Language of document : ECLI:EU:C:2022:97

Cás C-156/21

An Ungáir

v

Parlaimint na hEorpa
agus
Comhairle an Aontais Eorpaigh

 Breithiúnas na Cúirte (an Chúirt iomlán) an 16 Feabhra 2022

“Caingean le haghaidh neamhniú – Rialachán (AE, Euratom) 2020/2092 – Córas ginearálta coinníollachta chun buiséad an Aontais a chosaint – Buiséad an Aontais a chosaint i gcás sárú ar phrionsabail an smachta reachta i mBallstát – Bunús dlí – Airteagal 322(1)(a) CFAE – Imchéimniú líomhnaithe ar Airteagal 7 CAE agus Airteagal 269 CFAE – Sáruithe líomhnaithe ar Airteagal 4(1), Airteagal 5(2) CAE agus Airteagal 13(2) CAE agus ar phrionsabail na deimhneachta dlíthiúla, na comhréireachta agus na córa comhionainne i leith na mBallstát i bhfianaise na gConarthaí”

1.        Imeachtaí cúirte – Nós imeachta brostaithe – Coinníollacha – Imthosca is údar le nós imeachta brostaithe – Buntábhacht an cháis do chóras dlí an Aontais – Cás a bhaineann le hinniúlachtaí an Aontais chun a bhuiséad a chosaint ar éifeachtaí a d’fhéadfadh a bheith ann mar gheall ar sháruithe ar na luachanna atá in Airteagal 2 CAE – Inghlacthacht chur i bhfeidhm an nós imeachta sin

(Airteagal 2 CAE; Airteagal 263 CFAE; Rialacha Nós Imeachta na Cúirte, Airteagal 133(1))

(féach mír 30 agus mír 31)

2.        Institiúidí den Aontas Eorpach – Ceart an phobail chun rochtain a fháil ar dhoiciméid – Rialachán Uimh. 1049/2001 – Eisceachtaí ar an gceart chun rochtain a fháil ar dhoiciméid – Cosaint comhairle dlí – Leas poiblí sáraitheach maidir le trédhearcacht a thugann údar le nochtadh doiciméad – Coincheap – Oibleagáid ar an institiúid chun cothromaíocht a bhaint amach idir na leasanna uile atá i gceist – Nochtadh agus tabhairt ar aird tuairimí dlí maidir le próisis reachtacha – Oibleagáid ar an institiúid cúiseanna mionsonraithe a thabhairt maidir le haon chinneadh rochtain a dhiúltú – Leas an iarratasóra i dtabhairt ar aird na tuairime dlí atá i gceist in imeachtaí cúirte – Easpa tionchair

(Airteagal 10(3) CAE; Airteagal 15(1) agus Airteagal 298(1) CFAE; Rialachán Uimh. 1049/2001 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, Airteagal 4(2), an dara fleasc; Cinneadh 2009/937 ón gComhairle, Airteagal 6(2))

(féach míreanna 50-52, 55, 56, 58-60, 62-64)

3.        Gníomhartha de chuid na n-institiúidí – An bunús dlí a roghnú – Critéir – Rialachán 2020/2092 maidir le córas ginearálta coinníollachta chun buiséad an Aontais a chosaint – Cuspóir – Buiséad an Aontais a chosaint ar éifeachtaí mar gheall ar sháruithe ar phrionsabail an smachta reachta i mBallstát – Inneachar – Sásra coinníollachta a chuireann maoiniú a fháil ó bhuiséad an Aontais faoi réir comhlíonadh luach an smachta reachta ag Ballstát – Glacadh ar bhonn Airteagal 322(1)(a) CFAE – Inghlacthacht – Sásra coinníollachta cothrománaí a thagann faoi raon feidhme choincheap na rialacha airgeadais de réir bhrí na forála sin

(Airteagal 2, Airteagal 5(2) agus Airteagal 49 CAE; Airteagail 7, 310, 315 go 317 agus 322(1)(a) CFAE; Rialachán 2020/2092 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, aithris 5 agus aithris 13 agus Airteagail 1, 2(a), 3, 4(1) agus (2), Airteagal 5(1) agus Airteagal 6(1))

(féach míreanna 98-101, 104, 107, 108, 110, 111, 114, 116, 118-120, 122, 124-133, 139-141, 144-147, 150-153)

