Breithiúnas na Cúirte Ginearálta an 17 Aibreán 2024 – Unilab v EUIPO – Cofares (Healthily)
(Cás T-288/23) 1
(Trádmharc an Aontais Eorpaigh – Imeachtaí freasúra – Iarratas ar mharc fíortha de chuid an Aontais Eorpaigh Healthily – Marc fíortha de chuid an Aontais Eorpaigh níos luaithe Healthies – Foras coibhneasta le diúltú – Dóchúlacht mearbhaill – Airteagal 8(1)(b) de Rialachán (AE) 2017/1001 – Oibleagáid cúiseanna a lua – Airteagal 94(1) de Rialachán 2017/1001 – Ionchas dlisteanach)
Teanga an cháis: an Béarla
Páirtithe
Iarratasóir: Unilab LP (Rockville, Maryland, Stáit Aontaithe Mheiriceá) (ionadaí: M. Kondrat, Dlíodóir)
Cosantóir: Oifig Maoine Intleachtúla an Aontais Eorpaigh (ionadaithe: K. Misztal agus J. Ivanauskas, Gníomhairí)
Páirtí eile os comhair an Bhoird Achomhairc de EUIPO: Cofares, Sociedad Cooperativa Farmaceutica Española (Maidrid, an Spáinn)
Ábhar
Lena chaingean de bhun Airteagal 263 CFAE, iarrann an t-iarratasóir go gcuirfí ar neamhní agus go n-athrófaí cinneadh an dara Bord Achomhairc d’Oifig Maoine Intleachtúla an Aontais Eorpaigh (EUIPO) an 1 Márta 2023 (Cás R 1959/2022-2).
An chuid oibríochtúil
1. Díbhtear an chaingean.
2. Ordaítear do Unilab LP agus d’Oifig Maoine Intleachtúla an Aontais Eorpaigh (EUIPO) a gcostais féin a íoc.
____________
1 IO C 252, 17.7.2023.