Language of document :

(Cás C-733/23, Beach and bar management)

Teanga an cháis: an Bhulgáiris

An chúirt a rinne an tarchur

Administrativen sad Burgas (an Bhulgáir)

Páirtithe sna príomhimeachtaí

Achomharcóir: ‘Beach and bar management’ EOOD

Cosantóir: Nachalnik na otdel ‘Operativni deynosti’ Burgas

Na ceisteanna a tharchuirtear:

An gcaithfear Airteagal 325 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, Airteagal 273 de Threoir 2006/112/CE 1 ón gComhairle an 28 Samhain maidir leis an gcomhchóras cánach breisluacha agus Airteagal 50 den Chairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh a léiriú sa chaoi go gceadaítear reachtaíocht náisiúnta faoina bhféadfar beart foriomlán aonair maidir le ‘áitreabh gnó a shéalú agus rochtain air a thoirmeasc’ a fhorchur i leith mainneachtain iolrach oibleagáidí cánach a chomhlíonadh, i gcás ina bhfuil an beart sin dírithe go heisiach ar éifeachtaí díobhálacha an chiona a theorannú, lena n-áirítear an méid damáiste a dhéantar do leasanna airgeadais an Aontais Eorpaigh, ach gan pionós a chur ar an gciontóir, gan an beart sin a theorannú don fhéidearthacht dul sa tóir ar an gciontóir sin, i ndáil le gach ceann de na teipeanna sin oibleagáidí cánach a chomhlíonadh, trí imeachtaí neamhspleácha de chineál pionósach lena bhforchuirtear ar an duine inchánach beart i bhfoirm pionós airgeadais, agus is é dualgas na cúirte náisiúnta scrúdú agus cinneadh a dhéanamh i ngach cás aonair maidir le cé acu den dá chuspóir a shaothraítear leis an mbeart riaracháin comhéigneach ‘áitreabh gnó a shéalú agus rochtain air a thoirmeasc’ a forchuireadh ag céim níos luaithe: cosc agus srianadh nó pionós?

An gcaithfear Airteagal 325 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, Airteagal 273 de Threoir 2006/112/CE ón gComhairle an 28 Samhain 2006 maidir leis an gcomhchóras cánach breisluacha agus Airteagal 49(3) den Chairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh a léiriú sa chaoi go gcuirtear cosc ar chóras pionós amhail iad siúd atá i gceist sna príomhimeachtaí, a fhorálann, beag beann ar chineál agus ar thromchúis na gcionta, do theorainn ísle shuntasach don phionós i bhfoirm pionóis airgeadais, gan foráil a dhéanamh maidir leis an bhféidearthacht pionós níos ísle a fhorchur faoin íosmhéid a leagtar síos sa dlí nó maidir le pionós níos éadroime a chur in ionad an phionóis sin?

An gcaithfear Airteagal 325 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, Airteagal 273 de Threoir 2006/112/CE ón gComhairle an 28 Samhain 2006 maidir leis an gcomhchóras cánach breisluacha agus an chéad mhír d’Airteagal 47, Airteagal 48(1) agus Airteagal 49(3) den Chairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh a léiriú sa chaoi go gcuirtear cosc ar reachtaíocht náisiúnta lena gceadaítear, maidir le mainneachtain iolrach oibleagáidí cánach a chomhlíonadh, beart aonair foriomlán a fhorchur maidir le ‘áitreabh gnó a shéalú agus rochtain air a thoirmeasc’ agus, sula dtiocfaidh an beart sin chun bheith críochnaitheach, a fhorfheidhmiú sealadach, gan deis a thabhairt don chúirt ná don chiontóir féin athbhreithniú a dhéanamh ar chomhréireacht an bhirt sin i ndáil le tromchúis gach ciona riaracháin aonair?

____________

1 IO 2006, L 347, lch. 1.