4.        Buiséad an Aontais Eorpaigh – Glacadh ag an bParlaimint agus ag an gComhairle na rialacha airgeadais lena sonrófar an gnáthnós imeachta chun an buiséad a bhunú agus a chur chun feidhme agus chun cuntais a thíolacadh agus a iniúchadh – Bunús dlí – Airteagal 322(1) CFAE – Coincheap na rialacha airgeadais – Rialacha lena leagtar síos conas caiteachas atá sa bhuiséad a chur chun feidhme – Rialacha lena leagtar síos na hoibleagáidí rialaithe agus iniúchóireachta atá ar na Ballstáit maidir leis an buiséad a chur chun feidhme i gcomhar leis na Ballstáit uile agus leis an gCoimisiún, mar aon leis na freagrachtaí a eascraíonn astu sin – Cuimsiú – Rialacha atá ceaptha chun comhlíonadh phrionsabal na bainistíochta fónta airgeadais a áirithiú

(Airteagal 322(1)(a) CFAE)

(féach mír 105, mír 151, mír 186)

5.        Dlí an Aontais Eorpaigh – Prionsabail – Prionsabal na dlúthpháirtíochta idir na Ballstáit – Comhdhlúthú fioscach bunaithe ar an iontaoibh fhrithpháirteach idir na Ballstáit – An iontaoibh fhrithpháirteach bunaithe ar urramú, ag na Ballstáit, ar na luachanna atá in Airteagal 2 CAE, lena náirítear luach an smachta reachta

(Airteagal 2 CAE; Rialachán 2020/2092 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, aithris 5)

(féach mír 129)

6.        Dlí an Aontais Eorpaigh – Luachanna agus cuspóirí an Aontais – Luachanna – An smacht reachta a urramú – Raon feidhme – Rialachán 2020/2092 maidir le córas ginearálta coinníollachta chun buiséad an Aontais a chosaint – Rialachán lena dtugtar an chumhacht don Choimisiún agus don Chomhairle faireachán a dhéanamh ar chomhlíonadh an smachta reachta ag na Ballstáit – Rialú teoranta d'imscrúdú a dhéanamh ar iompar na núdarás náisiúnta a bhaineann le cur chun feidhme bhuiséad an Aontais – Rialachán lena dtugtar an chumhacht don Chúirt athbhreithniú a dhéanamh, i gcaingean le haghaidh neamhniú, ar dhlíthiúlacht chinntí na Comhairle a glacadh ar an mbonn sin – Imchéimniú, trí ghlacadh an Rialacháin sin, ar an nós imeachta dá bhforáiltear in Airteagal 7 CAE, agus ar na hinniúlachtaí a thugtar don Chúirt le hAirteagal 269 CFAE – Éifeacht ar an gcothromaíocht institiúideach – Éagmais

(Airteagail 2, 7, 13(2) agus 19 CAE; Airteagail 8, 10, 19(1), 153(1)(i), 157(1) agus 269 CFAE; Cairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh; Rialachán 2020/2092 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle)

(féach míreanna 156-164, 167-172, 179-182, 192-197)

7.        Dlí an Aontais Eorpaigh – Prionsabail – Deimhneacht dhlíthiúil – Rialáil an Aontais – Ceanglas maidir le soiléireacht agus intuarthacht – Rialachán 2020/2092 maidir le córas ginearálta coinníollachta chun buiséad an Aontais a chosaint – Rialachán lena mbunaítear sásra coinníollachta atá nasctha le comhlíonadh an smachta reachta ag na Ballstáit – Coincheap an smachta reachta – Tagairt do luach an Aontais atá in Airteagal 2 CAE – Prionsabail an smachta reachta atá bunaithe ar na luachanna is coiteann do na Ballstáit – Beachtas leordhóthanach de na prionsabail sin

(Airteagal 2, Airteagal 4(2) agus Airteagal 19 CAE; Rialachán 2020/2092 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, aithris 3 agus Airteagal 2(a) agus Airteagal 4(1))

(féach míreanna 223-229, 231-237, 240)

