Language of document :

Iarraidh ar réamhrialú ón Hof van beroep te Gent (an Bheilg) arna taisceadh an 18 Aibreán 2023 – Stát na Beilge / Federale Overheidsdienst Financiën v L BV

(Cás C-243/23, Drebers 1 )

Teanga an cháis: an Ollainnis

An chúirt a rinne an tarchur

Hof van beroep te Gent

Páirtithe sna príomhimeachtaí

Iarratasóirí: Stát na Beilge / Federale Overheidsdienst Financiën

Cosantóir: L BV

Na ceisteanna a tharchuirtear

An gcuirtear cosc le hAirteagail 187 agus 189 de Threoir 2006/112/CE 1 ón gComhairle an 28 Samhain 2006 maidir leis an gcomhchóras cánach breisluacha ar reachtaíocht amhail an reachtaíocht faoi cheist sna príomhimeachtaí (eadhon Airteagal 48(2) agus Airteagal 49 WBTW, arna léamh i gcomhar le hAirteagal 9 KB Uimh. 3 an 10 Nollaig 1969, maidir le saoráid asbhainte i ndáil le cur i bhfeidhm cánach breisluacha), ar dá réir nach gcuirtear an tréimhse coigeartaithe sínte (de 15 bliana) i bhfeidhm i ndáil le hathchóiriú foirgneamh a bhí ann cheana ach amháin i gcás go bhfuil, tar éis na hoibreacha a chríochnú, ar bhonn na gcritear faoin dlí náisiúnta, “foirgneamh nua” ann de réir bhrí Airteagal 12 den Treoir sin, cé go bhfuil an saol eacnamaíoch úsáideach atá ag foirgneamh atá athchóirithe go substaintiúil (nach “foirgneamh nua” é de réir bhrí Airteagal 12 den Treoir sin mar gheall ar chritéir riaracháin faoin dlí náisiúnta, áfach) mar an gcéanna leis an saol eacnamaíoch úsáideach atá ag foirgneamh nua, atá i bhfad níos faide ná an tréimhse cúig bliana dá dtagraítear in Airteagal 187 de Threoir 2006/112, rud a léirítear, inter alia, leis an bhfíoras go ndéantar na hoibreacha a dhímheas thar thréimhse 33 bliana, tréimhse a chomhfhreagraíonn leis an tréimhse a úsáidtear agus foirgnimh nua á ndímheas?

An bhfuil éifeacht dhíreach ag Airteagal 187 de Threoir 2006/112/CE ón gComhairle an 28 Samhain 2006 maidir leis an gcomhchóras cánach breisluacha sa chaoi go bhfuil duine inchánach a thug faoi oibreacha ar fhoirgneamh, cé nach n-aicmítear mar thoradh ar na hoibreacha sin an foirgneamh athchóirithe mar “fhoirgneamh nua” de réir bhrí Airteagal 12 den Treoir sin mar gheall ar chritéir faoin dlí náisiúnta, ach tá saol eacnamaíoch úsáideach ag na hoibreacha sin atá mar an gcéanna leis an saol eacnamaíoch úsáideach atá ag foirgnimh nua chomhfhreagracha, dá gcuirtear an tréimhse coigeartaithe 15 bliana i bhfeidhm, in ann brath ar chur i bhfeidhm na tréimhse coigeartaithe 15 bliana?

____________

1 Tugtar ainm bréige sa chás seo, nach bhfreagraíonn d’fhíorainm aon pháirtí sna príomhimeachtaí.

1 IO 2006 L 347, lch. 1.