Language of document :

Achomharc arna thabhairt an 8 Meitheamh 2022 ag Air France-KLM i gcoinne bhreithiúnas na Cúirte Ginearálta (an Ceathrú Dlísheomra méadaithe) a tugadh an 30 Márta 2022 i gCás T-337/17, Air France-KLM v an Coimisiún Eorpach

(Cás C-370/22 P)

Teanga an cháis: an Fhraincis

Páirtithe

Achomharcóir: Air France-KLM(ionadaithe: A. Wachsmann agus M. Blayney, avocats)

Páirtí eile sna himeachtaí: an Coimisiún Eorpach

An t-ordú atá á lorg

Iarrann an t-achomharcóir ar an gCúirt Ghinearálta:

Go príomha,

An breithiúnas atá faoi chonspóid a neamhniú ina iomláine;

Dá bhrí sin, Cinneadh C(2017) 1742 final ón gCoimisiún Eorpach an 17 Márta 2017 maidir le himeacht de bhun Airteagal 101 CFAE agus Airteagal 53 de Chomhaontú LEE (Cás AT.39258 –Aerlasta) a neamhniú, a mhéid a bhaineann sé le Air France-KLM SA, chomh maith leis na cúiseanna is bonn lena chuid oibríochtúil, a mhéid a ghearrtar fíneáil ar Air France-KLM SA; agus

De mhalairt air sin, an fhíneáil de EUR 307 360 000 a gearradh i gcomhpháirt agus go leithleach ar Air France-KLM agus, ar lámh amháin, ar Air France SA, agus ar an lámh eile, ar KLM, in Airteagail 3(b) agus 3(d) de Chinneadh Uimh. C(2017) 1742 final ón gCoimisiún Eorpach an 17 Márta 2017 maidir le himeacht de bhun Airteagal 101 CFAE agus Airteagal 53 de Chomhaontú LEE (Cás AT.39258 – Aerlasta), a laghdú go méid is cuí, de réir Airteagal 261 CFAE;

In aon chaoi, a ordú don Choimisiún na costais iomlána a íoc, lena n-áirítear na costais arna dtabhú ag Air France-KLM SA os comhair na Cúirte Ginearálta.

Saincheisteanna dlí agus príomhargóintí

Tá an t-achomharc bunaithe go príomha ar shaincheist dlí lena n-éilítear neamhniú, ar shaincheist dlí, de mhalairt air sin, lena n-éilítear neamhniú agus ar dhá shaincheist dlí, de mhalairt eile air sin, lena n-éilítear athrú.

Go príomha, leis an gcéad saincheist dlí, maíonn Air France-KLM go ndearbhaítear leis an mbreithiúnas atá faoi chonspóid, go mícheart, an líomhain i leith iompar Air France agus cuid d’iompar Koninklijke Luchtvaart Maatschappij NV (“KLM”). Ina leith sin, iarrann Air France-KLM go ndéanfaí an Cinneadh a neamhniú.

De mhalairt air sin, leis an dara saincheist dlí, maíonn Air France-KLM nár mheas an Chúirt Ghinearálta dlínse an Choimisiúin Airteagal 101 CFAE a chur i bhfeidhm ar sheirbhísí isteach (inbound), i.e. ó thriú tír go dtí LEE, mar ba cheart. Maíonn Air France -KLM go gcuirtear measúnacht na n-éifeachtaí cáilithe ó mhaith le hearráidí dlí, agus gur sháraigh an Chúirt Ghinearálta an oibleagáid cúiseanna a lua. Ina leith sin, iarrann Air France-KLM go ndéanfaí an Cinneadh a neamhniú.

De mhalairt eile air sin, leis an tríú saincheist dlí, maíonn Air France-KLM gur sháraigh an Chúirt Ghinearálta an oibleagáid cúiseanna a lua agus prionsabal na córa comhionainne, maidir le córais rialála a chur san áireamh.

Leis an gceathrú saincheist dlí, agus an ceann deireanach, maíonn Air France-KLM go ndearna an Chúirt Ghinearálta earráidí dlí nuair a d’aistrigh sí an dualgas cruthúnais lena cinneadh gur ghlac Air France páirt leanúnach sa sárú idir an 7 Nollaig 1999 agus an 14 Feabhra 2006.

    

____________