8.        Dlí an Aontais Eorpaigh – Prionsabail – Deimhneacht dhlíthiúil – Raon feidhme – Rialachán 2020/2092 maidir le córas ginearálta coinníollachta chun buiséad an Aontais a chosaint – Rialachán lena mbunaítear sásra coinníollachta atá nasctha le comhlíonadh an smachta reachta ag na Ballstáit – Nasc sách beacht idir forálacha an Rialacháin sin lena mbunaítear an sásra sin – Coincheapa a shainmhínítear i bhforálacha eile den Rialachán a chonspóidtear nó de dhlí an Aontais a úsáid – Discréid a dheonú don Choimisiún agus don Chomhairle maidir le rogha na gníomhaíochta a chumhdaítear leis an mbeart cosanta buiséid atá le glacadh – Inghlacthacht

(Airteagal 2 agus 4(2) CAE; Rialacháin 2018/1046 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, Airteagal 63(2)(d), agus 2020/2092, Airteagail 2(a), 3 agus 4(2)(h))

(féach míreanna 242-243, 248-250, 252, 254, 259)

9.        Dlí an Aontais Eorpaigh – Prionsabail – Deimhneacht dhlíthiúil – Raon feidhme – Rialachán 2020/2092 maidir le córas ginearálta coinníollachta chun buiséad an Aontais a chosaint – Bearta chun buiséad an Aontais a chosaint – Coinníollacha maidir le bearta a ghlacadh i gcás sárú ar phrionsabail an smachta reachta – Difear nó baol mór go ndéanfaí difear do bhainistíocht fhónta airgeadais bhuiséad an Aontais nó do chosaint leasanna airgeadais an Aontais – Ceanglais sách beacht maidir leis an mbaol sin – Cineál agus réim feidhme sách sainithe beart chun buiséad an Aontais a chosaint – An nasc idir an sárú a suíodh ar phrionsabal an smachta reachta agus na bearta a glacadh a choimeád – Prionsabal na comhréireachta a chomhlíonadh

(Airteagal 317, mír 1, CFAE; Rialachán 2018/1046 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, Airteagal 2(59) agus Airteagal 63 (2)(d), agus Rialachán 2020/2092, Airteagail 4(1) agus (2), 5(1) agus (3))

(féach míreanna 261-263, 267-275, 277-279, 329-333, 341-345)

10.      Dlí an Aontais Eorpaigh – Prionsabail – Deimhneacht dhlíthiúil – Raon feidhme – Rialachán 2020/2092 maidir le córas ginearálta coinníollachta chun buiséad an Aontais a chosaint – Coinníollacha maidir le bearta a ghlacadh i gcás sárú ar phrionsabail an smachta reachta – Measúnú an Choimisiúin ar an difear nó ar an mbaol mór go ndéanfaí difear do bhainistíocht fhónta airgeadais bhuiséad an Aontais nó do chosaint leasanna airgeadais an Aontais – Freagracht an Choimisiúin as ábharthacht na faisnéise agus iontaofacht na bhfoinsí a úsáidtear

(Rialachán 2020/2092 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, Airteagal 4, Airteagal 5(3) agus Airteagal 6(1) go hAirteagal 6(9))

(féach míreanna 280, 282, 284, 287, 289, 354-359)

11.      Caingean le haghaidh neamhniú – Breithiúnas lena ndéantar neamhniú – Raon feidhme – Gníomh de dhlí an Aontais a neamhniú go páirteach – Coinníoll – Indeighilteacht na neilimintí inneamhnithe den ghníomh a chonspóidtear – Rialachán 2020/2092 maidir le córas ginearálta coinníollachta chun buiséad an Aontais a chosaint – Neamh-indeighilteacht fhoráil an Rialacháin lena sonraítear na coinníollacha a fhéadfar a ghlacadh chun buiséad an Aontais a chosaint

(Airteagal 264 CFAE, Rialachán 2020/2092 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, Airteagal 4(1) agus Airteagal 5(1))

(féach mír 293 go mír 295)

12.      Caingean le haghaidh neamhniú – Caingean na mBallstát – Caingean arna tabhairt i gcoinne Rialachán lena mbunaítear córas coinníollachta chun buiséad an Aontais a chosaint – Pléadálacha – Pléadáil lena líomhnaítear sáruithe ar fhorálacha de dhlí an Aontais a bhaineann le heasnaimh phoiblí agus neamhaird a thabhairt ar phrionsabal na córa comhionainne i leith na mBallstát i bhfianaise na gConarthaí – Bearta arna nglacadh faoin Rialachán sin nach nathraíonn na hoibleagáidí ar na Ballstáit cheana as a n-eascraíonn, go háirithe, na rialacháin earnála agus airgeadais is infheidhme – Rialachán nach bhforchuirtear aon oibleagáid nua leis ar na Ballstáit – Pléadáil gan bhunús

