe, an ráta dá dtagraítear in Airteagal 83(2) de Rialachán Tarmligthe Uimh. 1268/2012 a chur i bhfeidhm, de réir analaí, maidir le hús mainneachtana a ríomh. Ina theannta sin, níor dheonaigh an Chúirt Ghinearálta ina breithiúnas an 12 Feabhra 2019, Printeos v an Coimisiún (T‑201/17, EU:T:2019:81) ná an Chúirt, agus rialú á thabhairt aici ar achomharc sa chás sin sa bhreithiúnas in Printeos, ús mainneachtana ar an ráta dá dtagraítear leis an bhforáil sin.

76      Dá gcinnfeadh an Chúirt, áfach, nach mór an ráta úis arna shocrú in Airteagal 83 de Rialachán Tarmligthe Uimh. 1268/2012 a chur i bhfeidhm, tá an Coimisiún den tuairim, in anás ráta úis iomchuí eile a shocrú, is é atá le húsáid, de réir analaí le hAirteagal 83(4) den Rialachán Tarmligthe sin, ná ráta athmhaoiniúcháin BCE móide 1.5 pointe céatadáin, arna chur i bhfeidhm ag an gCoimisiún i gcás ina gcruthaíonn seolaí an chinnidh lena bhforchuirtear fíneáil ráthaíocht bainc in ionad an fhíneáil sin a íoc go sealadach. Tá an staid sin sách inchomparáide leis na cúinsí sa chás seo, toisc go gcúitítear sa dá chás méid na fíneála gan bheith, le linn na n‑imeachtaí cúirte, ag an gCoimisiún sa chéad chás agus ag an ngnóthas lena mbaineann sa dara cás.

77      Cuireann Deutsche Telekom argóintí an Choimisiúin faoi chonspóid agus measann sé nach mór diúltú don dara saincheist dlí chomh maith.

 Measúnú na Cúirte

78      Is léir ó chásdlí na Cúirte Breithiúnais, chun méid an úis a shocrú nach mór a íoc le gnóthas a d’íoc fíneáil arna forchur ag an gCoimisiún, i ndiaidh na fíneála sin a chur ar neamhní nó laghdú a dhéanamh uirthi, nach mór don institiúid sin an ráta a chur i bhfeidhm arna shocrú chuige sin le Rialachán Tarmligthe Uimh. 1268/2012 (féach, chuige sin, breithiúnas an 5 Meán Fómhair 2019, an tAontas Eorpach v Guardian Europe agus Guardian Europe v an tAontas Eorpach, C‑447/17 P agus C‑479/17 P, EU:C:2019:672, mír 56). Thairis sin, shoiléirigh an Chúirt nach tagairt í d’Airteagal 90 den Rialachán Tarmligthe sin, nach luaitear ann aon ráta úis sonrach, ach tagairt d’Airteagal 83 den Rialachán Tarmligthe sin, lena socraítear an ráta úis le haghaidh fiacha nár aisíocadh faoin teorainn ama (féach, chuige sin, an breithiúnas in Printeos, mír 81).

79      Foráladh le hAirteagal 83 de Rialachán Tarmligthe Uimh. 1268/2012, ina bhfuil na rialacha maidir le cur i bhfeidhm Rialachán Airgeadais 2012, a bhí i bhfeidhm ag an am, do roinnt rátaí úis chuige sin, a d’fhreagair go léir do ráta athmhaoiniúcháin BCE, móide pointí céatadáin ar leith. I gcomhréir le hAirteagal 83(2)(a) agus (b) den Rialachán Tarmligthe sin, ba é a chuirtí leis, faoi seach, ná 8 bpointe céatadáin i gcás inarbh é conradh poiblí soláthair seirbhísí ba shiocair leis an bhfiach agus 3.5 pointe céatadáin i ngach cás eile. Thairis sin, i gcás inar thaisc an féichiúnaí ráthaíocht airgeadais a ghlac an cuntasóir in ionad agus in áit fíneáil a íoc, foráladh le hAirteagal 83(4) den Rialachán Tarmligthe sin do phointe amháin go leith a chur leis.

80      Sa chás seo, níor úsáid an Chúirt Ghinearálta aon cheann den dá ráta úis maidir le cásanna sonracha dá dtagraítear in Airteagal 83(2)(a) agus (4) de Rialachán Tarmligthe Uimh. 1268/2012 faoi seach. D’úsáid sí an ráta dá dtagraítear, mar fhorlíonadh le haghaidh ‘[g]ach cás eile’, in Airteagal 83(2)(b) den Rialachán Tarmligthe sin.

