Language of document :

Iarraidh ar réamhrialú ó Rechtbank van eerste aanleg Oost-Vlaanderen, Afdeling Gent (an Bheilg) arna taisceadh an 17 Eanáir 2022 – VN v Belgische Staat

(Cás C-34/22)

Teanga an cháis: an Ollainnis

An chúirt a rinne an tarchur

Rechtbank van eerste aanleg Oost-Vlaanderen, Afdeling Gent

Páirtithe sna príomhimeachtaí

Iarratasóir: VN

Cosantóir: Belgische Staat

An cheist a tharchuirtear

An bhfuil Airteagal 21(1)(5) de Wetboek van de inkomstenbelasting 192 (Cód um Cháin Ioncaim, 1992), arna leasú le hAirteagal 170 den Wet van 25 april 2014 houdende diverse bepalingen (Dlí an 25 Aibreán 2014 maidir le forálacha áirithe), ina shárú ar fhorálacha Airteagail 56 agus 63 CFAE agus Airteagail 36 agus 40 de Chomhaontú LEE, a mhéid a cheanglaítear leis an bhforáil atá i gceist, cé go bhfuil feidhm aici gan idirdhealú i leith soláthraithe seirbhíse intíre agus eachtracha, ní hamháin coinníollacha atá cosúil leo siúd a leagtar amach in Airteagal 2 den Koninklijk besluit tot uitvoering van het WIB 1992 (Foraithne Ríoga maidir le cur chun feidhme WIB 1992), atá sonrach de facto do mhargadh na Beilge, a chomhlíonadh, ach go gceanglaítear léi freisin, ar an gcéad dul síos, gurb iad na húdaráis phoiblí a leagfaidh síos ceanglais chomhchosúla den sórt sin síos sa Stát LEE lena mbaineann, rud a théann níos faide, dá bhrí sin, ná maoirseacht stuamachta áitiúil agus a thagann, ina ionad sin, laistigh de raon feidhme na scéime ráthaíochta taiscí de bhun Threoir Uimh. 94/19/CE lena gcuirtear bac dáiríre ar sholáthraithe seirbhíse eachtracha a seirbhísí a thairgeadh sa Bheilg? 1

____________

1 Treoir 94/19/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 30 Bealtaine 1994 maidir le córais ráthaíochta taiscí (IO 1994 L 135, lch. 5).