(Rialachán 2020/2092 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, Airteagal 5(2))

(féach mír 312 go mír 317)

Résumé

Le Rialachán 2020/2092 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Nollaig 2020, (1) bunaíodh “sásra coinníollachta cothrománaí” chun buiséad an Aontais a chosaint i gcás sárú ar phrionsabail an smachta reachta i mBallstát. Chuige sin, leis an Rialachán sin, ceadaítear do Chomhairle an Aontais Eorpaigh, ar thogra ón gCoimisiún Eorpach, bearta cosanta iomchuí a ghlacadh, faoi na coinníollacha a leagtar síos ann, amhail íocaíochtaí as buiséad an Aontais a chur ar fionraí nó formheas cláir amháin nó níos mó a mhaoinítear ón mbuiséad sin a chur ar fionraí. Leis an Rialachán a chonspóidtear, tá glacadh beart den chineál sin faoi réir fianaise ar leith a thabhairt ar aird lena bhféadfaí a shuíomh ní hamháin go bhfuil sárú ar phrionsabail an smachta reachta ann, ach go bhfuil tionchar aige sin ar chur chun feidhme bhuiséad an Aontais.

Leanann an Rialachán a chonspóidtear as sraith tionscnamh a bhaineann, ar bhonn níos ginearálta, le cosaint an smachta reachta sna Ballstáit (2) agus a bhí ceaptha chun freagraí a thabhairt, ar leibhéal an Aontais, ar na hábhair imní atá ag dul i méid maidir leis an urraim atá ag Ballstáit éagsúla do chomhluachanna an Aontais mar a leagtar amach in Airteagal 2 CAE iad. (3)

Thug an Ungáir, le tacaíocht ó Phoblacht na Polainne, (4) caingean ag iarraidh, go príomha, an Rialachán a chonspóidtear a neamhniú agus, mar mhalairt air sin, roinnt dá fhorálacha a neamhniú. Mar thaca lena héileamh, mhaígh sí, go bunúsach, go bhféachann an Rialachán sin, cé gur cuireadh i láthair go foirmiúil é mar ghníomh a thagann faoi raon feidhme na rialacha airgeadais dá dtagraítear in Airteagal 322(1)(a) CFAE, le haon sárú a dhéanann Ballstát ar phrionsabail an smachta reachta a phionósú, agus nach bhfuil ceanglais an Rialacháin sin, in aon chás, beacht go leor. Dá bhrí sin, tá éilimh na hUngáire bunaithe, inter alia, ar easpa inniúlachta an Aontais chun rialachán den sórt sin a ghlacadh, mar gheall ar easpa bunús dlí, ar imchéimniú ar an nós imeachta a leagtar síos in Airteagal 7 CAE agus ar mhainneachtain cheanglais phrionsabail na deimhneachta dlíthiúla a chomhlíonadh.

Dá bhrí sin, agus iarraidh ar an gCúirt rialú a thabhairt ar chumhachtaí an Aontais a bhuiséad agus a leasanna airgeadais a chosaint ar éifeachtaí a d’fhéadfadh teacht as sáruithe ar na luachanna a leagtar amach in Airteagal 2 CAE, chinn an Chúirt go bhfuil tábhacht bhunúsach ag baint leis an gcás sin agus údar maith leis an gcás sin a thabhairt os comhair na Cúirte iomláine. Ar na cúiseanna céanna, deonaíodh an iarraidh ó Pharlaimint na hEorpa déileáil leis an gcás sin faoin nós imeachta brostaithe. Sna himthosca sin, diúltaíonn an Chúirt don chaingean le haghaidh neamhniú arna tionscnamh ag an Ungáir ina hiomláine.

