Breithiúnas na Cúirte Ginearálta an 31 Eanáir 2024 – IU Internationale Hochschule v EUIPO (IU International University of Applied Sciences)
(Cás T-188/23) 1
(Trádmharc de chuid an Aontais Eorpaigh – Clárú idirnáisiúnta lena n-ainmnítear an tAontas Eorpach – Focalmharc IU International University of Applied Sciences – Dearbhfhoras le diúltú – Cineál tuairisciúil – Airteagal 7(1)(c) de Rialachán (AE) 2017/1001 – Oibleagáid cúiseanna a lua – Airteagal 94(1) de Rialachán 2017/1001)
Teanga an cháis: an Ghearmáinis
Páirtithe
Iarratasóir: IU Internationale Hochschule GmbH (Erfurt, an Ghearmáin) (ionadaithe: A. Heise, Dlíodóir)
Cosantóir: Oifig Maoine Intleachtúla an Aontais Eorpaigh (ionadaí: D. Hanf, Gníomhaire)
Ábhar
Lena chaingean de bhun Airteagal 263 CFAE, iarrann an t-iarratasóir go gcuirfí cinneadh an 14 Feabhra 2023 (Cás R 1951/2022-1) ón gCéad Bhord Achomhairc d’Oifig Maoine Intleachtúla an Aontais Eorpaigh (EUIPO) ar neamhní.
An chuid oibríochtúil
Diúltaítear don chaingean.
Ordaítear do IU Internationale Hochschule GmbH a chostais féin a íoc.
Ordaítear d’Oifig Maoine Intleachtúla an Aontais Eorpaigh (EUIPO) a costais féin a íoc.
____________
1 IO C 189, 30.5.2023.