81      Sin an chúis leis, i mír 136 den bhreithiúnas faoi achomharc, ar mhaithe le cúiteamh Deutsche Telekom a shocrú ar chothromráta i leith úsáid a chistí a cheilt, gurbh é an ráta infheidhme a d’úsáid an Chúirt Ghinearálta, de réir analaí, ar bhonn na hanailíse arna déanamh aici i míreanna 125 go 135 den bhreithiúnas sin, ná an ráta dá dtagraítear in Airteagal 83(2)(b) de Rialachán Tarmligthe Uimh. 1268/2012, eadhon ráta athmhaoiniúcháin BCE, móide 3.5 pointe céatadáin.

82      Dá bhrí sin, dheonaigh an Chúirt Ghinearálta do Deutsche Telekom, i mír 137 den bhreithiúnas sin, cúiteamh de mhéid EUR 1 750 522.83 i leith an dochair a bhain dó leis an sárú tromchúiseach go leor ar an gcéad mhír d’Airteagal 266 CFAE, ar méid é a fhreagraíonn don chaillteanas úis ar an ráta 3.55 %, le linn na tréimhse atá i gceist, ar mhéid na fíneála arna bhailiú go míchuí.

83      Is deimhin, mar a áitíonn an Coimisiún, nach socraítear le hAirteagal 83(2)(b) de Rialachán Tarmligthe Uimh. 1268/2012 an ráta úis a fhreagraíonn do chúiteamh ar chothromráta atá den chineál atá i gceist sa chás seo. Go deimhin, tagraítear leis an bhforail sin do chás na híocaíochta déanaí, nach mbaineann leis an gcás seo, eadhon an cás nach n‑aisíoctar fiach faoin teorainn ama dá bhforáiltear. Is é go díreach an chúis le hAirteagal 83(2)(b) den Rialachán Tarmligthe sin a chur i bhfeidhm ‘de réir analaí’ ag an gCúirt Ghinearálta, agus a rogha á cur chun feidhme, ná nár socraíodh le hAirteagal 83 sin ná le haon fhoráil eile den Rialachán Tarmligthe sin an ráta sin.

84      Ní thugtar le tuiscint uaidh sin, áfach, go ndearna an Chúirt Ghinearálta earráid dlí i bhfeidhmiú na dlínse a aithnítear go bhfuil aici mar chuid d’imeachtaí chun an tAontas a chur faoi dhliteanas neamhchonarthach, tríd an ráta arna shocrú leis an bhforáil sin a chur i bhfeidhm, rud nach cosúil go bhfuil cuma na míréasúntachta nó na díréire air i bhfianaise chuspóir an úis i gceist.

85      I ndáil leis sin, is tábhachtach a chur in iúl, i bhfianaise go ndearna an Chúirt Ghinearálta laghdú ar mhéid na fíneála a bhí forchurtha ag an gCoimisiún ar Deutsche Telekom agus gur íoc an gnóthas sin é go sealadach, nach bhféadfaí gur fabhraí an staid ina mbeadh an Coimisiún ná an staid ina mbeadh Deutsche Telekom dá ndiúltófaí dá chaingean i ndiaidh dó, in ionad a leithéid d’íocaíocht shealadach a dhéanamh, taisceadh ráthaíochta bainc a roghnú ar feitheamh thoradh na n‑imeachtaí dlí arna dtionscnamh leis na himeachtaí. Sa chás sin, b’infheidhme maidir le Deutsche Telekom ús arna ríomh ar ráta 1.55 % i gcomhréir le hAirteagal 83(4) de Rialachán Tarmligthe Uimh. 1268/2012, rud a gcuirfí táillí thaisceadh na ráthaíochta bainc sin leis.

86      Ar na cúiseanna sin, ní fhéadfaí glacadh le hargóintí an Choimisiúin lena bhféachtar, mar mhalairt rogha, srian go ráta 1.55 % sin a chur le méid an úis atá dlite do Deutsche Telekom.

87      Is fíor chomh maith, mar a thug an Chúirt Ghinearálta le fios i gceart i míreanna 127 agus 131 den bhreithiúnas atá faoi achomharc, go bhfuil difríocht ann idir an cás inar íoc gnóthas an fhíneáil sin go sealadach, agus caingean á tionscnamh i gcoinne chinneadh an Choimisiúin fíneáil a fhorchur air, agus an cás ina dtaisceann gnóthas ráthaíocht bainc ar feitheamh iomlán na leigheasanna dlí a thriail. Go deimhin, sa chás inar thaisc gnóthas ráthaíocht bainc agus, dá bhrí sin, inar iarchuireadh an íocaíocht, níor aistrigh sé go dtí an Coimisiún an tsuim airgid a fhreagraíonn do mhéid na fíneála arna forchur, murab ionann agus an cás ina ndearna sé íocaíocht shealadach na fíneála, rud a fhágann nach bhféadfaí a chur de cheangal ar an gCoimisiún méid arna bhailiú go míchuí a aisíoc leis. A chinneadh féin ráthaíocht bainc a thaisceadh is cúis le haon dochar féideartha don ghnóthas lena mbaineann.