Breithniú na Cúirte

Sular scrúdaigh sí substaint an cháis, rialaigh an Chúirt maidir le hiarraidh ón gComhairle gan sleachta éagsúla d’iarratas na hUngáire a chur san áireamh, a mhéid atá siad bunaithe ar fhaisnéis a fuarthas ó thuairim rúnda ó sheirbhís dlí na Comhairle arna nochtadh gan an t‑údarú is gá. I ndáil leis sin, deimhníonn an Chúirt go bhfuil sé de rogha ag institiúid lena mbaineann, i bprionsabal, tabhairt ar aird doiciméid inmheánaigh den sórt sin a chur faoi réir réamhúdarú. Mar sin féin, i gcás ina mbaineann an chomhairle dlí atá i gceist le nós imeachta reachtach, mar atá sa chás seo, ní mór prionsabal na trédhearcachta a chur san áireamh, ós rud é go bhféadfadh nochtadh na tuairime sin trédhearcacht agus oscailteacht an phróisis reachtaigh a mhéadú. Dá bhrí sin, tá forlámhas ag an leas poiblí sáraitheach i dtrédhearcacht agus in oscailteacht an phróisis reachtaigh, i bprionsabal, ar leas na n‑institiúidí maidir le tuairim dlí inmheánach a nochtadh. Sa chás seo, ós rud é nár thug an Chomhairle údar maith leis go bhfuil cineál íogair ar leith ag baint leis an tuairim lena mbaineann nó leis an raon feidhme an‑leathan a bhaineann léi a théann thar chomhthéacs an phróisis reachtaigh i gceist, diúltaíonn an Chúirt, dá bhrí sin, don iarraidh ón gComhairle.

Maidir leis an tsubstaint, téann an Chúirt ar aghaidh, ar an gcéad dul síos, chun scrúdú a dhéanamh ar na pléadálacha dlí a bhfuiltear ag brath orthu mar thacaíocht leis an bpríomhéileamh an Rialachán a chonspóidtear a neamhniú ina iomláine, lena líomhnaítear ar dtús nach raibh inniúlacht ag an Aontas an Rialachán sin a ghlacadh agus, ar an dara dul síos, gur sáraíodh prionsabal na deimhneachta dlíthiúla.

Maidir le bunús dlí an Rialacháin a chonspóidtear, ar an gcéad dul síos, tugann an Chúirt dá haire nach féidir an nós imeachta dá bhforáiltear leis an Rialachán sin a thionscnamh ach amháin i gcás ina bhfuil forais réasúnacha ann lena mheas ní hamháin go bhfuil sáruithe ar phrionsabail an smachta reachta á ndéanamh i mBallstát, ach thar aon ní eile go ndéanann na sáruithe sin difear, ar bhealach chomh díreach sin agus gur leor é le difear a dhéanamh, nó go bhfuil baol mór ann go ndéanfadh siad difear, do bhainistíocht fhónta airgeadais bhuiséad an Aontais nó do chosaint a leasanna airgeadais. Ina theannta sin, is le cur chun feidhme bhuiséad an Aontais amháin a bhaineann na bearta a fhéadfar a ghlacadh faoin Rialachán a chonspóidtear agus is bearta iad uile a theorannóidh an cistiú ón mbuiséad sin ar bhonn an tionchair a bheadh ag sárú ar an mbuiséad nó ag baol mór den sórt sin. Dá bhrí sin, is é cuspóir an Rialacháin a chonspóidtear buiséad an Aontais a chosaint ar éifeachtaí sách díreach a eascraíonn as sáruithe ar phrionsabail an smachta reachta, agus gan pionós a ghearradh, ann féin, ar sháruithe den sórt sin.

Mar fhreagairt ar argóint na hUngáire nach féidir riail airgeadais a bheartú chun raon feidhme na gceanglas atá ina ngné dhílis de na luachanna dá dtagraítear in Airteagal 2 CAE a shonrú, cuireann an Chúirt in iúl go dtugann comhlíonadh na gcomhluachanna ar a bhfuil an tAontas fothaithe ag na mBallstát, a sainaithníodh agus atá roinnte acu agus lena sainmhínítear féiniúlacht an Aontais Eorpaigh mar dhlíchóras is coiteann do na Stáit sin, lena n‑áirítear an smacht reachta agus an dlúthpháirtíocht, údar maith le hiontaoibh fhrithpháirteach idir na Stáit sin. Ós rud é gur coinníoll é, dá bhrí sin, chun na cearta uile a eascraíonn as cur i bhfeidhm na gConarthaí ar an mBallstát lena mbaineann a theachtadh, ní mór don Aontas Eorpach a bheith in ann, laistigh de theorainneacha a chumhachtaí, na luachanna sin a chosaint.

