Achomharc arna thabhairt an 18 Aibreán 2023 ag ClientEarth AISBL i gcoinne bhreithiúnas na Cúirte Ginearálta (an Séú Dlísheomra) a tugadh an 1 Feabhra 2023 i gCás T-354/21, ClientEarth v an Coimisiún
(Cás C-249/23 P)
Teanga an cháis: an Béarla
Páirtithe
Achomharcóir: ClientEarth AISBL (ionadaithe: O. W. Brouwer, agus T. C. van Helfteren, advocaten)
Páirtí eile sna himeachtaí: an Coimisiún Eorpach
An t-ordú atá á lorg
Iarrann an t-achomharcóir ar an gCúirt Bhreithiúnais:
an cinneadh atá faoi achomharc a chur ar leataobh;
breithiúnas críochnaitheach a thabhairt agus Cinneadh C(2021) 4348 final ón gCoimisiún an 7 Aibreán 2021 lena ndiúltaítear rochtain ar dhoiciméid áirithe arna n-iarraidh de bhun Rialachán (CE) Uimh. 1049/20011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 30 Bealtaine 2001 maidir le rochtain phoiblí ar dhoiciméid Pharlaimint na hEorpa, na Comhairle agus an Choimisiúin a chur ar neamhní, nó mar rogha malartach
an cás a tharchur ar ais chuig an gCúirt Ghinearálta le haghaidh cinneadh i gcomhréir le breithiúnas na Cúirte Breithiúnais; agus
a ordú don Choimisiún costais na n-imeachtaí seo agus costais na n-imeachtaí os comhair na Cúirte Ginearálta a íoc, lena n-áirítear na costais a bhaineann le haon idiragraithe.
Saincheisteanna dlí agus príomhargóintí
Mar thaca leis an achomharc, maíonn an t-iarratasóir dhá shaincheist dlí.
An chéad shaincheist dlí; cuirtear breithiúnas na Cúirte Ginearálta ó bhail mar gheall ar réasúnaíocht fhriráiteach, saobhadh fianaise, agus earráid dlí i gcur i bhfeidhm an chaighdeáin dhlíthiúil a bhaineann le fíorú an bhfuil leas poiblí sáraitheach ann ar féidir údar a thabhairt le nochtadh de réir bhrí Airteagal 4(2) de Rialachán 1049/2001.
An dara saincheist dlí: cuirtear breithiúnas na Cúirte Ginearálta ó bhail mar gheall ar réasúnaíocht neamhleor i ndáil leis an diúltiú go bhfuil ann do leas poiblí sáraitheach.
____________
1 IO 2001 L 145, lch. 43.