Language of document :

Breithiúnas na Cúirte (an Seachtú Dlísheomra) an 29 Meán Fómhair 2022 (iarraidh ar réamhrialú ón Vrhovno sodišče – an tSlóvéin) – Raiffeisen Leasing, trgovina in leasing d.o.o. v Republika Slovenija

(Cás C-235/21)1

(Tarchur chun réamhrialú – Comhchóras cánach breisluacha (CBL) – Treoir 2006/112/CE – Airteagal 203 – Comhaontú um dhíol agus aisléasú – Daoine faoi dhliteanas CBL a íoc – Féidearthacht déileáil le comhaontú conarthach scríofa mar sonrasc)

Teanga an cháis: an tSlóivéinis

An chúirt a rinne an tarchur

Vrhovno sodišče

Páirtithe sna príomhimeachtaí

Iarratasóir: Raiffeisen Leasing, trgovina in leasing d.o.o.

Cosantóir: Republika Slovenija

An chuid oibríochtúil

Maidir le hAirteagal 203 de Threoir 2006/112/CE ón gComhairle an 28 Samhain 2006 maidir leis an gcomhchóras cánach breisluacha,

ní mór léiriú a dhéanamh mar seo a leanas:

féadfar a mheas gur sonrasc, de réir bhrí na forála sin, é comhaontú conarthach um dhíol agus aisléasú, a tugadh i gcrích gan sonrasc arna eisiúint ag na páirtithe ina dhiaidh sin, i gcás ina bhfuil an fhaisnéis go léir is gá sa chonradh sin chun go mbeadh údaráis chánach Ballstáit in ann a chruthú an gcomhlíontar na coinníollacha substainteacha maidir leis an gceart chun cáin bhreisluacha a asbhaint sa chás, agus is faoin gcúirt a rinne an tarchur é sin a bhunú.

____________

1 IO C 217, 7.06.2021