Rialaíonn an Chúirt, ar an gcéad dul síos, nach féidir urramú na luachanna sin a laghdú go hoibleagáid a cheanglaítear ar Stát is iarrthóir aontú don Aontas ach a bhfhéadfadh sé neamhaird a dhéanamh air tar éis a aontachais. Ar an dara dul síos, chuir sí in iúl go láidir go bhfuil buiséad an Aontais ar cheann de na príomhionstraimí chun prionsabal bunúsach na dlúthpháirtíochta idir na Ballstáit a chur chun feidhme, i mbeartais agus i ngníomhaíochtaí an Aontais, agus go raibh cur chun feidhme an phrionsabail sin, tríd an mbuiséad sin, bunaithe ar an iontaoibh fhrithpháirteach atá ag na Ballstáit agus úsáid fhreagrach á baint as na comh‑acmhainní a leagtar amach sa bhuiséad sin.

Mar sin féin, d’fhéadfaí bainistíocht fhónta airgeadais bhuiséad an Aontais agus leasanna airgeadais an Aontais a chur i mbaol go mór trí sháruithe ar phrionsabail an smachta reachta arna ndéanamh i mBallstát. D’fhéadfadh, go háirithe, easpa ráthaíochta go gcomhlíonann caiteachas arna chumhdach ag buiséad an Aontais na coinníollacha maoinithe go léir a leagtar síos le dlí an Aontais a bheith mar thoradh ar na sáruithe sin agus, dá bhrí sin, fágtar nach gcomhlíontar cuspóirí an Aontais agus an caiteachas sin á mhaoiniú.

Dá bhrí sin, féadfaidh “sásra coinníollachta chothrománaí”, amhail an ceann a bhunaítear leis an Rialachán a chonspóidtear, a chuireann maoiniú ó bhuiséad an Aontais faoi réir chomhlíonadh phrionsabail an smachta reachta ag Ballstát, teacht faoi réim na hinniúlachta a thugtar leis na Conarthaí don Aontas chun “rialacha airgeadais” a bhaineann le cur chun feidhme bhuiséad an Aontais a leagan síos. Soiléiríonn an Chúirt go bhfuil forálacha an Rialacháin a chonspóidtear ina sainaithnítear na prionsabail sin, ina liostaítear cásanna a d’fhéadfadh a bheith ina léiriú ar shárú na bprionsabal sin, ina sonraítear na staideanna nó an t‑iompar a gcaithfidh sáruithe den sórt sin difear a dhéanamh dóibh agus ina sainítear cineál agus raon feidhme na mbeart cosantach a fhéadfar a ghlacadh, i gcás inarb iomchuí, mar chuid lárnach den sásra sin.

Maidir leis an argóint lena líomhnaítear imchéimniú ar an nós imeachta atá leagtha síos in Airteagal 7 CAE agus forálacha Airteagal 269 CFAE, diúltaíonn an Chúirt d’argóint na hUngáire nach dtugtar d’institiúidí an Aontais, ach amháin leis an nós imeachta atá leagtha síos in Airteagal 7 CAE, an chumhacht chun sáruithe ar na luachanna atá in Airteagal 2 CAE i mBallstát a scrúdú, a shuí agus, i gcás inarb iomchuí, a phionósú. I dteannta leis an nós imeachta dá bhforáiltear in Airteagal 7 CAE, tugtar le roinnt forálacha sna Conarthaí, a chuimsítear go minic le gníomhartha éagsúla reachtaíochta tánaisteacha, an inniúlacht d’institiúidí an Aontais sáruithe ar na luachanna atá in Airteagal 2 CAE i mBallstát a scrúdú, a shuí agus, i gcás inarb iomchuí, a phionósú.