88      Ag an deireadh ar fad, bíodh gur fíor, mar a chuir an Coimisiún in iúl, nár chuir an Chúirt, sa bhreithiúnas in Printeos, ús ar ráta athmhaoiniúcháin BCE móide 3.5 pointe céatadáin leis an méid a bhí le haisíoc, is é an chúis leis sin ná nár iarr an t‑iarratasóir sin ag an gcéad chéim, sa chás ba bhun leis an mbreithiúnas sin, i ndáil lena leithéid de mhéid, ach cur i bhfeidhm ráta athmhaoiniúcháin BCE móide 2 phointe céatadáin.

89      Ní mór a chur in iúl chomh maith, dá gcinnfeadh an Coimisiún nach gcuirtear san áireamh go cuí leis na forálacha reachtacha reatha a leithéid de chás is bun leis an gcás seo, gur faoin gCoimisiún a bheadh sé nó, i gcás inarb iomchuí, faoi reachtóir an Aontais na hathruithe is gá a dhéanamh ar mhaithe le deimhneacht dhlíthiúil agus intuarthacht ghníomhaíocht an Choimisiúin.

90      Bíodh sin mar atá, i bhfianaise gur ón gcéad mhír d’Airteagal 266 CFAE a thagann oibleagáid an Choimisiúin ús a chur le haisíocaíocht fíneála arna cur ar neamhní go páirteach nó ina hiomláine, ní mór na cuspóirí a shaothraítear lena leithéid d’ús a chomhlíonadh le gach modh nó cur chuige ríofa nua. Dá bhrí sin, ní féidir gurb amhlaidh an cás nach ndéantar leis an ráta is infheidhme leis an ús sin ach dímheas airgeadais a chúiteamh le haghaidh na tréimhse a bhfuil ús le híoc ina leith, gan an cúiteamh ar chothromráta a theacht lena ndlitear don ghnóthas a d’íoc an fhíneáil sin as siocair gur ceileadh úsáid na gcistí air ar feadh tréimhse áirithe a fhreagraíonn don mhéid arna bhailiú go míchuí ag an gCoimisiún.

91      I bhfianaise an mhéid roimhe seo, ní mór a chinneadh nach ndearna an Chúirt Ghinearálta earráid dlí ar shocrú an chúitimh ar chothromráta do Deutsche Telekom tríd an ráta úis dá dtagraítear in Airteagal 83(2)(b) de Rialachán Tarmligthe Uimh. 1268/2012 a chur i bhfeidhm de réir analaí, i bhfianaise chuspóir an úis atá i gceist agus na hoibleagáide a cuireadh air an dochar a bhain dó leis a chúiteamh. Mar sin, ní mór diúltú don dara saincheist dlí chomh maith.

92      Ós rud é nár seasadh le haon cheann de na saincheisteanna dlí arna n‑agairt ag an gCoimisiún mar thaca lena achomharc, ní mór diúltú dó ina iomláine.

 Costais

93      I gcomhréir le hAirteagal 184(2) de Rialacha Nós Imeachta na Cúirte Breithiúnais, i gcás nach bhfuil bunús leis an achomharc, tabharfaidh an Chúirt Bhreithiúnais breith maidir le costais.

94      De réir Airteagal 138(1) de Rialacha Nós Imeachta na Cúirte, rud is infheidhme maidir le himeachtaí achomhairc de réir Airteagal 184(1) de, ordófar don pháirtí nár éirigh leis na costais a íoc má iarrtar iad i bpléadálacha an pháirtí ar éirigh leis.

95      Ós rud é nár éirigh leis an gCoimisiún lena shaincheisteanna dlí agus gur éiligh Deutsche Telekom na costais, ní mór ordú dó na costais a íoc.

Ar na forais sin, dearbhaíonn agus rialaíonn an Chúirt (an Mór-Dhlísheomra):

1.      Diúltaítear don achomharc.

2.      Ordaítear don Choimisiún na costais a íoc.

Sínithe


*      Teanga an cháis: an Ghearmáinis.