Achomharc arna thabhairt an 17 Aibreán 2023 ag Wizz Air Hungary Légiközlekedési Zrt. (Wizz Air Hungary Zrt.) i gcoinne bhreithiúnas na Cúirte Ginearálta (an t-Ochtú Dlísheomra, Comhdhéanamh Méadaithe) a tugadh an 8 Feabhra 2023 i gCás T-522/20, Carpatair v an Coimisiún
(Cás C-245/23 P)
Teanga an cháis: an Béarla
Páirtithe
Iarratasóir: Wizz Air Hungary Légiközlekedési Zrt. (Wizz Air Hungary Zrt.) (ionadaithe: E. Vahida, avocat, S. Rating, abogado, I.-G. Metaxas-Maranghidis, Dikigoros)
Páirtithe eile sna himeachtaí: Carpatair SA, an Coimisiún Eorpach, Societatea Naţională "Aeroportul Internaţional Timişoara - Traian Vuia" SA (AITTV)
An t-ordú atá á lorg
Iarrann an t- achomharcóir ar an gCúirt Bhreithiúnais:
breithiúnas na Cúirte Ginearálta i gCás T-522/20, Carpatair SA v An Coimisiún Eorpach a chur ar neamhní;
an chaingean a rinne Carpatair chun Cinneadh 2021/1428 ón gCoimisiún Eorpach (AE) 2021/14281 an 24 Feabhra 2020 maidir le Státchabhair SA.31662 – C/2011 (ex NN/2011) arna chur chun feidhme ag an Rómáin maidir le Timișoara International Airport – Wizz Air a dhíbhe, agus
a ordú do Carpatair a chostais féin a íoc agus na costais a thabhaigh Wizz Air os comhair na Cúirte Ginearálta agus sna himeachtaí os comhair na Cúirte Breithiúnais a íoc.
De rogha air sin:
breithiúnas na Cúirte Ginearálta i gCás T-522/20, Carpatair SA v an Coimisiún Eorpach a chur ar neamnhí;
an cás a tharchur ar ais chuig an gCúirt Ghinearálta le hathbhreithniú, agus
costais na n-imeachtaí a bhaineann leis an gcéad chéim agus leis an achomharc a fhorchoimeád.
Saincheisteanna dlí agus príomhargóintí
Áitíonn an t-achomharcóir gur cheart an breithiúnas atá faoi achomharc a chur ar neamhní ar na forais seo a leanas:
An chéad fhoras achomhairc: rinne an Chúirt Ghinearálta an fhianaise a shaobhadh agus sháraigh sí ceanglas nós imeachta fíor-riachtanach ina torthaí maidir le nasc cúisíochta idir comhaontuithe 2008 agus 2010 idir Wizz Air agus an t-aerfort agus éifeachtaí suntasacha líomhnaithe a d’fhulaing Carpatair.
An dara foras achomhairc: theip ar an gCúirt Ghinearálta na cúiseanna a lua go raibh éifeacht shubstainteach ann a d’fhulaing Carpatair mar thoradh ar Fhoilseachán Faisnéise Aerloingseoireachta 2010 agus mar gheall gur chun leasa leis é gníomhú maidir leis an mbeart céanna.
An tríú foras achomhairc: rinne an Chúirt Ghinearálta earráid dlí ina cinneadh go raibh cinneadh an Choimisiúin go raibh Foilseachán Faisnéise Aerloingseoireachta 2010 neamhroghnach lochtach.
An ceathrú foras achomhairc: rinne an Chúirt Ghinearálta earráid dlí ina cinneadh nach raibh an tuarascáil ex post ar bhrabúsacht chomhaontuithe 2008 agus 2010 a bhí bunaithe ar shonraí ex ante ábhartha.
____________
1 IO 2021 L 308, lch. 1.