Thairis sin, tugann an Chúirt dá haire gurb é cuspóir an nós imeachta a leagtar síos in Airteagal 7 CAE ná a chur ar chumas na Comhairle pionós a ghearradh ar sháruithe tromchúiseacha leanúnacha ar gach ceann de na comhluachanna ar a bhfuil an tAontas fothaithe agus lena sainítear a fhéiniúlacht, d’fhonn, inter alia, an Ballstát lena mbaineann a cheangal chun deireadh a chur leis na sáruithe sin. Ar an taobh eile, leis an Rialachán a chonspóidtear, féachtar le buiséad an Aontais a chosaint, ach sin amháin más rud é go sáraítear prionsabail an smachta reachta i mBallstát ar bhealach a dhéanann difear do chur chun feidhme cuí an bhuiséid sin nó go bhfuil baol mór ann go ndéanfaidh sé difear do chur chun feidhme cuí an bhuiséid sin. Ina theannta sin, tá difríocht idir an nós imeachta a leagtar síos in Airteagal 7 CAE agus an nós imeachta a bhunaítear leis an Rialachán a chonspóidtear maidir lena n-ábhar, na coinníollacha chun iad a chur i bhfeidhm, na coinníollacha chun na bearta dá bhforáiltear a ghlacadh agus a bhaint agus cineál na mbeart sin. Dá bhrí sin, tá aidhmeanna éagsúla á saothrú leis an dá nós imeachta sin agus tá cuspóir ar leith ag gach ceann acu. Ina theannta sin, ní féidir an nós imeachta a bhunaítear leis an Rialachán a chonspóidtear a mheas mar nós imeachta lena bhféachtar le teorannú dhlínse ghinearálta na Cúirte a imchéimniú, a leagtar síos le hAirteagal 269 CFAE, ós rud é nach mbaineann a fhoclaíocht ach leis an athbhreithniú ar dhlíthiúlacht gnímh arna ghlacadh ag an gComhairle Eorpach nó ag an gComhairle faoi Airteagal 7 CAE.

Ar deireadh, ós rud é nach gceadaítear leis an Rialachán a chonspóidtear don Choimisiún agus don Chomhairle scrúdú a dhéanamh ach ar staideanna nó iompar atá inchurtha i leith údarás Ballstáit agus a dhealraíonn a bheith ábhartha maidir le cur chun feidhme cuí bhuiséad an Aontais, ní théann na cumhachtaí a thugtar do na hinstitiúidí sin leis an Rialachán sin thar theorainneacha na n‑inniúlachtaí a thugtar don Aontas.

Ar an dara dul síos, i gcomhthéacs an scrúdaithe ar an éileamh lena líomhnaítear sárú ar phrionsabal na deimhneachta dlíthiúla, measann an Chúirt nach bhfuil bunús leis na hargóintí a chuir an Ungáir chun cinn maidir leis an easpa beachtais a líomhnaítear a bheith sa Rialachán a chonspóidtear, maidir leis na critéir a bhaineann leis na coinníollacha chun an nós imeachta a thionscnamh agus maidir le rogha agus raon feidhme na mbeart atá le glacadh. I ndáil leis sin, tugann an Chúirt faoi deara ag an tús go bhfuil na prionsabail a leagtar amach sa Rialachán a chonspóidtear, ar comhghnéithe iad de choincheap an “smachta reachta” (5), forbartha go forleathan ina chásdlí, go bhfuil na prionsabail sin bunaithe ar chomhluachanna atá aitheanta agus á gcur i bhfeidhm ag na Ballstáit ina gcórais dlí féin agus go dtagann siad as coincheap an “smachta reachta” atá ag na Ballstáit agus a gcloíonn siad leis, mar luach is coiteann dá dtraidisiúin bhunreachtúla. Dá bharr sin, measann an Chúirt go bhfuil na Ballstáit in ann an t-inneachar fíor-riachtanach agus na ceanglais a eascraíonn as gach ceann de na prionsabail sin a chinneadh le beachtas leordhóthanach.

Maidir leis na critéir a bhaineann leis na coinníollacha chun an nós imeachta a thionscnamh agus le rogha agus raon feidhme na mbeart atá le glacadh, soiléiríonn an Chúirt, d’fhonn na bearta cosanta dá bhforáiltear leis a ghlacadh, go gceanglaítear leis an Rialachán a chonspóidtear go mbunófaí fíornasc idir sárú ar phrionsabal an smachta reachta agus an difear nó an baol mór go ndéanfar difear do bhainistíocht fhónta airgeadais an Aontais nó dá leasanna airgeadais agus nach mór baint a bheith ag sárú den sórt sin le staid nó iompar a bheidh inchurtha i leith údarás de chuid an Aontais maidir le cur chun feidhme an bhuiséid. Ina theannta sin, tugann an Chúirt faoi deara go soiléirítear coincheap an “bhaoil mhóir” i rialacha airgeadais an Aontais agus meabhraíonn sí nach mór do na bearta cosanta a fhéadfar a ghlacadh a bheith go hiomlán i gcomhréir le tionchar an tsáraithe a aimsítear ar bhuiséad an Aontais. Go háirithe, dar leis an gCúirt, ní féidir leis na bearta sin díriú ar ghníomhaíochtaí agus ar chláir seachas na bearta sin a ndéanann sárú den sórt sin difear dóibh ach a mhéid is atá fíor-riachtanach chun an cuspóir maidir leis an mbuiséad sin a chosaint ina iomláine a bhaint amach. Ar deireadh, ag tabhairt dá haire nach mór don Choimisiún, faoi réir athbhreithniú bhreithiúnacht an Aontais, ceanglais dhiana nós imeachta a chomhlíonadh lena mbaineann, go háirithe, roinnt comhairliúchán leis an mBallstát i gceist, measann an Chúirt go gcomhlíonann an Rialachán a chonspóidtear ceanglais phrionsabal na deimhneachta dlíthiúla.

Sa dara háit, scrúdaíonn an Chúirt na héilimh mhalartacha ar neamhniú páirteach an Rialacháin a chonspóidtear. Maidir leis sin, chinn an Chúirt, ar an gcéad dul síos, go mbeadh sé d’éifeacht ag neamhniú Airteagal 4(1) den Rialachán a chonspóidtear substaint an Rialacháin sin a athrú, ós rud é go sonraítear san fhoráil sin na coinníollacha is gá chun na bearta cosanta dá bhforáiltear sa Rialachán sin a ghlacadh, agus gurb é an toradh atá air sin nach mór a mheas gur éilimh neamh-inghlactha iad na héilimh ag iarraidh an fhoráil sin amháin a neamhniú. Ar an dara dul síos, rialaíonn an Chúirt nach bhfuil aon bhunús leis na héilimh a bhaineann le sraith forálacha eile den Rialachán a chonspóidtear, ina líomhnaítear easpa bunús dlí agus sáruithe ar fhorálacha dhlí an Aontais maidir le heasnaimh phoiblí agus ar phrionsabail na deimhneachta dlíthiúla, na comhréireachta agus na córa comhionainne i leith na mBallstát i bhfianaise na gConarthaí. Dá bhrí sin, diúltaíonn an Chúirt do na héilimh mhalartacha ina n-iomláine agus don chaingean a thionscain an Ungáir.


1      Rialachán (AE, Euratom) 2020/2092 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Nollaig 2020 maidir le córas ginearálta coinníollachta chun buiséad an Aontais a chosaint (IO 2020 L 433I, lch. 1, agus ceartúchán IO 2021 L 373, lch. 94; “an Rialachán a chonspóidtear”).


2      Féach, go háirithe, Teachtaireacht ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa, an Chomhairle, Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa agus Coiste na Réigiún dar teideal “An smacht reachta laistigh den Aontas a neartú — Treoirphlean gníomhaíochta” COM(2019) 343 final, tar éis na Teachtaireachta ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle an 11 Márta 2014, “Creat AE nua chun an Smacht Reachta a neartú”, COM(2014) 158 final.


3      Áirítear ar luachanna bunaidh an Aontais agus ar comhluachanna na mBallstát, mar a leagtar amach in Airteagal 2 CAE iad, luachanna a bhaineann le meas ar dhínit an duine, ar an tsaoirse, ar an daonlathas, ar an gcomhionannas, ar an smacht reachta agus an meas ar chearta an duine i sochaí arb iad is sainairíonna inti an t-iolrachas, an neamh-idirdhealú, an chaoinfhulaingt, an ceartas, an dlúthpháirtíocht agus an comhionannas idir mná agus fir.


4      Tá caingean tionscanta freisin ag Poblacht na Polainne chun Rialachán 2020/2092 a neamhniú (Cás C‑157/21).


5      Faoi Airteagal 2(a) den Rialachán a chonspóidtear, áirítear le coincheap “an smachta reachta”: “prionsabail na dlíthiúlachta, lena dtugtar le tuiscint gurb ann do phróiseas reachtóireachta trédhearcach, cuntasach, daonlathach agus iolraíoch; prionsabal na deimhneachta dlíthiúla; prionsabal an toirmisc ar threallachas na gcumhachtaí feidhmiúcháin; cosaint éifeachtach bhreithiúnach, lena n-áirítear rochtain ar an gceartas, ag cúirteanna neamhspleácha neamhchlaonta, maidir le cearta bunúsacha freisin; prionsabal scaradh na gcumhachtaí; agus prionsabal an neamh-idirdhealaithe agus an chomhionannais faoin dlí.”